An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

St Paul’s College, Raheny, Dublin 5

Uimhir rolla:60290B

 

Dáta na cigireachta: 9 Bealtaine 2007

Dáta eisiúna na tuairisce: 17 Eanáir 2008

 

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Teagasc agus Foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus Moltaí

Freagra na Scoile ar an Tuairisc

 

 

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i St Paul’s College. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do mhúinteoirí an ábhair.  Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn,  agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.

 

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Déanann bainistíocht na scoile soláthar ama a chur ar fáil don phleanáil san ábhar ag tús agus ag deireadh na scoilbhliana – thart ar uair an chloig an ceann sa dá chás mar aon le trí nó ceithre chruinniú leathuaire i gcaitheamh na bliana. Buaileann na múinteoirí le chéile ar ócáidí eile i gcaitheamh na bliana ina gcuid ama féin. Socrú neamhfhoirmiúil atá i gceist maidir leis an té a fheidhmíonn mar chomhordaitheoir ar an ábhar. An múinteoir céanna atá i mbun na hoibre sin le tamall de bhlianta agus tuairiscíodh gur i gcomhar le chéile a dhéantar obair na roinne a riar. Ar mhaithe le roinnt chóir a dhéanamh ar chúraimí na roinne agus dáileadh níos leithne a dhéanamh ar thaithí ar an obair sin, b’fhiú machnamh ar uainíocht a dhéanamh ar ghnó an chomhordaitheora ar feadh tréimhse aontaithe.

 

Cuirtear cuntas ó bhéal ar imeachtaí na gcruinnithe ábhair ar fáil don phríomhoide. B’fhiú taifead scríofa ar imeachtaí na gcruinnithe ábhair agus go háirithe ar thorthaí agus ar mholtaí a chur ar fáil don bhainistíocht. B’fhiú chomh maith, cóipeanna den chéanna a cheangal sa leabhrán pleanála a bhaineann leis an ábhar mar eolas agus mar threoir do bhaill uile na roinne.

 

Déantar soláthar ama sásúil a chur ar fáil don ábhar ar an tráthchlár. Ceithre thréimhse ranga in aghaidh na seachtaine a bhíonn i gceist i gcás na chéad bhliana agus an dara bliain agus cúig thréimhse i gcás na tríú bliana. Cuirtear ceithre thréimhse ar fáil san Idirbhliain – líon tréimhsí a thugann deis mhaith ar aidhmeanna chlár na hIdirbhliana a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

 

Cúig thréimhse atá i gceist in dhá bhliain na hArdteistiméireachta agus tugtar an séú tréimhse do na ranganna a thugann faoin ardleibhéal san Ardteistiméireacht. Is i ranganna singil ar laethanta éagsúla a bhíonn an t-ábhar ar fáil – gan ach dhá thréimhse in aghaidh an lae i gceist ach i gcás na ranganna Ardteistiméireachta ardleibhéal. Cuirtear na ranganna ar siúl go comhuaineach ar an tráthchlár ón dara bliain amach – rud a chinntíonn go mbíonn rogha leibhéal ar fáil do na scoláirí cothrom lena gcumais agus lena mianta. Tá na socruithe seo ar fad le moladh agus léiriú is ea iad ar thacaíocht bhainistíocht na scoile do mhúineadh an ábhair.

 

Cúigear múinteoirí atá i roinn na Gaeilge a mbaineann cuid shuntasach de chlár an teagaisc acu le múineadh an ábhair. Tá taithí fhairsing ag na múinteoirí ar fad ar an ábhar a mhúineadh sa scoil. Tugtar an deis chéanna do na múinteoirí ar fad ar na leibhéil éagsúla san ábhar a mhúineadh – socrú atá le moladh. Fágann na socruithe atá i bhfeidhm ar an tráthchlár, maidir le ranganna a bheith ar siúl go comhuaineach, go bhfuil deiseanna ann do na múinteoirí ar scileanna agus ar shainspéiseanna a roinnt agus a fhorbairt eatarthu.

 

D’fhéadfadh múinteoirí gnéithe ar leith de chláir theagaisc a dhéanamh le ranganna éagsúla sa bhliain chéanna. B’fhiú machnamh ar na féidearthachtaí a bhainfeadh lena leithéid – tionscnamh a d’oirfeadh go maith do ranganna na hIdirbhliana go háirithe. Chuirfeadh beart dá leithéid le forbairt ghairmiúil a chur ar bun go hinmheánach – ábhar a raibh spéis ag na múinteoirí ann agus a raibh cuntas ina thaobh cláraithe i bplean an ábhair i gcás bhaill áirithe roinn na Gaeilge.

 

Tá seomra ranga faoina gcúram féin ag na múinteoirí Gaeilge a chabhraíonn le fáil a bheith ag na múinteoirí go saoráideach ar acmhainní san ábhar. Tuairiscíodh go raibh raon maith acmhainní leictreonacha ar fáil mar thaca leis an teagasc – seinnteoirí dlúthdhioscaí, teilifíseáin, seinnteoirí físe agus dlúthdhioscaí. Tá fáil ar áiseanna i dTeicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) don Ghaeilge chomh maith céanna do na hábhair eile.

 

Tá dhá sheomra ríomhaireachta leathanbhanda ar fáil ach iad a chur in áirithe. Cuireadh in iúl go raibh úsáid theoranta á baint as na hacmhainní seo don Ghaeilge agus gur leis an Idirbhliain don chuid ba mhó a bhí siad sin in úsáid. Bhí tagairt le léamh i bplean an ábhair a bhain le suímh ghréasáin áirithe a bheith in úsáid ar mhaithe le hábhar cothrom le dáta a aimsiú le húsáid sa rang. Obair fhiúntach atá ina leithéid agus b’fhiú forbairt a dhéanamh air seo le taithí theagmhálach ar úsáid TFC i gcomhthéacs na Gaeilge a thabhairt do scoláirí. Níor mhiste clár TFC a chur i bplean na roinne faoin méid sin agus machnamh a dhéanamh ar a leithéid a chur ar chláir eile leis.

 

Tugann an príomhoide faomhadh le hiarratais ar dhíolúintí cothrom le forálacha imlitir M10/94 amháin ach tuigeadh go mbíonn scoláirí céad bliana – idir ceathrar agus cúigear go hiondúil – a maítear ina dtaobh nach acmhainn dóibh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus a raibh díolúine neamhoifigiúil ón nGaeilge acu sa bhunscoil. Is de réir imlitir M10/94 a mheasann an príomhoide iarratais ar dhíolúintí agus ní cheadaíonn sé díolúintí ina leithéid de chás.

 

Tá an príomhoide le moladh as ceartfheidhmiú fhorálacha imlitir M10/94 ach is ceist ghabhlánach í seo a chuireann deacrachtaí breise roimh an bpríomhoide agus roimh na múinteoirí Gaeilge an t-ábhar a thosú as an nua sa chéad bhliain le scoláirí áirithe.  

 

Tuigeadh ó na múinteoirí go mbíonn scoláirí le díolúintí oifigiúla ina suí sna ranganna Gaeilge agus gur cur isteach ar obair an ranga a bhíonn i gceist, i gcásanna, ach nach acmhainn don scoil socruithe eile a dhéanamh. B’fhiú na socruithe seo a athbhreithniú cothrom leis na féidearthachtaí a bhaineann le socruithe eile a dhéanamh an t-am a mbíonn an Ghaeilge ar an tráthchlár. D’fhéadfaí na socruithe sin a chlárú i bplean an ábhair chomh maith. 

 

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Breathnaíodh ‘Plean Ábhair Roinn na Gaeilge 2006-2007’ – cáipéis a thug léiriú ar obair chomhphleanála na roinne, bliain ar bhliain, in aghaidh na leibhéal éagsúil san ábhar. Tuigeadh ó na múinteoirí go mba dhoiciméad é seo a scríobhadh i mbliana a raibh teimpléad pleanála na seirbhíse forbartha pleanála scoile (SDPI) mar threoir leis. Tuigeadh chomh maith go ndéanfar athbhreithniú ar an bplean ag deireadh na bliana reatha. Bhí eolas fiúntach le léamh sa leabhrán seo ar aidhmeanna agus ar chuspóirí na roinne a bhí dílis d’aidhmeanna na siollabas Gaeilge agus bhí sé le moladh mar chéadiarracht in obair chomhphleanála.

 

Bhí na múinteoirí ar an eolas i dtaobh na gcáipéisí cuí san ábhar agus cóipeanna dá gcuid féin acu – lena n-áirítear na siollabais Ghaeilge, na treoirlínte do mhúinteoirí, na himlitreacha cuí, cóipeanna de na scrúdpháipéir theistiméireachta agus tuairiscí na bpríomhscrúdaitheoirí. B’fhiú cóipeanna díobh seo a thabhairt le chéile agus a choimeád mar fhoinse tagartha don roinn agus a dheimhniú go mbeadh sraith iomlán díobh ar fáil sa chás go mbeadh múinteoir Gaeilge nuacheaptha ar an bhfoireann.

 

Luaitear labhairt na teanga i réamhrá phlean an ábhair mar ghné de na scileanna teanga a gcuirtear béim air. Déantar tagairtí eile don aidhm seo faoi phlean na chéad bhliana, na hIdirbhliana agus bhlianta na hArdteistiméireachta. Baineann an cur síos is iomláine díobh le plean na chéad bhliana mar a luaitear an aidhm ghinearálta agus spriocanna ar leith. B’fhiú na spriocanna seo a chlárú i leith an dara bliain agus na tríú bliana chomh maith.

 

B’fhiú cur síos níos iomláine a bhreacadh i bpleananna na hIdirbhliana agus na hArdteistiméireachta do labhairt na teanga thar a raibh cláraithe – go háirithe ós rud é go raibh aird faoi leith á lua le labhairt na Gaeilge sa réamhrá. D’fhéadfaí treoir a lua leis na cuspóirí agus cur síos a dhéanamh ar an méid a mbeifí ag súil leis ó na scoláirí, cothrom leis na leibhéil éagsúla san ábhar, maidir leis na scileanna éagsúla sa teanga. B’fhiú Punann na dTeangacha Eorpacha a bhreathnú mar threoir le torthaí na foghlama a bhreacadh.

 

Bhain cuid mhór de na pleananna don Ghaeilge leis an ábhar a bhí le cur i gcrích in imeacht na bliana agus i gcásanna áirithe bhí stór fairsing ábhar bailithe le húsáid sa rang mar chabhair bhreise do na scoláirí. Bhí aird sna pleananna chomh maith ar na mórscileanna teanga a chleachtadh. Tugadh aird sa phlean ar imeachtaí cros-churaclaim lena n-áirítear an Ceol, an Stair, an Tíreolaíocht agus an spórt – cuntas achomair ginearálta a mb’fhiú leathnú a dhéanamh air. De bhreis ar phlean an ábhair bhí pleananna aonair dá gcuid féin ag na múinteoirí a léirigh go raibh machnamh déanta acu ar riachtanais a gcuid scoláirí féin.

 

Bhain fiúntas ar leith le scéim phearsanta phleanála a bhain leis an dara bliain a leag amach clár téamúil bunaithe ar na topaicí sa siollabas agus a raibh aird faoi na ceannteidil sin ar na scileanna teanga ar leith a fhorbairt. I gcásanna áirithe bhí stór fairsing ábhar bailithe le húsáid sa rang mar chabhair bhreise do na scoláirí.

 

Ba mhaith an rud cuntas macánta ar staid na Gaeilge mar ábhar sa scoil a bhreacadh i dtús na bpleananna ar mhaithe le léargas ginearálta a chur ar fáil ar staid reatha an ábhair. Ba mhaith an treoir chuige seo anailís ar ghnóthachtálacha na scoláirí san ábhar sna scrúduithe teistiméireachta – rud a cuireadh ar fáil i rith na cigireachta. Agus na staitisticí seo mar phointe tagartha, ba mhaith ann cuntas i bplean na roinne chun feabhsúcháin a chur i bhfeidhm agus leis an dul chun cinn a athbhreithniú agus a mheas.

 

Ar an ngné is tábhachtaí den obair phleanála nár mhór a chur i gcrích go luath tá pleanáil do mheasúnú a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge sa tsraith shóisearach mar chleachtas comónta comhaontaithe. Bhí tagairt le léamh ina thaobh seo faoi mhodanna measúnaithe sa phlean mar a gcláraítear go ndéanfar measúnacht ar an teanga labhartha i scrúduithe an tsamhraidh 2007. Ba chóir an méid sin a shoiléiriú. Ar ábhar gaolmhar níor mhór pleanáil a dhéanamh maidir leis na moltaí nua a fógraíodh faoin mbéalscrúdú roghnach i scrúdú an Teastais Shóisearaigh agus cé acu na scoláirí a chur isteach ar an scrúdú sin – cinneadh a mbeidh tionchar aige ar phleanáil an teagaisc chomh maith.

 

 

Teagasc agus Foghlaim

 

Breathnaíodh sé cinn de cheachtanna in imeacht na cigireachta le ranganna a bhain le gach bliain de na sé bliana sa scoil. Bhain féinmhuinín leis na múinteoirí ar fad sa teacht i láthair a bhí acu leis na ranganna agus nótáladh dea-atmaisféar sna ranganna idir na múinteoirí agus na scoláirí an chuid ba mhó ar fad den am. Rinneadh dea-ullmhúchán do na ranganna agus bhí aidhmeanna na gceachtanna soiléir ón tús.  

 

Sna ceachtanna a bhain leis na ranganna sóisearacha sa tsraith shóisearach ba léir go raibh aird ag na múinteoirí ar ábhar a chur i láthair a bhí ag teacht le raon ábhar spéise na scoláirí – cur chuige a bhí le moladh. Bhain na ceachtanna sin le plé a dhéanamh ar chúrsaí spóirt agus ar ábhar pearsanta a chur ar an suíomh idirlín Bebo.  Rinneadh gach dícheall na scoláirí a mhealladh chun rannpháirtíochta sna ceachtanna sin.

 

I gcás amháin díobh sin d’éirigh go maith leis na scoláirí iad féin a chur in iúl agus ba léir go raibh fonn orthu dul i ngleic le hábhar a bhain leis na laochra spóirt a bhí sna meáin ag an am – Roy Keane, Niall Quinn, Brian O’Driscoll, Seán Óg Ó hAilpín. Cé go raibh caint agus foclóir na scoláirí teoranta go maith chinntigh an múinteoir gur bhain cruinneas sa chaint agus sa scríobh lena gcuid iarrachtaí. D’fhreagair na scoláirí go maith don treoir sin agus rinneadh cleachtadh uair eile ar na hiarrachtaí sin nuair a ceartaíodh iad. San idirphlé a lean leis an gcigire ar ball léirigh na scoláirí tuiscint ar cheisteanna simplí agus d’éirigh leo iad féin a chur in iúl.

 

B’fhiú go mór iarracht a dhéanamh ar theacht i dtír ar spéis na scoláirí in ábhair den chineál seo le míreanna ó na meáin chraolta Ghaeilge – ar nós agallaimh i nGaeilge le Jerry Flannery faoi imeachtaí fhoireann rugbaí na hÉireann nó agallamh le Seán Óg Ó hAilpín a thaispeáint nó mír de chluiche le tráchtaireacht i nGaeilge. Níor mhór taifeadadh a dhéanamh ar ábhar den chineál sin nó féachaint ar shuíomh idirlín TG4 d’fhonn teacht ar ábhar dá leithéid.

 

Sa chás eile mar a raibh rang cumais mheasctha i gceist cé go raibh ábhar spéisiúil ar bun leis an rang bhain deacrachtaí ó thaobh na tuisceana de i gcás riar maith scoláirí faoin tasc a cuireadh rompu. Cé go mba i nGaeilge a cuireadh an treoir ar fad ar na scoláirí tháinig ceisteanna i mBéarla ó na scoláirí faoina raibh le déanamh agus b’éigean don mhúinteoir géilleadh do na hiarrachtaí seo ar ball agus an treoir a aistriú go Béarla.

 

Cleachtadh cárta poist a scríobh mar chuid den cheacht céanna agus d’fhéach an múinteoir le foclóir idirdhealaitheach a chur roimh na scoláirí cothrom lena gcumais sa teanga. Bhí an cur chuige seo le moladh. Scaipeadh dáileán ar ball a chinntigh nár ghá do na scoláirí am a chaitheamh le scríobh síos foclóra ach díriú isteach ar an obair a chleachtadh ó bhéal le cabhair na nótaí scríofa. Bhain dúshlán ar leith leis an rang seo as réimse an chumais a bhí le sonrú ar iarrachtaí na scoláirí sa Ghaeilge.

 

Bhain dúshlán le rang ardleibhéal sa tsraith shóisearach as an líon ard scoláirí a bhí sa rang sin – cé gur tuigeadh go mba chás eisceachtúil a bhí i gceist. Rinneadh athchleachtadh ar mhíreanna den cheistpháipéar scríofa a mbeadh a chomhionann mar dhúshlán roimh na scoláirí sin go luath. Rinneadh an obair sin go cumasach agus léirigh na scoláirí go raibh siad inniúil ar an obair sin a dhéanamh agus ullmhaithe go maith don scrúdú céanna.    

 

Léirigh na ceachtanna a breathnaíodh sa tsraith shinsearach go raibh cumas teoranta ag baint leis an nGaeilge a bhí sealbhaithe ag na scoláirí. Bhí iarrachataí na múinteoirí le moladh maidir le dáileáin a ullmhú mar chabhair do na scoláirí leis an ábhar agus as ucht cur i láthair spreagúil a dhéanamh. Rinne na múinteoirí ullmhúchán maith do na ceachtanna sin. I gcás amháin bhí leanúnachas i gceist le ceacht a chuaigh roimhe sin sa mhéid is gur taispeánadh físeán roimhe sin de George Thompson faoi agallamh mar chúlra leis an sliocht as Fiche Blian Ag Fás (Muiris Ó Súilleabháin) a thuiscint. Rinneadh an-iarracht sa cheacht seo ar threoir a chur ar na scoláirí le ceisteanna a fhreagairt ar an scéal céanna le dáileán a rinne athmheabhrú maith ar an sliocht.

 

Breathnaíodh fillteáin na scoláirí i gceann de ranganna na hIdirbhliana ina raibh riar maith d’obair phróis agus filíochta agus bhain ábhar an cheachta le ceann de dhánta chlár Gaeilge na hIdirbhliana a chur i láthair agus a phlé leis na scoláirí.  Rinneadh iarrachtaí fónta ar thuiscint na scoláirí féin ar an gcoimhthíos a léirigh an file sa dán le saol na cathrach a phlé cé go mba é dícheall chuid mhór de na scoláirí dul i ngleic leis an téama. B’inmholta i gcás na hIdirbhliana díriú ar ábhar a chur i láthair ar bhealach nuálach, mar a bhí le léamh i bplean roinn na Gaeilge don Idirbhliain, ar mhaithe leis na scoláirí a chur i mbun na cainte níos mó in obair an ranga.

 

Ar an iomlán, bhí iarrachtaí na múinteoirí le moladh as an gcúram a rinneadh de na scoláirí a ullmhú go maith do riachtanais na gceistpháipéar teistiméireachta san ábhar. Bhain dúshlán ar leith i gcásanna áirithe le haird na scoláirí ar fad a dhíriú ar an obair a bhí idir lámha agus pléadh leis na dúshláin sin go tuisceanach le hiarrachtaí maithe ar na scoláirí a spreagadh le moladh seachas le cáineadh. Ó thaobh na bhfreagraí ó bhéal a tháinig ó na scoláirí i ranganna áirithe bhí torthaí teoranta le sonrú ar obair dhíograiseach na múinteoirí.

 

San athbhreithniú atá le déanamh ar phlean roinn na Gaeilge b’fhiú machnamh a dhéanamh ar thús áite níos mó a thabhairt do labhairt an Gaeilge mar sprioc ó thús na chéad bhliana amach. Dúshlán atá anseo a bhfuil na múinteoirí lán-inniúil chuige maidir lena máistreacht féin ar an teanga agus bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama agus ar idirphlé le scoláirí sna ceachtanna.

 

 

Measúnú  

 

Cuirtear scrúdú measúnaithe iontrála sa Ghaeilge ar scoláirí nua a chuireann isteach ar áit sa chéad bhliain. Ba le scríobh na teanga amháin a bhain an scrúdú seo. Is mar threoir do na múinteoirí féin amháin ar cháilíocht Ghaeilge scríofa na scoláirí a ceapadh an scrúdú seo agus ní ar mhaithe le scoláirí a dháileadh ar ranganna seachas a chéile mar gur i ranganna cumais mheasctha a chuirtear na scoláirí i ranganna na chéad bhliana.

 

Léirigh an cuntas a cuireadh ar fáil ar thorthaí na measúnuithe iontrála ar fad sa chéad bhliain, agus ar riachtanais fhoghlama na scoláirí a aithníodh sna measúnuithe sin, méid an dúshláin atá roimh na múinteoirí le teagasc na Gaeilge. Ba chóir torthaí na measúnuithe iontrála sa Ghaeilge a chlárú i bplean an ábhair mar thaifead.

 

B’fhiú an t-eolas a dheimhniú leis na bunscoileanna friothálacha maidir le líon cruinn na scoláirí a lean clár iomlán Gaeilge churaclam na bunscoile – ceist nach raibh iomlán soiléir ón bplé leis na múinteoirí. B’fhiú a chinntiú leis na bunscoileanna céanna chomh maith torthaí na foghlama a mbítear ag súil leo i gcás daltaí bunscoile rang a sé ó thaobh na Gaeilge sa churaclam leasaithe.

 

Ba chóir an Ghaeilge mar theanga chumarsáideach a áireamh i dtorthaí sin na foghlama. Ba mhaith an treoir an méid sin le spriocanna foghlama a phleanáil do scoláirí nua na chéad bhliana agus leanúnachas a chinntiú idir curaclam na bunscoile agus siollabas an Teastais Shóisearaigh. B’fhiú ceangal a dhéanamh idir aidhmeanna cumarsáideacha an dá dhoiciméad agus an méid sin a shoiléiriú le múinteoirí na mbunscoileanna – sa chaoi is nach ar spriocanna a bhaineann le scríobh na teanga amháin a bheidh súil ag scoláirí ag tosú amach dóibh sa chéad bhliain. 

 

Reachtáltar scrúduithe tí um Nollaig agus sa samhradh mar aon le triailscrúduithe teistiméireachta san earrach agus cuirtear tuairiscí scríofa ar fáil do thuismitheoirí ina dtaobh siúd chomh maith le tuairiscí eile ag cruinnithe tuismitheoirí-múinteoirí i gcaitheamh na bliana.

 

Moltar measúnú ar labhairt na Gaeilge a chur san áireamh maidir le ranganna na sraithe sóisearaigh – cuma cén toradh a bheidh ar an bplé maidir le scoláirí a chur isteach ar an mbéalscrúdú roghnach i scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Moltar breathnú go géar ar na buntáistí a d’fhéadfadh teacht as an gceist dheireanach sin agus cinneadh a dhéanamh ina taobh go luath.

 

Bhí pointí tagartha fiúntacha le léamh ar staid reatha an ábhair sna staitisticí a bhain le rátaí rannpháirtíochta na scoláirí ag na leibhéil éagsúla sna scrúduithe teistiméireachta. B’fhiú filleadh ar na pointí tagartha seo agus athbhreithniú á dhéanamh amach anseo ar éifeacht na n-iarrachtaí  maidir le feabhsúcháin a chur i bhfeidhm. 

 

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus Moltaí

 

 Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

 

 

 

Aguisín

 

Freagra na Scoile ar an Tuairisc

 

Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta

 

 

 

 

 

Area 2:   Follow-up actions planned or undertaken since the completion of the   inspection activity to implement the findings and recommendations of the inspection

 

There is a greater emphasis on the use of oral Irish in the Junior Certificate Cycle and it is now part of the assessment in First Year.  Entering the students in the Junior Certificate optional oral examination is under consideration.

 

Ongoing meetings of subject teachers are an integral part of school development planning.  It is envisaged that future meetings will continue to plan for the implementation of the recommendations.