An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

 Cigireacht Ábhair ar an Stair

TUAIRISC

 

Pobalscoil Chorca Dhuibhne

An Daingean, Contae Chiarraí

Uimhir Rolla: 91511O

 

  Dáta na cigireachta: 5 Nollaig 2008

 

 

 

 

An Tuairisc Chigireachta seo

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Foghlaim agus Teagasc

Measúnú

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

 

 

 

Tuairisc  ar Chaighdeán na Foghlama agus an teagaisc sa stair

 

An Tuairisc Chigireachta seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Leagann sí amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Stair agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo, inar thug an cigire cuairt ar rangsheomraí agus inar breathnaíodh an fhoghlaim agus an teagasc, thar dhá lá. Bhí idhirghníomhaíocht ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí staire.  Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile 

 

Pobalscoil nua is ea Pobalscoil Chorca Dhuibhne atá suite sa Daingean. Mar scoil a d’fhás as comhtháthú dhá scoil dheonacha sa bhaile mór, tá sé cuibhiúil go bhfuil leanta ag an scoil nua leis an traidisiún go gcoimeádfaí an Stair mar ábhar éigeantach go dtí an Teastas Sóisearach. Tá fianaise bhreise ar thiomantas na scoile do staidéar na Staire le fáil san Idirbhliain ina ndéanann na scoláirí uile staidéar uirthi, agus tairgítear an Stair mar chuid de rogha oscailte ábhar sa chúigiú agus sa séú bliain. Tá an rogha oscailte seo cóir don Stair agus tá éileamh maith uirthi, agus tá sé de bhuntáiste ag an scoil go bhfuil an lucht teagaisc cáilithe go leibhéal na céime san ábhar. Ranganna de chumais mheasctha atá sna ranganna staire uile, cé is móite de rang-ghrúpa speisialta amháin i mbliain shóisearach.    

 

Tá an soláthar tráthchláir don Stair go han-sásúil. Tá an t-allúntas de cheithre thréimhse ceachta sa tseachtain do na ranganna staire go léir sa chéad bhliain ar fheabhas, agus is é is aidhm don cheathrú tréimhse díobh ná tacú le cur i láthair ábhair, a bhféachtar air mar ábhar atá saibhir ó thaobh teanga de, trí mheán na Gaeilge. Tá allúntas sásúil de thrí thréimhse sa tseachtain ag na ranganna staire sa dara agus sa tríú bliain, agus tá an dá thréimhse shingile a lamháltar go seachtainiúil san Idirbhliain go maith freisin. Tá tréimhse dhúbailte amháin agus trí thréimhse shingile in aghaidh na seachtaine ag na ranganna staire sa chúigiú bliain agus sa séú bliain araon agus is sásúil an t-allúntas é seo. Ar an mórgóir, scaiptear na ceachtanna staire go cothrom trasna laethanta na seachtaine agus i measc tréimhsí maidne agus iarnóna. I ndá chás mar a bhfuil dhá thréimhse staire ag ranganna sóisearacha ar an lá céanna, is é atá sa dara ceann ná tréimhse bhreise dála na chéad bhliana agus mar sin ní gá a bheith buartha ina leith.

 

De bhreis ar an soláthar a luaitear thuas, tá lear maith tacaíochtaí lánscoile don Stair i bhfeidhm. Cé nach bhfuil seomra staire sonraithe ar fáil, déantar an easpa seo a chúiteamh sa mhéid go bhfuil a seomraí féin mar bhunionaid ag roinnt de na múinteoirí staire, rud a éascaíonn stóráil acmhainní ar mhodh an-sásúil. Tá na rangsheomraí feistithe leis an Teicneolaíocht Eolais agus Chumarsáide (TEC), agus rochtain ar an leathanbhanda idirlín san áireamh, nó le telefíseáin agus le huasteilgeoirí. Táthar tar éis an chéad chlár bán idirghníomhach sa scoil a chur i bhfearas i rangsheomra amháin a úsáidtear cuid mhór don Stair, agus is uirlis an-luachmhar é seo cheana i gcur i láthair ceachtanna. Is cuid den tacaíocht fhéideartha lánscoile í an tsaoráid bhreá leabharlainne agus beidh éifeacht níos lárnaí aici seo sa soláthar don Stair ach an córas catalógaithe a bheith lánfhorbartha. Tá an buiséad don Stair agus d’ábhair eile bunaithe ar na riachtanais, cur chuige atá ag oibriú go sásúil faoi láthair.

 

Toisc go léiríonn polasaí teanga na scoile dílseacht an-láidir don oideachas trí mheán na Gaeilge, moltar go gcuirfí tacaíochtaí breise lánscoile ar fáil le feidhmiú ar bhonn níos leithne do na scoláirí staire sin a bhraitheann go bhfuil a ndúshlán á thabhairt ag saincheisteanna teanga. Tá teanglann ag an scoil nach mbaintear mórán úsáide aisti go fóill agus ba chóir machnamh a dhéanamh ar an tsaoráid seo a úsáid ó am go ham, go hidéalach do cheann de na tréimhsí breise chéad bhliana, chun réamhtheagasc nó comhdhlúthú a dhéanamh ar aon téarmaíocht chasta a thagann i gceist agus an clár staire á chlúdach. Mar ghné de lá oiliúna foirne a bhí socair do lá i ndiaidh na cigireachta, ba thráthúil go raibh cuid den am curtha ar leataobh do nochtadh tuairimí ar úsáid na teanglainne agus tá moladh ag dul do na hoidí agus don bhainistíocht as ucht a bheith toilteanach iniúchadh a dhéanamh, féachaint an féidir tacaíocht a thabhairt don Stair trí mheán na teanglainne, más praiticiúil san. Moltar, freisin, go dtionscnófaí teagmháil struchtúrtha, leanúnach idir an roinn staire agus roinn riachtanas speisialta oideachasúil na scoile, le go bhféadfaí na straitéisí agus na modheolaíochtaí a shainaithint, a d’fhéadfadh tacú le daltaí ar bith a bhfuil deacrachtaí acu leis an nGaeilge sa chéad bhliain nó sa rang speisialta ina dhiaidh sin. Tá córas meantóireachta i bhfeidhm cheana chun tacú le riachtanais tréadchúraim scoláirí na chéad bhliana. I gcúinsí ar leith na scoile seo, b’inmholta machnamh a dhéanamh ar chóras meantóireachta teanga a bheith ann freisin, ina bhféadfadh na scoláirí is sine le dea-Ghaeilge, b’fhéidir, piarthacaíocht a thabhairt do scoláirí níos óige, mar ghné bhreise den tacaíocht atá cheana féin ar fáil. Mar bhuille scoir, bheadh tacaíocht fhónta bhreise le fáil, freisin, ó chlár fógraí staire a d’fhéadfadh úsáid a bhaint as modhanna cumarsáide físiúla agus briathartha i dtaca le comórthaí stairiúla, stair áitiúil agus míreanna eile a mbeadh suim ag scoláirí iontu, i sárú aon bhacanna teanga a d’fhéadfadh a bheith ag an leibhéal lánscoile, chomh maith le bheith úsáideach chun próifíl an ábhair a choinneáil os comhair an phobail trasna na scoile.

 

 

Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Cé nach ann don scoil ach ar feadh bliana agus beagán, tá dul chun cinn maith déanta sa phleanáil ábhair. Tá creatlach de phlean roinne leagtha amach ina bhfuil aidhmeanna agus cuspóirí soiléire sonraithe. I gcomhthéacs na scoile seo, b’fhéidir go mb’fhiú tagairtí d’aidhmeanna nó do nasca a bhaineann le múineadh teanga a chuimsiú i ndoiciméad dá shórt, freisin, ach an t-am a bheith ar fáil chuige. Tá comhordaitheoir ceaptha agus i measc na gcúraimí a leanann an post seo áirítear eagrú ginearálta cruinnithe foirne, déileáil le doiciméid a thagann ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ón tSeirbhís Tacaíochta, chomh maith le teagmháil le brainse Chiarraí Thuaidh de Chumann Mhúinteoirí Staire na hÉireann a chaomhnú. Formhór na seisiún oiliúna inseirbhíse a ndearnadh freastal orthu is trí mheán na Gaeilge a cuireadh i láthair iad. Is inmholta an ní é seo mar thaca do pholasaí teanga na scoile agus do theagasc na Staire trí Ghaeilge, nuair is indéanta é.

 

Tionóladh roinnt cruinnithe roinne cheana féin i gcaitheamh na bliana acadúla reatha. Le go gcuirfí cruinnithe dá leithéid ar bhonn níos fadtéarmaí agus níos foirmiúla, moltar go gcaithfí machnamh leis an gcleachtas miontuairiscí comhuaineacha a thaifeadadh, agus b’fhéidir uainíocht a dhéanamh ar róil an chathaoirligh agus an scríobhaí ag na cruinnithe sin. Le himeacht ama, ba chóir foireann shinsearach teagaisc aitheanta staire a fhorbairt, mar chuid de nós imeachta na roinne. Léiríonn na taifid ar na cruinnithe a eagraíodh i 2008/’09 go ndírítear isteach ar shaincheisteanna praiticúla, mar shampla acmhainní a chomhroinnt, roghnú topaicí don Idirbhliain agus comhphlé ar cé acu is oiriúnaí don chéad bhliain, téacsleabhar i mBéarla nó aistriúchán de go Gaeilge. I gcomhphlé ar ghníomhaíochtaí na roinne, rinneadh tagairt do roinnt tionscaintí breátha comhchuraclaim agus é d’aidhm acu an Stair a bhogadh amach as an rangsheomra, ina measc staidéar ar an Stair áitiúil agus cuairteanna chuig láithreacha spéisiúla mar Chreagán Eoghain, Príosún Chill Mhaighneáin agus Dáil Éireann.

 

Faoi réir ag an mbonn daingean atá leagtha cheana féin, i measc na moltaí a thugtar d’fhorbairt na roinne sa todhchaí áirítear plean comhchoiteann staire a chur i dtoll a chéile don Idirbhliain, ina ndéanfaí cíoradh ar na polasaíthe measúnachta a chuirfí i bhfeidhm. Gríosaítear an roinn, freisin, chun machnamh a chaitheamh leis na buanna ab fhéidir a bheith ag gabháil le measúnú comhchoiteann, mar shampla sna scrúdaithe deireadh bliana don chéad bhliain agus don dara bliain. Féadann cleachtas dá leithéid an mheasúnacht a shruthlíniú agus ualach oibre na múinteoirí a laghdú, agus éascaíonn sé cur chuige comhchoiteann i dtaca le cúrsaí a chlúdach agus le bainistíú ama laistigh de na bliainghrúpaí. Toisc na n-áiseanna cuimsitheacha TEC atá ar líonra na scoile, níor mhiste, freisin, smaoineamh go grinn ag leibhéal na roinne ar na féidearthachtaí atá ann córas inlín a úsáid chun na hacmhainní uile do theagasc na Staire a stóráil go leictreonach, rud a cheadódh do mhúinteoirí tarraingt orthu mar ba ghá in aon rangsheomra. Toisc go n-úsáidtear ceann de na chéad chláir bhána idirghníomhacha do theagasc na Staire, cuid mhór, d’fhéadfadh an t-ábhar gníomhú mar cheannródaí sa phleanáil d’úsáid an TEC sa bhfoghlaim agus sa teagasc ar fud na scoile le himeacht aimsire.

 

Bhí an phleanáil aonair a breathnaíodh ar dhea-chaighdeán. Chuir na hoidí ar an mórgóir pleananna imlíneacha don obair théarma nó bhliana ar fáil, a léirigh nasca soiléire leis an siollabas ábhartha. Bhí an t-ullmhúchán sna ranganna go léir go han-mhaith, agus úsáid á baint sna ceachtanna as raidhse lámhbhileog agus as ábhar spreagtha foinse-bhunaithe. Choinnigh na  múinteoirí taifid chruinne ar thinreamh scolairí agus, i roinnt cásanna, ar ghnóthachtáil na scoláirí sna trialacha ranga. Bhí formhór na rangsheomraí ar tugadh cuairt orthu mar bhunionaid ag na múinteoirí, ach fiú nuair narbh amhlaidh sin, léirigh na múinteoirí léibhéal ard ullmhúcháin do gach ceacht, agus bhí dea-phleanáil déanta don bhfearas, do na hacmhainní riachtanacha agus fiú do leagan amach na suíochán. Sa chás go raibh úsáid le baint as TEC nó uasteicneolaíocht, bhí pleanáil na n-oidí go han-chiallmhar agus dea-bheartaithe, agus ba léir gur caitheadh lear suntasach ama léi roimh ré. Thaispeáin na múinteoirí go rabhadar inoiriúnaithe go maith nuair a bhí orthu teagasc ar uairibh i rangsheomra nach raibh curtha in oiriúint go sonrach do cheacht staire nó i bpleanáil d’úsáid fearais nach raibh ach díreach tagtha chun na scoile.

 

 

Foghlaim agus Teagasc  

 

Bhí atmaisféar an-taitneamhach i réim i ngach rang a breathnaíodh. Ní raibh ar mhúinteoirí dea-iompar ná aire a éileamh riamh agus bhí an chomhghaolmhaireacht idir múinteoirí agus scoláirí go han-nadúrtha agus neamhéigeantach. Bhí flosc chun oibre ar na mic léinn ó thús na gceachtanna agus cuireadh an fhoghlaim agus an teagasc faoi sheol gan mhoill dá laghad. Sna ceachtanna uile, bhí na topaicí a bhí idir lámha agus na leibhéil ar a rabhadar dírithe ag teacht le riachtanais na siollabas agus na gclár.  Bhain cuid de na hoidí feidhm as téacs gearr nó imlíniú ó bhéal ag léiriú aidhmeanna an cheachta sular luíodh isteach ar aon obair nua. Smaoineamh an-mhaith ab ea é seo agus shoiléirigh sé na himeachtaí ó thus an cheachta. Moltar go gcuirfí an cleachtas praiticiúil seo i bhfeidhm ar bhonn níos leithne, ionas go bhféadfaí cabhrú a thuilleadh le scoláirí i sárú aon deacrachtaí teanga a d’fhéadfadh a bheith acu i gcás topaic ar bith. Tharlódh go bhfhéadfaí úsáid an-torthúíl faoi riar a bhaint as an teanglann ach í a bheith ar fáil, chun réamhtheagasc a thabhairt ar chuspóirí dá leithéid, maille le téarmaíocht, sna ranganna breise chéad bhliana, go mór mór mar thacaíocht do na ceithre earnála a ghabhann le teagasc teanga - éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh - trí staidéar ar an Stair agus vice versa.

 

I ngach cás, ghluais na ceachtanna chun cinn faoi luas cuí agus léirigh na múinteoirí tuiscint chruinn ar an ngá atá le cúram a dhéanamh de thuiscint agus de rannpháirtíocht na scoláirí. Nuair ba ghá, go háirithe i gcás na scoláirí ba shine, athraíodh gan dua ó Ghaeilge go Béarla mar theanga theagaisc le go ndeimhneofaí tuiscint. De réir mar a dhéanann an scoil iarracht aistriú ó bhonn a dhéanamh i dtreo an teagaisc aonteangaigh, tá sé den riachtanas go luíodh tuiscint agus foghlaim na scoláirí i gcroílár ghníomhaíochtaí an rangsheomra, agus tá moladh ag dul do na hoidí as ucht a dtuisceana ar an bprionsabal bunúsach seo.  Tugadh faoi deara roinnt straitéisí labhartha an-mhaithe sna ceachtanna, ina measc múinteoirí ag baint úsáide taobh le taobh as leaganacha Béarla agus Gaeilge de eochairfhocail, nó múinteoirí ag déanamh athrá os ard ar na freagraí tugtha ag scoláirí ar cheisteanna áirithe, le go soiléireofaí an fhoghraíocht agus an bhrí. Uaireanta, ba leor an treoir shimplí ‘os ard!’ do scoláirí chun tacú le soiléireacht bhéil agus baineadh feidhm an-íogair as. Moladh i mball eile cheana go ndéanfaí athdhlúthú breise ar an bhfoghlaim ach téarmaí casta, tábhachtacha a bhreacadh ar an gclár bán de réir mar a thagann siad i dtreis, agus béim chomhuaineach ar nótaí a bheith á dtógaint ag scoláirí de na téarmaí céanna, agus d’aistriúcháin orthu más gá, agus b’fhiú an cleachtas seo a fhorleathnú a thuilleadh.

 

Sna ceachtanna go léir, baineadh an-leas as ábhair fhísiúla chun suim agus foghlaim na scoláirí a spreagadh.  Sa dea-obair a rinneadh le huasteilgeoirí, úsáideadh tréshoilseáin ar an gCré-Umhaois agus na Plandála, agus baineadh an-dea-úsáid as an TEC chun míreanna gearra as scannáin ar Ghéarchéim Chúba agus ar an gConradh Angla-Éireannach a chur i láthair, maille le léiriú PowerPoint ar na 1920í agus na 1930í, obair idirghníomhach fhoclóireachta, agus forbairt léarscála ar thrídhearcáin uasteilgeora nó ar an gclár bán idirghníomhach. Atreisiú físiúil a bhí simplí ach fiúntach ab ea dáta clóbhailte a cheangal le gach íomhá i gcaitheamh an chur i láthair PowerPoint. Ar an gcéim chéanna éifeachta, baineadh feidhm i gceacht amháin as amlíne dea-struchtúrtha ag déanamh comparáide idir 1900 agus 2000, agus i gceacht eile forbraíodh de réir a chéile ar an gclár breacléaráid bhreá, ag triantánú foinsí fianaise ar Vítneam, inar cuireadh san áireamh freagraí ó na scoláirí féin.  Níl amhras ach gur chuir atreisiú físiúil dá shórt le cainníocht an teagaisc agus gur athdhlúthaigh sé an fhoghlaim do na scoláirí. Chruthaigh an físiú seo éagsúlacht, freisin, agus thug sé spreagadh breise don bhfocal labhartha. B’fhiú, freisin, beagán béime breise a leagan ar an úsáid fhéideartha a d’fhéadfaí a bhaint as pictiúir as an téacsleabhar chun cuidiú le nascadh na bhfíseán le hábhar na gceachtanna, ach ar an iomlán bhí dáileadh na bhfíseán sna ceachtanna go han-mhaith agus moltar é.   

 

Cé gur tharla dea-cheistiúchán ar feadh na gceachtanna a breathnaíodh, b’fhacthas béim mhaith ar obair bheirte agus ar ghrúpobair i gcásanna áirithe. D’éascaigh sé seo foghlaim féindírithe agus é de bhua bhreise aige gur spreag sé idighníomhaíocht scoláire-le-scoláire, pé acu i nGaeilge nó i mBéarla mar a d’oir don leibhéal tuisceana, agus tionscnaíodh idirphlé an-mhaith agus miondíospóireachtaí leis na scoláirí ba shine go speisialta. Baineadh feidhm as grúpobair den scoth i bplé oiriúnacht foinsí idirlín nó in anailísiú foinsí stairiúla ag cuardach brí agus claontaí féideartha. I gcásanna áirithe, moladh go bhféadfaí gníomhaíochtaí dá leithéid a sheoladh isteach níos luaithe sa cheacht, mar mhodh chun idirphlé scoláirí a spreagadh beagán níos luaithe. D’fhéadfadh anailísiú doiciméad stairiúil, mar shampla, gníomhú mar spreagadh don fhorbairt a leanfadh é, seachas mar chloch mhullaigh ar fhoghlaim déanta cheana. Ag amanna eile, moladh gur chóir do mhúinteoirí céim ar gcúl mheafarach a thógaint, agus na scoláirí a ghríosadh céim chun tosaigh a thógaint agus breis freagrachta a ghlacadh i leith a gcuid foghlama féin. Chabhródh béim bhreise dá leithéid ar chaint na scoláirí le forbairt scileanna teanga, chomh maith le cuid den ualach a bhaint de chur i láthair na múinteoirí agus é a leagan a thuilleadh ar ghuaillí na scoláirí féin. Mar ar baineadh feidhm as obair bheirte agus as grúpobair, bhí siad sin an-éifeachtach sa mhéid gur cheadaigh siad do scoláirí oibriú ar a luas féin agus bhí an t-aiseolas béil ó obair dá leithéid ar chaighdeán ard.  

 

I measc na straitéisí a feidhmíodh chun tacú le foghlaim na scoláirí a bhuanú sna ceachtanna uile, beagnach, bhí athrá ar na heochairphointí agus a soiléiriú trí mheán an Bhéarla mar ba ghá. Gríosaíodh na scoláirí chun nótaí a ghlacadh i gceachtanna áirithe, agus dáileadh lámhbhileoga dátheangacha i mbeagnach gach ceacht mar chúnamh breise don fhoghlaim agus dá buanú. Seans gur gá tuilleadh béime a leagan ar nós imeachta a chothú trína gcoinneodh na mic léinn cóipeanna de na lámhbhileoga seo i bhfillteáin, agus d’fhéadfaí forbairt a ngluaiseanna stairiúla féin a áireamh mar chuid den dílseacht do bhreacadh nótaí, de réir mar a thagann siad i dteagmháil le téarmaí nua, dúshlánacha. Ábhar tacaíochta den scoth a bhí sna lámhbhileoga de liostaí dátheangacha focal a dáileadh i gcuid de na ranganna, ach tá fiúntas ag baint, freisin, leis na scoláirí a ghríosadh chun nótaí struchtúrtha, comhuaineacha a bhreacadh mar chuid de bhuanú ábhair stairiúil. Spreagann múinteoirí áirithe a mac léinn chun cóipleabhair ar leith d’obair bhaile agus do nótaí a choinneáil, agus bhí na cóipleabhair nótaí a scrúdaíodh ar chaighdeán an-ard agus ba chabhair gan amhras iad i mbuanú foghlaim na scoláirí. 

 

 

Measúnú

 

Ag tosú le measúnú neamhfhoirmeálta, bhí córais mhaithe i dtaca le hobair bhaile i bhfeidhm sna ranganna uile ar tugadh cuairt orthu, agus i bhformhór na ranganna bhain na múinteoirí feidhm as na neomataí tosaigh chun freagraí ar chleachtaí a tugadh cheana a phlé. Ceistiú ó bhéal ba mhó a cleachtadh chun freagraí na mac léinn ar chleachtaí a mheas agus d’oibrigh an straitéis seo go maith. Dáileadh obair bhaile sna ranganna go léir a breathnaíodh agus bhí nasca soiléire idir í agus an topaic a bhí i dtreis. Bhí trialacha cloze agus cluichí cuardach focal, a chomhchuimsigh sainaithint eolais stairiúil agus dúshláin theangeolaiocha, san áireamh sna dea-chleachtaí obair bhaile a tugadh, agus b’fhiú úsáid níos forleithne a bhaint astu seo le ranganna sóisearacha go háirithe. Ar ócáidí, ba dheas a fheiscint gur iarradh ar scoláirí tabhairt go neamhspleách faoi bheagán taighde ar an idirlíon nó go raibh creidiúint sa bhreis á thabhairt d’aimsiú eolais bhreise lasmuigh den téacsleabhar. D’fhéadfaí smaoineamh freisin ar na féidearthachtaí a ghabhann le tascanna gearra ról-imeartha, sna ranganna breise chéad bhliana b’fhéidir, toisc go bhféadfadh go gcabhródh cleachtas dá leithéid le scoláirí, a bhfuil cumais dhifriúla teanga agus staire iontu, foghlaim ag leibhéil idirdhealaithe. Tugadh faoi deara gur tugadh tasc líníochta do rang sóisearach amháin mar ghné den obair bhaile agus b’fhiú úsáid níos forleithne a bhaint as seo mar mhodh neamhfhoclach chun measúnú idirdhealaithe a dhéanamh.

 

Maidir le ceartú an obair bhaile, ba mhaith an smaoineamh é, b’fhéidir, úsáid a bhaint as treoirlínte Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) chun a thaispeáint do scoláirí conas ab fhéidir ráitis ábhartha shonracha (RÁS) a cheangal le marcanna sa todhchaí do scoláirí sóisearacha, toisc gur bhain roinnt easpa soiléire ar uairibh le tascanna obair bhaile, sa bhrí nár léir an méid a bhí le scríobh ag daltaí. Breathnaíodh sna ranganna tiomantas den scoth i measc múinteoirí do mheasúnú foirmitheach a dhéanamh ar shaothar atá ar comhfhad le haistí ó na scoláirí is sine, agus scríobhadh nótaí agus moltaí chun feabhais orthu sa teanga ab ansa leis na scoláirí nó go dátheangach. Glacadh leis na cleachtaí obair bhaile, a ndearnadh monatóireacht orthu le linn na cigireachta, pé acu i nGaeilge nó i mBéarla iad, arís mar chomhlíonadh ar an aidhm a dhearbhú go raibh na scoláirí in ann na tascanna a chur i gcrích go sásúil. Éilíonn polasaí obair bhaile na scoile go ndéanfaí an obair bhaile scríofa trí mheán na Gaeilge i gcoitinne, ach tá moladh tugtha don íogaireacht atá léirithe ag múinteoirí sna cleachtais mheasúnaithe reatha, a chuireann ar chumas scoláirí gníomhú go dátheangach ag an gcéim seo i bhforbairt na scoile.

 

Tá cleachtais shásúla mheasúnaithe i gcoitinne i bhfeidhm sa scoil. Féidhmítear cleachtais mheasúnaithe leanúnacha leis na rang-ghrúpaí uile, agus bíonn scrúduithe na Nollag rangbhunaithe den chuid is mó agus cuirtear obair a rinneadh roimhré san áireamh iontu freisin. Fiú sa chomhthéacs seo, agus go mór mór do na scrúduithe deireadh bliana, athluaitear anseo an moladh a rinneadh cheana gur chóir go smaoineofaí ar scrúduithe comónta a eagrú. Cuirtear scrúduithe cleachtaidh ar ranganna na scrúduithe stáit san earrach gach bliain agus, go dáta, fágtar an rogha fós fúthu na scrúduithe staire a dhéanamh trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla. Seoltar tuairiscí foirmiúla abhaile chuig tuistí tar éis na measúnuithe Nollag agus samhraidh, agus tionóltar cruinniú tuistí-oidí uair sa bhliain do gach bliainghrúpa. Úsáidtear an dialann scoile den scoth chun dul i gcumarsáid leis na tuistí agus is féidir léi feidhmiú sa dá threo mar is gá.  Tugadh faoi deara, agus moladh, an bhéim shoiléir a leagtar ar scoláirí na ranganna scrúduithe a mhisniú chun páipéir ardleibhéil a roghnú nuair is cumas dóibh sin.      

 

 

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh le linn na meastóireachta:

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis an buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:

 

 

Eagraíodh cruinnithe leis na múinteoirí staire agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta, mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréachtchinntí agus na moltaí thuas. 

 

 

 

 

Foilsithe Aibreán 2009