An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Beech Hill College

Monaghan

Uimhir rolla: 72210Q

 

 

Dáta na cigireachta: 13 Feabhra 2007

Dáta eisiúna na tuairisce:  21 Feabhra 2008

 

 

    An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

    Achoimre ar na príomhchinntí agus Moltaí

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i Beech Hill College (Coláiste Ard Feá) mar chuid de mheastóireacht scoile uile. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do mhúinteoirí an ábhair. 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Cuireadh athstruchtúr faoi roinn na Gaeilge sa scoil ó thús na scoilbhliana reatha. Ceapadh duine de na múinteoirí Gaeilge i bpost freagrachta le cúraimí roinn na Gaeilge a chomhordú mar chuid de dhualgais an phoist sin. Tuairiscíodh go raibh socrú níos scaoilte i gceist roimhe sin. Bhí taifead críochnúil ar imeachtaí chruinnithe roinn na Gaeilge le léamh i bhfillteán na roinne a cuireadh ar fáil. Léirigh na cuntais sin go raibh aidhmeanna cinnte á soiléiriú ar mhaithe le feabhsúcháin a chur i bhfeidhm sa roinn agus san ábhar.

 

Bhí taifead chomh maith ar mhiontuairiscí na gcruinnithe sin mar aon le cóipeanna de chomhfhreagras a seoladh ar aghaidh chuig an bpríomhoide a dhírigh aird ar iarratais agus ar mholtaí na múinteoirí Gaeilge. Bhí cáilíocht na dtaifead sin le moladh. Áirítear na ceisteanna seo a leanas ar na ceisteanna a pléadh ag na cruinnithe sa scoilbhliain reatha mar léiriú ar dhícheall roinn na Gaeilge le feabhsúcháin a chur i bhfeidhm – deireadh a chur le ranganna bonnleibhéal a chur ar bun feasta i dtús na scoilbhliana agus díriú ar ranganna ardleibhéal agus gnáthleibhéal amháin a mhúineadh; fillteán oibre a bheith ag gach scoláire don Ghaeilge feasta; socruithe nua clár ama a aontú chun freastal ar riachtanais scoláirí ardleibhéal sa tsraith shóisearach; comhphleanáil na scéimeanna oibre a leathnú de réir a chéile do na blianta ar fad sa scoil; nós imeachta a aontú maidir le gluaiseacht scoláirí ó leibhéal amháin go dtí leibhéal eile; polasaí a aontú maidir leis na socruithe a dhéantar do scoláirí le díolúintí ón nGaeilge. 

 

Tuairiscíodh go dtionóltar ceithre chruinniú de roinn na Gaeilge go foirmiúil i gcaitheamh na scoilbhliana agus go reáchtáltar cruinnithe eile am lóin in am na múinteoirí mar bhreis orthu seo. B’fhiú na socruithe seo a shoiléiriú i gcáipéisí na roinne ar mhaithe le plean do chruinnithe foirmiúla a chinntiú i dtús na bliana. Léiríonn na hábhair thuasluaite a mhéid atá na múinteoirí ag iarraidh feabhsúcháin a sheoladh agus moltar na socruithe maidir le cruinnithe don ábhar a chinntiú ag éirí as éiginnteacht áirithe a léiríodh maidir leis na socruithe a bhí ann faoi láthair.  

 

Bhí líon an-ard scoláirí ar bronnadh díolúintí ón nGaeilge orthu ag teacht le forálacha imlitir M10/94. Bhí an líon an-ard sin ina ábhar imní ag roinn na Gaeilge agus ag an mbainistíocht sa mhéid is gur chuir sé go mór leis na deacrachtaí a bhain le socruithe cuí a dhéanamh do na scoláirí sin an uair a raibh an Ghaeilge ar an tráthchlár. Tuairiscíodh go bhfuil ceithre dhuine dhéag scoláirí le díolúintí atá fós ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. Rinneadh clár Gaeilge a chur ar fáil cheana do scoláirí ón iasacht a bhí ar scéim chónaithe theoranta sa tír. I gcásanna eile glactar scoláirí le díolúintí ón nGaeilge isteach sna ranganna Gaeilge ar na laethanta sin nach mbíonn cláir thacaíochta ar leith ar fáil dóibh.

 

Tacaíonn an bhainistíocht le dáileadh ama fabhrach don ábhar ar an tráthchlár. Cúig thréimhse atá i gceist i ngach bliain de na trí bliana sa tsraith shóisearach seachas ceithre cinn i gcás na ranganna do Chlár Scoile an Teastais Shóisearaigh. Trí thréimhse sa tseachtain atá i gceist don idirbhliain agus do na ranganna Gaeilge san Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Cuirtear sé thréimhse ar fáil don Ghaeilge sa chúigiú bliain agus sa séú bliain araon.

 

Mhol roinn na Gaeilge sa scoilbhliain reatha don bhainistíocht go ndéanfaí athrú ar líon na ranganna Gaeilge i mbliainghrúpa faoi leith a thit sa tráthnóna. Tuigeadh go ndearna an bhainistíocht beart ina leith sin nuair a rinneadh athstruchtúr ar an tráthchlár. Áirítear na socruithe i leith dáileadh an ama don ábhar a bheith sásúil agus tá socruithe maithe i bhfeidhm a chinntíonn nach mbíonn ranganna dúbalta i gceist.

 

Tá soláthar maith acmhainní curtha ar fáil ag an mbainistíocht don ábhar mar fhreagra ar iarratais roinn na Gaeilge ina leith sin. Ta seomraí ranga dá gcuid féin faoi chúram na múinteoirí Gaeilge agus tá áit stórála acmhainní ar fáil dá réir sin ag na múinteoirí ar fad. Tá teilgeoir sonraí agus ríomhaire le ceangal idirlín ar a bhfuil an litreoir Gaeilge ‘Gael Spell 3’ ar fáil i gceann amháin de na seomraí sin mar aon le gléas teilifíse agus seinnteoir físeán. Tá raidió agus seinnteoir dlúthdhioscaí ag gach múinteoir. Tá soláthar leabhar Gaeilge ceannaithe le forbairt a dhéanamh ar bhailiúchán leabhar Gaeilge i leabharlann na scoile. Tá sraith iomlán foclóirí maithe ceannaithe ag an scoil le húsáid ag na scoláirí sa rang chomh maith.

 

Bhí na seomraí ranga maisithe go maith le taispeántais de chuid na scoláirí féin agus bhí fógraí agus póstaeir tharraingteacha i nGaeilge ar na ballaí. Bhí seomra amháin díobh sin breac lán le hábhar a bhí tarraingteach agus a léirigh le grianghrafanna rannpháirtíocht scoláirí i gcomórtais éagsúla ar nós chaint phoiblí agus drámaíocht i nGaeilge.

 

Bhí cruthúnas ann chomh maith ar imeachtaí Gaeilge a bheith ar siúl mar chuid de Lá na dTeangacha Eorpacha agus mar chuid d’imeachtaí sheachtain na Gaeilge lena n-áirítear tráth na gceist i nGaeilge. Tuigeadh chomh maith gur cuireadh scoláirí áirithe beo ar an aer ar raidió áitiúil Mhuineacháin le labhairt faoin tionscnamh a rinne siad in imeacht na bliana sa rang Gaeilge. Tá na hiarrachtaí seo ar fad leis an nGaeilge a chur chun cinn in imeachtaí lasmuigh den rang Gaeilge féin le moladh.

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Cuid riachtanach den phleanáil agus ullmhúchán do mhúineadh an ábhair is ea an dáileadh a dhéantar ar leibhéil na ranganna i measc na múinteoirí Gaeilge. Is é sin le rá go mbeadh a fhios roimh ré ag na múinteoirí cad iad na ranganna agus cad iad na leibhéil a bheidh mar chúram ar gach múinteoir sa roinn. Tuigeadh go ndáileann bainistíocht na scoile leibhéil éagsúla teagaisc ar na múinteoirí de réir uainíochta chomh fada agus is féidir. B’fhiú an cur chuige seo a shoiléiriú níos mó le go mbeadh tuiscint shoiléir ann go mbeadh an deis agus an dualgas céanna i gceist do bhaill na roinne. Chiallódh socrú dá leithéid go mbeadh ranganna ardleibhéil mar chuid de chlár an teagaisc chomh maith ag na múinteoirí Gaeilge ar a seal.

 

Áirítear mar chuid lárnach d’fhorbairt ghairmiúil gach múinteora Gaeilge eolas ar na siollabais ar fad a fháil chomh maith le taithí ar na leibhéil ar fad a theagasc. Níor mhór ullmhúchán cuí a dhéanamh chuige sin ag leibhéal na bainistíochta agus ag leibhéal an mhúinteora aonair. Moltar go gcuirfeadh an bhainistíocht in iúl do na múinteoirí ag deireadh na scoilbhliana na ranganna Gaeilge a bheidh faoina gcúram an scoilbhliain dar gcionn. Níor mhór do gach múinteoir pleanáil agus ullmhúchán cuí a dhéanamh do na ranganna sin roimh thús na scoilbhliana nua. Chabhródh cur chuige mar sin le hathdháileadh ar na ranganna a sheachaint agus an scoilbhliain tosaithe.

 

Nótáladh dearcadh na múinteoirí faoina laghad cúrsaí inseirbhíse a bhíonn ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge agus an tsuim a bheadh acu ina leithéid. Moltar, mar sin, go mbainfeadh roinn na Gaeilge agus bainistíocht na scoile leas as an tacaíocht a bheidh ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge faoin tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal maidir le straitéisí teagaisc agus foghlama, pleanála agus athbhreithnithe, chomh maith le cúram d’inniúlacht Ghaeilge na múinteoirí.

 

Breathnaíodh scéimeanna pearsanta oibre a réitigh na múinteoirí dá gcuid ranganna féin a thug léiriú maith ar chineál na hoibre a bhí á cur i gcrích. Bhí cruthúnas le léamh sna cáipéisí a cuireadh ar fáil agus sa phlé a tharla leis na múinteoirí go bhfuil comhphleanáil tosaithe i roinn na Gaeilge i dtaca le cláir a aontú don teagasc agus don fhoghlaim. Aontaíodh scéim chomónta oibre don chéad bhliain agus rinneadh athbhreithniú ar éifeacht na scéime sin ag deireadh na scoilbhliana. Tá obair leanúnach ar siúl i dtaca le scéimeanna oibre a aontú san idirbhliain agus sa chúigiú bliain agus tá aird ar na scéimeanna oibre eile le léamh i gcáipéisí na roinne mar obair idir lámha. Moltar an clár oibre seo a chríochnú agus athbhreithniú a dhéanamh air ar mhaithe le leasuithe a chur i bhfeidhm de réir a chéile.

 

Bhí aird ar chomhtháthú ar scileanna éagsúla na teanga le léamh ar scéimeanna na chéad bhliana – cur chuige atá le moladh. Bhí cóip de shleachta ó shiollabas Gaeilge an Teastais Shóisearaigh ceangailte leis na scéimeanna mar threoir leis na topaicí agus bhí obair na scéimeanna dílis do na topaicí sin. B’fhiú go mbeadh cóipeanna de na scéimeanna ag na leibhéil ar fad ag gach múinteoir de bhreis ar an scéim don leibhéal atá faoina gcúram féin in aon bhliain amháin ar mhaithe le scoláire ar bith a bheadh ag smaoineamh ar leibhéal a athrú a ullmhú go maith don athrú sin.

 

B’fhiú tagairt shoiléir a chur sna pleananna d’fhorbairt scileanna comhrá agus aird chuí a thabhairt ar an obair sin mar ghné riachtanach rialta den obair sna ranganna ar fad – faoi mar atá le léamh in aidhmeanna na siollabas éagsúil. Baineann an tagairt don chomhrá a breathnaíodh i scéim oibre na cúigiú bliana d’obair cheapadóireachta mar atá le déanamh ar pháipéar a haon de scrúdú na hArdteistiméireachta. B’fhiú chomh maith úsáid na sprioctheanga sa rang a chlárú sna scéimeanna oibre.

 

Tuigeadh go bhfuil fáil ar sheomra na ríomhairí don Ghaeilge ach iarratas a dhéanamh ar an méid sin. B’fhiú na féidearthachtaí a bhainfeadh le mír de theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a chur mar chuid den obair chomhphleanála sa chaoi is go mbeadh cur chuige comónta ann ina leith seo i measc na múinteoirí ar fad. B’fhiú obair den chineál seo a thógáil isteach de réir a chéile agus úsáid a bhaint as suímh ghréasáin chuí a chuirfeadh an Ghaeilge faoi bhráid na scoláirí mar chuid den saol comhaimseartha.  D’fhéadfaí chomh maith naisc a chruthú le scoláirí i scoil eile chun ríomhphoist a sheoladh. Chinnteodh sé seo go mbeadh taithí theagmhálach chomónta ag na scoláirí ar an nGaeilge a cheanglódh an t-ábhar le teicneolaíocht TFC.

 

Tuigeadh go raibh cóipeanna de chláir theilifíse taifeadtha ó TG4 agus go mbaintear úsáid astu ó am go chéile sna ranganna. B’fhiú cuntas ar na hacmhainní seo a chlárú sa phlean don ábhar agus tagairt a dhéanamh don úsáid a bhaintear astu in imeacht na bliana.

Teagasc agus Foghlaim

 

Breathnaíodh sé cinn de ranganna in imeacht na cigireachta – ranganna a bhain leis an gcéad bhliain, an dara bliain agus an cúigiú bliain. Bhain ceithre cinn díobh sin leis an ngnáthleibhéal agus dhá cheann leis an ardleibhéal – coibhneas atá ag teacht leis an gcoibhneas sa scoil i gcoitinne. I ngeall ar scrúduithe tí agus socruithe eile ní raibh fáil ar ranganna sa tríú bliain, san idirbhliain ná sa séú bliain.

 

Déantar na ranganna a roinnt ó thús na chéad bhliana idir an gnáthleibhéal agus an t-ardleibhéal. Tá roinn na Gaeilge, le tacaíocht ghníomhach an phríomhoide, le moladh as an gcinneadh a cuireadh i bhfeidhm cheana gan rang bonnleibhéal a thosú ón gcéad bhliain amach. B’fhiú machnamh a dhéanamh ar chéim eile a thabhairt agus na féidearthachtaí a bhainfeadh le ranganna cumais mheasctha a thriail sa chéad bhliain ar mhaithe le dúshlán a chur roimh na scoláirí ón tús. D’fhéadfaí an polasaí seo a athbhreithniú ag deireadh an chéad téarma agus roinnt a dhéanamh ó thaobh na leibhéal dá mba ghá sin. Theastódh an-chomhoibriú idir na múinteoirí sa chéad bhliain lena chinntiú go raibh an clár céanna á leanacht sna ranganna céanna.

 

Bhí líon íseal scoláirí sna ranganna ar fad agus ba lú ná deichniúr scoláire a bhí i láthair sa chuid ba mhó de na ranganna sin. Ba ar iarratas ó roinn na Gaeilge chun an phríomhoide a roinneadh ceann de na ranganna sin ina dhá ghrúpa ó lár an chéad tearma ar mhaithe le breis tacaíochta a chur ar fáil. Baineann buntáistí maithe le coibhnis den chineál sin ar mhaithe le hobair ghrúpa agus obair bheirte a chur chun cinn – cur chuige a cleachtadh go héifeachtach i gcásanna áirithe.

 

B’fhiú do na múinteoirí machnamh a dhéanamh ar mhodhanna múinte a roinnt ar a chéile sa tslí go bhféadfadh siad cuairteanna a thabhairt ar ranganna a chéile. D’fhéadfaí chomh maith – go háirithe le ranganna sóisearacha – múineadh a dhéanamh i bpáirt le chéile ar son na héagsúlachta agus ar son na taithí trí dhá rang a chur le chéile agus obair éagsúil a bheith ar siúl ag na múinteoirí. Bheadh cur chuige mar seo indéanta sa chéad bhliain go háirithe sa chás go raibh ranganna cumais mheasctha i gceist. Níor mhór pleanáil chúramach a dhéanamh i bpáirt le chéile chun a leithéid a bhaint amach.

 

Déantar an moladh thuas ag éirí as cleachtais éagsúla a breathnaíodh le ranganna sa bhliain chéanna. Bhain éagsúlacht chuí le gníomhaíochtaí ranga i gcás amháin mar a raibh ceisteanna ó bhéal ón múinteoir le freagairt ag na scoláirí faoina gcúrsaí caitheamh aimsire féin, ansin scríobhadh síos foclóir nua ón gcaint sin agus rinneadh cleachtadh air. Lean obair i mbeirteanna fé stiúir an mhúinteora agus rinneadh léitheoireacht os ard agus cleachtadh ar fhuaimniú na bhfocal. Bhí na scoláirí seo gníomhach agus rannpháirteach in imeachtaí an ranga ón tús. Tugadh obair bhaile chuí do na scoláirí seo mar athmheabhrú ar a raibh déanta sa rang. Bhain ord agus eagar le himeachtaí uile an ranga ón tús agus bhí an teagasc le moladh go mór. San idirphlé a rinne an cigire ar ball leis na scoláirí seo ghlac siad páirt ghníomhach sa chaint ar ábhar nach raibh réamhullmhaithe.

 

Sa chás eile bhí an obair teoranta d’obair chluastuisceana agus do na ceisteanna a bhain leis sa  téacsleabhar. Ní dhearnadh forbairt ar na ceisteanna sin agus iad a chur in oiriúint do na scoláirí féin agus dá gcúrsaí féin. Rinneadh cleachtadh ar na freagraí a bhain leis na ceisteanna sa leabhar. Ní dhearnadh cleachtadh ar labhairt na Gaeilge faoi ghnáthimeachtaí an lae leis na scoláirí ná níor léir cén aidhm a bhain leis an gceacht i dtús ama ná cén t-ábhar nua a bheadh sealbhaithe ag na scoláirí faoina dheireadh. Bhain easpa éagsúlachta leis an obair a leagadh roimh na scoláirí agus níor léir go raibh máistreacht ag na scoláirí ar an ábhar seo cé go raibh fianaise i gcóipleabhair go ndearnadh an obair seo cheana.

 

I gcás ranganna eile sa tsraith shóisearach a bhain leis an mbliainghrúpa chéanna ba mhó go mór a bhí cur chuige na múinteoirí ag teacht le chéile – ainneoin go raibh leibhéil éagsúla i gceist. Bhí na múinteoirí an-mholtach ar iarrachtaí na scoláirí agus mheall siad iad le páirt ghníomhach a ghlacadh sa rang de bhreis ar na ceisteanna a cuireadh orthu go haonar a fhreagairt. I gcás amháin cuireadh dán i láthair agus baineadh an-úsáid as chun caint a fhorbairt faoi ábhair ghaolmhara. Ullmhaíodh ceisteanna ar bhileoga mar spreagadh breise leis an dán a chíoradh. Bhí cóip den dán ar taispeáint i rith an ama ar an scáileán sa tslí is nár cailleadh am ar bith le tagairt a dhéanamh dó. Sa chás eile cleachtadh ar aiste a scríobh faoina scoil féin a bhí i gceist ach cleachtadh an chaint go saoráideach chomh maith céanna mar chuid den obair sin.

 

Bhain ord agus eagar leis an obair sa dá rang seo ó thús deireadh agus bhí obair na scoláirí sna fillteáin glan, néata, dea-eagraithe.

 

Bhain éagsúlacht mhór leis an gcur chuige a breathnaíodh le ranganna den leibhéal céanna, sa bhliain chéanna, sa tsraith shinsearach. Cuireadh dán amháin i láthair i gceacht amháin díobh agus baineadh leas maith as an dán sin le ceisteanna a chur faoi na háiteannna a luadh sa dán chomh maith leis an ábhar fein. Sa tslí sin bhí taobhfhorbairt á dhéanamh ar ábhar an dáin de bhreis ar théama an dáin féin. Míníodh foclóir an dáin go maith agus tugadh deis do na scoláirí an foclóir sin a thuiscint agus a chleachtadh. Rinneadh iarrachtaí i rith an ama na scoláirí a mhealladh chun freagairt don ábhar a bhí i gceist sa dán.

 

Sa chás eile bhain an obair le triail chluastuisceana agus leis na ceisteanna a bhain leis an gcluastuiscint a fhreagairt. Ní dhearnadh ábhar na cluastuisceana a fhorbairt ar bhealach ar bith le go bhféadfadh na scoláirí leas a bhaint as an bhfoclóir sin chun iad féin a chur in iúl. Níor léir go raibh d’aidhm leis an gceacht ach na ceisteanna a bhain leis an gcluastuiscint a fhreagairt. Níor lean ná níor tosaíodh le caint ar bith faoi chúrsaí a bhain leis na scoláirí féin agus ba ar éigean a bhí na scoláirí gníomhach sa cheacht seachas ceisteanna aonair a fhreagairt. B’fhiú ina leithéid de chás – áit nach raibh ach líon íseal scoláirí sa rang – mír shuntasach chomhrá a chleachtadh leis na scoláirí agus iad a chur go gníomhach san fhoghlaim. Ní raibh cóipleabhair ná fillteáin ar fáil i gcás an ranga seo agus tugadh faoi deara go raibh líon na n-iontrálacha sna dialanna obair bhaile a breathnaíodh an-íseal ó thaobh obair bhaile don Ghaeilge a chlárú. Níor mhiste cúram a dhéanamh de scríobh isteach obair bhaile mar thaifead do na scoláirí féin ar obair an ranga.

 

Ba í an sprioctheanga a bhí in úsáid ag na múinteoirí i rith an ama – cur chuige atá le moladh. Ba mhó go mór an fheidhm a bhí leis an gcaint sin nuair a bhain sí le caint a chothú i measc na scoláirí seachas mar athrá amháin ar na treoracha a bhí le léamh ar na ceisteanna réamhscríofa sa leabhar. Bhí dea-chleachtas i bhfeidhm sa chuid ba mhó de na ranganna a breathnaíodh agus ba mhaith an tairbhe don ábhar sa scoil ach na dea-chleachtais ghairmiúla sin a leathnú.  

Measúnú  

 

Bhí aird mhór ar obair bhaile rialta a thabhairt sa pholasaí obair bhaile a cláraíodh i gcáipéisí roinn na Gaeilge ar mhaithe le hathchleachtadh ar obair an ranga. Leagadh síos sa pholasaí seo go raibh méid obair bhaile le tabhairt ag na múinteoirí ar fad ag deireadh gach ranga – idir obair scríofa agus obair fhoclóra le foghlaim. Luadh chomh maith go raibh an obair sin le breathnú i dtús an chéad ranga eile.

 

Cláraítear chomh maith go bhfuil ar na scoláirí a gcuid oibre a choimeád i bhfillteáin – idir obair bhaile agus obair ranga. Breathnaíodh fillteáin scoláirí sa chuid ba mhó de na ranganna. Bhí na fillteáin sin a breathnaíodh sásúil maidir le cáilíocht na hoibre a bhí iontu agus bhí an obair sin ag teacht le haidhmeanna pholasaí obair bhaile na roinne. Bhí aitheantas na múinteoirí ar an obair bhaile sin le léamh sna fillteáin agus bhí taifead ag na múinteoirí ar fad ar thorthaí scrúduithe tí agus scrúduithe ranga.

 

B’fhiú machnamh a dhéanamh ar chuid de na marcanna sna scrúduithe tí a bhronnadh ar cháilíocht an obair bhaile – go háirithe i gcás na ranganna sóisearacha, mar spreagadh dóibh le cúram a dhéanamh den obair sin ón tús. Moltar an cháilíocht a bhain leis na fillteáin ranga agus obair bhaile a breathnaíodh a dheimhniú i leith na ranganna ar fad.  

 

Bíonn scrúdú iontrála scríofa sa Ghaeilge ag iarrthóirí ar áiteanna sa chéad bhliain ar mhaithe le ranganna a eagrú cothrom le hardleibhéal agus gnáthleibhéal ón tús. Téitear i gcomhairle leis na bunscoileanna friothálacha ar mhaithe le treoir a thabhairt maidir le cineál na trialach sin. B’fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar an triail seo agus é a chur in oiriúint níos mó d’aidhmeanna churaclam nua na bunscoile – lena n-áirítear scileanna cumarsáide. Ach cineál na trialach leasaithe a chur in iúl do na bunscoileanna, ba réasúnta an mhaise é a cheapadh go ndíreofaí níos mó ar na scileanna cumarsáide a chothú – aidhm chomónta an churaclaim bhunscoile agus na siollabas Gaeilge ag an dara leibhéal.

 

Bhí taifead cuimsitheach i bhfillteán roinn na Gaeilge ar ghnóthachtálacha na scoláirí san ábhar – maidir le scrúduithe iontrála, scrúduithe tí agus scrúduithe teistiméireachta. Léirigh na staitisticí a bhain leis an scrúdú iontrála sa Ghaeilge méid an dúshláin atá roimh na múinteoirí Gaeilge le caighdeáin a ardú. Léirigh na staitisticí a bhain leis an nGaeilge sna scrúduithe teistiméireachta go raibh ag éirí le hiarrachtaí roinn na Gaeilge féinmhuinín a bhronnadh ar na scoláirí chun tabhairt faoi na scrúduithe agus toradh cothrom lena gcumas a bhaint amach. Bhí dearbhú ar iarrachtaí na roinne le léamh sa titim ar líon na scoláirí a bhí ag tabhairt faoin mbonnleibhéal – go háirithe sna staitisticí a bhain leis an ardteistiméireacht le trí bliana anuas.

 

na múinteoirí sin a thionscain an polasaí seo le moladh as a gcuid iarrachtaí chun cur le seasamh an ábhair sa scoil, le dúshlán níos mó a chur roimh na scoláirí san ábhar agus leis na scoláirí a chumasú sa teanga níos mó le tabhairt faoi dhúshlán níos mó.

 

B’fhiú machnamh a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge a chur mar cheann de na modhanna measúnaithe a chleachtar le dul chun cinn na scoláirí sa teanga a mheas ó thús na chéad bhliana. Ós rud é go bhfuil líon na scoláirí sna ranganna íseal don chuid is mó, b’fhuirist scrúduithe béil a eagrú – rud a d’fhéadfadh múinteoir an ranga a dhéanamh nó múinteoir eile ach an obair sin a mhalartú thart, más dóigh leis na múinteoirí gurbh fhearr a d’éireodh leis an gcur chuige sin chun aird na scoláirí a dhíriú ar riachtanas na cainte.

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus Moltaí

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí agus leis an bpríomhoide ag deireadh na  meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.