An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Mount Sackville Secondary School

Chapelizod, Dublin 20

Uimhir Rolla: 60120W

 

Dáta na cigireachta: 19 Samhain 2008

 

 

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

Pleanáil agus ullmhúchán

Teagasc agus foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

 

 

Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair   

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i Mount Sackville Secondary School. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

 

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

 

Déantar soláthar an-mhaith agus tugtar tacaíocht an-mhaith don Ghaeilge i Mount Sackville Secondary School.

 

Seachtar múinteoirí atá ar fhoireann teagaisc na Gaeilge i mbliana. Tá roinnt mhaith athruithe tagtha ar an bhfoireann le tamall gairid agus ag am na cuairte seo bhí post lán-aimseartha buan ag triúr den fhoireann. Bhí na múinteoirí seo lán-cháilithe agus bhí taithí fhada acu ar an nGaeilge a mhúineadh sa scoil. Ar an gceathrar eile bhí beirt a bhain cáilíocht mar mhúinteoirí amach i mbliana agus beirt eile a bhí ag déanamh staidéir ar an dioplóma iarchéime san oideachas ar bhonn páirtaimseartha. Bhí inniúlacht Ghaeilge labhartha na múinteoirí ar fad chun críche teagaisc sásúil.

 

Cuirtear deiseanna ar fáil do na múinteoirí chun an Ghaeilge a mhúineadh ag na leibhéil éagsúla, ag teacht lena gcáilíochtaí, agus bíonn leanúnachas acu lena ranganna ón dara go dtí an tríú bliain agus ón gcúigiú bliain go dtí an seú bliain, nuair is féidir. Moltar an bhainistíocht as an gcur chuige seo i ndáileadh ranganna. Bíonn múinteoir ainmnithe chun comhoibriú le múinteoirí nua agus bíonn cabhair agus treoir le fáil acu ón gcomhordaitheoir don ábhar agus ó na múinteoirí eile sa roinn freisin mar a breathnaíodh. Tá sé seo le moladh.

 

Spreagann agus tugann an bhainistíocht tacaíocht do mhúinteoirí chun páirt a ghlacadh i ndeiseanna forbartha gairmiúla. Áirítear orthu seo ceardlanna de chuid na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus ionchur a tugadh don fhoireann teagaisc iomlán ar dhifreáil tríd an Seirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta (STOS/SESS). Sa bhreis air sin, íocann an bhainistíocht as a mballraíocht i gComhar na Múinteoirí Gaeilge agus tá sé de pholasaí fordheontas a sholáthar do mhúinteoirí a ghlacann páirt i gcúrsaí gairmiúla. Tá ard-mholadh ag dul don bainistíocht as an leibhéal tacaíochta a chuirtear ar fáil do na múinteoirí dá bhforbairt gharimiúil leanúnach.

 

Tá an méid ama a dháiltear ar an nGaeilge sa tsraith shinsearach sásúil ach ní mór don bhainistíocht a chinntiú nach dtiocfaidh aon laghdú eile ar líon na dtréimhsí a dháiltear ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach mar a bhfuil ceithre thréimhse Gaeilge in aghaidh na seachtaine ag ranganna. Rang singil Gaeilge in aghaidh an lae a bhíonn ag formhór mór na ranganna mar a mholtar. Tá rang dúbailte ag an gcúigiú bliain ar an Aoine de bharr sé thréimhse ranga a bheith acu in aghaidh an seachtaine.

 

Is ar ranganna cumais mheasctha a dháiltear na scoláirí sa chéad bhliain agus tá sé seo le moladh. Bíonn a ndáileadh ar ranganna don dara agus tríú bliain bunaithe ar a ngnóthachtálacha i scrúduithe an tsamhraidh. Is faoin ardleibhéal a thugann formhór mór na scoláirí don Teastas Sóisearach. Tá an Idirbhliain éigeantach agus is ar ranganna cumais mheasctha a dháiltear na scoláirí ag teacht le spiorad an chláir. Dáiltear na scoláirí ar ranganna ardleibhéil agus gnáthleibhéil don Ardteistiméireacht. Is faoin ardleibhéal a thugann tromlach na scoláirí. Lasmuigh de na ranganna atá sa chéad bhliain agus san Idirbhliain, tá na ranganna i gcás na mbliain ghrúpaí eile eagraithe go comhuaineach ar an tráthchlár. Tá an bhainistíocht le moladh as an socrú seo de bharr go n-éascaíonn sé fáil na scoláirí ar an rang is fearr a oireann dá riachtanais agus gur féidir leis na múinteoirí ranganna a thabhairt le chéile nuair is gá. Tá an-mholadh ag dul don bhainistíocht agus do na múinteoirí as an ráta an-mhaith rannpháirtíochta ag an ardleibhéal atá gnóthaithe.

 

Áiríodh díolúine ón nGaeilge a bheith ag 5% de mhóriomlán an rollúcháin de 644 scoláire. Ba scoláirí le deacrachtaí foghlama iad ceathrar agus fiche de na scoláirí seo agus ba scoláirí ó thar lear iad tromlach an fhuíligh. Freastalaítear ar riachtanais na scoláirí seo a bhfuil soláthar breise oideachais ann dóibh nuair a bhíonn na ranganna Gaeilge ar siúl oiread agus is féidir. Suíonn siad sna ranganna Gaeilge lena gcomhscoláirí nuair nach mbíonn a leithéid i gceist. Tá an bhainistíocht le moladh as na socruithe a dhéantar.   

 

Tá a seomra ranga féin ag formhór na múinteoirí agus éascaíonn sé seo a bhfáil ar áiseanna agus ar acmhainní teagaisc agus foghlama. Tá soláthar an-mhaith áiseanna ar fáil do na múinteoirí Gaeigle. Áirítear ina measc fáil ar an teanglann, seomra ríomhaireachta, ríomhairí glúine agus teilgeoir sonraí. Sa bhreis air sin, tá fáil ag na múinteoirí agus ag na scoláirí ar leabharlann na scoile mar a bhfuil leabharlannaí i bhfeighil, agus ina bhfuil bailiúchán de leabhair i nGaeilge.   

 

Tá bonn foirmeálta le roinn na Gaeilge sa scoil agus is post freagrachta atá ina comhordú sa scoil. Chomh maith le heolas agus cáipéisíocht a scaipeadh ar an bhfoireann, tá sé de dhualgas ar an gcomhordaitheoir comhordú a dhéanamh ar an obair phleanála, cruinnithe roinne a eagrú, freastal ar chruinnithe cás-staidéir leis an déan nó na múinteoirí tacaíochta foghlama, monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na scoláirí, anailís a dhéanamh ar ghnóthachtálacha na scoláirí sna scrúduithe stáit agus a chinntiú go mbíonn an fhoghlaim dúshlánach do scoláirí ardchumais. Tá an bhainistíocht le moladh as dualgais shoiléire a leagann amach don phost chun tacú le hobair na scoile agus le foghlaim na scoláirí. 

 

Timpeall cúig chruinniú ar bhonn foirmeálta a bhíonn ag na múinteoirí Gaeilge in aghaidh na scoilbhliana. Buaileann siad le chéile do chruinnithe neamhfhoirmeálta ar bhonn rialta le linn na scoilbhliana chomh maith. Tá obair na roinne dea-eagraithe agus cruthaíonn an cur chuige deiseanna do na múinteoirí comhoibriú i ngrúpaí ar ghnéithe éagsúla den obair phleanála. Mar shampla, déantar comhphleanáil do ranganna a bhíonn ag tabhairt faoin ábhar ag na leibhéil chéanna agus leagtar amach scrúduithe comónta do na ranganna seo. Tá ardmholadh ag dul do na cleachtais seo.

 

Moltar na múinteoirí agus an bhainistíocht as na deiseanna a chuirtear ar fáíl do na scoláirí chun a dtaithí ar úsáid na teanga agus ar an gcultúr a fhorbairt agus a leathnú lasmuigh den seomra ranga. Eagraítear imeachtaí le linn Seachtain na Gaeilge a chuimsíonn rince, amhránaíocht, drámaíocht agus díospóireachtaí. Tá moladh ar leith ag dul do na múinteoirí agus don bhainistíocht as Club Gaeilge, le cabhair ó scoláirí séú bliana a reáchtáil do scoláirí sa chéad bhliain agus sa dara bliain.

Cruthaíonn sé seo deiseanna rialta do na scoláirí chun an Ghaeilge a labhairt lena gcomhscoláirí.

 

 

Pleanáil agus ullmhúchán

 

Bhain cáilíocht mhaith leis an bplean don Ghaeilge. Chuir múinteoirí aonair pleananna ar fáil do bhliainghrúpaí aonair agus ba léir comhphleanáil a bheith á dhéanamh do ranganna a bhí ag tabhairt faoin ábhar ag na leibhéil chéanna i mbliainghrúpaí éagsúla. Bhí na pleananna leagtha amach in aghaidh an téarma agus léirigh siad go raibh an obair á pleanáil sa tslí is go raibh gnéithe éagsúla na gcúrsaí á gcomhtháthú ar bhonn téamach, an litríocht agus an ghramadach san áireamh. Bhíothas ábalta na pleananna seo a úsáid mar fhoinse tagartha don phleanáil do ranganna aonair agus tascanna á roghnú agus á n-eagrú a thacaigh le comhtháthú a dhéanamh ar fhorbairt na scileanna teanga agus na ngnéithe éagsúla de na cúrsaí.

 

Tá ardmholadh ag dul do na múinteoirí as cúrsaí modheolaíochtaí agus straitéisí teagaisc agus foghlama a phlé ag cruinnithe. Moltar go leanfaí de seo agus go bhféachfaí ar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhealaí le difreáil a dhéanamh ar ábhar na ranganna go háirithe. B’fhiú chomh maith leas níos mó a bhaint as an áis leictreonach ‘Shared Resources’ atá forbartha sa scoil chun acmhainní a fhorbraíonnn na múinteoirí féin a stóráil agus a roinnt.

 

Ar mhaithe leis an fhorbairt bhreise atá le déanamh ar na pleananna agus mar threoir do mhúinteoirí nua maidir leis na spriocanna foghlama a leagtar amach do na scoláirí, moltar go bhforbrófaí creat de na torthaí foghlama a mbeifí ag súil leo ag céimeanna difriúla agus ag na leibhéil dhifriúla. Ba cheart iad seo a bheith fréamhaithe sna feidhmeanna agus sna scileanna teanga atá luaite sna siollabais. D’fhéadfaí na torthaí foghlama seo a úsáid don phleanáil do na ranganna, mar chritéir don mheasúnú agus ba cheart iad a roinnt leis na scoláirí. Ba cheart go mbeadh forbairt bhíseach le léamh ar na topaicí ó bhliain go bliain chomh maith.

 

Maidir leis an bplean don Idirbhliain, moltar go seachnófaí litríocht ainmnithe na hArdteistiméireachta a chur ar an gclár agus ina áit go n-úsáidfí píosaí eile litríochta chun taithí agus scileanna na scoláirí ar an litríocht a ionramháil a fhorbairt agus a leathnú. Sa bhreis air sin, moltar go bhforbrófaí modúil ar nós ‘an Ghaeilge Chomhaimseartha’ chun eolas na scoláirí ar an nGaeilge agus a húsáid sa lá atá inniu ann a fhorbairt. Ina theannta sin, b’fhiú don fhoireann féachaint ar an leas a d’fhéadfadh siad a bhaint as Punann na dTeangacha Eorpacha (European Language Portfolio) leis na ranganna Idirbhliana chun cabhrú leis na scoláirí a bhfeasacht orthu féin mar fhoghlaimeoirí teanga agus a scileanna mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha a fhorbairt. Is féidir teacht ar tuilleadh eolais ina thaobh ag

www.tcd.ie/slscs/clcs/research/featuredresearch_european_language_portfolio.  

 

Bhí pleanáil agus ullmhúchán an-mhaith déanta do thromlach na ranganna a breáthaíodh agus bhí an obair sna ranganna ag teacht le plean na roinne. Moltar go háirithe na cásanna sin ina raibh bileoga oibre ullmhaithe ag múinteoirí agus téacsanna dílse, a bhí dea-roghnaithe, aimsithe le húsáid sna ranganna.

 

 

Teagasc agus foghlaim

 

Bhain cáilíocht an-mhaith le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i Mount Sackville Secondary School.

 

Glaodh an rolla agus d’fhreagair na scoláirí i nGaeilge é in os cionn leath de na ranganna a breathnaíodh. Moltar go leathnófaí an cleachtas seo agus go gcuirfí leis na dea-chleachtais a breathnaíodh i gcásanna áirithe de dháta an lae a mhealladh ó an scoláirí agus comhrá ginearálta a dhéanamh leo ar ábhar topaiciúil nó ar an aimsir. Seiceáladh an obair bhaile ag tús ranganna leis nó tugadh obair a bhí ceartaithe ar ais. Tá sé seo le moladh agus go háirithe an tslí ina ndearnadh ceartúcháin ar aistí a roinnt leis na scoláirí agus inar díríodh isteach ar mhórphointí a bhí comónta ina gcuid oibre. 

 

Chabhraigh an phleanáil agus ullmhúchán a bhí déanta struchtúr maith a chruthú don obair agus luas oiriúnach a bheith léi i dtromlach na ranganna. Cuireadh a mbeadh á dhéanamh acu in iúl do na scoláirí ag tús na ranganna. Moltar go ndéanfaí é seo a fhorbairt ionas go roinnfí na torthaí foghlama a mbeifí ag súil leo leis na scoláirí.  

 

Chabhraigh na tascanna difriúla a bhí le déanamh ag na scoláirí sna ranganna ar fad an fhoghlaim a dhaingniú agus, sa bhreis air sin, i bhformhór na gcásanna, comhtháthaíodh forbairt na scileanna teanga tríothu. Moltar na samplaí a breathnaíodh de mhúineadh na filíochta: an tslí inar cuireadh dán nua i láthair na scoláirí agus cás eile ina raibh ar na scoláirí anailís a dhéanamh ar na híomhanna a bhí i ndán. Sa chás ina raibh dán nua á chur i láthair na scoláirí iarradh orthu ar dtús buille faoi thuairim a thabhairt ar an ábhar bunaithe ar an teideal agus scríobhadh a dtuairimí ar an gclár bán. Bhí sé ar chumas na scoláirí an-úsáid a bhaint as a réamhfhoghlaim ar an topaic go ginearálta san obair seo. Léadh an dán ansin agus ina dhiaidh sin cuireadh ag obair i ngrúpaí iad. Dáileadh clúdach litreach ar gach grúpa ina raibh línte as véarsaí éagsúla den dán gearrtha suas agus iarradh orthu iad seo a chur in ord agus aiseolas a thabhairt don rang. Chabhraigh an cleachtadh seo leo a scileanna éisteachta a fhorbairt agus scéal an dáin a thabhairt leo. Agus aiseolas á thabhairt ar obair na ngrúpaí ar íomhánna ceistíodh scoláirí i ngrúpaí eile ar chruinneas an aiseolais. Chinntigh sé seo go raibh a n-aird ar an obair an t-am ar fad agus go raibh leas le baint ag an rang ar fad as an obair a rinne gach grúpa.

 

Mar a mholtar, breathnaíodh go leor samplaí d’obair bheirte agus d’obair ghrúpa a bheith in úsáid. Bhain dea-chleachtas leo sna cásanna sin inar míníodh go soiléir do na scoláirí an cineál oibre a bheadh le déanamh acu nó inar tugadh sampla dóibh den toradh a rabhthas ag súil leis, agus inar cuireadh teorainn ama leis na tascanna agus ina raibh deis ag scoláirí aiseolas a thabhairt. 

 

Úsáideadh na háiseanna a bhí ar fáil go héifeachtach i bhformhór na gcásanna inar úsáideadh iad chun acmhainní a bhí dea-roghnaithe nó ullmhaithe ag na múinteoirí féin a chur i láthair na scoláirí. Tá ardmholadh ag dul don chás ina ndearnadh nasc beo le suíomh idirlín agus inar úsáideadh an t-ábhar go han-éifeachtach chun píosa de chlár teilifíse bunaithe ar ábhar an ranga a chur i láthair na scoláirí. Gluaiseadh gan dua ón gcuid seo den obair go dtí na tascanna eile agus na háiseanna eile a úsáideadh. Úsáideadh a t-am an-ghairid a thóg sé na hathruithe seo a dhéanamh go han-éifeachtach chun foclóir na scoláirí a shaibhriú trí chaint an mhúinteora. Tá ardmholadh ag dul don chleachtas seo. Moltar go leathnófaí an taithí agus na dea-chleachtais in úsáid áiseanna agus acmhainní TFC ar na baill eile den fhoireann. Chinntigh úsáid na n-áiseanna agus na n-acmhainní seo gur ról tacaíochta a bhí ag téacsleabhair i bhformhór na gcásanna.

 

Ba í an Ghaeilge a bhí sa treis mar theanga theagaisc agus chumarsáide sna ranganna ar fad agus ba léir gurb é seo gnáth-thaithí na scoláirí. Chabhraigh sé seo atmaisféar a bhí an-tacúil d’fhoghlaim na Gaeilge a chruthú sna ranganna agus ba léir leibhéal maith inniúlachta teanga a bheith ag na scoláirí ag teacht lena gcumas. Tugadh faoi deara i roinnt bheag cásanna go raibh tuilleadh scóipe chun cur le húsáid na Gaeilge i measc na scoláirí agus níos mó béime a bheith ar na scoláirí a bheith ag labhairt na Gaeilge le linn ranga. Ba i gcásanna fánacha a chuathas i muinín an aistriúcháin go Béarla chun foclóir nó nathanna a mhíniú do na scoláirí agus moltar go seachnófaí an cleachtas seo agus go n-úsáidfí straitéisí eile a bheadh níos éifeachtaí i gcabhrú leis na scoláirí an teanga a shealbhú ina áit. Chuir na scoláirí ceisteanna ar an múinteoir ar ábhar an ranga i nGaeilge i bhformhór na ranganna. Tá ardmholadh ag dul do na múinteoirí as an gcumas agus as an muinín seo a bheith forbartha acu sna scoláirí agus ba cheart é a leathnú.  

 

Bhí atmaisféar an-tacúil don fhoghlaim sna ranganna ar fad agus ba léir eitic láidir oibre a bheith ag na scoláirí. Ba léir gur bhain na scoláirí taitneamh as obair dhúshlánach a thabhairt dóibh le déanamh. Tuairiscíodh go ndéantar difreáil ar an ábhar i gcásanna trí, mar shampla, leabhair léitheoireachta i nGaeilge a thabhairt do scoláirí. Moltar go leathnófaí cleachtas den chineál seo agus go bhféachfaí ar bhealaí eile ina bhféadfaí difreáil a dhéanamh ar ábhar an ranga. Úsáideadh stíleanna éagsúla ceistiúcháin go héifeachtach i dtromlach na gcásanna, rud atá le moladh agus a chabhraigh ceisteanna a chur ag leibhéal a bhí in oiriúint do scoláirí aonair. Rinneadh cúram don ghramadach i gcásanna áirithe freisin. Moltar go háirithe an bealach inar ceanglaíodh í le hábhar an ranga agus inar tugadh deiseanna do na scoláirí an fhoghlaim a dhaingniú trí chomhrá ar an ábhar ag baint úsáide as na haidiachtaí a bhí le foghlaim, mar shampla, nó na haidiachtaí a aithint i gcomhthéacs nua agus iad a chur in abairtí chun a gcuid féin a dhéanamh den fhoghlaim agus í a dhaingniú. Bhí an obair bhaile a tugadh sna ranganna a breathnaíodh bunaithe ar ábhar an ranga mar a mholtar.

 

 

Measúnú

 

Is trína rannpháirtíocht sa rang, scrúduithe ranga agus tí chomh maith le triail scrúduithe stáit do na scoláirí a bhíonn sa tríú agus sa séú bliain a dhéantar measúnú ar obair na scoláirí. Tugtar aiseolas ar a ndul chun cinn do na scoláirí ó bhéal, trí nótaí an mhúinteora nó marcanna ar an obair bhaile agus tascanna eile a bhíonn le déanamh acu, trí thuairiscí fhoirmeálta ar na scrúduithe tí agus ar na triailscrúduithe stáit. Sa bhreis ar na tuairiscí foirmeálta, úsáidtear dialanna scoile na scoláirí chun tuismitheoirí a choimeád ar an eolas maidir le dul chun cinn a n-iníonacha. Ina theannta sin reáchtáltar cruinnithe múinteoirí agus tuismitheoirí uair sa bhliain.

 

Bíonn gnóthachtálacha na scoláirí sna scrúduithe tí bunaithe ar pháipéir scríofa agus ar an gcluastuiscint. Lasmuigh de na triailscrúduithe don séú bliain, fágtar faoi mhúinteoirí aonair é cumas labhartha Gaeilge na scoláirí a chur san áireamh sna scrúduithe tí. Is dea-chleachtas é na scileanna teanga ar fad a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar obair na scoláirí, cleachtas a thagann go dlúth le haidheamanna agus le cuspóirí na siollabas agus moltar go leathnófaí an cleachtas. Is cleachtas an-mhaith é páipéir chomónta a leagadh amach do ranganna a bhíonn ag déanamh scrúdú ag an leibhéal céanna. Ba cheart an cleachtas a leathnú agus gnáis mhonatóireachta a fhorbairt ar mhaithe leis an obair. Sa bhreis ar na scrúduithe tí, bíonn tionscnaimh le déanamh ag scoláirí na hIdirbhliana agus cuirtear torthaí na hoibre seo san áireamh ina ngnóthachtálacha. Tá sé seo le moladh. Mar a breathnaíodh i gcás áirithe, tugtar deiseanna do scoláirí páirt a ghlacadh i gcomórtais aistí agus ceartaíonn na múinteoirí aistí breise chun cabhrú le scoláirí a scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt. Tá an-mholadh ag dul don spreagadh agus don tacaíocht seo. Déantar anailís ar ghnóthachtálacha na scoláirí sna scrúduithe stáit gach bliain agus cuirtear cuntas ar na torthaí sin san áireamh sa phlean don ábhar. Tá an-mholadh ag dul don chleachtas seo agus do na leibhéil gnóthachtála a bhaintear amach.

 

Ní raibh polasaí obair bhaile ná measúnaithe forbartha ag an scoil ag am na cuairte seo agus tá sé in am tabhairt faoina bhforbairt. Moltar go gcinnteodh roinn na Gaeilge go bhfreastalódh na polasaithe a fhorbrófar ar riachtanais na teanga á chur san áireamh go bhfuil scileanna difriúla teanga le forbairt agus modhanna measúnaithe difriúla le húsáid ina gcomhair. Moltar go leagfadh na polasaithe a n-aidhmeanna agus a gcuspóirí amach go soiléir, go mbeidh sonraí iontu ar ról agus ar fhreagrachtaí na bpáirtnéirí ar fad, lena n-áirítear na scoláirí, a bheidh freagrach as a bhfeidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Moltar chomh maith go mbeadh an dáta ar a ndéanfaidh an bord bainistíochta faomhadh orthu agus dátaí le haghaidh athbhreithnithe sonraithe iontu.  

 

Bhí réimse maith oibre a bhí ag teacht le riachtanais na siollabas sna cóipleabhair a breathnaíodh. Bhí monatóireacht agus ceartúcháin rialta le léamh ar an obair le marcanna agus nótaí moltacha scríofa air. Ba i nGaeilge a bhí na nótaí moltacha scríofa i bhformhór mór na gcásanna agus is dea-chleachtas é seo. I roinnt bheag cásanna bhí treoir chun feabhais le léamh i nótaí an mhúinteora ar an obair. Is dea-chleachtas é seo agus moltar go leathnófaí a úsáid. Moltar go gcomhaontódh na múinteoirí Gaeilge cur chuige maidir le ceartú obair na scoláirí a bheadh bunaithe ar an measúnú chun foghlama (McF). Tá tuilleadh eolais ar an McF ar fáil ag www.ncca.ie.

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:

  • Bhain cáilíocht an-mhaith le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i Mount Sackville Secondary School.
  • Déantar soláthar an-mhaith agus tugtar tacaíocht an-mhaith don Ghaeilge sa scoil.
  • Ba í an Ghaeilge a bhí sa treis mar theanga theagaisc agus chumarsáide sna ranganna agus cuirtear deiseanna ar fáil do na scoláirí chun a dtaithí ar úsáid na teanga agus ar an gcultúr a leathnú agus a fhorbairt.
  • Pléann na múinteoirí modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama agus déantar comhphleanáil do ranganna a thugann faoi na scrúduithe ag na leibhéil chéanna.
  • Bhí atmaisféar an-tacúil don fhoghlaim sna ranganna ar fad agus ba léir eitic láidir oibre a bheith ag na scoláirí agus gur bhain siad taitneamh as obair dhúshlánach a thabhairt dóibh le déanamh.
  • Úsáideadh raon éifeachtach de mhodheolaíochtaí agus straitéisí teagaisc agus foghlama, lena n-áirítear úsáid TFC agus obair bheirte agus ghrúpa.  

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

  • Moltar go bhforbrófaí creat de na torthaí foghlama a mbeifí ag súil leo ag na céimeanna agus leibhéil dhifriúla agus go roinnfí iad seo leis na scoláirí agus go n-úsáidfí iad mar chritéir don mheasúnú.
  • Moltar go gcomhaontófaí polasaí measúnaithe agus obair bhaile a chuimseodh na dea-chleachtais atá i bhfeidhm cheana féin agus na móltaí atá déanta ina leith sa tuairisc seo.
  • Moltar go gcinnteodh an bhainistíocht nach laghdófaí an méid ama a dháiltear ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach.

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

 

Foilsithe, Deireadh Fómhair 2009