An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Meánscoil Naomh Sheosaimh, An Tulach,

Contae an Chláir

Uimhir rolla: 62020F

 

Dáta na cigireachta:  23 Márta 2007

Dáta eisiúna na tuairisce: 17 Eanáir 2008

 

 

 

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus  Moltaí

 

 

 

TuairiscarCháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo 

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i Meánscoil Naomh Sheosaimh, An Tulach, Co. an Chláir mar chuid de Mheasúnú Scoile Uile (MSU .Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá  inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide, phríomhoide tánaisteach agus na múinteoirí Gaeilge.

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Tugtar gach tosaíocht don Ghaeilge ó thaobh cúrsaí clár ama de. Is rang laethúil atá ag gach bliain ghrúpa seachas ag an gcéad bhliain agus ag an Idirbhliain ag a bhfuil ceithre rang in aghaidh na seachtaine.  Is thréimhsí singile ar fad atá i gceist dáilithe amach thar an seachtain. Is ranganna comhreathacha iad na ranganna go léir ón dara bliain ar aghaidh go dtí rang na hArdteiste.  Déanann an bhainistíocht gach iarracht leanúnachas a chinntiú trí na múinteoirí céanna a fhágáil ag na scolairí le linn timthrialla. Tugtar cead do na scoláirí athrú ó leibhéal go leibhéal tar éis cruinniú neamhfhoirmiúil de mhúinteoirí na roinne agus cead ó thuismitheoirí/chaomhnóirí i bhfoirm litreach.

 

Is céimithe Gaeilge iad formhór na múinteoirí atá ag plé le múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Tá an fhoireann mar ghrúpa mar bhaill de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Múineann na múinteoirí go léir sa dhá thimthriall agus ag leibhéil difriúla scrúduithe. Tugann an bhainistíocht gach spreagadh agus taca don fhoireann freastail ar chúrsaí forbartha leanúnaigh phroifisiúnta.  Anuraidh d’fhreastail duine de na múinteoirí ar chúrsa inseirbhíse Ghaeilge de chuid na Seirbhíse Tacaíochta don Dara leibhéil (SLSS) ar mhodhanna teagaisc don Ghaeilge.  Moltar go leanfaí ag freastail ar chúrsaí dá macascamhail agus ag roinnt, mar chuid den phróiseas um phleanáil fhorbartha scoile, an fhaisnéis óna cúrsaí seo ar an roinn ina iomláine. Tá taithí leis ag roinnt de na múinteoir mar scrúdaitheoirí do na scrúduithe cainte. Tugtar gach tacaíocht do mhúinteoirí nua agus tá lámhleabhar na múinteoirí forbartha ag an scoil ina bhfuil cur síos ar rangú na ranganna agus córas smachta na scoile.

 

Áirítear 24 scoláire den mhóriomlán a bhfuil faomhadh tugtha ag an scoil dóibh maidir le díolúine ón nGaeilge de réir fhorálacha Imlitir M10/94.  Tugadh le fios gur scoláirí nach bhfuair a gcuid scolaíochta sa Stát seachtar acu agus tá 24 scoláirí le deacrachtaí aitheanta foghlama.

 

Tá áiseanna agus acmhainní maithe do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge i Naomh Sheosaimh, An Tualach. Tá seomraí buana ag fórmhór mhór na múinteoirí a chuireann fáil saoráideach ar acmhainní don teagasc agus don fhoghlaim. I measc na n-áiseanna tá seomra ríomhaireachta, teilifís, seinnteoirí dlúthdhioscaí, ríomhaire glúine, nuachtáin agus irisí. Bíonn fáil ag na múinteoirí Gaeilge ar an seomra ríomhaireachta ach é a chur in áirithe. Tá córas leathan bhanda sa scoil ina hiomláine.  Tuairiscíodh nach n-úsáidtear ríomhairí i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge sna seomraí ranga ach go moltar suímh mar thacaíocht don obairbhaile agus do thionscnamh.  Moltar an cleachtas seo, mar is ceart go dtuigfeadh na scoláirí gur teanga bheo í an Ghaeilge sna meáin nua-aimseartha.  Déantar mar mholadh úsáid teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC) a leathnú amach ar an roinn trí thraenáil a lorg dóibh siúd a cuireadh in iúl go raibh a leithéid uathu i ndoiciméid phleanála na scoile  . Tá liosta de na háiseanna agus na hacmhainní teagaisc atá ann do scoláirí iarbhunscoile ar fáil ag eolas@cogg.ie. Moltar leis an Vicipéid, leagan Gaeilge do shuíomh ciclipéid ag www.wikepedia.org agus ceachtanna Gaeilge bunaithe ar mhíreanna as Nuacht TG 4 ag www.nuim.ie/langauge/vifax. Is féidir naisc sheachtracha a chruthú chuig na suímh is úsáidí ag leathanach baile na scoile www.sjt.ie

 

 

 Tá leabharlann sa scoil agus tá sé mar sprioc ag an roinn rannóg Gaeilge a fhorbairt sa leabharlann. Moltar an tionscnamh seo.

 

Cuirtear réimse maith imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim ar fáil do na scoláirí, bíonn tráth na gceisteanna le linn Seachtain na Gaeilge agus eagraítear turasanna ag an Taibhdhearc i nGaillimh ar bhonn rialta. Ghlac an scoil páirt i gComórtas Scannánaíochta de chuid TG4 i mbliana. ‘Grá Éagmaiseach’ an t-ainm a bhí ar an scannán.  Scríobh scoláirí na hIdirbhliana an scannán ina bhfuil cúrsaí a bhaineann le taithí saoil déagóirí pléite maraon le rogha ceoil na ndaltaí fite isteach go cliste ó thús deireadh. Ó am go chéile bronntar scoláireachtaí Gaeltachta ar scoláirí na scoile. Tréaslaítear go láidir leis na múinteoirí faoina ndúthracht an teanga a chur chun cinn laistigh is lasmuigh den seomra ranga.

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

an scoil ag glacadh páirte gníomhaigh i bpróiseas um phleanáil fhorbartha scoile ón mbliain 2002 chun cur leis an gcleachtas fada bhunaithe don phleanáil aonair ábhair agus malartú tuairimí ar bhonn neamhfhoirmiúil. Tugtar tacaíochta don phróiseas seo i rith na bliana le trí chruinniú foirmiúil agus cruinnithe neamhfhoirmiúla go rialta roimh scrúduithe tí ach go háirithe. Tá comhordaitheoir ceaptha ag an roinn agus rothlú rialta á dhéanamh air.  Moltar an bhainistíocht as an tosaíocht seo a  thabhairt don phleanáil.

 

Tá plean ábhair forbartha don Ghaeilge ina bhfuil pleananna curaclaim do na bliain ghrúpaí go léir. Tá na ceithre mhór scil teanga tugtha san áireamh sa phleanáil d’obair na ranga, don obairbhaile agus sa mheasúnú. Tá an cur chuige comhtháite do mhúineadh na teanga inmholta mar tugann sé aitheantas don ghaol idirspléach comhthreisithe atá idir na scileanna i sealbhú teanga ag teacht le bunphrionsabail na siolllabas. Luaitear mar mholadh forbairt a dhéanamh ar an dea-phleanáil ábhair ó thaobh modhanna múinte de. Tá cóip den chúrsa inseirbhíse de chuid an SLSS, mar atá thuas luaite, sa bhfillteán pleanála. Chuirfeadh cur agus cúiteamh ar mhór mholtaí an SLSS tús le comhrá agus pleanáil comhoibríoch do mhodheolaíochtaí éifeachtacha i gcomhthéacs Naomh Sheosaimh amach anseo.

 

Teagasc agus Foghlaim

 

Léirigh na ranganna a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta go raibh pleanáil chuí déanta ina gcomhair agus bhí ábhar agus aidhmeanna na gceachtanna go léir soiléir, ábhartha agus ag teacht le riachtanais na siollabas. I ranganna áirithe bhí scéimeanna oibre seachtainiúla a thaispeáin éagsúlacht sa ghné den chúrsa a bhí á chlúdach i gcaitheamh na seachtaine. I ranganna eile bhí plean ceachta réitithe don cheacht. I measc na bhfearais teagaisc agus fhoghlama a bhí in úsáid ag na múinteoirí bhí bileoga oibre agus míreanna téipe réamhroghnaithe. Bhí sé de thoradh ar an bpleanáil agus an t-ullumhúchán críochnúil seo go raibh struchtúr, luas agus gluaiseacht bhríomhar faoi fhormhór mhór na gceachtanna. Bhí torthaí sonraithe foghlama agus teagaisc sna ranganna go léir. Roinn na múinteoirí na cuspóirí foghlama seo, i bhfoirm béil agus/nó scríofa,  leis na scoláirí ag tús an ranga agus i rith an cheachta de réir mar a d’athraigh an ghníomhaíocht fhoghlama. Is cleachtas maith é seo a thugann soiléireacht don fhoghlaimeoir. Baineadh amach na cuspóirí foghlama céanna i mbeagnach gach rang. I rang amháin rinneadh seisiún faisnéisithe ar  bhileog oibre leis na scoláirí ag soiléiriú cad a bhí bainte amach ó thaobh na foghlama de ag deireadh an ranga.  Is inmholta an cleachtas seo mar cothaíonn sé neamhspléachas sna foghlaimeoirí mar go mbíonn orthu a spriocanna féin a aithint.

 

Tugadh tús áite i roinnt mhaith ranganna i Scoil Naomh Sheosaimh don chur chuige comhtháite mar atá molta sna siollabais.  D’éirigh níos fearr leis an modh múinte seo nuair a bhí na scileanna comhnascaithe go téamúil.  I rang sinsearach amháin a bhí ag ullmhú don scrúdú cainte bhí athbhreithniú ar théama na scoile mar obairbhaile ag tús an ranga.  Bhain an seisiún téipe go dlúth leis an ábhar céanna agus rinneadh athdhaingniú ar an bhfoclóir seo go léir ag deireadh ranga le comhrá beirte a bhí struchtúrtha le bileog oibre.  I ranganna eile bhí comhtháthú déanta ar na scileanna teanga ach nárbh é an téama céanna a bhí i gceist ó thús go deireadh. I rang áirithe rinneadh obair réamh ullmhúchán an mhaith do mhír téipe ar chúrsaí sacar na hÉireann trí seisiún tobarsmaointeoireachta labhartha bunaithe ar an téama seo.  I rang eile áfach bhí cleachtadh chomhrá (idir an múinteoir agus na scoláirí) ar théamaí áirithe agus obair chluaistuisceanna ar théama difriúil mar dhara leath.  Moltar gan tabhairt faoi aon scil nua a dhéanamh gan réamh-obair a dhéanamh a chuirfeadh an foclóir don tasc in oiriúint do gach raon cumais sa rang. Luaitear mar mholadh leis go mbainfear úsáid níos leithne as an gcur chuige comhtháite ar bhonn téamúil.

 

Baineadh úsáid as modhanna teagaisc éifeachtacha eile chun deis a thabhairt do na scoláirí dul i ngleic i mbealach bríomhar le hábhar an cheachta tríd an gcaint.  Rinne cleachtadh ar phointe gramadaí i bhfoirm seisiún ceisteanna is freagraí a bhí réamhullmhaithe ar bhileog oibre agus a bhain go dlúth le saol laethúil na scoláirí.  I ranganna áirithe eile d’úsáidíodh comhrá bheirte mar theicnic comhshlánaithe ar fhoclóir nua-dhéanta.  Is inmholta an cleachtas seo ina bhfuil béim curtha ar fhoghlaim an scoláire tríd an gcumarsáid labhartha.

 

I rang sinsearach amháin agus ceist scrúdaithe ar dhráma idir lámha acu spreag an múintoeir trí straitéisí maithe ceistiúcháin na scoláirí machnamh a dhéanamh ar chaighdéan a bhfreagraí agus ar na nathanna cainte a bhí in úsáid acu chun a dtuairimí a chur in iúl.  Is dea-chleachtas é seo mar téann na scoláirí i dtaithí ar an gcritéir a bhaineann le freagra maith scrúdaithe trí phróiseas na bhféin mheasúnaithe.

 

Baineadh úsáid tairbheach as an gclár bán a chuir le soiléireacht agus struchtúr ábhar gach ceacht.  Ba léir an tuiscint a bhí ag múinteoirí le cinn na gceachtanna nach leor do gach scoláire an fhoirm labhartha d’ abairt nó d’fhocal dá stíl fhoghlama agus go dteastaíonn óna scoláirí seo an fhoirm fhísiúil chomh maith. Tréasláitear go láidir leis an bhfoireann as an suntas a thugann said do thaifead na foghlama go físiúil.

 

 

Bhain tréith spreagúil foghlama leis na ceachtanna go léir a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta. Bhí ionchais arda ó thaobh foghlama agus iompair i ngach seomra ranga agus cumas éifeachtach bainistíochta ag an bhfoireann ar fad. Thug múinteoirí áirithe na scoláirí isteach i mbainistiú na foghlama le linn ceacht cluastuisceanna a chuir ar chumas an mhúinteora freastail ar riachtanais aonair scoláirí ar leith. Bhí an-chur amach ag na múinteoirí ar shaol agus ar chaithimh aimsire na scoláirí. Chuir an caidreamh comhbhách seo go mór leis an gcomhoibriú a bhí le feiscint i bpróiseas na foghlama agus an teagaisc a bhí ar bun.  Tugadh aiseolas dearfach spreagúil d’ iarrachtaí agus do thuairimí na scoláirí  i gcónaí.

 

Bhain na múinteoirí feidhm thairbheach as buntáiste a seomraí buana trí thimpeallacht phrionta spreagúil  a chruthú. Is dea-chleachtas é seo mar ní hamháin go gcuireann sé leis an timpeallacht fhoghlama,  déanann sé athdhaingniú ar an bhfoghlaim go físiúil freisin. Luaitear mar mholadh machnamh a dhéanamh ar an saghas foclóir ranga a ba cheart a bheith infheicthe agus so-léite don scoláire timpeall chlár an tseomra. Maraon leis na seomraí ranga don Ghaeilge bhí an teanga le feiceáil timpeall na scoile. Is inmholta an cur chuige seo.

 

Bhí an Ghaeilge in úsáid mar mheán teagaisc agus gnáth-theanga cumarsáide na ranga sna ceachtanna go léir. Rinne na múinteoirí grádú sciliúil ar fhoclóir a sheachain úsáid iomarcach an Bhéarla.  Ar an iomlán, choinnigh na múinteoirí cuimhne i gcónaí ar an ngramadach, an litriú agus ar bhfoghraíocht mar shnáith ceangail i múineadh na teanga seachas mar mhír a mhúintear ina n-aonaid leo féin. Bhí na scoláirí sásta an Ghaeilge a labhairt agus ghlac siad páirt go toilteanach san idirphlé ranga. Tacaítear go láidir leis an bhfoireann as an gcur chuige seo.      

 

Measúnú

 

Tá córas dialanna obairbhaile in úsáid sa scoil agus déanann na múinteoirí ranga monatóireacht seachtainiúil ar na dialanna maraon le síniú rialta ó thuismitheoirí/chaomhnóirí. Ba léir ó shamplaí de na cóipleabhair/fillteáin éagsúla don obairbhaile go raibh an obairbhaile á cheartú go rialta ag gach aon mhúinteoir.  Bhí ard chaighdeán ceartúchán in úsáid ag fórmhór mhór na roinne.  Bhí nótaí mínithe forbartha sna cóipleabhair a thug treoir shoiléir ar dhearmaidí gramadaí nó litriú mar aon le haiseolas forbarthach ar chaighdeán na hoibre a bhí déanta go maith nó obair nach raibh ar chomh chaighdeán.  I gcónaí bhí dearbhú leis an aiseolas seo a bhí ag tabhairt spreagadh don scoláire dul chun cinn a dhéanamh sa chéad cheacht eile. Ar an iomlán bhí an t-aiseolas spreagúil seo tugtha i nGaeilge mar is ceart.   Tréaslaítear go láidir leis an bhfoireann go léir as a ndúthracht maidir le ceartúcháin obairbhaile mar cailleann obairbhaile a luach muna gceartaítear go rialta agus go forbarthach í.  Bhí sé le feiceáil óna cóipleabhair i ngach bliain ghrúpa go raibh réimse ábhair déanta ag na scoláirí a léirigh leibhéal ard forbartha agus leanúnachais.  Bhí na múinteoirí ag cothú scileanna eagraíochta ar thaifead na foghlama trí ghnéithe éagsúla de na cúrsaí a bheith coinnithe go córasach i gcóipleabhair éagsúla nó i bhfillteán ón gcéad bhliain ar aghaidh.  Ní beag é seo agus tá moladh ag dul don fhoireann as cur chun cinn scil na heagraíochta sna scolairí faoina gcúram.

{0><}100{>Déantar measúnú coimreach foirmiúil ar na scoláirí nach bhfuil ag dul faoi scrúdú teistiméireachta faoi dhó i gcaitheamh na bliana, faoi Nollaig agus scrúdú deireadh bliana. Tá an measúnú foirmiúil seo comónta le scéimeanna marcála aontaithe. Déantar measúnú ar na ceithre mhór scil teanga. Tá athbhreithniú rialta á dhéanamh ag an roinn ar dháileadh na marcanna ar na scileanna éagsúla. Tuairiscíodh go ndéantar cinnidh faoi mheasúnú comónta agus scéimeanna marcála aontaithe ag cruinnithe pleanála i gcaitheamh na bliana.  Tá ard mholadh tuillte ag an bhfoireann as an bpleanáil chomhoibríoch seo don mheasúnú.  Réachtáiltear scrúduithe tí i Mí na Samhna agus  trial scrúduithe san Earrach do scoláirí teistiméireachta. Cuirtear tuairisc abhaile tar éis na scrúduithe coimreacha seo. Casann múinteoirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí ar a chéile  uair amháin sa bhliain do gach bliain ghrúpa agus bíonn teagmháil rialta eatarthu trí chóras na ndialanna.

 

Déanann na múinteoirí plé ar na comparáidí idir torthaí a scoláirí féin agus na meán-mharcanna náisiúnta sna scrúduithe Stáit. Luaitear mar mholadh go n-úsáidfear an léargas ón anailís mar threoir chun chur leis an bpleanáil ábhair amach anseo agus chabhródh an díospóireacht seo gné reatha na bpleananna a choiméad chun cinn i gcónaí. Moltar go gcuirfidh an roinn lena n-uirlísí measúnaithe don Ghaeilge trí na prionsabail measúnú chun foghlama, mar atá forbartha ag Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag  www.afl.ncca.ie  a chomhtháthú sna pleananna don mheasúnú.

  

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus  Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:  

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

       chomhtháthú sna ceartúcháin go léir.

 

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide agus  leis an bpríomhoide tánaisteach ag deireadh na  meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.