An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cigireacht Ábhair ar an Eolaíocht
TUAIRISC
Coláiste Ghobnatan
Baile Mhic Íre, Contae Chorcaí
Uimhir rolla: 70920O
Dáta na cigireachta: 9 Bealtaine 2007
Dáta eisiúna na tuairisce: 17 Eanáir 2008
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc san eolaíocht
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i gColáiste Ghobnatan. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht na foghlama agus an teagaisc san Eolaíocht agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá ar ar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus ar ar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus do na múinteoirí Eolaíochta. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo. <0}
Tréaslaítear leis an mbainistíocht a dtiomantas don oideachas eolaíochta i gColáiste Ghobnatan. Is croí-ábhar í an Eolaíocht sa timthriall sóisearach agus tugtar deis do na scoláirí uile staidéar a dhéanamh ar Eolaíocht Talmhaíochta, Bitheolaíocht, Ceimic agus Fisic don Ardteistiméireacht. Tá éileamh maith ar na hábhair eolaíochta go léir don Ardteistiméireacht. Éascaítear forbairt na scoláirí a thuilleadh in eolas eolaíochtúil, tuiscint agus scileanna próisis eolaíochta, trí Staidéir Bheatha agus Eolaíocht Fhisiceach a chur ar fáil san Idirbhliain.
Is dea-chleachtas oideachasúil é córas blaistíneachta a fheidhmiú sa Chéad Bhliain, toisc go gcabhraíonn sé le scoláirí roghanna cuí ábhair a dhéanamh don Teastas Sóisearach. Mar sin féin, gabhann impleachtaí leis seo don am a lamháltar don Eolaíocht, atá beagán níos lú ná mar a mholtar sa siollabas. Moltar don bhainistíocht straitéisí a fhiosrú trína dtabharfaí aghaidh ar an tsaincheist seo. Tá an lamháil ama sa tráthchlár do na hEolaíochtaí Ardteistiméireachta ag teacht le riachtanais an tsiollabais. Ar an mórgóir, tá dáileadh cothrom de cheachtanna sna heolaíochtaí ó cheann ceann na seachtaine. A chontrárthacht sin, i gcás nó dhó, bíonn ceachtanna ag ranganna lá i ndiaidh a chéile, ionas nach mbíonn teagmháil ceachta eile acu go ceann ceithre nó cúig lá. Ní dea-chleachtas é seo agus ní mór é a chur ina cheart ar an tráthchlár feasta. Cé gur inmhianaithe é go mbeadh ceacht dúbailte amháin in aghaidh na seachtaine san Eolaíocht, ní cóir dhá cheacht dúbailte a chur ar an tráthchlár, toisc go laghdaíonn sé seo an t-am teagmhála ranga ó lá go lá i rith na seachtaine. Ba thairbhiúla ceacht dúbailte amháin agus fuíollach an ama a dháileadh i bhfoirm ceachtanna singile.
Is suntasach an ní é go leagtar amach na bloic do na hábhair roghnacha san Ardteistiméireacht de réir roghanna na scoláirí. Tugtar tacaíocht fhónta do na scoláirí agus iad i mbun ábhair a roghnú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht araon. Áirítear ar an tacaíocht seo seisiúin treorach ar an tráthchlár don Idirbhliain, oícheanta eolais do thuistí/caomhnóirí agus do scoláirí, agus eolas agus comhairle ó na hoidí ábhair. Tá sé beartaithe seisiúin treorach a chur ar an tráthchlár don Dara agus don Tríú Bliain ó Mheán Fómhair 2008. Moltar é seo.
De ghnáth, coinníonn ranganna eolaíochta a n-oidí i rith an timthrialla shóisearaigh agus arís don Ardteistiméireacht. Moltar don bhainistíócht leanúint leis an dea-chleachtas seo, mar go gcothaíonn sé leanúnachas sa bhfoghlaim. Tuigtear go bhfuil próiseas induchtaithe i bhfeidhm do mhúinteoirí nuacheaptha.
Is iad na háiseanna eolaíochta atá sa scoil ná saotharlann amháin agus seomra léiriúcháin. Ar a shon sin, tá an seomra léiriúcháin suite achar suntasach ón stór agus ón ionad ullmhúcháin. Ar an gcúis seo, ní cheaptar go bhfuil sé praiticiúil feidhm a bhaint as seo do ghníomhaíochtaí láimhdeachais na scoláirí. Léirítear méid an dúshláin atá le sárú ag na scoil maidir le háiseanna a sholáthar do theagasc na heolaíochta sa bhfíric go múintear cuid de na ceachtanna sa chistin. Tagann roinnt mhaith fadhbanna i gceist maidir leis an tsaotharlann agus leis an ionad stórála/ullmhúcháin. Tá formhór na sconnaí ar bhinsí na scoláirí briste, níl an cófra gaile ag gníomhú mar ba chóir agus tá sileadh uisce i gcúinne den tsaotharlann. Níl aerú ar bith sa stóras ceimiceán. Cé go n-aithnítear go bhfuil an scoil tar éis iarratas a dhéanamh ar shaotharlann nua, ní mór aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo ionas go gcuirfear láthair oibre shábhailte ar fáil agus go n-éascófar obair phraiticiúil éigeantach na scoláirí. Moltar go gcuirfeadh an bhainistíocht iarratas isteach ar dheontas faoin Scéim Oibre Shamhraidh.
Tacaíonn soláthar fiúntach de acmhainní, a gcuirtear leis ar bhonn riachtanais, le teagasc agus foghlaim na n-eolaíochtaí. Le linn an mheastacháin, chuir oidí a míshástacht in iúl toisc nach bhfuil téacsleabhar simplí eolaíochta i nGaeilge ar fáil. Dúradh go gcruthaíonn an easpa seo deacrachtaí do scoláirí agus iad i mbun obair bhaile scríofa, toisc go bhfuil orthu faoi láthair na ceisteanna a léamh i mBéarla agus na freagraí a scríobh i nGaeilge.
Tréaslaítear leis an mbainistíocht an oiread teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC) a bheith curtha ar fáil chun an teagasc agus an fhoghlaim a chur chun cinn. Tá ríomhaire glúine ag gach múinteoir agus táthar tar éis teilgeoir sonraí a lonnú sa saotharlann le déanaí. Tuigtear go gcuirfear an teilgeoir sonraí i bhfearas i rith an tsamhraidh. Tá fáil, freisin, ar fhearas logála sonraí, uasteilgeoir agus seinteoir DVD/fístéipeanna sa roinn eolaíochta. Cuireann dícheall na n-oidí i gcruthú timpeallacht foghlama spreagúil sa saotharlann agus sa chistin, trí phóstaeir agus mionsamhla eolaíochtúla a chur ar taispeáint, barr feabhais inmholta ar an timpeallacht foghlama.
Tá soláthar iomadúil de fhearais sábhailteachta sa tsaotharlann, de leithéidí scuchairí aonraithe leictreacha, múchtóirí tine, spéaclaí sábhailteachta agus araile. Ní mór, áfach, lear suntasach oibre a thógaint ar láimh lena dheimhniú go ndéanfar stóráil ar cheimiceáin de réir mar a mholtar i dtreoirlínte na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus de réir na gcleachtas sábháilteachta is fiúntaí. Is féidir teacht ar eolas maidir le haicmiú stóráil shábháilte ar shuíomh idirlín an tSeirbhís Tacaíochta don Cheimic ag www.slss.ie agus ar shuíomh idirlín an tSeirbhís Tacaíochta do Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh ag www.juniorscience.ie. Ba chóir cófra frithlasrach a cheannach freisin chun ceimiceáin sho-lasta a stóráil. Tá ráiteas sláinte agus sábháilteachta ag an scoil, a ceapadh sa bhliain 2003/'04 agus a athbhreithníodh sa bhliain 2006, i gcomhairle leis an roinn eolaíochta. Tá moladh ag dul do seo.
Tá an fhoireann eolaíochta ar an eolas maidir le mic léinn le riachtanais oideachasúla speisialta. Tá ceangail neamhfhoirmeálta ann idir an roinn eolaíochta agus foireann tacaíocht foghlama na scoile. Tá bailiúchán déanta de na príomhthéarmaí eolaíochta le húsáid ag an roinn tacaíocht foghlama. Moltar an tionscaint seo. Is féidir teacht ar thacaíocht bhreise ón tSeirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta ag www.sess.ie.
Tugann an scoil tacaíocht do fhorbairt phroifisiúnta na n-oidí. Ón uair gur leasaíodh na siollabais eolaíochta, tá na hoidí go léir tar éis freastal ar sheimineáir agus ar cheardlanna de chuid an tseirbhís tacaíochta ábhartha. Eagraíodh ceardlanna ollfhoirne freisin ar TFC agus ar chúram scoláirí, i measc topaicí eile. Méadaíonn gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus comhchuraclaim go suntasach ar éifeacht taithí na mac léinn ar na heolaíochtaí. Mar shamplaí díobh seo, luaitear rannpháirtíocht i gComórtas an Eolaí Óig agus na Teicneolaíochta, turasanna allamuigh éiceolaíochta agus cuairteanna tionsclaíocha. Tá moladh tuillte ag na hoidí eolaíochta de bharr an tiomantas ama agus díchill atá tugtha acu i leith na ngníomhaíochtaí seo.
Is acmhainn fhónta ag Coláiste Ghobnatan iad a phearsanra eolaíochta. Chabhraigh ardchaighdeán pleanála leis an gcaighdeán fiúntach a breathnaíodh i gceachtanna aonair. Thacaigh an teacht atá ar phlandaí agus ar fhearas le hobair phraiticiúil dea-riartha na scoláirí agus le cur i láthair na n-oidí. Chuidigh bileoga oibre agus ceisteanna scrúdaithe le foghlaim na scoláirí. I gcás amháin, is cabhair do riarachán éifeachtach agus do fheidhmiú an tsiollabais eolaíochta é an clár oibre téarma-ar-théarma. Bhí fianaise ann ar fhillteáin tiomsaithe acmhainní, bileoga oibre agus trídhearcáin ina measc, chun tacú le próiseas na foghlama agus an teagaisc. Tá sé seo go hinmholta.
Is cabhair é laghad na roinne eolaíochta i gColáiste Ghobnatan, nach bhfuil inti ach triúr oidí, chun go mbeadh leibhéal fónta cumarsáide neamhfhoirmiúla inti ar bhonn leanúnach. Mar bhreis ar an idirghníomhaíocht seo, eagraítear cruinnithe foirmiúla ó uair go chéile i rith na bliana agus an soláthar áiseanna agus acmhainní mar ábhar díospóireachta acu de ghnáth. Níor mhiste machnamh a chaitheamh le cinntí na gcruinnithe seo a chlárú, na hoidí ag uainíocht ar a chéile i mbun an chúraim. Tá an plean oibre a dhear an tSeirbhís Tacaíochta do Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh (STETS) i gcumhdach i bhfillteán na Roinne Eolaíochta. I láthair na huaire, toisc go nglacann oidí aonair leis na scolairí uile in aon bhliainghrúpa don Eolaíocht, ní bhaintear feidhm as comhchlár oibre sa scoil. I gcead do na socruithe teagaisc atá i bhfeidhm faoi láthair, moltar go ndéanfaí comhchlár oibre a dhearadh ionas go gcaighdeánófaí foghlaim na scoláirí. D'fhéadafadh plean an STETS agus na treoirlínte siollabais, i gcomhar leis an bplean téarmúil a ceapadh i gcás oide amháin, gníomhú mar bhunús don obair seo.
Cuireadh ar fáil cláir scríofa in Eolaíocht na Beatha agus san Eolaíocht Fhisiceach le linn tréimhse an mheastacháin. Is suntasach an ní é gur ar thopaicí a luíonn lasmuigh de shiollabais na hArdteistiméireachta a bhunáitear na cláir seo agus go bhfuil gníomhaíochtaí eolaíochta seachscoile ina measc, rud atá ag teacht le fealsúnacht na hIdirbhliana. Tá an Réalteolaíocht, Leictreonaic agus eolaithe cáiliúla mar chroí-ábhair sa phlean don Eolaíocht Fhisiceach. Sa chlár do Eolaíocht na Beatha, áirítear staidéar ar shláinte agus éiceolaíocht, agus cuirtear foghlaim na scoláirí i gceart-chomhthéacs trí bhéim a leagadh ar an saol faoin tuath. Is gné shuntasach d'fhoghlaim na scoláirí san eolaíocht í an fhorbairt bhreise a dhéantar ar a scileanna praiticiúla, logáil sonraí agus sábháilteacht sa tsaotharlann ina measc.
Tugadh faoi deara cáilíocht fhiúntach teagaisc agus foghlama sna ceachtanna eolaíochta i gColáiste Ghobnatan. Thacaigh an t-atmaisféar dearfa, réidh a bhí le brath le foghlaim na scoláirí. D'éascaigh na gaolmhaireachtaí cuiditheacha idir scoláirí agus oidí rannpháirtíocht na scoláirí sa phróiseas foghlama. Misníodh agus athdhearbhaíodh a n-iarrachtaí agus chabhraigh na hoidí leis na scolairí i bhforbairt a gcuid freagraí. Moltar é seo.
Bhí dea-struchtúr ar na ceachtanna, bhí an luas teagaisc go cuí i mbeagnach gach cás, agus bhí an t-ábhar teagaisc ag teacht leis an siollabas. Tugadh breac-chuntas ar na cuspóirí foghlama, rud a chruthaigh an comhthéacs don cheacht agus a chothaigh díocas na scoláirí. Ba trí mheán na Gaeilge a múineadh gach ceacht, cé is moite de léamh na scoláirí as an téacsleabhar Béarla.
Baineadh úsáid éifeachtach as éagsúlacht modhanna. Áirithe orthu seo bhí obair phraiticiúil na scoláirí, cur i láthair ag na hoidí agus ceistiú scríofa agus ó bhéal. Ag tús cuid de na ceachtanna, baineadh feidhm éifeachtach as ceistiúchán chun a raibh foghlamtha cheana ag scoláirí a mheas, beart a chruthaigh ceangal cuí le ceachtanna a múineadh roimh ré. Baineadh feidhm rathúil as ceisteanna oscailte agus dúnta chun ábhar ceachtanna a fhorbairt agus chuidigh siad seo le rannpháirtíocht leanúnach na scoláirí. Chuir mínithe soiléire le tuiscint na scoláirí. Chabhraigh dea-úsaid an chláir chun lárphointí na gceachtanna a athdhearbhú. I gcásanna áirithe, baineadh leas éifeachtach as an gclár chun coincheapa deacra a léiriú.
I gcás amháin, bhí an ceacht structúrtha i bhfoirm sraith de ghníomhaíochtaí gearra, ina measc ceistiúchán, scoláirí ag léamh os ard ón téacsleabhar, obair scríofa and léiriú an oide. Dheimhnigh sé seo go mbeadh na scoláirí rannpháirteach tríd síos, agus ba ghléas inspreagtha éifeachtach dóibh é. Breathnaíodh roinnt samplaí de cheangal ábhar an cheachta le taithí laethúil saoil na scoláirí, rud a dhein an t-ábhar insroichte agus ábhartha.
Bhí sé soiléir ó chóipleabhair phraiticiúla na scoláirí, agus ón tslí chumasach, mhuinínineach inar stiúraigh na scoláirí a gcuid obair phraiticiúil láimhe, gur ghné thábhachtach de thaithí na scolairí ar an Eolaíocht iad gníomhaíochtaí turgnamhacha. D'oibrigh na scoláirí ina mbeirteanna sna ceachtanna dea-riartha praiticiúla. De réir mar a mholtar sna treoirlínte siollabais, baineadh feidhm as cur chuige imscrúdaitheach chun tuiscint na scoláirí ar athraonadh a fhorbairt. Is cleachtas sármhaith é seo. Tá moladh ag dul d'úsáid ollseisiúin ag críoch an imscrúdaithe, toisc gur thug sin deis chun foghlaim na scoláirí a athdhearbhú. Ba chóir machnamh a chaitheamh le scríobh na dtuairiscí do Obair Chúrsa A faoi mar a dhéantar do Obair Chúrsa B, toisc go gcabhródh sé le scileanna scoláirí i scríobh tuairiscí a fhorbairt, agus gur ullmhúchán a bheadh ann don fho-mhír 'Meastachán B' sa Teastas Sóisearach.
Leagadh béim chuí ar scrúdú an Teastais Shóisearaigh, agus tugadh caoi do na scoláirí obair aonair a dhéanamh ar cheisteanna scrúdaithe stáit le linn ceacht athbhreithnithe. Ba ghléas iad na ceisteanna seo, chomh maith, chun an fhoghlaim a mheas agus a athneartú. D'fhéadfaí leas a bhaint as modhanna meastacháin eile, freisin. Mar shampla, d'fhéadfadh grúpaí de scoláirí na ceisteanna scrúdaithe a phlé ar bhonn comhoibritheach sula scríobhfaidís a bhfreagraí, beart a chuirfeadh idirghníomhaíocht na scoláirí chun cinn agus a chuirfeadh ar a gcumas a scileanna cumarsáide san Eolaíocht a fhorbairt. Mar mhalairt ar sin, d'fhéadfadh scoláirí a gcuid oibre féin agus obair a gcomhscolairí a mheas. Tá sé de bhuntáiste ag an straitéis deiridh seo go gcuidíonn sé le cothú an chumais chun féinmheastachán a dhéanamh, ionas go ndéantar foghlaimeoirí neamhspleácha díobh.
Bhí na scoláirí díocasach agus inspreagtha ina gcuid oibre, agus léirigh siad léibhéil fhónta eolais agus tuisceana sna ceachtanna a breathnaíodh. Cuireadh fianaise ar seo ar fáil san idirghníomhaíocht idir an cigire agus na scoláirí, i dtabhairt faoi deara freagraí agus ceisteanna na scoláirí, agus in iniúchadh samplaí d'obair na scoláirí.
Leantar na gnáthchleachtais mheasúnaithe i gColáiste Ghobnatan sa mhéid go mbíonn scrúduithe foirmiúla ag gach rang um Nollaig, réamhscrúdú Earraigh ag na ranganna sin a mbíonn scrúduithe stáit rompu, agus scrúduithe samhraidh ag an bhfuíollach. Déantar measúnú leanúnach ar dhul chun cinn na scoláirí go rialta trí cheistiú sa rang agus trí thrialacha topaice. Moltar an béas seo.
Tá leabhair nótaí/oibre ag na scoláirí uile ina ndéanann siad a n-obair imscrúdaitheach a thaifeadadh. Moltar an cleachtas monatóireachta agus nótála, rud a breathnaíodh i gcásanna áirithe. Tá na leabhair phraiticiúla seo ar ardchaighdeán. Moltar go ndéanfaí fairsingiú ar chur na hoibre praiticiúla san áireamh sa scéim mheasúnachta leanúnaí, rud a chleachtaítear i gcásanna áirithe, toisc go spreagann sé na scoláirí go léir chun páirt a ghlacadh i ngné phraiticiúil an chúrsa agus dearbhaíonn sé go ndéantar monatóireacht rialta ar leabhair nótaí saotharlainne na scoláirí. Freagraíonn cleachtas dá leithéid do chuspóirí measúnaithe an tsiollabais don Teastas Sóisearach.
Dáileadh obair bhaile le scríobh agus le foghlaim sna ceachtanna a breathnaíodh, agus é d'aidhm léi foghlaim na scoláirí a chomhdhlúthú. Déanann na múinteoirí monatóireacht ar obair scríofa na scoláirí agus tá iarnótaí meastacháin na n-oidí le feiceáil i mórán cóipleabhar. Is dea-chleachtas é seo toisc go dtugann sé deis do na scoláirí a scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt, maille le tuiscint a athneartú.
Déanann na múinteoirí taifeadadh ar an torthaí agus cuireann siad na tuistí/caomhnóirí ar an eolas maidir leo dhá uair sa bhliain. Tig le tuistí/caomhnóirí, freisin, leas a bhaint as na cruinnithe bliantúla oidí-tuistí chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann. Cothaítear an caidreamh seo chomh maith trí mheán irisí na scoláirí. Le linn an tréimhse mheasúnaithe, léiríodh fianaise go ndéanann na múinteoirí clárú ar inmheacht agus dul chun cinn na scoláirí. Moltar an cur chuige seo.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
· Tá an tacaíocht lánscoile do sholáthar na n-eolaíochtaí ar fónamh, rud a léirítear ag cur ar fáil na hEolaíochta mar ábhar croílárnach don timthriall sóisearach, agus Eolaíocht Talmhaíochta, Bitheolaíocht, Ceimic agus Fisic don Ardteistiméireacht.
· Trí chomhoibriú leanúnach neamhfhoirmeálta, breisithe ag líon de chruinnithe foirmeálta, b'fhéidir pleanáil éifeachtach do acmhainní a dhéanamh agus fillteán rannóg eolaíochta a thiomsú.
· Bhí an phleanáil do cheachtanna fiúntach agus chuir sí seo le hardcháilíocht an teagaisc agus na foghlama a breathnaíodh.
· Bhí an-dea-ghaolmhaireacht idir mic léinn agus múinteoirí sna ceachtanna uile. Bhí atmaisféar dearfach foghlama ann agus chuir meon díocasach na scoláirí ar a gcumas an leas ab fhearr a bhaint as an dea-theagasc a fuaireadar.
· Breathnaíodh cleachtas sármhaith inar baineadh feidhm as cur chuige imscrúdaitheach san obair phraiticiúil.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna a áiríodh thuas agus le réimsí forbartha a shainaithint:
· Ní mór aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le háiseanna saotharlainne agus aerú, ionas go gcuirfear timpeallacht oibre shábháilte ar fáil agus go n-éascófar obair phraiticiúil éigeantach na scoláirí.
· Ní mór lear suntasach oibre a thógaint ar láimh lena dheimhniú go ndeántar ceimiceáin a stóráil ar mhodh a bheadh ag teacht le treoirlínte na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus leis an gcleachtas sábháilteachta is fearr. Ba chóir cófra frithlasrach a cheannach.
· Ni mór comhchlár oibre a dhearadh ionas go ndéanfar caighdeánú ar fhoghlaim na scoláirí i ngach bliainghrúpa.
· Is gá fairsingiú a dhéanamh ar chur na hoibre praiticiúla san áireamh sa scéim mheasúnachta leanúnaí, rud a chleachtaítear i gcásanna áirithe. Freagraíonn cleachtas dá leithéid do chuspóirí measúnaithe an tsiollabais don Teastas Sóisearach.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Eolaíochta agus leis an bPríomhoide ag deireadh na meastóireachta, mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréachtchinntí agus na moltaí thuas.