An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge

TUAIRISC

 

Gairm Scoil Chilleáin Naofa,

An Cnoc Breac

Contae na Gaillimhe

Uimhir Rolla: 71310P

 

 

 

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

Pleanáil agus ullmhúchán

Teagasc agus foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa ghaeilge

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair   

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i nGairm Scoil Chilleáin Naofa, An Cnoc Breac, Contae na Gaillimhe. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú  ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn; ní bhfuarthas freagra ón mbord.

 

 

 

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

 

Tugtar riar fabhrach sa chlár ama do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge i nGairm Scoil Chilleáin Naofa. Bíonn cúig thréimhse ag na scoláirí sóisearacha agus sé thréimhse ag daltaí sinsearacha in aghaidh na seachtaine. Is tréimhsí singile ar fad atá i gceist. Roinntear na daltaí sa chéad bhliain de réir leibhéil sna scrúduithe Stáit bunaithe ar thorthaí scrúduithe a chuirtear ar na scoláirí tar éis dóibh teacht chun na scoile i mí Meán Fómhair. Is ranganna comhuaineacha atá ann ón gcéad bhliain ar aghaidh go rang na hArdteistiméireachta. Tugtar gach spreagadh do na daltaí an cúrsa ardleibhéil a dhéanamh chomh fada amach sa timthriall agus atá feiliúnach. Tréaslaítear leis an mbainistíocht as an soláthar agus an tacaíocht atá tugtha do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge. Déantar mar mholadh áfach athbhreithniú a dhéanamh ar dhaltaí na chéad bhliana a shruthú de réir leibhéil sna scrúduithe Stáit chomh luath sin ina gcuid oideachais mheánscoile. 

 

Tá beirt mhúinteoir ag plé le múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus is céimithe le Gaeilge iad araon. Tá taithí ag na múinteoirí ar mhúineadh sa dá thimthriall. Ach, múineann duine amháin acu an rang ag an ardleibhéal agus is ranganna gnáthleibhéil ar fad atá ag an múinteoir eile ón gcéad bhliain ar aghaidh go rang na hArdteistiméireachta. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an nósmhaireacht seo lena a chinntiú go mbíonn an taithí agus na scileanna riachtanacha ag múinteoirí uile na roinne múineadh ag na leibhéil teistiméireachta difriúla. Tá duine amháin de na múinteoirí Gaeilge ina ball de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Tugann an bhainistíocht gach spreagadh agus tacaíocht don fhoireann freastal ar chúrsaí forbartha leanúnaigh phroifisiúnta. D’fhreastail na múinteoirí ar chúrsaí inseirbhíse de chuid Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (STDL) anuraidh.

 

Is suntasach méid na n-acmhainní, dlúthdhioscaí agus fearais fhoghlama agus teagaisc eile atá curtha le chéile ag an roinn thar na blianta. I measc na bhfearas seo, tá fillteáin le nótaí, ábhair aistí, ceisteanna scrúduithe, irisí agus ábhair ghinearálta a bheadh úsáideach do na cúrsaí éagsúla atá á múineadh. Is inmholta an obair seo. Tá seomraí dá gcuid féin in aice a chéile ag an mbeirt múinteoir agus áit stórais iontu araon. Tá ardmholadh ag dul do fhoireann teagaisc na Gaeilge as méid na taighde atá déanta acu i soláthar acmhainní dá scoláirí. Déantar eagar agus athnuachan leanúnach ar na hacmhainní seo. Moltar an liosta acmhainní atá ar fáil do scoláirí iarbhunscoile ag www.cogg.ie agus naisc ar shuíomh Gaeilge an STDL ag www.slss.ie a úsáid mar phointí tagartha, is forbairt á dhéanamh ar na hacmhainní amach anseo. Is féidir cartlann cluastuisceana a dhéanamh ar scoláirí na scoile féin ar théamaí éagsúla. Tá áiseanna maithe theicneolaíochta na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) sa scoil is forbairt is athnuachan déanta le gairid orthu. Is teoranta áfach an comhtháthú atá déanta ar TFC in eispéireas foghlama agus teagaisc Gaeilge sa scoil. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar seo i mbliana. Tá comheagraí ceaptha ag an gCoiste Gairm Oideachais (CGO) chun freastal ar riachtanais TFC na múinteoirí i scoileanna sa CGO i gcontae na Gaillimhe. Moltar do roinn na Gaeilge sa scoil gach tairbhe a bhaint as an scéim seo.

 

Cuirtear réimse maith imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim ar fáil do na scoláirí, tráth na gceisteanna, Seachtain na Gaeilge, comórtais scríbhneoireachta, scoláireachtaí Gaeltachta agus turais amharclainne chomh maith le cuairteanna ó scríbhneoirí iomráiteacha. Glacann na daltaí páirt freisin i gcomórtas cláir raidió de chuid Gael Linn. Bronntar gradam na Gaeilge ag ócáid bhliantúil iomláin scoile. Tréaslaítear leis an bhfoireann faoina ndúthracht an teanga a chur chun cinn laistigh is lasmuigh den seomra ranga.

 

 

Pleanáil agus ullmhúchán

 

{0>(Delete and write here)<}100{>Thosaigh foireann na Gaeilge ar phróiseas na pleanála fhorbartha scoile (PFS) an bhliain seo caite ag cur leis an bpleanáil neamhfhoirmiúil a bhí á chleachtadh roimhe seo. Casann roinn na Gaeilge ar a chéile go foirmiúil cúig huaire in aghaidh na bliana. Tá miontuairiscí á choinneáil ar na cruinnithe seo ó cuireadh tús leis an bpleanáil fhoirmiúil. I measc na bpointí a dhéantar cur is cúiteamh orthu ag na cruinnithe; tá saincheisteanna ar nós roghnú téacsleabhar, sruthú scoláirí ar na leibhéil éagsúla scrúduithe, socraithe scrúduithe maraon le cúrsaí comh-churaclam agus seach churaclam don ábhar. Chomh maith leis an bpleanáil fhoirmiúil buaileann múinteoirí lena chéile go neamhfhoirmiúil ar bhonn rialta. Tréaslaítear leis an bhfoireann as an gcur chuige comhoibritheach seo. Tá comhordaitheoir don Ghaeilge sa scoil. Moltar go ndéanfar rothlú ar an gcúram seo, ionas go bhfuil taithí agus tuiscint ag níos mó ná duine amháin ar na freagrachtaí a ghabhann leis an gcomhordú.

 

Bhain ard chaighdeán leis na pleananna curaclaim ghearrthréimhseacha. Go ginearálta, ba sna pleananna sóisearacha a bhí an phleanáil is fearr déanta. Is inmholta freisin go raibh pleanáil déanta ar na feidhmeanna teanga agus na topaicí a mhúineadh i mbealach comhtháite thar na scileanna mar atá molta sna siollabais. Déantar mar mholadh an comhtháthú téamach céanna a úsáid sa phleanáil churaclaim don timthriall sinsearach. Níl plean roinne forbartha ag an bhfoireann go fóill. Is féidir na pleananna gearrthéarmacha seo a úsáid mar bhunús chun plean roinne a fhorbairt go comhoibríoch. Ní foláir sonraí a thabhairt ar mhodheolaíochtaí, ar acmhainní teagaisc agus foghlama maraon le modhanna measúnuithe laistigh d’achair ama ar leith. Bheadh sé inmhianaithe leis naisc a fhorbairt leis an bhfoireann tacaíochta foghlama chun straitéisí a phleanáil a dhéanann freastal ar dhaltaí le riachtanais oideachais speisialta.

 

Tá cur chun cinn méid agus caighdeán na Gaeilge labhartha luaite ag an roinn mar thosaíocht don scoil bhliain reatha. Déantar mar mholadh plean gnímh a fhorbairt don roinn ina leagtar amach céimeanna praiticiúla d’fhonn na tosaíochta seo agus tosaíochtaí eile na roinne a bhaint amach i mbealach córasach sa todhchaí.

 

 

 

 

Teagasc agus foghlaim

 

Bhain pleanáil d’ard chaighdeán leis na ceachtanna go léir a breathnaíodh orthu i gcaitheamh na cigireachta.  Bhí sé de thoradh ar seo go raibh na ceachtanna struchtúrtha, forásach agus bhí luas fiúntach faoi fhormhór mór na gceachtanna. Tréaslaítear go láidir leis na múinteoirí as an gcur chuige proifisiúnta i leith na pleanála gearrthréimhsigh.

 

B’í an Ghaeilge a bhí in úsáid mar mhodh teagaisc agus foghlama agus do gach idirbheartaíocht ranga. Rinne na múinteoirí go léir grádú maith ar an sprioctheanga a bhí in úsáid acu. Is inmholta an cur chuige seo seachas modh an aistriúcháin a bheith in úsáid go ró-mhinic. Dhírigh roinnt de na múinteoirí aird na ndaltaí ar phointí gramadaí de réir mar a tháinig said aníos sa cheacht. Do cheacht amháin bhí sprioc phointe gramadaí ar leith roghnaithe ag an múinteoir don cheacht. D’fhill an múinteoir arís agus arís eile ar an bpointe i gcaitheamh an cheachta. Tá an teicnic teagaisc agus foghlama seo inmholta do mhúineadh na gramadaí agus moltar úsáid níos forleithne a bhaint as an modh múinte seo. 

 

Ní raibh foclóir an tseomra ranga ar a dtoil ag na scoláirí go léir, foclóir ar nós ‘Cad í an Ghaeilge ar sin?’, ‘Cad is brí le? ‘Ní thuigim’ agus ‘Ní bhfuair mé an freagra sin’, ‘An aontaíonn tú leis a bhfreagra sin? Moltar machnamh a dhéanamh ar an saghas foclóra a theastaíonn ó bhliainghrúpaí difriúla chun ceisteanna a chur, achainí a dhéanamh agus deacrachtaí a léiriú sa sprioctheanga i gcaitheamh na gceachtanna Gaeilge. Is féidir an sainfhoclóir seo a chur ar chairteacha ar bhallaí an tseomra agus athrú a dhéanamh orthu gach téarma. De réir a chéile beidh stór focail úsáideacha á fhoghlaim ag gach bliainghrúpa in aghaidh na bliana.

 

Bhí meascán de mhodhanna múinteoireachta an-mhaith agus teicnicí teagaisc éifeachta in úsáid le linn na cigireachta.  Sna ranganna filíochta sin a breathnaíodh orthu cheangail an múinteoir téama an dáin le mír cheoil nua-aimseartha ag tús na gceachtanna. Rinneadh plé idir an ceol agus téama an dáin ina raibh deis ag na scoláirí cur lena gcuid eolais ar an dán maraon le cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid scileanna gabhchumais labhartha. Le linn obair uile ranga tháinig na scoláirí ar bhrí na ndánta le treoir ón múinteoir.  Rinneadh athruailliú ar an ábhar a bhí clúdaithe go dtí sin i mbeirteanna nó i ngrúpaí. Bhí bileoga oibre réamhréitithe do na tascanna grúpa seo agus ainmníodh urlabhraí do gach grúpa roimh ré. Chuaigh an múinteoir timpeall an tseomra ranga ag freastal ar riachtanais na ngrúpaí agus ag déanamh scafaill ar fhoghlaim na scoláirí. Tugadh faoi sheisiún maith faisnéisithe leis na grúpaí ina raibh deis ag na scoláirí an fhoghlaim a bhí déanta acu i gcaitheamh na dtascanna a léiriú.  B’eiseamláir den dea-chleachtas múinteoireachta seo ina raibh cothromas idir ionchur an mhúinteora agus gníomhaíochtaí na scoláirí. Moltar úsáid níos leithne a bhaint as an dea-chleachtas seo.

 

Chríochnaigh formhór mór na gceachtanna seo le ceisteanna óna páipéir scrúduithe a bhain go dlúth leis an ábhar a bhí déanta le linn tréimhse na ranganna. I rang amháin tugadh athdhéanamh ar ghnéithe difriúla don siollabas bunaithe ar mhórthéama an dáin a bhí idir chaibidil i gcaitheamh an cheachta.  Is inmholta an nósmhaireacht seo obairbhaile comhtháite a thabhairt do na scoláirí.

 

I ranganna eile baineadh úsáid as straitéisí paiteanta ceistiúchán chun athdhéanamh a dhéanamh ar scéal próis agus ar théarmaíocht na scoile. Bhí ullmhúchán maith déanta a chuir na ceisteanna in oiriúint do chumas na scoláirí. I rang amháin thug na scoláirí freagraí maithe nádúrtha ar na ceisteanna a cuireadh orthu. Sa rang eile ina raibh teicníc na gceistiúchán ina príomhmhodh teagaisc agus foghlama thug na daltaí freagraí ar cúig ailt de scéal próis bunaithe ar nótaí réamhréitithe. Luaitear mar mholadh is athdhéanamh ar scéal próis ar bun, méid áirithe den scéal a roghnú agus na scoláirí a chur i mbeirteanna, de réir cumais nó chun foghlaim piaraí a éascú. Ar an gcaoi seo tiocfaidh maolú ar chaint an mhúinteora agus beidh deis ag na scoláirí obair le chéile ar a gcuid scileanna gabhchumais agus ginchumais.

 

Baineadh úsáid tairbheach as na cláir bhána agus as an osteilgeoir i gcaitheamh na ranganna go léir. Thug an clárú éifeachtach seo treisiú don fhoclóir nó don nath cainte a bheith tugtha ó bhéal amháin, mar is cuí.

 

Bhí seomraí dá gcuid féin ag na múinteoirí Gaeilge agus bhí timpeallacht phrionta spreagúil cruthaithe sna seomraí. Bhí cartlann dlúthdhioscaí cluastuisceana i seomra amháin agus irisí dílse eile ar taispeáint. Bhí cumas riar ranga éifeachtach ag na múinteoirí go léir. Bhí atmaisféar comhmheasúil díograiseach foghlama i ngach ceacht le linn na cigireachta.  Bhí aithne mhaith ag na múinteoirí ar na scoláirí faoina gcúram a chuir go mór leis an teagmháil fhoghlama agus teagaisc. Ar an iomlán bhí ionchais arda foghlama agus iompraíochta i ngach rang tugadh dearbhú inspreagtha i gcónaí do chaighdeán na n-iarrachtaí is na dtuairimí a thug na scoláirí.

 

 

Measúnú

 

Tá dréacht pholasaí obairbhaile agus measúnaithe forbartha ag an scoil i mbliana. Tugadh isteach dialann obairbhaile nua atá an-chuimsitheach don scoilbhliain reatha. Déanann an múinteoir ranga monatóireacht ar na dialanna obairbhaile go rialta maraon le síniú ó thuismitheoirí nó chaomhnóirí. Tréaslaítear leis an mbainistíocht agus leis na múinteoirí as na tionscnaimh seo a thugann tacaíocht don obairbhaile i bpróiseas na foghlama agus an teagaisc sa scoil. Léirigh an sampla randamach de na dialanna a breathnaíodh orthu go raibh an obairbhaile á dtabhairt go rialta ach go raibh go leor béime ar an scríobh agus ar an bhfoghlaim. Tuairiscíodh go dtugtar ceachtanna cluastuisceana mar obairbhaile do dhaltaí teistiméireachta. Tugadh obairbhaile i rang amháin a bhí comhtháite go téamach ar cheist filíochta, athdhéanamh ar aistí agus cleachtadh don scrúdú cainte. Is inmholta na cur chuigí seo. Luaitear mar mholadh éagsúlacht thar na scileanna teanga go léir a bheith sa tasc a bhíonn tugtha do gach rang mar déanann sé athdhaingniú ar inniúlacht an scoláire sna scileana go léir in áit tús áite a thabhairt do cheann amháin. Is minic a bhí taifead dhá theangach déanta ar an obairbhaile. Tréaslaítear leis na múinteoirí a thapaíonn an deis taifead na hoibrebhaile a úsáid mar fhoinse teagaisc agus foghlama.

 

Ba theoranta méid na gceartúchán forásacha a bhí le feiceáil sa sampla randamach de na cóipleabhair a breathnaíodh orthu i gcaitheamh na cigireachta. Tuairiscíodh go ndéantar ceartúcháin fhorbarthacha ar phíosaí téagartha scríbhneoireachta agus go ndéanann na scoláirí athscríobh ar na botúin a bhíonn déanta acu. Úsáidtear na ceartúcháin mar uirlis fháth mheastóireachta ar dhearmad gramadaí agus litrithe na scoláirí agus múintear ranganna bunaithe ar an anailís sin. Tréaslaítear leis an bhfoireann as an gcur chuige seo mar tugann sé soiléiriú pearsanta d’earráidí ar leith chomh maith le léargas ar bhotúin choitianta a bhíonn comónta ag leibhéil éagsúla. Moltar an anailís fháth mheastóireachta seo a úsáid uaireanta mar cheacht ceartúchán do na scoláirí féin ina n-aonar nó i mbeirteanna. Tá forbairt ar scil labhartha mar thosaíocht ag roinn na Gaeilge i mbliana. Moltar triail scrúdú cainte a fhorbairt mar chuid d’eispéireas measúnaithe coimrigh do scoláirí iomláin na scoile agus marc aontaithe a thabhairt do rannpháirtíocht na scoláirí sa sprioctheanga mar chuid den mheasúnú leanúnach. Bheadh sé tairbheach leis an marc seo don scil labhartha a shonrú sna tuairiscí a chuirtear chuig baile. Déantar mar mholadh go sonrófar treoirlínte, aontaithe ag an bhfoireann don obairbhaile, do phróiseas na gceartúchán agus don mheasúnú i bplean na roinne.

 

Cuirtear scrúduithe míosúla ar scoláirí sinsearacha na scoile agus seoltar na torthaí abhaile. Tá pacáiste ríomhaireachta á dhearadh ag an scoil i láthair na huaire a thabharfadh rochtain do mhúinteoirí na scoile ar thorthaí agus ar dhul chun cinn na ndaltaí. Déantar measúnú ar stíleanna foghlama agus cuirtear teist na n-iléirime ar na scoláirí sinsearacha chun na múinteoirí a chur ar an eolas maidir le láidreachtaí agus lagaí na ndaltaí. Tréaslaítear go láidir leis an gcur chuige seo agus moltar na féidearthachtaí a chíoradh an mheastóireacht seo a dhéanamh ar scoláirí sóisearacha freisin. Bíonn scrúduithe coimreacha ceithre huaire in aghaidh na bliana ag scoláirí uile na scoile agus seoltar tuairisc chuig baile bunaithe ar na scrúduithe seo.

 

Bhí roinnt de na múinteoirí ag cothú scileanna eagraíochta ar thaifead na foghlama trí ghnéithe éagsúla de na cúrsaí a bheith coinnithe go córasach i rannóga éagsúla de na cóipleabhair. Is inmholta an dea-chleachtas seo.

 

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

Foilsithe Áibreán 2009