An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
Gairmcholáiste Bhun Clóidí
Bun Clóidí, Co. Loch Garman
Uimhir rolla: 71620H
Dáta na cigireachta: 6 Márta 2007
Dáta eisiúna na tuairisce: 17 January 2008
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Freagra na Scoile ar an Tuairisc
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i nGairmcholáiste Bhun Clóidí. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Ranganna cumais mheasctha a bhíonn i gceist don chéad bhliain sa scoil. Déantar na scoláirí a roinnt ansin sa dara bliain don Ghaeilge ag brath ar thorthaí scrúduithe agus ar mhianta na scoláirí féin.
Tuairiscíodh le linn na cigireachta go raibh deacrachtaí ag an scoil i mbliana teacht ar mhúinteoir cáilithe Gaeilge le freastal ar ranganna nach raibh clúdaithe de bharr cúrsaí tinnis i measc na foirne. Níor éirigh le bainistíocht na scoile gach rang a chlúdach áfach, agus tá idir múinteoir neamhoilte agus múinteoir ar bheagán Gaeilge ag clúdach na ranganna sin faoi láthair. Tuigtear deacrachtaí na scoile ina leith seo ach moltar go ndéanfaí gach iarracht an scéal a chur ina cheart don bhliain seo chugainn.
Tá ochtar déag as céad seachtó dó scoláire sa scoil le díolúine ón nGaeilge. Is scoláirí idirnáisiúnta iad ochtar den ochtar déag scoláire sin. Tuairiscíodh go bhfuil riail daingin sa scoil go ndéanann gach scoláire sa scoil staidéar ar an nGaeilge ach amháin iad siúd a bhfuil díolúine acu. Iarrtar orthu siúd a bhfuil díolúine acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge sa chéad bhliain ar a laghad, seachas na scoláirí idirnáisiúnta. Tuairiscíodh áfach, go dtagann líon suntasach scoláirí (mar shampla, seisear sa chéad bhliain i mbliana) chun na scoile ar bhonn rialta ag rá nár fhoghlaim siad Gaeilge sa bhunscoil ach gan díolúine a bheith acu. Moltar do bhainistíocht na scoile féachaint ar na féidearthachtaí maidir leis an gceist seo a phlé le príomhoidí na mbunscoileanna as a dtagann na scoláirí seo. Mar chuid den teagmháil leanúnach a bhíonn ag an scoil leis na bunscoileanna, chabhródh sé a mhíniú gur gá do gach scoláire an Ghaeilge a fhoghlaim ag an dara leibhéal mura bhfuil siad i dteidil díolúine ón nGaeilge de réir chiorcláin M10/94.
Tuairiscíodh gur eagraíodh imeachtaí le linn “Seachtain na Gaeilge” an bhliain seo caite. Eagraíodh tráth na gceist agus comórtais phóstaer. I mbliana de bharr brú ama agus freagrachtaí breise ar bhaill foirne áirithe, níl sé soiléir an mbeidh aon imeachtaí á reachtáil le linn 2007. Moltar go bpléifí an cheist seo a luaithe is a bhíonn an fhoireann Ghaeilge ar ais sa scoil agus go ndéanfaí iarracht clár taitneamhach spéisiúil a leagan amach mar cheiliúradh ar “Sheachtain na Gaeilge”. Moltar go n-eagrófaí imeachtaí eile i rith na bliana freisin de réir a chéile. Tá sé tábhachtach taithí a thabhairt do scoláirí ar an nGaeilge mar theanga bheo lasmuigh den seomra ranga.
Níl seomraí ranga dá gcuid féin ag na múinteoirí. Fanann na scoláirí ina gcuid seomraí féin agus bogann na múinteoirí timpeall ó sheomra go seomra. Dá bharr seo, tá sé deacair timpeallacht Ghaelach a chruthú sna seomraí ranga. Mar sin féin, bhí roinnt oibre de chuid na scoláirí in airde ar bhallaí na seomraí ranga chomh maith le cúpla póstaer. Moltar na hiarrachtaí seo go mór ach is gá úsáid a bhaint as ábhar i nGaeilge atá crochta ar bhallaí na seomraí ranga. Is féidir, mar shampla, úsáid a bhaint as pictiúir faoi chúrsaí spóirt nuair atá an t-ábhar sin á chlúdach sa rang, chun tuiscint na scoláirí a chinntiú gan dul i muinín an Bhéarla.
Tuairiscíodh gur beag áiseanna nó acmhainní atá ar fáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge ach gur féidir dul chuig an mbainistíocht le hiarratais le haghaidh áiseanna nua. Moltar go ndéanfaí liosta de na hacmhainní atá sa scoil faoi láthair agus go ndéanfaí pleanáil do ghnóthú agus do sholáthar breis áiseanna thar thréimhse cúpla bliain. Ba cheart go mbeadh na háiseanna seo ar fáil in áit lárnach sa scoil. Tá liosta áiseanna do mhúineadh na teanga ar fáil ar shuíomh ghréasáin www.cogg.ie.
Cuireann an Coiste Gairmoideachais ceithre scoláireacht Ghaeltachta ar fáil in aghaidh na bliana do scoláirí na céadbhliana. Má tá cúpla duine eile sa scoil ar mian leo dul chun na Gaeltachta agus a bhainfeadh tairbhe as tréimhse a chaitheamh ann, cabhraíonn an scoil le costas na scoláirí sin a ghlanadh. Moltar an cur chuige sin.
Tá duine de na múinteoirí Gaeilge ainmnithe mar comheagraí pleanála do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil. Bhí cruinniú amháin leathlae ag na múinteoirí Gaeilge i mbliana do phleanáil do mhúineadh agus foghlaim na teanga. Tuairiscíodh go mbíonn cruinnithe eile neamhfhoirmeálta acu ina measc féin i rith na bliana.
Tá méid áirithe oibre déanta ar phlean do mhúineadh agus foglaim na Gaeilge sa scoil. Moltar iarrachtaí na múinteoirí ina leith seo go mór. Níorbh léir le linn na cigireachta áfach, go raibh gnéithe suntasacha den phlean á gcur i bhfeidhm sna seomraí ranga. Níorbh léir, mar shampla, go raibh réimse leathan áiseanna spéisiúla agus taitneamhacha á n-úsáid sna rangannna agus níorbh léir ach an oiread go raibh obair ar siúl maidir le húsáid theicneolaíoicht an eolais agus na cumarsáide nó go raibh béim ar obair thras-churaclaim sna ranganna. Tá an cur síos ar na nithe thuasluaite sa phlean thar a bheith inmholta ach moltar go gcuirfí i bhfeidhm iad gan mhoill.
Moltar freisin go mbeadh na cáipéisí pleanála scríofa i nGaeilge le hachoimre i mBéarla más gá. Moltar chomh maith tógaint ar an obair phleanála atá déanta go dáta agus go gcuimseodh an plean Gaeilge na nithe seo a leanas: liosta na dtopaicí do na bliainghrúpaí agus do na leibhéil éagsúla, cur síos beacht ar na háiseanna agus na hacmhainní a úsáidtear do mhúineadh na teanga sa rang agus réimse modheolaíochtaí agus straitéisí múinteoireachta. Tuairiscíodh go mbíonn béim leagtha ar úsáid Theicneolaíocht an Eolais agus na Cumarsáide de ghnáth ach níl sé sin ar siúl faoi láthair toisc deacrachtaí foirne. Moltar go mbeadh pleanáil déanta don ghné rí-thábhachtach seo den mhúinteoireacht agus go mbeadh an plean d’úsáid Theicneolaíocht an Eolais agus na Cumarsáide á chur i bhfeidhm go forleathan i measc mhúinteoirí na Gaeilge.
Bhí pleanáil mhaith chúramach déanta do na ranganna a breathnaíodh ar an iomlán. I ranganna áirithe, bhí réimse áirithe tascanna beartaithe le cur i gcrích ag na scoláirí agus bhí luas maith leis na ranganna de bharr na héagsúlachta agus na dea-phleanála seo.
Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chaidrimh lag sna ranganna Gaeilge a breathnaíodh. Tugadh faoi deara go raibh múinteoirí ag múineadh trí Bhéarla beagnach go huile is go hiomlán agus go raibh na treoracha ranga go léir tugtha i mBéarla. Fiú agus an rolla á ghlaoch, d’fhreagair scoláirí i mBéarla. Is gá do mhúinteoirí na Gaeilge polasaí láidir a cheapadh agus a aontú ina leith seo. Tá sé fíorthábhachtach go mbainfí úsáid leanúnach as an sprioctheanga sa rang. Moltar aghaidh a thabhairt ar an laige seo láithreach. Baineadh úsáid leanúnach as an aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla freisin sna ranganna aon uair a baineadh úsáid as an nGaeilge féin. Anuas air seo, iarradh ar scoláirí gach focal de dhánta, píosaí léamhtuisceana agus altanna a aistriú focal ar fhocal ar bhonn leanúnach. Moltar go ndéanfaí roinnt plé agus machnaimh ar shlite eile a aimsiú le tuiscint na scoláirí ar ábhar an cheachta a chinntiú seachas a bheith ag brath ar an aistriúchán an t-am go léir. Is gá a chinntiú freisin go dtugtar deiseanna cumarsáide do scoláirí lasmuigh de fhreagairt ceisteanna amháin. Moltar go bpléifeadh na múinteoirí roinnt straitéisí agus seifteanna ina measc féin maidir le cruthú deiseanna cumarsáide. Is féidir úsáid a bhaint as cleasanna difriúla chun scoláirí drogallacha cúthaileacha a chur ag caint idir chluichí, ról-imirt, obair bheirt agus ghrúpobair, ag brath ar ndóigh ar an rang agus ar chumas na scoláirí.
I gcúpla rang a breathnaíodh, braitheadh go raibh cumarsáid mhaith idir na scoláirí agus an múinteoir. Bhí cúrsaí smachta go maith sna ranganna a breathnaíodh agus d’éirigh le múinteoirí scoláirí a chur ag obair go dícheallach ar an iomlán. I gcúpla chás a breathnaíodh bhog an múinteoir timpeall an tseomra ranga ag comhrá le scoláirí agus ag cinntiú go raibh an obair á cur i gcrích. Is cur chuige maith é seo toisc go bhfuil sé tábhachtach teagmháil a choimeád le scoláirí le linn an ranga agus cabhair agus comhairle a sholáthar dóibh ar bhonn rialta. Moltar go ndéanfaí amhlaidh i ngach rang agus moltar freisin ar ndóigh, go mbeadh an chumarsáid i nGaeilge leis na scoláirí. Moltar freisin na scoláirí a mholadh ar bhonn leanúnach as iarrachtaí a dhéanann siad sna ranganna. Tugann sé seo spreagadh as cuimse dóibh go háirithe iad siúd a bhfuil níos mó deacrachtaí acu le foghlaim na teanga.
Moltar go mór an cleachtas a breathnaíodh i gcás amháin, áit a úsáideadh cártaí cuimhne chun an rang a dhéanamh níos spéisiúla agus níos tarraingtí do scoláirí. D’oibrigh sé seo go maith ach amháin go raibh na cártaí féin ró-bheag agus bhí sé deacair iad a léamh i gceart ó chúl an tseomra. Moltar freisin an bealach a úsáideadh ‘charades’ mar chleas chun na scoláirí a chur ag caint agus ag cur ceisteanna sa rang. San áit gur baineadh úsáid as na seifteanna seo, bhain na scoláirí taitneamh agus tairbhe as an rang agus moltar an réamhullmhúchán a rinneadh roimhré chun an t-ábhar a réiteach don cheacht. Chinntigh an réamhullmhúchán do na tascanna éagsúla go raibh luas maith leis an rang agus go raibh éagsúlacht i gceist rud a chinntigh gur coimeádadh spéis na scoláirí san ábhar idir lámha.
Moltar an bealach a rinneadh iarrachtaí ábhar an cheachta a cheangal le saol na scoláirí féin i gcás amháin a breathnaíodh. Cuireadh ceisteanna ar na scoláirí faoin a gcuid taithí féin i réimsí éagsúla den saol comhaimseartha. Chabhraigh sé go mór leis an rang a dhéanamh spéisiúil dóibh, ach faraoir bhí an chaint ar fad i mBéarla idir cheisteanna an mhúinteoirí agus freagraí na scoláirí.
Is gá níos mó airde a dhíriú ar chúrsaí foghraíochta. Is gá foghraíocht na scoláirí a cheartú ar bhealach tuisceanach gan cur as don fhéinmhuinín nó don rithim cainte. Is gá do na múinteoirí a bheith cúramach faoina gcuid foghraíochta agus a gcuid cruinnis féin chomh maith.
Moltar úsáid a bhaint as réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní sna ranganna Gaeilge d’fhonn foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos spéisiúla agus níos tarraingtí do scoláirí. Moltar mar shampla, úsáid rialta a bhaint as na meáin chumarsáide Ghaeilge TG4 ach go háirithe. Is áis iontach í TG4 agus is féidir tacú le múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa tseomra ranga trí ghiotaí as cláracha ábharacha a thaispeáint sa rang. Is féidir úsáid a bhaint as píosaí ceoil agus as pictiúir chomh maith chun tuiscint scoláirí ar cheachtanna agus ar phíosaí litríochta a fheabhsú agus a a bhuanú.
Bíonn scrúduithe foirmeálta ranga eagraithe sa scoil faoi dhó sa bhliain um Nollaig agus um Cháisc. Tuairiscíodh gur eagraíodh scrúduithe comónta do na ranganna sa chéad agus sa tríú bliain anuraidh ach sin díreach toisc go raibh an múinteoir céanna ag an dá rang sin agus ní de bharr comhphlé nó polasaí aontaithe. Moltar go ndéanfadh na múinteoirí plé ina measc féin faoin cheist seo agus go gceapfaí polasaí ina leith. Eagraíonn na múinteoirí Gaeilge scrúduithe beaga ranga go tráthrialta i rith na bliana de réir a gconláin féin ach níl aon chleachtas comónta ann. Tuairiscíodh nach ndéantar aon mheasúnú ar scileanna labhartha na scoláirí ach amháin sa séú bliain áit a gcuirtear béal scrúdú trialach orthu. Moltar go ndéanfaí na scileanna cumarsáide a mheas ón gcéad bhliain ar aghaidh agus go mbeadh sé mar chuid den phlean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil.
Tuairiscíodh nach ndéantar measúnú rialta ar bhonn bliantúil ar thorthaí na scrúduithe stáit ach go dtarlaíonn sé anois is arís. Moltar go bhféachfaí ar thorthaí na scrúduithe gach bliain d’fhonn féachaint ar ghnóthachtáil leanúnach na scoláirí.
Cuirtear staidéar maoirsithe ar fáil do scoláirí sa scoil ceithre lá sa tseachtain agus tugtar tús áite do na scoláirí atá i mbun na scrúduithe stáit. Moltar an cur chuige seo.
Bhí cuid mhaith oibre déanta sna cóipleabhair a breathnaíodh agus ba léir go dtugtar agus go gceartaítear an obair bhaile go rialta. Moltar díogras na múinteoirí ina leith seo ach moltar a bheith cúramach faoi cheartú na hoibre chomh maith agus a chinntiú go bhfuil na botúin mhóra á n-aithint.
Tá na scoláirí ar fad sa dara agus sa tríú bliain i mbun Chláir Scoile an Teastais Shóisearaigh. Cé go dtuigtear go raibh go leor athraithe i gceist i gcúrsaí foirne i mbliana moltar a chinntiú go líontar amach na prófílí cuí don Ghaeilge do gach scoláire atá i mbun an chláir seo. Is gá a chinntiú freisin go bhfuil na scoláirí iad féin ar an eolas faoi na prófílí agus go bhfuil fhios acu nuair a bhaineann siad na spriocanna éagsúla amach.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
· Moltar an cleachtas atá sa scoil scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh agus cabhrú le scoláirí a bhfuil fíorspéis acu tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, ach nach bhfuil sé d’acmhainn acu é sin a dhéanamh, a gcuid costaisí a ghlanadh.
· Moltar seasamh na bainistíochta maidir leis an bpolasaí daingean atá acu i leith staidéar na Gaeilge ach amháin i gcás scoláirí a bhfuil díolúinte acu.
· Moltar an obair atá déanta go dáta ar phlean a chur le chéile do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil.
· Bhí pleanáil mhaith cúramach déanta do na ranganna a breathnaíodh ar an iomlán agus moltar an réamhullmhúchán i gcás amháin a breathnaíodh a bhí fíor-mhaith ar fad.
· Bhí cúrsaí smachta go maith ar an iomlán sna ranganna a breathnaíodh.
· Moltar an úsáid a baineadh as modheolaíochtaí agus tascanna éagsúla i gcás amháin a breathnaíodh.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar do bhainistíocht na scoile labhairt arís le bunscoileanna an cheantair maidir le ceist díolúinte ón nGaeilge.
· Moltar pleanáil a dhéanamh d’eagrú imeachtaí agus ócáidí le linn “Seachtain na Gaeilge” an bhliain seo chugainn.
· Moltar pleanáil a dhéanamh do ghnóthú agus do sholáthar réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge, agus go mbainfí úsáid astu sna rangannna Gaeilge ar bhonn rialta.
· Moltar tógaint ar an obair phleanála a rinneadh go dtí seo agus plean cuimsitheach do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge a chur le chéile agus gach gné den phlean sin a chur i bhfeidhm sa scoil agus sna seomraí ranga. Ba cheart go mbeadh an plean sin scríofa i nGaeilge.
· Is gá polasaí cinnte a cheapadh agus a aontú i leith úsáid na sprioctheanga sna seomraí ranga.
· Moltar go gcuirfí deiseanna cumarsáide ar fáil go rialta do scoláirí agus go ndéanfaí measúnú ar scileanna labhartha na scoláirí ón gcéad bhliain ar aghaidh.
Eagríodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh an meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta
Area 1 Observations on the content of the inspection report
The school has now 3 fully qualified teachers in the Irish Department.
Area 2 Follow-up actions planned or undertaken since the completion of the inspection activity to implement the findings and recommendations of the inspection
The Home School Community Liason Officer will be visiting all primary schools of new students to establish the position with regard to students’ exemption from Irish as to Department of Education and Science requirements.