
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
Coláiste Pobail Chaisleán an Chomair
Caisleán an Chomair, Co. Chill Chainnigh
Uimhir rolla: 91360T
Dáta na cigireachta: 12 Márta 2007
Dáta eisiúna na tuairisce: 17 Eanair 2008
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Freagra na Scoile ar an Tuairisc
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i gColáiste Pobail Chaisleán an Chomair. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Is ranganna measctha ilchumais a bhíonn i gceist leis na ranganna Gaeilge sa chéad bhliain sa scoil. Roinntear na scoláirí don Ghaeilge sa dara bliain bunaithe ar thorthaí scrúduithe an tsamhraidh agus ar mhianta an scoláire féin. Déantar gach iarracht scoláirí a mhealladh chun fanacht sna ranganna ardleibhéil, más feidir. Go hiondúil is dhá rang ardleibhéil agus trí rang gnáthleibhéil a bhíonn i gceist sa dara agus sa tríú bliain ach athraíonn sé sin de réir líon na scoláirí atá sásta tabhairt faoin ardleibhéal. Tá trí rang ardleibhéil agus dhá rang gnáthleibhéil sa tríú bliain faoi láthair mar shampla. Sna ranganna sa tSraith Shinsireach, go hiondúil, bíonn dhá rang ardleibhéil agus dhá rang gnáthleibhéil i gceist.
Cúigear múinteoir atá i mbun mhúineadh na Gaeilge sa scoil agus tá blianta taithí acu go léir i múineadh an ábhair. Tá an scoil páirteach le blianta beaga anuas i dtionscnamh speisialta ar a dtugtar TL 21, i gcomhar le hOllscoil Éireann, Má Nuad. Tá a lán oibre déanta ag na múinteoirí Gaeilge maidir leis an tionscnamh seo ó thaobh modheolaíochtaí a fhorbairt agus a phlé ina measc féin. Rinneadh CD ROM freisin de mhúinteoirí i mbun ranganna agus tugadh deis do na múinteoirí eile na straitéisí múinteoireachta a phlé ina dhiaidh. Leagtar béim leanúnach freisin i TL 21 ar fhéinmheasúnú scileanna múinteoireachta. Bíonn ceardlanna rialta ag na múinteoirí ina bpléann siad dul chun cinn na modheolaíochtaí nua. Tuairiscíodh gur chabhraigh an tionscnamh seo leis na múinteoirí díriú ar an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna. Moltar díogras agus spéis na múinteoirí sa tionscnamh seo.
Tá díolúine ón nGaeilge ag tríocha ceathar scoláire as sé chéad daichead scoláire sa scoil ina iomláine. Tá polasaí an-daingin ag an scoil i leith díolúinte ón nGaeilge. Mura bhfuil díolúine ag scoláire, bíonn orthu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus ní ghlactar le haon eisceachtaí ná leithscéalta. Is dea-chleachtas é seo.
Tá an soláthar don Ghaeilge ar thráthchlár na scoile sásúil go maith le cúig thréimhse sa tseachtain don Ghaeilge do na ranganna sa tsraith shóisearach agus cúig thréimhse sa tseachtain don chúigiú bliain agus sé thréimhse sa tseachtain don séú bliain. Moltar go mór an tacaíocht bhreise a thugtar do lucht na séú bliana leis an tréimhse bhreise sin. Is trí thréimhse sa tseachtain a bhíonn i gceist don Idirbhliain. Moltar don bhainistíocht féachaint arís ar líon na dtréimhsí seo. Tá sé deacair clár cuimsitheach spéisiúil a chur ar fáil thar thrí thréimhse sa tseachtain.
Déanann múinteoirí na Gaeilge iarrachtaí fónta clár imeachtaí seach-churaclaim agus tras-churaclaim a eagrú do na scoláirí sa scoil. Le linn “Seachtain na Gaeilge” mar shampla, eagraíodh tráth na gceist, céilí, comórtas póstaer, bronnadh fáinní agus ciorcal Gaelach. Eagraíodh céilí eile i rith na bliana freisin agus tugadh cuireadh do Bhranar Teo. teacht chun na scoile chun ceardlanna drámaíochta agus próis a thabhairt. Tá sé i gceist go dtiocfadh Maidhc Dainín Ó Sé freisin chun léacht a thabhairt don lucht ardleibhéil sa tSraith Shinsearach. Tá nasc cothaithe idir an scoil agus Coláiste Pobail Osraí, an Ghaelcholáiste i gCill Chainnigh agus bhí an dá scoil sin páirteach le chéile i dtionscnamh an Leabhair Mhóir. Thug an scríbhneoir cónaithe Áine Ní Fhoghlú cuairteanna rialta ar an scoil i rith na bliana chun ceardlanna scríbhneoireachta filíochta a thabhairt, agus léadh cuid de na dánta a cumadh ag oscailt oifigiúil an Leabhair Mhóir. Tá sé i gceist freisin lucht na cúigiú bliana a thógaint chun na Gaeltachta ar chúrsa deireadh seachtaine i mbliana. Moltar iarrachtaí na múinteoirí i leith na n-imeachtaí seo go mór. Treisíonn siad obair na múinteoirí sna seomraí ranga agus tugann siad deiseanna tábhachtacha do scoláirí dul i dtaithí ar an nGaeilge mar theanga bheo i suíomhanna éagsúla. Moltar do na múinteoirí leanúint ar aghaidh le forbairt an chláir imeachtaí seo agus a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbíonn na hócáidí ar siúl i rith na bliana go léir.
Tá dhá sheomra ranga curtha ar fáil do na múinteoirí Gaeilge. Tá na seomraí seo maisithe go maith le póstaeir agus ábhair eile bainteach le múineadh na teanga, chomh maith le hobair de chuid na scoláirí féin. Tá taisceadán i gceann de na seomraí ranga áit a choimeádtar acmhainní agus áiseanna do mhúineadh na Gaeilge. Moltar an córas seo ach moltar freisin go ndéanfaí liostáil ar na háiseanna agus acmhainní atá ar fáil sa scoil agus go gcuirfí leis an liosta seo de réir mar a cheannaítear agus a sholráthraítear ábhar nua.
Cuirtear tacaíocht foghlama ar fáil do roinnt scoláirí i ranganna Gaeilge áit a mbíonn an dara mhúinteoir ag cabhrú le scoláirí lena gcuid oibre le linn na ranganna. Moltar tacaíocht na bainistíochta ina leith seo.
Tá duine de na múinteoirí Gaeilge ainmnithe mar chomhordaitheoir ar phleanáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge. Malartaítear an cúram seo gach re bliain agus tugtar deis do gach múinteoir an fhreagracht seo a ghlacadh. Is dea-chleachtas é seo.
Bíonn cruinnithe rialta ag na múinteoirí Gaeilge. Tugtar am dóibh chun teacht le chéile uair sa mhí. Chomh maith leis sin, bualann siad le chéile go neamhfhoirmeálta ag am lóin ó am go chéile agus bíonn deis acu freisin rudaí a phlé ag na laethanta inseirbhíse agus na ceardlanna a bhaineann le TL 21.
Tá méid áirithe oibre déanta ag múinteoirí na Gaeilge ar phlean do mhúineadh agus foghlaim na teanga sa scoil. Tá tionchar an tionscnaimh TL 21 le feiscint sa phlean seo sa mhéid is go bhfuil méid áirithe ceisteanna ardaithe ann maidir le modheolaíochtaí srl. Moltar an obair go léir atá déanta go dáta ar an bplean seo a chur le chéile. Moltar áfach, go ndéanfaí tuilleadh oibre air anois agus go mbeadh cur síos níos cuimsithí sa phlean ar mhodheolaíochtaí le húsáid leis na ranganna agus na leibhéil éagsúla, chomh maith le cur síos ar na háiseanna agus na hacmhainní a
Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide an-mhaith ar an iomlán sna ranganna a breathnaíodh. Baineadh úsáid chliste as straitéisí éagsúla chun an t-aistriúchán díreach ó Ghaeilge go Béarla a sheachaint agus moltar díogras na múinteoirí ina leith d’fhéadfaí a úsáid le ranganna éagsúla. Ba ionmholta an rud é freisin díriú ar straitéisí chun deileáil leis an bhfoghlaimeoir drogallach agus ar chleasanna praiticiúla chun scoláirí a ghríosadh agus a mhealladh leis an teanga a úsáid sa rang. Moltar freisin go mbeadh cur síos beacht sa phlean ar chur chuige roinn na Gaeilge i leith úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide sna ranganna féin. Bheadh sé ionmholta chomh maith pleanáil a dhéanamh d‘úsáid Theicneolaíocht an Eolais agus na Cumarsáide i leith mhúineadh na Gaeilge.
Is gá freisin roinnt oibre a dhéanamh ar an bplean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge san Idirbhliain. Tugann an Idirbhliain deis do mhúinteoirí modheolaíochtaí nuálacha a úsáid maidir le múineadh an ábhair chomh maith le gnéithe spéisiúla spreagúla d’fhoghlaim an ábhair a chlúdach sa rang. Moltar go leagfaí an-bhéim sa phlean don Idirbhliain ar scileanna cumarsáide agus ar fhorbairt spéis an scoláire i bhfoghlaim na teanga trí réimse straitéisí éagsúla nuálacha.
Bhí ullmhúchán cúramach déanta do na ranganna go léir a breathnaíodh. Scaipeadh bileoga oibre agus nótaí oibre sna ranganna.
seo go mór. Bhí cás amháin a breathnaíodh áfach, ina raibh úsáid na Gaeilge lag go maith agus inar baineadh úsáid leanúnach as aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla le haghaidh gach uile focail/ abairt Ghaeilge a úsáideadh sa rang. Sna cásanna áirithe sin is Béarla ar fad a labhair na scoláirí sa rang rud nach bhfuil ionmholta ar chor ar bith. Moltar do roinn na Gaeilge straitéisí cinnte a cheapadh agus a leagan síos ina leith seo agus go mbeadh sé mar chuid den phlean do mhúineadh agus foghlaim na teanga gurb é polasaí roinn na Gaeilge ná gurb í an Ghaeilge teanga an tseomra ranga.
D’éiligh múinteoirí freagraí i nGaeilge ó scoláirí i ranganna áirithe a breathnaíodh agus moltar an cleachtas sin. Bhí roinnt abairtí cumarsáideacha in airde ar bhallaí na seomraí ranga a bhí curtha ar leataobh don Ghaeilge. Is dea-chleachtas é seo ach is gá do na habairtí sin a bheith mór go leor le gur féidir leis na scoláirí iad a léamh. Is féidir leo úsáid fheidhmiúil a bhaint as na habairtí ansin sa rang agus cumarsáid ar siúl acu leis an múinteoir. Moltar tógaint ar an gcleachtas seo agus tuilleadh abairtí úsáideacha so-léite a chur in airde agus go mbainfí úsáid rialta astu sna ranganna Gaeilge go léir. Cruthaíodh deiseanna cumarsáide do scoláirí i gcúpla rang a breathnaíodh trí obair bheirte agus roinnt oibre drámaíochta a thionscnamh. I gcás eile, bhí ról-imirt ar siúl sa rang áit ar léigh scoláirí giotaí amach as dráma a bhí á gcleachtadh acu. Moltar an cur chuige seo go mór ach moltar a dheimhniú go bhfuil struchtúr cinnte i gceist le hobair bheirte agus le grúpobair i gcónaí. Moltar béim a leagan ar fhorbairt scileanna cumarsáide sna ranganna go léir trí dheiseanna cainte a sholáthar do scoláirí, is féidir triall a bhaint as seifteanna éagsúla chun na deiseanna seo a chruthú mar shampla, obair bheirte, cluichí, ról-imirt agus grúpobair ag brath ar chumas agus ar leibhéil scoláirí na ranganna éagsúla.
Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh. Bhog múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag comhrá le scoláirí, ag cinntiú go raibh an obair bhaile déanta, an obair ranga á cur i gcrích agus go raibh scoláirí ar a gcompord leis an obair a bhí le déanamh. Moltar a chinntiú go bhfuil an cleachtas seo i bhfeidhm sna ranganna go léir. Braitheadh go raibh cumarsáid mhaith idir na scoláirí agus na múinteoirí ar an iomlán. Moladh scoláirí as a gcuid iarrachtaí sna ranganna agus bhí cúrsaí araíonachta go maith.
Moltar an ceangal a rinneadh idir saolta scoláirí agus ábhar an cheachta i gcás amháin a breathnaíodh. Moltar go ndéanfaí iarracht i ngach rang ábhar an ranga a chur i gcomhthéacs comhaimseartha do na scoláirí. Moltar freisin úsáid a bhaint as réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní i múineadh na Gaeilge. Luadh i bplean na Gaeilge go mbaintear úsáid as físeán, ceol agus an iliomad áiseanna eile sna ranganna Gaeilge. Seachas cás amháin inar baineadh úsáid as amhrán chun ábhar an cheachta a dhéanamh níos spéisiúla do scoláirí, is beag áiseanna eile a bhí in úsáid sna ranganna. Tuairiscíodh go mbaintear úsáid go tráthrialta as giotaí cláracha ó TG4. Tá teilifíseán agus seinnteoir DVD ar fáil i mbeagnach gach seomra ranga sa scoil. Moltar a chinntiú go mbaintear úsáid rialta as na meáin chumarsáide Ghaeilge chun foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí do scoláirí.
Moltar an bealach a rinneadh comhtháthú ar na scileanna teanga go léir i gcás amháin a breathnaíodh áit ar tugadh deis do na scoláirí a bheith ag léamh, ag freagairt ceisteanna, ag scríobh agus ag éisteacht leis an múinteoir. Bheadh sé ionmholta más féidir deis saorchumarsáide a chruthú sa rang freisin go háirithe i gcás na ranganna ardleibhéil d’fhonn a chinntiú go bhfaigheann na scoláirí seans a gcuid scileanna cainte a chleachtadh. Moltar freisin an úsáid a baineadh as foclóirí i gcás amháin a breathnaíodh.
Baineadh úsáid mhaith as an gclár bán sna ranganna a breathnaíodh chun foclóir agus abairtí nua a léiriú do scoláirí. I gcás amháin, bhí ceacht gramadaí réamhscríofa ar an gclár bán roimh an rang agus rinneadh tagairtí dó i rith an cheachta. Moltar do mhúinteoirí a bheith airdeallach ar bhotúin ghramadaí agus ar mhí-úsáid na mbriathra. Moltar botúin chomónta a aithint agus a cheartú sa rang ar bhonn rialta go háirithe leis na ranganna ardleibhéil. Is gá do na múinteoirí féin a bheith cúramach faoi chruinneas teanga agus cruinneas foghraíochta sna ranganna.
Eagraítear scrúduithe tí sa scoil um Nollaig agus sa Samhradh. Cuirtear tuairiscí abhaile chuig tuismitheoirí i ndiaidh na scrúduithe sin. Tuairiscíodh go múintear cláir chomónta do na ranganna go léir sa chéad bhliain agus tugtar scrúduithe comónta do na ranganna sa bhliainghrúpa sin chomh maith. Tá sé luaite sa phlean don Ghaeilge go bhfuil plé ar siúl ina measc faoi láthair maidir le scrúduithe comónta do na leibhéil chéanna sna bliainghrúpaí eile. Moltar go gcuirfí é sin i bhfeidhm. Is dea-chleachtas é go mbeadh scrúduithe comónta i gceist do na ranganna cuí. Tuairiscíodh go gcuirtear scrúduithe béil ar na scoláirí sa chúigiú bliain don chéad uair. Moltar go láidir go bpléifeadh na múinteoirí na féidearthachtaí maidir le scrúduithe béil a chur ar scoláirí ón gcéad bhliain ar aghaidh. Is den riachtanas é tábhacht na cumarsáide a chur ina luí ar scoláirí ón gcéad bhliain.
Cuirtear scrúduithe beaga ranga ar na scoláirí freisin i rith na bliana. Luadh i bplean na Gaeilge gur tríd an obair bhaile, na scrúduithe beaga ranga agus na scrúduithe tí a dhéanann na múinteoirí measúnú ar dhul chun cinn na scoláirí. Luadh an obair bhaile mar chuid de bhuncloch an phróisis seo. Ba léir ó na cóipleabhair a breathnaíodh go dtugtar agus go gceartaítear obair bhaile na scoláirí go rialta. Moltar do na múinteoirí plé a dhéanamh ar straitéis chomónta leis an obair bhaile a cheartú, cur chuige a chinnteodh go bhfoghlaimeodh na scoláirí óna gcuid botún go háirithe i gcás na scoláirí ardleibhéil.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht :
· Aithnítear agus moltar an obair go léir atá déanta ag na múinteoirí Gaeilge maidir le TL 21.
· Tá an soláthar don Ghaeilge ar thráthchlár na scoile go maith agus is léir go dtugann bainistíocht na scoile lántacaíocht do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil. Moltar freisin an tacaíocht a thugtar maidir le tacaíocht fhoghlama i ranganna Gaeilge áirithe.
· Moltar go mór an obair iontach a dhéanann na múinteoirí Gaeilge maidir le clár imeachtaí seach-churaclaim agus tras-churaclaim a chur ar fáil do na scoláirí ar mhaithe le taithí a thabhairt dóibh ar an nGaeilge mar theanga bheo.
· Aithnítear an obair atá déanta go dáta ar phlean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil.
· Moltar an cleachas atá sa scoil múinteoir a ainmniú gach re bliain mar chomheagraí ar phleanáil do mhúineadh agus foghlaim an ábhair.
· Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chaidrimh an-mhaith ar an iomlán sna ranganna a breathnaíodh.
· Moltar na hiarrachtaí a bhí ar siúl i gcúpla chás a breathnaíodh scileanna cumarsáide na scoláirí a fhorbairt trí dheiseanna cumarsáide a chruthú dóibh trí obair bheirte agus ról-imirt.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar tógaint ar an bplean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge agus breis sonraí a thabhairt faoi mhodheolaíochtaí, áiseanna agus acmhainní le húsáid sna ranganna, úsáid theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide agus sonraí maidir le polasaí roinn na Gaeilge faoi úsáid na sprioctheanga sa rang.
· Moltar freisin forbairt a dhéanamh ar an bplean don Idirbhliain.
· Moltar go gcinnteofaí go bhfuil deiseanna cumarsáide ar fáil do scoláirí sna ranganna Gaeilge go léir.
· Moltar úsáid a bhaint as réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge agus go mbainfí úsáid go tráthrialta as na meáin chumarsáide Ghaeilge.
· Moltar go ndéanfaí measúnú ar scileanna cumarsáide na scoláirí ón gcéad bhliain ar aghaidh trí scrúduithe béil neamhfhoirmeálta.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta nuair a cuireadh na dréacht-chinntí agus na moltaí i láthair agus nuair a pléadh iad.
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
Cuireann an Bord Bainistíochta fáilte roimh an tuairsc seo. Tá an-áthas orthu mar gheall ar na cuntaisí a thugann sé ar sholáthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile, pleanáil agus ullmhúchán agus teagasc agus foghlaim. Molann an tuairisc an caidreamh proifisiúnta idir an scoil agus Coláiste Phádraig Má Nuad (TL21) agus an soláthar don Ghaeilge ar thráthclar na scoile. Moltar úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chaidrimh an-mhaith sna ranganna. Tá sé soiléir ón tuairisc go bhfuil sár oibre déanta ag na múinteoirí an teanga a chothú agus a chur chun cinn.
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm
Beimid ag forbairt cúrsaí pleanála chun áiseanna agus acmhainní a úsáid go rialta sna gnáth ranganna. Beidh na múinteoirí ag iarraidh ríomhairí a úsáid níos mó sna ranganna agus forbairt a dhéanamh ar an “Ciorcal Gaeilge” chun deiseanna cumarsáide a thabairt do na daltaí. Is féidir leis an bhfoireann sásamh agus inspioráid a thógáil ón tuairisc an-fhabhrach seo. Cruthaíonn an tuairisc seo go mbíonn na múinteoirí an-díograiseach agus iad ag spreagadh na ndaltaí agus ina n-iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil.