An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

Department of Education and Science

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Coláiste na Sceilige

Cathair Saidhbhín, Contae Chiarraí

Uimhir rolla: 76068N

 

Dátaí na cigireachta: 15 &16 Bealtaine 2007

Dáta eisiúna na tuairisce: 17 Eanair 2008

 

 

 

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

Pleanáil agus Ullmhúchán

Foghlaim agus Teagasc

Measúnú

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

 

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge

 

 

An Tuairisc Chigireachta Seo

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i gColáiste na Sceilige. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair sa scoil.  Rinneadh an mheastóireacht seo, inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an fhoghlaim agus an teagasc, thar dhá lá.  Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí.  D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí.  Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí Gaeilge. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt

 

Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile

 

Is scoil mheasctha é Coláiste na Sceilige a bhfuil Aonad LánGhaelach ann do na ranganna sóisir. D’eascair an tAonad LánGhaelach as an seasamh atá ag an nGaeilge sa cheantar. Ní hamháin go dtagann cuid de na scoláirí ó cheantair Ghaeltachta ach tá Comhchoiste Ghaeltachta Uíbh Ráthaigh an-ghníomhach i mbailte éagsúla na dúiche agus iad ag saothrú ar mhaithe leis an gceantar a fhorbairt. Tá nasc láidir idir Coláiste na Sceilige agus an ‘Comhchoiste’, ar mór acu caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar, agus is suntasach an chaoi a dtéann an tacaíocht seo i bhfeidhm ar an nGaeilge sa scoil trí chéile.

 

Déantar an-sholáthar don Ghaeilge sa scoil, bíodh imeachtaí an tseomra ranga nó imeachtaí seach-churaclaim i gceist. Tugann gach ball de phobal na scoile, agus go deimhin baill sheachtracha na dúiche, an-tacaíocht don Ghaeilge. I gcoitinne, tugann an t-amchlár tacaíocht an-láidir don Ghaeilge. Meastar an soláthar san idirbhliain a bheith ábhairín íseal agus moladh go bhfiosrófaí slite ina bhféadfaí an Ghaeilge a nascadh le gnéithe eile de chlár na hidirbhliana chun go mbeadh teagmháil níos rialta ag na scoláirí leis an nGaeilge. Tá gach iarracht déanta ar thimpeallacht Ghaelach a chruthú. Fógraí dátheangacha atá curtha ar crochadh ar fud na scoile. Is léiriú é seo go bhfuil seasamh ar leith ag an nGaeilge sa scoil. Anuas air seo is i nGaeilge agus i mBéarla atá an t-eolas ar stáiseanóireacht na scoile agus is i nGaeilge agus i mBéarla a dhéantar mórán den teagmháil scríofa a dhéanann an scoil le tuismitheoirí, go mór mór tuismitheoirí na scoláirí atá le teacht isteach chun na céad bliana. Moltar an cleachtas seo go hard toisc go dtugann sé le tuiscint gur teanga bheo í an Ghaeilge agus go bhfuil an scoil lánsásta agus lánchumasach maidir le gníomhú trí mheán na Gaeilge.

 

Is daoine iad na múinteoirí Gaeilge a bhfuil suim ar leith acu sa Ghaeilge agus in imeachtaí Gaelacha. Tá nasc seanfhréamhaithe acu leis na páirtithe seachtracha a bhíonn ag saothrú ar son na Gaeilge – go mór mór Comhchoiste Ghaeltachta Uíbh Ráthaigh – agus tapaíonn siad gach deis chun imeachtaí a bhfuil baint acu leis an nGaeilge a chur ar fáil do scoláirí. Is daoine leis iad na múinteoirí Gaeilge a bhfuil bá ar leith acu leis an nGaeilge agus ar mór acu í a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Is áis fhíorluachmhar ag aon scoil múinteoirí mar iad agus tá moladh ag dul do na múinteoirí úd sa scoil seo a bhfuil éirithe leo dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú sna scoláirí faoina gcúram.

 

Is de réir uainíochta a cheaptar comhordaitheoir ar an nGaeilge gach bliain. Is nós leis na múinteoirí Gaeilge teacht le chéile ar bhonn foirmeálta mar chuid de ghníomhaíochtaí na gcruinnithe foirne. Chomh maith leis seo, is minic a thagann siad le chéile go neamhfhoirmeálta chun nithe éagsúla a bhaineann go sainiúil leis an nGaeilge a phlé. Is léir ó na córais oibre atá curtha i bhfeidhm go mbíonn toradh fónta ar na cruinnithe seo agus gur iomaí beartas atá curtha i gcrích de bharr an chomhphlé a dhéantar (m.sh. ionad lárnach ina bhfuil na hacmhainní foghlama agus teagaisc céanna ar fáil do gach múinteoir, cuairteanna ó aoi-chainteoirí maidir le modhanna múinte Gaeilge).

 

Tá seomra ranga dá gcuid féin ag formhór na múinteoirí Gaeilge. Is mór an chabhair don mhúinteoir é ionad ar leith a bheith aige/aici sa mhéid is go n-éascaíonn sé stóráil agus rochtain ar áiseanna foghlama agus teagaisc (m.sh. teilifís, téipthaifeadán, seilfeanna do leabhair thagartha). Tá teanglann agus seomra ríomhaireachta sa scoil freisin. Tugadh le tuiscint nach mór an úsáid a bhaintear as teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide le linn na gceachtanna Gaeilge toisc gan oiread sin taithí a bheith ag na múinteoirí Gaeilge ar an nua-theicneolaíocht féin. Meabhraíodh do mhúinteoirí gur fiú go mór gníomhaíochtaí na gceachtanna Gaeilge a cheangal le raon suime agus taithí na scoláirí oiread agus is féidir agus moladh dóibh comhphlé a dhéanamh ar sheifteanna simplí chun na scoláirí féin a chur ag obair le ríomhairí  agus le trealamh teicneolaíoch eile mar iad.

 

Tá díolúine ó staidéar na Gaeilge ag aon scoláire is caoga. Is eachtrannaigh iad seisear is fiche díobh. Is scoláirí a bhfuil deacrachtaí foghlama ar leith acu an fuílleach. Is nuair a bhíonn an Ghaeilge nó an Fhraincis/Ghearmáinis á múineadh a thugtar tacaíocht foghlama do na scoláirí seo.

 

Maidir leis an Aonad LánGhaelach, is deacair do bhainistíocht na scoile leanúint leis an soláthar iomlán oideachasúil lánGhaelach sna ranganna sinsearacha de bharr brú ar an amchlár. Is léargas é ar an dearcadh dearfach atá ag scoláirí áirithe i leith na Gaeilge iad na ranganna sinsearacha Matamaitice agus Fraincise inar í an Ghaeilge a úsáidtear in áit an Bhéarla. Tugadh le tuiscint nach iad iarscoláirí an Aonaid LánGhaelaigh amháin a ghlacann páirt sna ranganna seo agus tá ardmholadh tuillte ag na rannpháirtithe ar fad as an iarracht ar leith a dhéanann siad chun teagmháil rialta leanúnach a choimeád leis an nGaeilge.  

 

Is mó agus is éagsúil an raon d’imeachtaí seach-churaclaim a chuirtear ar fáil sa scoil ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn. I measc na n-imeachtaí seo áirítear turasanna go dtí an Blascaod, diospóireachtaí inmheánacha agus idirscoileanna, ciorcal comhrá agus na cluichí Gaelacha. Is nós le scoláirí áirithe tréimhse trí seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht i rith an tsamhraidh agus bronnann an Coiste Gairmoideachais scoláireachtaí Gaeltachta ar chuid acu.

 

Is iomaí imeacht a eagraítear le linn Sheachtain na Gaeilge. Is iad scoláirí na hidirbhliana a eagraíonn na himeachtaí ar fad (tráth na gceist, comórtais cispheile), cleachtas a thugann an deis dóibh forbairt a dhéanamh ar mhórán scileanna – scileanna idirphearsanta / cumarsáide / eagrúcháin / pleanála – agus iad ag gníomhú trí mheán na Gaeilge. Braitheadh i gcásanna áirithe áfach, gur minic tús áite tugtha do scoláirí, nó d’iarscoláirí, an Aonaid LánGhaelaigh maidir le rannpháirtíocht in imeachtaí éagsúla agus moladh go ndéanfaí gach iarracht cothromaíocht a dheimhniú, oiread agus is féidir, i gcás na ndeiseanna ar fad a chuirtear ar fáil do scoláirí na scoile.

 


Pleanáil agus Ullmhúchán

 

Tugann gach múinteoir faoin bpleanáil aonair. Chuir a bhformhór a bhfillteán pearsanta ar fáil ina raibh ráidhse de nótaí, de bhileoga saothair agus d’fhoinsí tagartha. Tá scéimeanna oibre leagtha amach acu a léiríonn sainspriocanna foghlama na ranganna éagsúla. Díríonn gach scéim oibre ar na mórscileanna cumarsáide – éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh - agus ar na topaicí a bhíonn mar ábhair chainte ar mhaithe leis na scileanna seo a fhorbairt. Seo an cur chuige is éifeachtaí chun sealbhú na sprioctheanga a chinntiú oiread agus is féidir, agus tá moladh ag dul do na múinteoirí as an machnamh cuimsitheach atá déanta acu i dtaca leis seo.

 

Tá mórchuid ama caite ag na múinteoirí Gaeilge, mar roinn, ag plé ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge. Tá an chéad dréacht de Pholasaí Gaeilge curtha le chéile acu agus é i gceist anois acu é a chur faoi bhráid phobal uile na scoile. Tagann múinteoirí áirithe a bhfuil na blianta céanna faoina gcúram le chéile chun pleanáil fhadtréimhseach a dhéanamh agus na sainspriocanna foghlama a leagadh amach. Is an-chleachtas é seo agus b’fhiú go mór é a leathnú. Ní hamháin go gcruthódh a leithéid caint agus comhphlé ar nithe a bhaineann leis an nGaeilge ach chuirfeadh sé múinteoirí ag machnamh ar chur i bhfeidhm na spriocanna a leagadh síos. Is suntasach an méid pleanála atá déanta ar mhaithe leis an Aonad LánGhaelach trí chéile agus ar mhaithe le barr feabhais a chur ar chaighdeán Gaeilge scoláirí an Aonaid.

 

Moladh do mhúinteoirí go gcnuasóidís an cháipéisíocht ar fad a bhaineann leis an nGaeilge sa scoil i bhfoirm comhaid a bheadh ar fáil in áit lárnach. Tugadh le fios dóibh cad ba chóir a chur sa chomhad chun go bhfeidhmeodh sé mar léargas ar imeachtaí Gaeilge uile na scoile (polasaí Gaeilge na scoile, ráiteas ginearálta, aidhmeanna ginearálta agus spriocanna foghlama, comhfhreagras le grúpaí seachtracha, miontuairiscí chruinnithe roinne, cáipéisíocht a bhaineann le cúrsaí oiliúna, acmhainní teagaisc agus mar sin de). Ní hamháin go mbeadh a leithéid de chomhad an-áiseach do mhúinteoirí nua-cheaptha nó do mhúinteoirí ionadaíochta, ach thabharfadh sé le fios do na rannpháirtithe ar fad an méid atá ar siúl sa scoil, taobh istigh den seomra ranga agus taobh amuigh dó, ar mhaithe leis an nGaeilge.

 

Tá suim áirithe airgid curtha ar fáil ag páirtí seachtrach don Ghaeilge sa scoil. Moladh do mhúinteoirí plé a dhéanamh ar acmhainní a d’fhéadfaí a cheannach a chuirfeadh leis an dtaithí foghlama agus teagaisc do scoláirí agus dóibh féin, go mór mór trealamh TFC (m.sh. ceamara digiteach, trealamh taifeadta, ríomhaire glúine, teileagóir sonraí.)

Foghlaim agus Teagasc

 

Bhí atmaisféar maith sna ranganna a breathnaíodh. Ar an iomlán ba léir go raibh caidreamh maith ag na múinteoirí leis na scoláirí faoina gcúram. Bhain formhór na scoláirí an-taitneamh as an gceacht agus thug siad faoi ghníomhaíochtaí na gceachtanna le fonn agus le díograis. Bhain ábhair na gceachtanna le raon suime agus taithí na scoláirí, rud a chur go mór leis an eispéireas foghlama. I measc na dtopaicí a ndearnadh plé orthu bhí an saol oibre, cúrsaí spóirt, baill an choirp agus turas scoile. I gcás na ranganna sinsearacha ina raibh súil á caitheamh siar ar na saothair litríochta ba léir go raibh an-tuiscint ag na scoláirí ar fad ar na mórphointí. I gcás ranga amháin, bhí na struchtúir teanga cuí cleachtaithe ag an múinteoir leis na scoláirí sa chaoi is go raibh ar a gcumas a dtuairimí féin i leith na filíochta a chur i iúl ó bhéal. Is an-chleachtas é seo sa mhéid go dtugann sé le tuiscint do scoláirí go bhfuil tábhacht ag baint leis na tuairimí atá acu féin agus tá ard-mholadh ag dul don múinteoir seo as an rang Gaeilge a bheith ina fhóram chun plé oscailte a dhéanamh ar thopaicí éagsúla.

 

Ba í an Ghaeilge a bhí i dtreis i ngach rang a breathnaíodh. Bhí tuiscint mhaith ag formhór na scoláirí ar chaint an mhúinteora agus rinne a bhformhór an-iarracht ar fhreagra trí Ghaeilge a chur ar cheisteanna an mhuinteora. Tá moladh ag dul do na múinteoirí siúd a bhfuil éirithe leo an fhéinmhuinín agus an cumas chun labhartha a chothú sna scoláirí faoina gcúram. Braitheadh áfach, go rabhthas, i ranganna áirithe, ag glacadh le caighdeán ró-íseal cruinnis ó na scoláirí agus meabhraíodh do mhúinteoirí na ranganna sin go mbíonn géarghá le dianchleachtadh a dhéanamh ar ionramháil múnlaí cainte sular féidir sealbhú éifeachtach a dhéanamh orthu. Braitheadh leis nár cruthaíodh dóthain deiseanna cainte do na scoláirí le linn na gceachtanna sa mhéid is gurbh iad na múinteoirí a bhí ag déanamh na cainte den chuid is mó. Moladh do mhúinteoirí machnamh agus comhphlé a dhéanamh ar thascanna idirghníomhacha a d’fhéadfaí a chur ar siúl sa rang agus a chuirfeadh na scoláirí ag caint eatarthu féin, iad de shíor ag díriú ar sprioc chinnte.

 

Ar an iomlán bhí eitic mhaith oibre sna ranganna ar tugadh cuairt orthu go háirithe sa mhéid gur ghabh an múinteoir agus na scoláirí faoina c(h)úram trí chéimeanna éagsúla na gceachtanna. Chuir gach múinteoir na scoláirí i mbun meascán de ghníomhaíochtaí. Is an-chleachtas é seo chun treisiú éifeachtach a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha. É seo ráite, maireann an baol i gcónaí go bhféadfadh an iomarca gníomhaíochtaí teacht salach ar shealbhú éifeachtach teanga. Is ina fhianaise seo a moladh do mhúinteoirí áirithe tasc cinnte a thabhairt do scoláirí (m.sh. trí mhórphointe a aimsiú/trí cheist eolais a cheapadh) agus iad i mbun na hidirghníomhaíochta. Meabhraíodh dóibh nár mhiste machnamh a dhéanamh roimh ré ar na struchtúir teanga a bheadh de dhíth chun an tasc a chomhlíonadh agus dianchleachtadh a dhéanamh ar úsáid chruinn na struchtúr seo sula dtugann na scoláirí faoin tasc.

 

Tríd is tríd, tá gach iarracht déanta ag na múinteoirí Gaeilge ar thimpeallacht spreagúil foghlama a chruthú – cuir i gcás tá samplaí d’obair agus d’imeachtaí na scoláirí ar taispeáint. Is iontach an tslí ina bhfuil seomraí áirithe maisithe ag obair na scoláirí agus ag cairteanna ar a bhfuil pointí gramadaí agus cnuasaigh focal léirithe orthu. Is an-chleachtas é seo sa mhéid gur ábhar mórtais do scoláirí é nuair a mheastar gur fiú a gcuid oibre a chur ar taispeáint. Is seift éifeachtach leis í chun na scoláirí a spreagadh chun ceachtanna scríofa ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Is ar an mbonn seo a mholtar go ndéanfar an cleachtas seo a leathnú agus go ndéanfaí imeachtaí Gaeilge na scoile a chraobhscaoileadh go poiblí ar Chlár Fógraí Gaeilge.

 

I measc na n-acmhainní ar baineadh leas astu bhí an téacsleabhar, an téipthaifeadán, cairteanna ar a raibh léaráidí agus grianghraif. I gcás ceachta amháin, baineadh leas an-éifeachtach as cairt ar a tarraingíodh léaráid de chreatlach chorp duine de na scoláirí. Ba é a lean an chuid tosaigh seo den cheacht ná gníomhaíocht thaitneamhach inar aithin na scoláirí na baill coirp éagsúla. Ba ghníomh é seo a chuir scoláirí an ranga ag obair le chéile agus iad ag dul i muinín iléirimí éagsúla. Ba léir go raibh córas seanbhunaithe oibre leagtha síos ag múinteoir an ranga seo ina raibh taithí ag scoláirí ar thabhairt faoi ghníomhaíochtaí feidhmiúla go réidh agus go deas socair. Moladh do na múinteoirí ar fad níos mó gníomhaíochtaí feidhmiúla a chomhtháthú sa cheacht Gaeilge. Meabhraíodh dóibh an dualgas atá orthu caighdeán Gaeilge gach scoláire sa scoil a chur chun cinn de réir a gcumais agus is i dtaca leis seo a cuireadh i gcuimhne dóibh gur straitéisí éifeachtacha chun dul i ngleic leis an bhfoghlaim idirdhealaithe iad an obair ghrúpa, an obair bheirte agus tascanna idirghníomhacha éagsúla mar iad (suirbhéanna, cur i láthair sa rang, tionscnaimh thaighde, rólghlacadh, an drámaíocht).

Measúnú

 

Tá córas cuimsitheach measúnaithe sa scoil ina ndéantar dul chun cinn na scoláirí a thomhas trí mheascán de thrialacha éagsúla a chur orthu ar bhonn rialta.

 

Cuireann na múinteoirí Gaeilge scrúduithe beaga ar scoláirí ar bhonn rialta. Is nós le cuid acu scrúdú beag neamhfhoirmeálta ó bhéal a chur ar scoláirí ag tús gach ranga. Is slí éifeachtach é seo chun an fhoghlaim leanúnach a chinntiú agus chun dul siar ar a bhfuil déanta sula dtugtar faoin gcéad chéim eile sa cheacht. Coimeádann na múinteoirí cuntas ar thorthaí na mionscrúduithe seo.

 

Bíonn scrúduithe tí ag an gcéad, ag an dara agus ag an gcúigiú bliain aimsir na Nollag agus arís sa samhradh. Measúnú leanúnach a dhéantar ar scoláirí na hidirbhliana. Scrúdú comónta a bhíonn i gceist i gcás na céad bliana, cleachtas inmholta a chinntíonn gurb ionann na mórspriocanna foghlama i gcás gach grúpa díobh. Chomh maith leis seo, cruthaíonn sé caint agus comhphlé idir múinteoirí ar chur i bhfeidhm na siollabas. Cuirtear scrúdú cainte ar scoláirí an Aonaid LánGhaelaigh sa samhradh mar chuid de scrúdú tí an tsamhraidh. Moladh go ndéanfaí an cleachtas seo a leathnú agus go dtabharfaí aitheantas sa mheasúnú do chumas labhartha gach scoláire Gaeilge. Go deimhin, seans gurb iad scoláirí na ‘gnáthscoile’ is mó a bhfuil gá acu le spreagadh chun a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú.

 

Déanann scoláirí na scrúduithe teistiméireachta réamhscrúdú san earrach. Is maith ann iad na réamhscrúduithe mar thaithí ar rúibricí na státscrúduithe, ar bhainistíocht ama agus ar leagan amach an scrúdpháipéir. Measúnú leanúnach ar na scoláirí seo a bhíonn i gceist an chuid eile den scoilbhliain. Cuirtear béalscrúdú mar réamhchleachtadh ar iarrthóirí na hArdteistiméireachta agus moltar na múinteoirí agus bainistíocht na scoile as an soláthar seo.

 

Seoltar tuairisc abhaile i ndiaidh na mórscrúduithe go léir chun go mbeidh na rannpháirtithe ar fad ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta/á dhéanamh. Bíonn cruinnithe ag múinteoirí le tuismitheoirí uair sa bhliain, agus dhá uair sa bhliain i gcás iarrthóirí na státscrúduithe.

 

 

Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh le linn na meastóireachta:

 

·         Tá seasamh láidir ag an nGaeilge i gColáiste na Sceilige, a bhuíochas sin do phobal na scoile uile agus d’eagraíochtaí seachtracha – go mór mór coistí pobail agus tuismitheoirí – agus an dearcadh dearfach atá acu i leith na teanga.

·         Tá gach iarracht déanta ar thimpeallacht Ghaelach a chruthú agus is léir go bhfuil an scoil lánsásta agus lánchumasach maidir le gníomhú trí mheán na Gaeilge.

·         Is léir ó na córais oibre atá curtha i bhfeidhm go mbíonn toradh fónta ar chruinnithe de chuid na múinteoirí Gaeilge agus gur iomaí beartas atá curtha i gcrích de bharr an chomhphlé a dhéantar.

·         Is fairsing agus is éagsúil an raon d’imeachtaí seach-churaclaim a chuirtear ar fáil sa scoil ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn.

·         Tugann gach múinteoir faoin bpleanáil aonair chomh maith le comhphlé a dhéanamh le comhghleacaithe ar nithe a bhaineann go sainiúil leis an nGaeilge sa scoil.

·         Tá an chéad dréacht de pholasaí Gaeilge curtha le chéile ag na múinteoirí Gaeilge.

·         Ar an iomlán ba léir go raibh caidreamh maith ag na múinteoirí leis na scoláirí faoina gcúram. Bhain formhór na scoláirí an-taitneamh as an gceacht agus thug siad faoi na gníomhaíochtaí le fonn agus le díograis. Bhain ábhair na gceachtanna le raon suime agus taithí na scoláirí, rud a chur go mór leis an eispéireas foghlama.

·         Ba í an Ghaeilge a bhí i dtreis i ngach rang a breathnaíodh. Bhí tuiscint mhaith ag formhór na scoláirí ar chaint an mhúinteora agus rinne a bhformhór an-iarracht ar fhreagra trí Ghaeilge a chur ar cheisteanna an mhúinteora. Tá moladh ag dul do na múinteoirí úd a bhfuil éirithe leo an fhéinmhuinín chuí agus an cumas labhartha a chothú sna scoláirí faoina gcúram.

·         Is iontach an tslí ina bhfuil seomraí áirithe maisithe ar mhaithe le timpeallacht spreagúil foghlama a chruthú.

·         Tá córas cuimsitheach measúnaithe sa scoil ina ndéantar dul chun cinn na scoláirí a thomhas trí mheascán de thrialacha éagsúla a chur orthu ar bhonn rialta.

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:

·         Moltar go ndéanfadh na múinteoirí Gaeilge comhphlé, mar chuid den phróiseas um phleanáil ábhair, ar shlite inar féidir dul i ngleic leis na dúshláin a ghabhann leis an bhfoghlaim idirdhealaithe.

·         Moltar go gcuirfí na scoláirí i mbun tascanna feidhmiúla le linn na gceachtanna Gaeilge a thbharfadh deis dóibh a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú agus aird de shíor á thabhairt ar an dianchleachtadh nár mhiste a dhéanamh ar ionramháil chruinn na mórstruchtúr teanga.

·         Moltar go n-áireofaí cumas labhartha gach scoláire sa chóras measúnaithe.

·         Moltar go ndéanfaí iarracht ar níos mó de theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide a fhí isteach sa chlár Gaeilge.

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréachtchinntí agus na moltaí thuas.