
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
St Fintina’s Post-Primary School
Longwood, Enfield, Co. Meath
Uimhir rolla: 71970L
Dáta na cigireachta: 17 Bealtaine 2007
Dáta eisiúna na tuairisce:17 Eanáir 2008
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i St Fintina’s Post-Primary School. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do mhúinteoirí an ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Beirt mhúinteoirí Gaeilge atá i St Fintina’s Post-Primary School a bhfuil roinnt chothrom nach mór de theagasc an ábhair eatarthu. Múinteoir nuacheaptha Gaeilge sa scoil is ea duine díobh agus tá taithí fhairsing ar theagasc an ábhair acu beirt. Is i bpáirt le chéile a dhéantar an phleanáil don ábhar agus ní áirítear aon duine díobh mar chomhordaitheoir an ábhair go hoifigiúil ach tá socrú ann go nglacfaidh duine díobh freagracht as cúraimí na roinne gach re bliain. Ón bplé a tharla leis na múinteoirí agus leis an bpríomhoide ba léir go raibh comhar agus comhoibriú idir an bheirt mhúinteoirí i roinn na Gaeilge – socrú atá chun leasa an ábhair sa scoil.
Tionóltar cruinnithe ábhair go hiondúil tráth a mbíonn tréimhse chomónta saor ón teagasc ag an mbeirt mhúinteoirí agus coimeádtar taifead ar imeachtaí na gcruinnithe sin. Léirigh taifead na gcruinnithe go dtionóltar tuairim is cúig cinn de chruinnithe mar iad in imeacht na scoilbhliana. Tuairiscíodh go mbíonn cruinnithe de bhreis ar an líon seo ar bhonn neamhfhoirmiúil ina measc féin cothrom le riachtanais an ama. Tá na socruithe i leith phleanáil an ábhair go maith.
Cuireadh comhthéacs na scoile maidir leis an nGaeilge i láthair a thug léiriú ar an dúshlán a bhaineann leis an ábhar a dhéanamh tarraingteach do na scoláirí. Áiríodh líon scoláirí céad bliana a mbíonn cumas teoranta sa teanga acu ag teacht chun na scoile dóibh mar aon le patuaire áirithe i measc tuismitheoirí maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar ábhar. Bhí cruthúnas ar an dúshlán sin le léamh sna staitisticí a cuireadh ar fáil a bhain le rannpháirtíocht na scoláirí ag na leibhéil éagsúla san ábhar sna scrúduithe teistiméireachta. Bhain dearcadh dearfach áfach le hiarrachtaí na múinteoirí ar an nGaeilge a chur i láthair do na scoláirí mar ábhar taitneamhach ann féin. Cuireadh in iúl do na scoláirí chomh maith go mbeadh cúiteamh le fáil ar a gcuid iarrachtaí le staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag na scrúduithe teistiméireachta.
Bhí díograis na múinteoirí le moladh as an dearcadh dearfach seo i leith an ábhair a chur chun cinn leis na scoláirí agus uime sin, le tuismitheoirí. Léirigh an anailís a cuireadh i láthair, agus dearcadh dearfach na múinteoirí mar a breathnaíodh leis na scoláirí sna ranganna, go raibh roinn na Gaeilge meáite ar sheasamh an ábhair a ardú agus go raibh iarrachtaí ar bun le scoláirí a dhíriú ar leibhéal chomh hard san ábhar agus ab fhéidir cothrom lena mianach sa teanga.
Léirigh na múinteoirí an-spéis i dtionscnamh na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus moltar dul i dteagmháil leis an tSeirbhís go luath chun an leas is fearr a bhaint as moltaí leis an nGaeilge a chur chun cinn i gcomhthéacs scoile mar a bhí i gceist i St Fintina’s.
Tá líon na dtréimhsí ranga a chuirtear ar fáil don Ghaeilge ar an tráthchlár teoranta go maith sa tsraith shóisearach – mar a bhfuil ceithre thréimhse in aghaidh na seachtaine i gceist i ngach bliain de na trí bliana. Baineann dúshlán ar leith le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chleachtadh le líon chomh teoranta sin de thréimhsí ranga sa tseachtain. Os a choinne sin tá dáileadh maith ama ar fáil don Ghaeilge sa tsraith shinsearach mar a bhfuil sé thréimhse sa tseachtain agus cúig thréimhse faoi seach i gceist don chúigiú agus don séú bliain. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar líon na dtréimhsí ranga don Ghaeilge sa tsraith shóisearach agus iarracht a dhéanamh, más féidir sin, ar thréimhse bhreise a chur ar fáil i mbliain amháin ar a laghad de na trí bliana sin. Aithnítear go bhfuil riachtanais uile an tráthchláir le cur san áireamh ag bainistíocht na scoile in aon athbhreithniú dá short.
Tá socruithe cuí i bhfeidhm don Ghaeilge ar an tráthchlár faoina mbíonn na ranganna ar siúl go comhuaineach, bliain ar bhliain, ón dara bliain amach. Fágann seo go mbíonn an deis ann ar ranganna a chur ar bun cothrom leis na leibhéil éagsúla san ábhar agus go mbíonn an deis ag scoláirí teacht ar leibhéal dá rogha féin. Ós rud é gur dhá rang atá i gceist le gach bliain, seachas rang amháin sa chéad bhliain, is ranganna cumais mheasctha a bhíonn i gceist i ngach cás. Eagraítear rang ardleibhéal/gnáthleibhéal amháin agus rang eile gnáthleibhéal/bonnleibhéal i ngach bliain ón dara bliain amach. Léirigh na figiúirí a bhain leis an dara bliain go bhfuil iarracht chomhfhiosach ar siúl le líon na scoláirí a dhíríonn ar an ardleibhéal a mhéadú. Tá staidéar ar an ardleibhéal ar bun sa bhliain sin ag líon suntasach scoláirí agus tá iarrachtaí na múinteoirí agus na scoláirí le chéile le moladh ina leith seo.
Tá seomra ranga faoina cúram féin ag duine de na múinteoirí Gaeilge mar ar féidir acmhainní a chur i dtaisce agus fáil a bheith orthu go saoráideach. Bhí ríomhaire le ceangal idirlín i gceist chomh maith. Cuireadh maoiniú ar fáil le déanaí ar mhaithe le stór foclóirí a chur ar fáil. Bhí na foclóirí seo in úsáid sa rang ag na scoláirí mar gur scaipeadh orthu iad i dtús an cheachta mar áis dóibh le focail a chuardach. B’fhiú na scoláirí a chur ar an eolas chomh maith i dtaobh an fhoclóra leictreonaigh www.focal.ie agus iad a spreagadh le húsáid rialta a bhaint as.
Tacaíonn Coiste Gairmoideachais Chontae na Mí le scoláirí a spreagadh le dul chun na Gaeltachta trí mhaoiniú a chur ar fáil do dhá pháirt-scoláireacht ar chúrsaí samhraidh. Tuairiscíodh go raibh sé dian go leor scoláirí a spreagadh le leas a bhaint as na scoláireachtaí ar chúinsí eacnamaíochta. Tuairiscíodh liosta suntasach imeachtaí a eagraítear i gcaitheamh na bliana – le linn Sheachtain na Gaeilge go háirithe – mar thaca leis an nGaeilge agus le feasacht chultúir a chur chun cinn lasmuigh den seomra ranga ar nós tráth na gceist mar chuid d’Fhéile na Mí, cuairt ar léiriú den dráma ‘An Triail’ i mBaile Átha Cliath, lón le Gaeilge do na scoláirí, agus amhráin Ghaeilge a fhoghlaim. Tá iarrachtaí na múinteoirí ina leith seo le moladh go mór.
Breathnaíodh doiciméid phleanála san ábhar a bhain le roinn na Gaeilge agus leis na múinteoirí ina n-aonar. Bhí ábhar fiúntach le léamh sna cáipéisí seo a léirigh go raibh áit lárnach ag aidhmeanna agus ag cuspóirí na siollabas Gaeilge san obair phleanála. B’fhiú leagan Gaeilge a chur leis na ceannteidil sa chéad doiciméad díobh seo – ‘Cuspóirí agus Aidhmeanna Roinn na Gaeilge’. Sa dá dhoiciméad a lean uaidh seo a bhain le cláir an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta bhí cuntas achomair le léamh ar thorthaí na foghlama a mbeifí ag súil leo ó na scoláirí ar chríochnú na gcúrsaí sin dóibh, cothrom leis na leibhéil éagsúla san ábhar ó thaobh na mórscileanna teanga – éisteacht, labhairt, scríobh agus léitheoireacht. Bhí na cuntais seo le moladh.
Cuireadh scéimeanna teagaisc aonair ar fáil a léirigh go raibh an-mhachnamh agus an-obair déanta le hábhar clóite a chruinniú le húsáid sa rang a dhéanfadh na haidhmeanna ginearálta thuas a bhaint amach. Bhain na hacmhainní seo le hábhar próis, filíochta, comhrá, léamhthuisceana, cluastuisceana agus gramadaí a chruinniú a bheadh in oiriúint do na leibhéil éagsúla. Chomh maith leis sin cuireadh scéimeanna oibre aonair ar fáil a raibh cuntas le léamh iontu faoi na ceannteidil seo a leanas – ábhar an cheachta, téacs le húsáid, méid an ama a bhí le caitheamh ar an ábhar, na hacmhainní le húsáid, na modhanna múinte agus cineál an mheasúnaithe. Bhí an t-ábhar seo ar fad ar ardchaighdeán.
Mar chuid den athbhreithniú atá beartaithe a dhéanamh ar scéimeanna na roinne b’fhiú cuntas ar staid reatha an ábhair sa scoil a chur san áireamh a thabharfadh léargas ginearálta ar chúrsaí rannpháirtíochta agus gnóthachtála na scoláirí san ábhar ag na leibhéil éagsúla sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Níl le déanamh chuige seo ach na sonraí seo a cuireadh ar fáil a chlárú mar chuid dhílis de phlean roinn na Gaeilge.
B’fhiú an tagairt do na hacmhainní Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) mar atá i bplean roinn na Gaeilge a shoiléiriú mar go mba ar leibhéal mianaidhme a bhí an tagairt sin. Tuigeadh go raibh acmhainní TFC in úsáid go teoranta san ábhar. Baineadh dea-úsáid as TFC don Ghaeilge le scoláirí áirithe ar mhaithe le cuntas a chur ar fáil do nuachtlitir scoile um Nollaig. Bhain obair chroschuraclaim leis an tionscnamh seo, aidhm inmholta a cláraíodh i bplean roinn na Gaeilge, sa mhéid is gur baineadh úsáid as léiriú staitisticí faoi threoir an mhúinteora mhatamaitice mar thaca le cuntas a scríobhadh i nGaeilge ar shaol na scoláirí féin.
B’fhiú tógáil ar na hiarrachtaí seo ar mhaithe le pleanáil a dhéanamh le haghaidh taithí theagmhálach a thabhairt do scoláirí ar TFC i gcomhthéacs na Gaeilge. Bhí fáil ar an leathanbhanda agus ríomhaire pearsanta i ngach ceann de na seomraí ranga. Bhí cur amach ag na múinteoirí féin ar scileanna TFC agus bhí an scoil tacúil ar TFC a chur chun cinn. B’fhiú pleanáil le haghaidh cleachtadh a thabhairt do na scoláirí ar na suímh ghréasáin a bhaineann leis an nGaeilge chomh maith le ríomhphoist a scríobh faoi stiúir na múinteoirí. Is tráthúil an t-am é le cúrsaí TFC a chur san áireamh níos mó don Ghaeilge agus polasaí TFC á dhréachtadh ag an scoil.
Cuireadh taifead ar fáil ar chruinnithe na múinteoirí Gaeilge i gcaitheamh na bliana – taifead a chuirtear ar fáil don phríomhoide. Bhí cruthúnas le léamh anseo ar iarrachtaí breise na múinteoirí leis an nGaeilge a chur chun cinn leis na scoláirí – lena n-áirítear foirne díospóireachta Gaeilge a eagrú. Léiriú eile is ea na hiarrachtaí seo ar dhíograis na múinteoirí Gaeilge sa scoil seo le cabhrú leis na scoláirí dul i ngleic leis an teanga go dúshlánach. Bhí an tiomantas seo le moladh go mór.
Breathnaíodh ceithre cheacht in imeacht na cigireachta – péire díobh sin sa tsraith shóisearach agus an péire eile sa tsraith shinsearach. Ranganna cumais mheasctha a bhí i gceist leis na ranganna sin ar fad. Rang cumais mheasctha go hiomlán a bhí i rang na chéad bhliana – an t-aon rang-ghrúpa a bhí sa bhliain sin. Sna blianta eile bhí dhá rang Gaeilge ar siúl go comhuaineach ar an tráthchlár. Cheadaigh an socrú seo rang ardleibhéal/gnáthleibhéal agus rang gnáthleibhéal/ bonnleibhéal a chur ar bun sna blianta sin ar fad. I ngach cás leis na ranganna sin bhí na múinteoirí ag díriú ar an líon ba mhó scoláirí a spreagadh le tabhairt faoin leibhéal ab airde cumas. Bhí na hiarrachtaí seo le moladh.
Bhain cur i láthair spreagúil leis na ranganna ar fad a breathnaíodh agus bhíothas moltach ar iarrachtaí na scoláirí i ngach cás. Rinne na scoláirí gach dícheall freagairt don spreagadh seo agus páirt a ghlacadh go gníomhach san obair a bhí ar siúl. Bhain cáilíocht dhearfach leis an idirphlé a lean idir na múinteoirí agus na scoláirí agus ní raibh leisce ar na scoláirí leanacht le bheith páirteach san idirphlé sin fiú nuair a tugadh freagra(í) a bhí mícheart. Freagairt dhearfach na múinteoirí ar iarrachtaí na scoláirí ba chúis leis sin. Bhí na múinteoirí le moladh as a gcúram le féinmhuinín na scoláirí a chothú chun rannpháirtíochta sa rang Gaeilge go háirithe i gcás na scoláirí sin a léirigh cumas teoranta sa teanga.
Bhain aidhm shoiléir leis na ceachtanna ar fad agus rinneadh ullmhúchán maith roimh ré chun na críche sin. Bhí an méid sin soiléir ón struchtúr a bhain leis na ceachtanna, ón gcaoi ar cuireadh aidhmeanna an cheachta i gcrích laistigh den tréimhse ama a bhí ar fáil agus ón obair bhreise a réitíodh roimh ré le dáileáin a scaipeadh ar na scoláirí mar thaca agus mar shoiléiriú ar obair an cheachta. Bhain féinmhuinín leis an gcur i láthair a rinne an bheirt mhúinteoirí agus rinne siad bainistiú éifeachtach ar ghníomhaíochtaí an teagaisc agus na foghlama.
Bhain eagar ar leith leis an gcaoi a ndearna na múinteoirí cúram don teagasc idirdhealaitheach sna ranganna agus mar a leag siad amach tascanna le déanamh ag dream de leibhéal amháin fad a bhí obair eile ar siúl le scoláirí de leibhéal eile. Ghluais na múinteoirí ó dhream amháin go dream eile gan dochar do cháilíocht na hoibre a bhí ar siúl ag an dream a bhí ag obair astu féin. Bhain atmaisféar dearfach leis na ranganna agus ba léir go raibh cleachtadh ag na scoláirí ar obair a dhéanamh leo féin agus i bpáirt le chéile fad a bhí an múinteoir go gníomhach le scoláirí de leibhéal eile.
Labhair an cigire le grúpaí éagsúla a bhí i mbun oibre le chéile mar sin fad a bhí an múinteoir gafa le dream eile agus ba léir go raibh cur amach ag na scoláirí ar obair a dhéanamh go neamhspleách mar sin laistigh den rang Gaeilge. Bhí atmaisféar comhoibritheach foghlama le sonrú ar obair na ranganna – a bhuíochas sin d’iarrachtaí na múinteoirí le freastal ar riachtanais na scoláirí ar fad. Bhí líon fiche scoláire mar mheán sna ranganna ar fad a breathnaíodh agus bhain na múinteoirí leas as an gcoibhneas fabhrach sin le freastal ar na scoláirí ar fad agus lena spreagadh chun rannpháirtíochta.
Baineadh leas maith as sraith d’fhoclóirí póca a scaipeadh ar na scoláirí i dtús ceachta le foghlaim neamhspleách a chothú i rang sa tsraith shóisearach. Taispeánadh liosta focal ar an scáileán a baineadh ó scéal próis a raibh athmheabhrú á dhéanamh air do scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Bhain dúshlán maith do lucht ardleibhéil leis na focail dea-roghnaithe sin a chuirfeadh ar a gcumas mórthéamaí an scéil phróis a phlé agus a chuirfeadh go mór lena saibhreas foclóra agus teanga. Liosta focal a bhí ann a bhí léite ag na scoláirí cheana. Dúradh leis na scoláirí abairtí a chumadh agus míniú ar na focail a taispeánadh ar an liosta a bheith le léamh sna habairtí sin. Moladh an foclóir póca mar leabhar tagartha agus tugadh tréimhse ama leis an tasc a dhéanamh.
Bhog an múinteoir i measc an ghrúpa ghnáthleibhéil ag cabhrú leo siúd go haonar agus mar ghrúpa fad a bhí lucht an ardleibhéil i mbun oibre. D’oibrigh cuid de lucht an ardleibhéil le chéile agus cuid eile ina n-aonar. Níorbh ann don easpa smachta ná don easpa dúthrachta leis an obair a tugadh ag am ar bith. Ba mhar a chéile a bhí an t-atmaisféar i measc an ghrúpa ghnáthleibhéil nuair a d’fhill an múinteoir ar an lucht ardleibhéil. Bhí an ceacht ar fad ina eiseamláir ar dhea-eagar ranga agus ar obair idirdhealaitheach a chleachtadh le rang cumais mheasctha. Shábháil an múinteoir an-chuid ama le hábhar a bhí réamhullmhaithe aici ar ríomhaire glúine a thaispeáint ar an scáileán agus léirigh an múinteoir máistreacht ar scileanna teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide. Bhí riar an cheachta seo le moladh ó thús deireadh.
Rinneadh scileanna éagsúla na teanga a chomhtháthú sna ranganna ar fad – cur chuige a bhí le moladh go mór. Tugadh léiriú cumasach air seo le rang sa tsraith shóisearach mar a ndearnadh cleachtadh an-mhaith ar chomhrá ar ghnáthimeachtaí an lae leis na scoláirí i dtús an ranga. Iarradh ar na scoláirí ar ball gearrchuntas a scríobh ar an méid a dúirt siad roimhe sin. B’fhiú tógáil air seo agus ceist a chur ar scoláirí éagsúla san obair chomhrá faoin bhfreagra a thug scoláirí eile. Sa tslí sin ní ag fanacht lena bpíosa cainte féin amháin a dhéanamh a bheadh na scoláirí ach chaithfeadh siad éisteacht lena raibh á rá ag scoláirí eile chomh maith.
Bhí éagsúlacht an-mhaith le sonrú ar obair an ranga seo. Nuair a cuireadh an obair scríbhneoireachta i gcrích cuireadh an rang ar fad ag canadh amhráin i nGaeilge – leagan a réitigh an múinteoir ar phopamhrán Béarla. Ba léir gur bhain na scoláirí taitneamh as an amhrán féin a chanadh agus as an sos a tugadh dóibh ó na himeachtaí eile. Rinneadh cleachtadh maith ina dhiaidh sin ar chuntas dialainne a chumadh bunaithe ar phictiúirí a scaipeadh ar dháileán. Fótócóip de leathanach as téacsleabhar a bhí i gceist a raibh stór foclóra i mBéarla agus i nGaeilge in íochtar an leathanaigh. Léirigh cuid de na scoláirí nár ghá dóibh cloí leis an bhfoclóir sin fad a bhí scoláirí eile go mór faoi chomaoin aige. B’fhiú iarracht a dhéanamh leis an aistriúchán Béarla a choimeád siar nó gan é a chur ar fáil in aon chor – go háirithe i dtús ama.
Ba le cúrsa litríochta na hArdteistiméireachta a bhain ábhar na ranganna a breathnaíodh sa tsraith shinsearach. I gceann amháin de na ranganna sin rinneadh athmheabhrú maith ar cheann de na sleachta próis le cur i láthair ‘PowerPoint’ ar an scéal. Scaipeadh dáileán den chur i láthair ar na scoláirí a cheadaigh nótaí a scríobh isteach. Níor cuireadh aon am amú dá bharr sin le hábhar a scríobh síos i rith an cheachta – seachas ábhar breise nó ábhar mínithe.
Ba i nGaeilge don chuid ba mhó ar fad a bhí imeachtaí an ranga agus baineadh úsáid as aistriúchán go Béarla go teoranta mar threoir bhreise do na scoláirí a bhí ag gabháil den ghnáthleibhéal agus ar bhain dúshlán mór dóibh le cuid den ábhar a cuireadh rompu. B’fhiú ábhar idirdhealaitheach níos mó a chur san áireamh anseo chomh maith ar mhaithe leis na scoláirí sin a raibh dúshlán ró-mhór dóibh sa teanga a cuireadh os a gcomhair.
I gcás ranga eile sa tsraith shinsearach cleachtadh an comhrá i dtús an ranga chomh maith – rud a bhí le moladh. Ba mhaith ab fhiú an chaint seo a leathnú amach de réir a chéile agus caint a chleachtadh chomh maith ar ghnáthimeachtaí an lae. B’fhearr an cur chuige sin mar rogha ar athmheabhrú rialta ar cheisteanna a bhaineann le garthimpeallacht an scoláire amháin – na cineálacha ceisteanna a mbeifí ag tnúth leo i dtús na béaltrialach amháin, ar nós, ‘Conas tá tú’?, ‘Cá bhfuil tú i do chónaí’, ‘Cad iad na hábhair scoile atá ar siúl agat’?
Rinneadh athmheabhrú maith ar dhán ón gcúrsa litríochta le cabhair cheistneora a scaipeadh mar dháileán. Chabhraigh na ceisteanna leis na scoláirí a dtuiscint ar an dán a chur in iúl mar gur léir go raibh cumas teoranta acu iad féin a chur in iúl astu féin faoin dán. B’fhiú athmhachnamh a dhéanamh ar fhiúntas na hoibre a bhí i gceist le hachoimre i mBéarla ar an ngearrscannán a aistriú go Gaeilge mar thasc. Is mó an leas a bhainfeadh le hachoimre simplí i nGaeilge a chleachtadh.
Ar an iomlán bhí caighdeán an teagaisc agus cur chuige na múinteoirí Gaeilge le moladh go mór.
Cuirtear trialacha go rialta ar na scoláirí nuair a bhíonn aonad oibre ar leith críochnaithe agus cláraítear na torthaí i leabhair thorthaí na múinteoirí. Tá polasaí obair bhaile ag an scoil a leagann síos treoir chinnte maidir le hobair bhaile a thabhairt agus a cheartú. Léirigh na cóipleabhair a breathnaíodh go raibh an treoir sin á leanúint agus go raibh réimse cuí san obair sin mar aon le haitheantas an mhúinteora ar obair na scoláirí le léamh sna cóipleabhair.
Léirigh obair na gcóipleabhar i gcásanna go raibh aistriúchán go Béarla mar chuid rialta den obair a bhí ar siúl. B’fhiú athmhachnamh a dhéanamh air seo agus triail a bhaint as méid na hoibre atá á dhéanamh le cabhair an aistriúcháin a chiorrú agus cleachtadh ó bhéal níos mó a dhéanamh ina áit. Ba mhaith an rud go n-aontódh na múinteoirí ar pholasaí maidir le háit chuí don aistriúchán san obair ranga agus san obair bhaile. Ba bheag ar fad den Bhéarla a bhí in úsáid sa rang ach bhí méid suntasach le léamh i gcóipleabhair áirithe.
Cuirtear scrúduithe foirmiúla tí ar siúl um Nollaig agus sa samhradh do na ranganna ar fad agus triailscrúduithe san Earrach do na ranganna a bhíonn ag gabháil de na scrúduithe teistiméireachta. Cuirtear scileanna uile na teanga san áireamh sna scrúduithe sin ach amháin i gcás labhairt na teanga sa tsraith shóisearach.
Moltar tabhairt faoi mheasúnú a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge ó thús na chéad bhliana agus aird ar aidhmeanna churaclam leasaithe na Bunscoile i dtaca le scileanna cumarsáide a chur chun cinn sa Ghaeilge. B’fhiú chomh maith machnamh ar na féidearthachtaí a bhainfidh leis na scoláirí a chur isteach ar an mbéalscrúdú roghnach i scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh le héifeacht ón mbliain 2010 amach – faoina mbeidh daichead faoin gcéad de mhóriomlán na marcanna le gnóthú ar ghné na Gaeilge labhartha. B’fhiú cinneadh a dhéanamh go luath ar an gceist cé acu na scoláirí a chur isteach ar an mbéalscrúdú seo. Má chinntear ar an mbeart sin beidh deis níos mó ag na múinteoirí Gaeilge ar an teanga labhartha a chur chun cinn ón gcéad lá sa chéad bhliain agus ar mhéid níos mó ama a chaitheamh á cleachtadh.
Léirigh an anailís a cuireadh ar fáil ar staitisticí na scrúduithe teistiméireachta sa Ghaeilge méid an dúshláin atá roimh na múinteoirí le leibhéal na rannpháirtíochta ag an ardleibhéal a ardú agus le leibhéal na rannpháirtíochta ag an mbonnleibhéal a ísliú. Léirigh na múinteoirí, lena gcuid ullmhúchán agus lena gcleachtais ranga go raibh aghaidh á thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin sin.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.