An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

                                

Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge

TUAIRISC

 

Scoil Mhuire gan Smál,

Lios Dúin Bhearna,

Inis,

Co. an Chláir

Uimhir rolla: 62000W

 

Dáta na cigireachta: 14 Bealtaine 2007

 

 

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

 

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge

 

 

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta Seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair in Scoil Mhuire gan Smál, Lios Dúin Bhearna, Inis, Co an Chláir. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil.  Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim.  Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí.  D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.  Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus na múinteoirí Gaeilge.   Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú  ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn; ní bhfuarthas freagra ón mbord.

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Tugtar tosaíocht sa chlár ama i Scoil Mhuire gan Smál trí rang in aghaidh an lae a chur ar fáil do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge. Is ag an Idirbhliain amháin nach bhfuil an soláthar laethúil seo curtha ar fáil ag a bhfuil ceithre rang in aghaidh na seachtaine. Tréaslaítear leis an mbainistíocht as an riar cuimsitheach seo a thabhairt don teanga.

 

Is ranganna acmhainn mheasctha atá sa chéad bhliain agus san Idirbhliain. Roinntear na daltaí sa dara bliain de réir leibhéil scrúdaithe. Is ranganna  comhreathacha deilgthe de réir leibhéil scrúdaithe iad na ranganna go léir ón dara bliain ar aghaidh go dtí rang na hArdteiste  a éascaíonn gluaiseacht idir na leibhéil. Tá socraithe cinnte ag an scoil maidir le hathrú ó leibhéal amháin go leibhéal eile. Tá foirm athrú leibhéil le síniú ag tuismitheoirí/caomhnóirí agus ag an múinteoir ranga. Moltar an bhainistíocht agus an fhoireann teagaisc as an mbainistiú seo a dhéantar ar athraithe leibhéil. Bíonn deis ag múinteoirí múineadh ag na leibhéil difriúla sa dá thimthriall, mar is ceart agus déanann an bhainistíocht gach iarracht an múinteoir céanna a chur ar fáil do na bliain ghrúpaí céanna le linn timthrialla.

 

Reáchtáiltear réimse maith imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim do na scoláirí. Glactar páirt i gcomórtais ceoil agus ealaíne mar chuid de ‘Fhéile na hInse’ le linn Seachtain  na Gaeilge. Eagraítear imeachtaí eile sa scoil i gcaitheamh na bliana, tráth na gceisteanna,  ‘céilí craiceáilte’, raidió Gaeilge agus oíche amhránaíochta maraon le turais chuig drámaí Gaeilge sa Taibhdhearc i nGaillimh. Tréaslaítear leis an bhfoireann as a ndúthracht beocht agus beatha na teanga agus an chultúir a chur ar fáil dá scoláirí lasmuigh den seomra ranga.

 

Tugann an bhainistíocht gach tacaíocht d’fhoireann na Gaeilge freastail ar chúrsaí forbartha      leanúnaigh phroifisiúnta. Le déanaí, d’fhreastail duine de na múinteoirí ar chúrsa a bhí curtha ar fáil ag an Seirbhís Tacaíochta don Dara Leibhéil ag www.slss.ie  faoi mhodhanna múinte don teanga. Tá na múinteoirí go léir mar bhaill de Chomhar na Múinteoir Gaeilge. Tá taithí ag cuid de na múinteoirí mar scrúdaitheoirí do na scrúduithe scríofa agus don scrúdú cainte. Bíonn teagmháil rialta ag an roinn ina iomláine le himeachtaí Gaeilge lasmuigh den scoil.  Roinntear an fhaisnéis ó chúrsaí inseirbhíse, ó thaithí scrúduithe agus ó thaithí múinteoireachta ar an bhfoireann Ghaeilge trí chéile. Tá ardmholadh ag dul don chur chuige comhoibríoch seo.

 

Áirítear 13 scoláire den mhóriomlán a bhfuil faomhadh tugtha ag an scoil dóibh maidir le díolúine ón nGaeilge de réir fhorálacha Imlitir M10/94.  Tugadh le fios gur scoláirí nach bhfuair a gcuid scolaíochta sa Stát beirt acu agus scoláire a bhfuil deacrachtaí aitheanta foghlama acu an 11 dalta eile. Tuairiscíodh go ndéanann na múinteoirí gach iarracht na daltaí le díolúine ón nGaeilge a spreagadh páirt a ghlacadh in imeachtaí comh-churaclaim maraon le gníomhaíochtaí seach-churaclaim . Tá an cur chuige uileghabhálaigh seo inmholta. 

 

Tá áiseanna agus acmhainní maithe do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge i Scoil Mhuire gan Smál. I measc na n-áiseanna tá dhá sheomra ríomhaireachta, teilifís, ceamara digiteach, seinnteoirí dlúthdhioscaí, bailiúchán de phóstaeir Fhoráis na Gaeilge, nuachtáin agus irisí. Bíonn fáil ag na múinteoirí Gaeilge ar na seomraí ríomhaireachta ach iad a chur in áirithe. Tá córas leathan bhanda sa scoil ina hiomláine. Tá ríomhairí glúine ar fáil agus seacht seomraí le sonratheilgeoirí agus pleananna cúig shonratheilgeoirí breise a sholáthar an samhradh seo. Tuairiscíodh go n-úsáidtear ríomhairí ar bhonn rialta i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge le ranganna áirithe.  Moltar an cleachtas seo, mar is ceart go dtuigfeadh na scoláirí gur teanga bheo í an Ghaeilge sna meáin nua-aimseartha.  Déantar mar mholadh úsáid teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC) a leathnú amach ar an roinn trí chéile. Tá liosta de na háiseanna agus na hacmhainní teagaisc atá ann do scoláirí iarbhunscoile ar fáil ag eolas@cogg.ie. Moltar leis an Vicipéid, leagan Gaeilge de shuíomh ciclipéid ag www.wikepedia.org agus ceachtanna Gaeilge bunaithe ar mhíreanna as Nuacht TG 4 ag www.nuim.ie/langauge/vifax. Níl seomraí buana ag na múinteoirí.  Ar mhaithe le hacmhainní do theagasc agus d’fhoghlaim a chur i dtoll a chéile don fhoireann go léir, moltar áit stórais lárnach a chur ar fáil.

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Thosaigh foireann Ghaeilge na scoile ar an bpróiseas um phleanáil fhorbartha scoile dhá bhliain ó shin ag cur leis an bpleanáil neamhfhoirmiúil á bhí á chleachtadh roimhe seo.  Buaileann na múinteoirí Gaeilge lena chéile go foirmiúil ag tús na bliana. Tá taifead á choinneáil ar na cruinnithe seo. Mar thaca leis an teagmháil fhoirmiúil casann na múinteoirí ar a chéile go rialta ar bhonn neamhfhoirmiúil. Ar mhaithe lena chinntiú go dtógfar ar an obair phleanála atá déanta go dtí seo moltar go gcuirfear le réimsí áirithe den phlean. Faoin gcuid sin den phlean a bhaineann leis an gcuraclaim féin, ní leor tagairt d’ainm téacsleabhair nó do liosta bunaithe ar shiollabas na Roinne Oideachais agus Eolaíochta (ROE) a lua mar phleanáil fhadtéarmach do láithriú an churaclaim i gcomhthéacs na scoile áirithe seo. Moltar comhairle a fháil ar phleanáil ábhair chomh maith le teimpléid a chuirfeadh le forbairt an phróisis phleanála sa roinn ag  www.sdpi.ie, suíomh idirlín de chuid Tionscadal um Phleanáil fhorbartha scoile (SDPI). B’fhiú go mór freisin cur le cuspóirí na roinne trí pleanáil a dhéanamh chun na ceithre mhór scil teanga a chomhtháthú i múineadh na teanga ag teacht le bunphrionsabal na siollabas mar atá cuspóirí eile de chuid an phlean ábhair seo.

 

I bplean na hIdirbhliana tá béim ar eispéireas éagsúil a sholáthar do na scoláirí ar an teanga ina bhfuil cluichí teanga, an chur chuige fadhb réitigh don fhoghlaim agus modh na hamhránaíochta in úsáid go minic i rith na bliana. Ar aon dul le sin tá naisc le himeachtaí comh-churaclaim, seach-churaclaim agus TEC comhtháite sa phlean. Is inmholta an phleanáil seo. Moltar don fhoireann go léir tabhairt faoin gcuid sin den phlean ábhair a bhaineann le modhanna múinteoireachta agus plé a dhéanamh ar a éifeachtaí is atá teicnící áirithe atá in úsáid sa roinn faoi láthair. Ar mhaithe le modhanna nua eile a fhorbairt, bheadh suíomh gréasáin de chuid an SLSS, thuas luaite, cabhrach maidir leis an tionscnamh seo.

 

Teagasc agus Foghlaim

Bhí ard chaighdéan pleanála gearrthéarmaigh agus taighde i ndoiciméid aonair a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta. Bhí na pleananna déanta de réir téarmaí agus raon na stíleanna foghlama tugtha san áireamh sna bileoga oibre a bhí réamhullmhaithe do na ceachtanna éagsúla i bhfillteán an mhúinteora. Tá an phleanáil ghearrthéarmach seo le moladh agus bheadh sé inmhianaithe an cleachtas seo a roinnt leis an bhfoireann ina iomláine.

 

Bhí cumas riar ranga éifeachtach ag na múinteoirí go léir.  Bhí atmaisféar comhmheasúil comhoibritheach foghlama i ngach ceacht le linn na cigireachta.  Bhí aithne mhaith ag na múinteoirí ar na scoláirí faoina gcúram a chuir go mór leis an teagmháil fhoghlama agus teagaisc.

 

Cé nach raibh seomraí buana ag na múinteoirí Gaeilge i Scoil Mhuire gan Smál bhí timpeallacht phrionta spreagúil i roinnt de na seomraí.  Bhí póstaer le hobair na ndaltaí féin, cairteanna gramadaí agus fearais fhoghlama eile. I seomraí áirithe bhí tionscnaimh na scoláirí ar taispeáint ina raibh spéiseanna agus eispéireas na mbliain grúpaí léirithe sa teanga i mbealach físiúil tarraingteach. Is inmholta an cleachtas seo mar ardaíonn sé stádas na teanga i n-aigní na scoláirí agus cuireann sé le féin-mhuinín na ndaltaí sa Ghaeilge.

 

Ar an iomlán bhain múinteoireacht éifeachtach leis na ranganna a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta.  Bhí teicnící teagaisc in úsáid a rinneadh comhtháthú téamúil ar na ceithre mhór scil teanga.  I rang amháin bhí obair ghrúpa ar siúl ar chlár teilifíse.  Thug an múinteoir míniú soiléir ar an tasc, rogha sa ról a bhí ag gach ball de na grúpaí chomh maith le hachar ama cinnte chun an obair ghrúpa a chur i gcrích.  Ba léir ó bheith ag caint leis na grúpaí go raibh said gafa sa tasc. Déantar mar mholadh is obair ghrúpa idir lámha go mbeadh tasc(anna) sínithe réitithe do na scoláirí a éiríonn leo an príomh thasc a chomhlíonadh roimh an am a bheith istigh. Rinne an múinteoir freastail mhaith ar riachtanais na ngrúpaí.  Ba shuntasach leis méid na foghlama a bhí ag tarlú idir na scoláirí féin is iad ag cabhrú lena chéile.  Lean seisiún aiseolais inar chuir gach ball de na grúpaí an obair a bhí déanta acu i láthair.  I rang eile ina raibh na mór scileanna teanga comhtháite bhí éagsulacht sa laithriú ina rinne  an múinteoir comhdhlúthú ar obair uile ranga le tasc aonair agus lean obair bheirte an tasc sin.  Is éifeachtach na cur cuigí  múinteoireachta seo mar tugann sé deis do na scoláirí dul i ngleic la hábhar an cheachta i mbealach níos bríomhaire agus a bheith gníomhach i dtógáil a gcuid foghlama féin. Bhain éagsúlacht freisin leis an gceacht mar go raibh na ceithre mhór scil teanga comhtháite go téamúil. Is fearr mar a éiríonn leis an modh múinte seo mar go  bhfuil gaol idirspleách  idir na ceithre mhór scil teanga ina bhraitheann sealbhú na scileanna ar a chéile.  I líon bheag de na ranganna ní raibh an éagsúlacht chéanna ag baint leis an láithriú agus ní raibh an chothromaíocht chéanna idir ionchur an mhúinteora agus gníomhaíocht na scoláirí. Moltar an dea-chleachtas atá in úsáid sa roinn cheana féin a leathnú amach ar an roinn ina iomláine.

 

Rinneadh gach iarracht an Ghaeilge a úsáid mar mhéan-teagaisc agus do gach idirbheartaíocht ranga.  I roinnt ranganna áfach tugadh aistriúchán Béarla díreach i ndiadh na Gaeilge.  Moltar a bheith airdeallach maidir leis an gcur chuige mar beidh na scoláirí ag braith ar an aistriúchán in áit dul chun cinn a dhéanamh sa sprioctheanga ón gcomhthéacs.  Ní ceart go gcloisfeadh foclóir ranga ar nós ‘Cad is brí le ? ‘, ‘Conas a deirtear’, ‘An dtuigeann tú’, i mBéarla in aon rang Gaeilge.  Moltar an foclóir ranga thuas luaite agus a macasamhail a mhúineadh go luath i dtaithí Gaeilge na scoláirí sa mhéanscoil.  Is féidir straitéisí a cheapadh le go mbeadh na nathanna seo so-fheicthe go rialta do na scoláirí go dtí go bhfuil said acu go nádúrtha.

 

Baineadh úsáid tairbheach as clár an ranga sna ceachtanna go léir.  I rang amháin thug mapa intinne struchtúr agus comhthéacs an cheachta agus i rang eile cuireadh léaráid ar an gclár chun na difríochtaí idir isteach/istigh agus amach/amuigh a mhíniú go sonrach.  Ar mhaithe leis an dea-chleachtas seo a thabhairt chun cinn luaitear mar mholadh cuid den chlár a roghnú agus a úsáid go leanúnach do chroí fhoclóir na gceachtanna.

 

Bhain na múinteoirí go léir úsáid éifeachtach as straitéisí éagsúla ceisteanna chun tuiscint na scoláírí a mheas agus chun scoláirí a ghríosú páirt a ghlacadh sa rang.  I ranganna áirithe tugadh spreagadh do na scoláirí a gcuid freagraí a mhíniú freagraí mí-chearta san áireamh.  Uaireanta tugadh scoláirí eile isteach chun cabhrú leis an soiléiriú seo. Tugadh am tuisceanach do phróiseas an soiléiriú i roinnt de na ranganna. Is inmholta an cleachtas seo mar cuireann sé le tuiscint na ndaltaí ar an ábhar chomh maith le taithí na scoláirí ar fhoghlaim chomhoibríoch nó foghlaim phiaraí. 

 

Measúnú

 

{0><}100{>Leagtar amach cur chuige na roinne i bplean na Gaeilge maidir le modhanna measúnaithe agus obairbhaile mar aon le modhanna taifead agus tuairisce. Déantar measúnú  múnlaitheach ar bhonn foirmiúil is neamhfhoirmiúil.  Déantar scrúduithe rialta ar ghnéithe éagsúla de na cúrsaí agus coiméadaítear cuntas córasach ar na torthaí a ghnóthaíonn na scolairí iontu. Chomh maith le sin tá taifead coinnithe ar obair ranga, obairbhaile agus iompar na ndaltaí i ndialann mheasúnaithe an mhúinteora ar bhonn leanúnaigh. Moltar an fhoireann as an measúnú cuimsitheach múnlaitheach seo. I measc na modhanna neamhfhoirmiúla a bhí in úsáid i gcaitheamh na cigireachta bhí ceisteanna béil, obair aonair ar bhileoga oibre, ceisteanna ó pháipéir scrúdaithe chomh maith le haiseolas ar obair bheirte agus obair ghrúpa.

 

Déanann gach scoláire scrúduithe tí faoi Shamhain agus faoi Nollaig. San Earrach reáctáiltear na trial-scrúduithe do na scoláirí teistiméireachta. Bíonn scrúduithe Cásca agus deireadh bliana dóibh siúd nach bhfuil ag dul faoi scrúduithe Stáit. Tuairiscítear go scrúduithe comónta iad na scrúduithe leis na ceithre mhór scil teanga tugtha san áireamh. Is inmholta an cleachtas seo.  Cuirtear tuairisc abhaile i ndiaidh  na scrúduithe ina bhfuil marc tugtha  d’iarracht agus d’iompraíocht na scolairí maraon leis na marcanna a ghnóthaítear sna scrúduithe. Luaitear mar mholadh na ceithre mhór scil teanga a chomhtháthú sa tuairisciú ag teacht leis an moladh atá thuas luaite cur le cuspóirí na roinne.

 

Tá córas dialanna obairbhaile in úsáid agus déanann na múinteoirí ranga monatóireacht seachtainiúil ar na dialanna obairbhaile maraon le hathbhreithniú ó thuismitheoirí/chaomhnóirí ar bhonn rialta. Ba léir ó shampla de na dialanna go raibh obairbhaile á dtabhairt go rialta agus go raibh éagsúlacht thar na scileanna teanga go léir sa tasc a bhí tugtha ag teacht le treoirlínte don obairbhaile sa phlean ábhair. Moltar go láidir an cur chuige comhtháite don obairbhaile. Ba mhinic an obairbhaile a bheith scríofa i nGaeilge nó leagan dhá theangach sna dialanna. Tá ardmholadh tuillte ag an bhfoireann  a úsáideann an deis an sprioctheanga a úsáid i dtaifead na hoibrebhaile. Léirigh sampla de na cóipleabhair a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta go raibh obair chuimsitheach déanta ar raon ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas.  Bhí leanúnachas le feiceáil in obair na gcóipleabhar a thaispeáin leibhéal maith forbartha. Bhí obair na scoláirí á cheartú go rialta i gcásanna áirithe le míniú soiléir ar dhearmaidí chomh maith le haitheantas  ar obair a bhí  déanta go maith. I líon bheag de na cóipleabhair eile áfach, bhí an  t-aiseolas tugtha i bhfoirm tic nó gráid gan treoirlínte soiléir chun foghlama. Déantar mar mholadh an dea-chleachtas maidir le ceartúchán atá in úsáid sa roinn cheana féin a scaradh amach ar an bhfoireann trí chéile, d’fhéadfadh suíomh idirlín an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), www.ncca.afl.ie , a bheith cabhrach ó thaobh é seo a chur i gcrích.

 

 

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

·         Tugtar soláthar maith do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge.

·         Bhí ard chaighdéan pleanála gearrthéarmaigh scríofa ag roinnt de na múinteoirí.

·         Bhí atmaisféar comhmheasúil comhoibritheach foghlama i ngach ceacht  le linn na cigireachta. B’ í an Ghaeilge a bhí in úsáid mar mheán-teagaisc agus do gach idirbheartaíocht ranga.

·         Bhí timpeallacht phrionta spreagúil i roinnt de na seomraí.

·         B’eiseamláir de dhea-chleachtas na modhanna múinte a bhí in úsáid i mbeagnach gach rang ar breatnaíodh orthu le linn na cigireachta. Sna ranganna seo tugadh deis don scoláire dul i ngleic leis an ábhar i mbealach bríomhar cumarsáideach. Bhí éagsúlacht sna ceachtanna céanna mar go raibh comhtháthú déanta ar na ceithre mhór scil teanga maraon le gnéithe éagsúla den chúrsa ag teacht le bunphrionsabail na siollabas.

·         Cuirtear scrúduithe ar na scoláirí ina bhfuil na ceithre mhór scil teanga tugtha san áireamh. Coinnítear taifead córasach rialta ar dhul chun cinn na scoláirí maidir le foghlaim, iarracht agus iompair na ndaltaí.

 

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:

 

·         Moltar don roinn cur lena n-acmhainní teagaisc agus foghlama agus áit stórais lárnach a chur ar fáil.

·         Déantar mar mholadh go  ndéanfar pleanáil chomhoibríoch ar na pleananna ábhair do na bliain ghrúpaí difriúla agus tús a chur le plé ar  na modhanna múinte atá in úsáid sa roinn.

·         Tá sé inmhianaithe an cleachtas maidir le pleanáil ghearrtéarmach atá in úsáid sa roinn a scagadh amach ar an bhfoireann ina iomláine.

·         Luaitear mar mholadh go mbeadh sé mar sprioc i ngach ceacht cothromaíocht a bheith ann idir ionchur an mhúinteora agus gníomhaíocht na scoláirí.

·         Déantar mar mholadh na ceithre mhór scil teanga a chomhtháthú sa tuairisciú a chuirtear abhaile.

·         Bheadh sé tairbheach do dhul chun cinn na scoláirí an dea-chleachtas maidir le ceartúcháin atá in úsáid sa roinn cheana féin a scaradh amach ar an bhfoireann trí chéile.

 

 

 

Eagríodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide  ag deireadh na meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foilsithe Meitheamh 2008