An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Our Lady of Lourdes Secondary School

Ros Uí Bhearcháin, Ros Mhic Thriúin,

Co. Loch Garman

Uimhir rolla: 63630O

 

Dáta na cigireachta: 30 Eanáir 2007

Dáta eisiúna na tuairisce: 17 Eanair 2008

 

 

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus  Moltaí

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair in Our Lady of Lourdes Secondary School. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair.

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Ranganna measctha ilchumais a bhíonn i gceist sa chéad bhliain sa scoil.  Roinntear na scoláirí ansin idir gnáthleibhéal agus ardleibhéal don Ghaeilge sa dara bliain bunaithe ar mhianta na scoláirí agus torthaí scrúduithe na céadbhliana.  Tuairiscíodh go mbíonn rang gnáthleibhéil amháin ann agus dhá rang ardleibhéal sa dara bliain.  Leanann an socrú seo sa tríú bliain agus go minic sa chúigiú bliain ag brath ar chumas na scoláirí.  Rang ardleibhéil amháin a bhíonn ann sa séú bliain.  Tuairiscíodh go bhfuil solúbthacht mhaith i gceist do scoláirí maidir le teacht ar na leibhéil éagsúla ach go ndéantar iarracht an oiread scoláirí agus is féidir a choimeád sna ranganna ardleibhéil.

 

Tá deichniúr scoláire sa scoil le díolúine ó staidéar na Gaeilge.  Is scoláirí a fuair a gcuid bunoideachais thar lear nó scoláirí idirnáisiúnta iad an deichniúr sin.  Fanann na scoláirí sin sna ranganna Gaeilge faoi stiúr an mhúinteora nó freastalaíonn siad ar an múinteoir tacaíochta foghlama más cuí.  Seachtar múinteoir atá i mbun mhúineadh na Gaeilge sa scoil agus tá taithí na mblianta ag formhór acu i múineadh an ábhair.

 

Tá an soláthar don Ghaeilge ar an tráthchlár sásúil le cúig thréimhse sa tseachtain do na ranganna sa tsraith shóisearach agus cúig thréimhse do na ranganna sa tsraith shinsearach.  Tá sé thréimhse sa tseachtain ar fáil i mbliana don chúigiú bliain toisc gur ranganna móra atá i gceist.  Tá an tréimhse bhreise tugtha mar chúiteamh do na huimhreacha móra sna ranganna.  Bíonn trí thréimhse sa tseachtain ag scoláirí san Idirbhliain.  Moltar do bhainistíocht na scoile féachaint ar na féidearthachtaí a bhainfeadh leis an líon tréimhsí sin a mhéadú.  Tá sé deacair clár spéisiúil cuimsitheach Gaeilge a chur ar fáil laistigh de thrí thréimhse sa tseachtain.

 

Tá clár imeachtaí á reachtáil ag múinteoirí na Gaeilge sa scoil le linn “Seachtain na Gaeilge” le tamall de bhlianta anuas.  Mar a mholadh sa tuairisc chigireachta Ghaeilge (Deireadh Fómhair 2003) tá forbairt déanta ar an gclár imeachtaí seo anois agus tá bliainghrúpaí eile seachas an chéad agus an dara bliain san áireamh sna himeachtaí.  Moltar leanúint ar aghaidh le forbairt an chláir imeachtaí seo agus iarrachtaí a dhéanamh freisin ócáidí eile seachchuraclaim agus traschuraclaim a eagrú le linn na scoilbhliana go léir.  D’fhéadfaí inchur a lorg ó na scoláirí i mbun na hIdirbhliana chun cabhrú le reachtáil roinnt de na himeachtaí go háirithe i rith “Seachtain na Gaeilge”.

 

Tuairiscíodh nach bhfuil buiséad ar leith ann do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge ach go bhfuil fáilte roimh mhúinteoirí dul chuig an bpríomhoide le hiarratais d’acmhainní agus áiseanna.  Tá áiseanna na Gaeilge ar fáil in áit lárnach sa scoil áit ar féidir le múinteoirí teacht orthu.  Níorbh léir áfach, go raibh úsáid rialta á bhaint as na hacmhainní a bhí ann.  Níor braitheadh ach an oiread go raibh mórán áiseanna i gceist.  Moltar clárú agus liostáil a dhéanamh ar na háiseanna atá ar fáil sa scoil do mhúineadh na teanga agus deimhniú go mbaintear úsáid astu sna ranganna Gaeilge.

 

Níl seomraí ranga dá gcuid féin ag na múinteoirí sa scoil ceal spáis.  Fanann na scoláirí ina seomraí ranga féin agus bogann na múinteoirí.  Tá sé deacair ar mhúinteoirí dá bhrí sin timpeallacht Ghaelach a chruthú sna seomraí.  Mar sin féin, bhí roinnt mhaith cairteanna in airde ar na fallaí dírithe ar ghnéithe den ghramadach chomh maith le hobair de chuid na scoláirí.  Moltar an obair atá déanta ar na cairteanna sin ach moltar a chinntiú go mbeidís níos feiceálaí ionas gur féidir le scoláirí leas a bhaint astu sna ranganna.

 

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Tá duine de na múinteoirí Gaeilge ainmnithe mar chomhordaitheoir ar phleanáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil.  Déantar an cúram seo a mhalartú gach bliain i measc na múinteoirí agus moltar an cur chuige sin.  Is maith an rud é go mbeadh deis ag gach duine ar an bhfoireann ról ceannródaíoch a ghlacadh maidir le comhordú cúrsaí pleanála don Ghaeilge.

 

Buaileann na múinteoirí Gaeilge le chéile trí huaire in aghaidh na bliana.  Ag an gcéad chruinniú pléitear roinnt na ranganna agus dáileadh scoláirí, torthaí na scrúduithe stáit agus téacsleabhair.  Pléitear clár na n-imeachtaí le haghaidh “Seachtain na Gaeilge” agus pléitear eagrúchán na scrúduithe ag an dara chruinniú.  Braitheann ábhar plé an tríú chruinnithe ar obair na bliana agus ceisteanna éagsúla a thagann aníos.  De réir mar a mholadh sa tuairisc chigireachta (Deireadh Fómhair 2003) tá roinnt oibre déanta ag múinteoirí na Gaeilge ar phlean a chur le chéile do mhúineadh agus foghlaim na teanga sa scoil.  Moltar iarrachtaí na múinteoirí ina leith seo go mór.  Moltar áfach, tógaint anois ar an obair sin agus plean comhtháite don Ghaeilge a chur le chéile a chuimseodh ní hamháin na topaicí atá le clúdach ag na bliainghrúpaí éagsúla ach na modhanna múinte, spriocanna foghlama agus áiseanna le húsáid sna ranganna chomh maith.  Moltar go mbeadh pleanáil d’úsáid theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide mar chuid den phlean don Ghaeilge chomh maith.

 

Moltar chomh maith go ndéanfaí pleanáil do sholáthar réimse leathan áiseanna agus acmhainní spéisiúla do mhúineadh agus foghlaim na teanga.  Tá sé fíorthábhachtach a chinntiú go bhfuil réimse acmhainní ar fáil do na múinteoirí le húsáid sna ranganna.

 

Tá plean curtha le chéile do mhúineadh na Gaeilge san Idirbhliain.  Níl sé ró-shoiléir áfach, an mbíonn deis ag scoláirí dul ar na turais atá luaite sa phlean.  Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean don Idirbhliain ionas go mbeadh inchur ag na múinteoirí Gaeilge go léir ann.  Moltar clár imeachtaí spéisiúla, a bhfuil béim ar leith acu ar labhairt na Gaeilge agus forbairt chumas chumarsáide na scoláirí, a chur le chéile.  Ba cheart go leanfaí an clár don bhliain is cuma cén múinteoir atá curtha i bhfeighil na ranganna.  Moltar freisin go mbeadh gné traschuraclaim ag baint le múineadh na teanga agus go mbeadh deis ag scoláirí taithí a fháil ar réimsí éagsúla den churaclam trí mheán na Gaeilge.

 

Bhí pleanáil mhaith chúramach déanta do na ranganna go léir a breathnaíodh.  Ullmhaíodh nótaí agus bileoga saothair le scaipeadh ar scoláirí sna ranganna.  Bhí luas maith leis na ranganna a breathnaíodh a bhuíochas sin don dea-phleanáil a bhí déanta roimhré.

 

 

Teagasc agus Foghlaim

Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chaidrimh ar fheabhas sna ranganna a breathnaíodh.  Is beag aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla a bhí le cloisint sna ranganna.  Moltar díogras na múinteoirí i leith úsáid na sprioctheanga sa rang.  Ar an iomlán bhí na scoláirí sásta ceisteanna a chur agus a fhreagairt i nGaeilge.  Braitheadh go raibh cúpla chás áfach, inar glacadh le Béarla mar theanga chumarsáide ó na scoláirí agus ba scoláirí ardleibhéil a bhí i gceist.  Moltar go mór go gcinnteofaí gurb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide sa rang Gaeilge ní hamháin ag an múinteoir ach idir an scoláire agus an múinteoir chomh maith go háirithe i gcás scoláirí a bhfuil cumas sa teanga acu.  Tugadh suntas áfach, don tslí ar lorgaíodh abairtí iomlána ó scoláirí mar fhreagra ar cheisteanna seachas díreach glacadh le focail aonair.  Moltar an cur chuige seo.

 

Braitheadh go raibh foghraíocht na scoláirí lochtach go maith i roinnt cásannna a breathnaíodh.  Moltar aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo agus foghraíocht na scoláirí a cheartú ar bhealach tuisceanach nach gcuirfeadh as do fhéinmhuinín an scoláire.  Moltar do na múinteoirí féin freisin a bheith cúramach faoi chúrsaí foghraíochta agus cruinnis sna ranganna.  Is chóir an dea-shampla a thabhairt i gcónaí.

 

Baineadh úsáid fhónta as an gclár dubh sna ranganna a breathnaíodh.  Scríobhadh foclóir nua, ceisteanna agus pointí gramadaí in airde do scoláirí.  Cuireadh ceisteanna leanúnacha dúnta agus oscailte ar na scoláirí.  Iarradh orthu léamh os ard i roinnt cásanna a breathnaíodh agus ar an iomlán tugadh deiseanna cothroma do gach scoláire a bheith páirteach sa rang agus san fhoghlaim.  Moltar an cur chuige seo.

 

Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh.   D’éirigh leo na scoláirí a chur ag obair gan stró agus cinntíodh ar an iomlán go raibh réimse maith tascanna le cur i gcrích mar chuid de gach ceacht rud a chinntigh go raibh luas maith leis na ranganna.  Cinntíodh sa tslí seo freisin gur coimeádadh spéis na scoláirí san ábhar ar feadh fad an ranga.  Bhí na scoláirí díograiseach agus páirteach san obair agus braitheadh go raibh cumarsáid mhaith idir na scoláirí agus na múinteoirí sna ranganna.

 

Tugadh suntas ar leith don chleachtas i roinnt rangannna a breathnaíodh úsáid a bhaint as straitéisí éagsúla chun deiseanna cumarsáide a chruthú do scoláirí.  Baineadh úsáid as réimse straitéisí ina measc bhí ról-imirt, obair ghrúpa, obair bheirte agus cluichí.  Moltar an cur chuige seo go mór.  Moltar áfach, a chinntiú go bhfuil an réiteach cuí déanta do na gníomhaíochtaí seo ionas go mbainfeadh scoláirí an leas is fearr astu.  Ba cheart a dheimhniú freisin go bhfuil deis chainte tugtha do na scoláirí i ngach rang Gaeilge d’fhonn a chinntiú go bhfuil forbairt á dhéanamh ar na scileanna teanga ar fad.  Moltar chomh maith scoláirí a mheascadh de réir cumais nuair atá obair ghrúpa nó obair bheirte ar siúl ionas gur féidir leas a bhaint as na daoine a bhfuil cumas maith acu sa teanga chun cabhrú leis na scoláirí eile.

 

Braitheadh go raibh béim ró-mhór leagtha ar úsáid an téacsleabhair i gcúpla chás a breathnaíodh.  Moltar go mór úsáid a bhaint as an téacsleabhar mar fhoinse thagartha agus mar áis sna ranganna agus ní mar an phríomhuirlis mhúinteoireachta.  Moltar do mhúinteoirí áiseanna eile agus téacsanna dílse a aimsiú le cur leis an ábhar sa téacsleabhar.  Moltar freisin úsáid níos leithne a bhaint as na meáin chumarsáide Ghaeilge, TG4 ach go háirithe, chun foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí agus spéisiúla do scoláirí.  Braitheadh gur cailleadh deiseanna sna ranganna giotaí as cláracha Gaeilge á thaispeáint mar chuid den cheachtanna le cur leis an múineadh agus leis an bhfoghlaim.  Tuairiscíodh go bhfuil seomra ar leith sa scoil inar féidir scannáin/ cláracha a thaispeáint.  Moltar go mbainfí níos mó úsáide as an seomra seo nó go gcuirfí na háiseanna cuí ar fáil ionas gur féidir le múinteoirí cláracha spéisiúla a thaispeáint sna seomraí ranga.

 

Baineadh úsáid éifeachtach as an gclár dubh sna ranganna ar fad a breathnaíodh.  Tugadh suntas freisin d’úsáid chártaí cuimhne i gcúpla rang a breathnaíodh.  Moltar an cur chuige seo ach amháin a chinntiú go bhfuil na cártaí suas chun data agus tarraingteach do scoláirí.

 

Tugadh suntas ar leith do rang amháin a breathnaíodh áit ar múineadh ceacht ar chúrsaí spóirt ag tarraingt go mór ar spéis na scoláirí san ábhar agus ag tarraingt freisin ar an iomaíocht idir an dá chontae as a dtáinig na scoláirí.  Bhí an ceacht an-éifeachtach ar fad agus chuir na scoláirí an-spéis ann.  Rinneadh ceangal freisin idir ábhar an cheachta agus saol comhaimseartha na scoláirí i gcúpla chás a breathnaíodh.  Moltar an cur chuige seo go mór toisc go mbíonn i bhfad níos mó spéise ag scoláirí i bhfoglaim na teanga má bhaineann sé lena saolta comhaimseartha féin.  Tá sé tábhachtach mar sin gné éigin den cheacht a cheangal le rud éigin sa saol a bhfuil spéis ag na scolairí ann.

 

Moltar an bealach inar ceanglaíodh an ceacht reatha le hobair a bhí clúdaithe roimhe sin sa rang, i gcás amháin a breathnaíodh.  Chinntigh sé seo go raibh deis ag scoláirí dul siar ar obair a bhí déanta agus deis eile a fháil úsáid a bhaint as an bhfoclóir agus abairtí a bhí foghlamtha.

 

Measúnú  

 

Déantar measúnú leanúnach ar na scoláirí suas go dtí an Nollag trí scrúduithe ranga a thabhairt do scoláirí uair sa mhí.  Bíonn torthaí na Nollag bunaithe ar an measúnú leanúnach sin agus ar scrúduithe beaga sa rang.  Eagraítear scrúduithe foirmeálta tí sa Samhradh.  Cuirtear tuairiscí abhaile chuig tuismitheoirí dhá uair sa bhliain, ag an Nollag agus sa Samhradh.

 

Tuairiscíodh go n-eagraítear scrúduithe comónta don chéad, don dara bhliain agus d’aon bhliainghrúpa eile a bhfuil dhá rang ar an gcaighdeán céanna ann.  Moltar an cur chuige seo go mór.  Tá plé ar siúl ag na múinteoirí faoi láthair maidir le scrúduithe béil a dhéanamh le lucht na cúigiú bliana agus leis an Idirbhliain.  Moltar go láidir dul ar aghaidh agus na scrúduithe béil sin a eagrú.  Braitear áfach, go bhfuil sé tábhachtach tabhairt faoi mheasúnú a dhéanamh ar na scileanna teanga ar fad roimh an Idirbhliain.  Éiríonn na scoláirí cúthaileach agus neirbhíseach faoi labhairt teangacha eile de réir mar a théann siad in aois.  Tá sé ró-dheacair tosú ar mheasúnú ar na scileanna cumarsáide san Idirbhliain.  Moltar go mór go bpléifeadh na múinteoirí Gaeilge na féidearthachtaí a bhainfeadh leis na scileanna cumarsáide a mheas ón gcéad bhliain ar aghaidh.

 

Tuairiscíodh go mbaintear úsáid rialta as an dialann scoile chun súil a choimeád ar scoláirí agus ar fhadhbanna má thagann a leithéid aníos.  Ba léir ó na cóipleabhair a breathnaíodh go dtugtar agus go gceartaítear obair bhaile go rialta.  Braitheadh go raibh ceartúchán cúramach déanta ar na cóipleabhair a breathnaíodh.  Bhí éagsúlacht chleachtais i bhfeidhm áfach, maidir leis na córais cheartúcháin a bhí in úsáid.  Moltar do na múinteoirí Gaeilge plé a dhéanamh ina measc féin ar chóras comónta ceartúcháin a chinnteodh leanúnachas ó bhliain go bliain agus ó mhúinteoir go múinteoir.  Moltar freisin féachaint ar chóras ceartúcháin ar leith do na ranganna ardleibhéil sa tsraith shinsearach ach go háirithe, a chinnteodh go bhfoghlaimeodh scoláirí óna gcuid botún.  Tá sé tábhachtach go mbainfí an leas is fearr as an obair go léir a dhéantar ar cheartú na gcóipleabhar.

 

Bronntar luach saothair agus gradaim ar scoláirí de bharr gaiscí spóirt agus éachtaí eile atá bainte amach acu.  Ní bhronntar gradaim ar ghnóthachtáil acadúil.  Moltar féachtaint ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le duais bliantúil a bhronnadh ar an scoláire is mó a rinne iarracht ar son na Gaeilge i réimse éigin.  Tá sé tábhacthach prófíl a thabhairt don teanga i súile phobal na scoile.

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus  Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

 

 

·         Tá an soláthar don Ghaeilge ar thráthchlár na scoile sásúil go leor ar an iomlán.

·         Moltar go mór an fhorbairt atá tagtha ar an gclár imeachtaí do “Seachtain na Gaeilge” mar a mholadh sa tuairisc chigireachta (Deireadh Fómhair 2003).

·         Aithnítear agus moltar an obair atá déanta ag na múinteoirí ar phlean a chur le chéile do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil mar chuid den phróiseas “Pleanáil Forbartha Scoile”.

·         Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chaidrimh an-mhaith sna ranganna a breathnaíodh.

·         Braitheadh go raibh atmaisféar an-mhaith sna ranganna a breathnaíodh agus go raibh cumarsáid dheas idir scoláirí agus múinteoirí.

·         Moltar an tslí inar cruthaíodh deiseanna cumarsáide i gcuid de na ranganna a breathnaíodh trí úsáid obair bheirte, cluichí, ról-imirt agus obair ghrúpa.

·         Moltar an obair a dhéantar ar scrúduithe comónta a eagrú do na ranganna cuí.

·         Bhí pleanáil mhaith chúramach déanta do na ranganna go léir, leagadh amach réimse tascanna le cur i gcrích sna ranganna agus bhí luas maith leis na ceachtanna dá bharr.

 

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

·         Moltar leanúint ar aghaidh le forbairt an chlár imeachtaí do “Seachtain na Gaeilge”,  moltar anuas air sin go ndéanfaí imeachtaí eile seach-churaclaim agus tras-churaclaim a eagrú le linn na scoilbhliana go léir.

·         Moltar forbairt a dhéanamh ar an bplean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil ar mhaithe le modhanna múinte, spriocanna foghlama agus áiseanna le húsáid sna ranganna, a thógaint san áireamh sa phlean.

·         Moltar forbairt a dhéanamh ar phlean na hIdirbhliana agus béim a leagan ar fhoghlaim na teanga i slite éagsúla taitneamhacha leis an mbéim chuí ar fhorbairt chumas chumarsáide na scoláirí.

·         Moltar réimse níos mó áiseanna agus acmhainní a úsáid sa rang, na meáin chumarsáide Ghaeilge ach go háirithe agus gan an iomad béime a leagan ar úsáid an téacsleabhair.

·         Moltar go ndéanfaí measúnú ar na scileanna cumarsáide ar fad, labhairt na Gaeilge san áireamh ón gcéad bhliain ar aghaidh.

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na  meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.