An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
THUAIRISC
St Kevin’s College
Clogher Road, Crumlin, Dublin 12
Uimhir rolla: 70160R
Dáta na cigireachta: 1 Feabhra 2008
Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile
Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí
Freagra na scoile ar an tuairisc
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach i St. Kevin’s College. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála an mhúinteora. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide gníomhach agus do mhúinteoir an ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Tuairiscíodh deacrachtaí suntasacha a bheith ag an mbainistíocht múinteoir cáilithe a fháil chun an Ghaeilge a mhúineadh sa scoil, le dhá bhliain anuas go háirithe. Bhí céim sa Ghaeilge ag an múinteoir Gaeilge a bhí sa scoil ar lá na cuairte. Bhí an múinteoir seo ag múineadh na Gaeilge sa scoil ó mhí na Samhna 2007 agus ba é seo an chéad uair ag an múinteoir an Ghaeilge a mhúineadh ag an dara lebhéal. Ba é lá na cuairte seo an lá deireanach sa scoil ag an múinteoir agus chuir an príomhoide gníomhach in iúl go raibh an post fógartha arís. Moltar go láidir do Phríomhfheidhmeannach Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le bainistíocht na scoile athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar foirne atá ar fáil don scoil do mhúineadh na Gaeilge ar bhonn práinne. Mar atá ag an bpointe seo, tá scoláirí ag ullmhú don Ardteistiméireacht bhunaithe agus don Ardteistiméireacht Fheidhmeach nach raibh aon ionchur rialta acu le linn a gcúrsa staidéir. Is ionann cás do na scoláirí atá sa tsraith shóisearach. Ina theannta sin moltar go láidir don bhainistíocht aon mhúinteoir Gaeilge a bhíonn sa scoil a chur ar an eolas maidir leis an tacaíocht atá ar fáil ón Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus faoi riachtanais Chlár Scoile an Teastais Shóisearaigh. Tá breis eolais le fáil ag www.slss.ie.
Tá líon na dtréimhsí a dháiltear ar an nGaeilge don Ardteistiméireacht Fheidhmeach sásúil. Níl an méid ama a dháiltear ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach agus don Ardteistiméireacht sásúil áfach. Moltar go láidir go méadófaí líon na dtréimhsí Gaeilge a dháiltear ar na ranganna sna cásanna seo. Léiríonn an tráthchlár go bhfuil dhá thréimhse Gaeilge ag ceann de na ranganna ar an Déardaoin cé nach bhfuil ag an rang sin ach ceithre thréimhse Gaeilge in aghaidh na seachtaine. Moltar go seachnófaí níos mó ná tréimhse amháin Gaeilge a dháileadh ar ranganna de bharr gur fearr do na scoláirí ionchur rialta laethúil a bheith le fáil acu chun an teanga a shealbhú.
Tuairiscíodh gur mhéadaigh rollúchán na scoile sa scoil bhliain reatha agus is tuar dóchais é seo don scoil. Trí rang ghrúpa atá sa chéad bhliain agus is dhá rang ghrúpa atá i ngach bliainghrúpa eile. Tá na scoláirí ar fad atá sa tsraith shóisearach ag glacadh páirte i gClár Scoile and Teastais Shóisearaigh (CSTS). Ní raibh aon eolas ag an múinteoir Gaeilge air seo ná ar riachtanais an chláir áfach. Moltar go gcinnteodh an bhainistíocht go mbeadh eolas ar riachtanais an chláir ag gach múinteoir a bhíonn ag plé leis na ranganna seo. Déanann na scoláirí ar fad sa tsraith shóisearach, seachas na scoláirí sin a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge,
staidéar ar an nGaeilge mar atá in Siollabas don Teastas Sóisearach: Gaeilge. Tá an-mholadh ag dul don soláthar seo agus ba cheart leanúint de.
Tá seomra ranga amháin sa scoil dírithe ar na teangacha. Moltar an bhainistíocht as an soláthar seo. Bhí na háiseanna teagaisc a bhí ar fáil teoranta áfach agus is amhlaidh a bhí siad á roinnt idir líon áirithe de sheomraí ranga. Cuireadh ceangal leathanbhanda ar fáil sna seomraí seo le déanaí, dul chun cinn atá le moladh, ach ní raibh an obair críochnaithe go hiomlán ag am na cuairte. Cuireadh in iúl go raibh sé beartaithe clár bán idirghníomhach le cur ar fáil i seomra ranga na dteangacha go luath. Ba mhór an chabhair é seo de bhrí go gcuirfeadh sé le héagsúlacht na modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama a d’fhéadfaí a úsáid agus le réimse na mbealaí ina bhféadfaí an teanga a chur i láthair na scoláirí.
Tuairiscíodh go dtagann líon suntasach scoláirí chun na scoile gach bliain nach mbíonn staidéar déanta acu ar an nGaeilge cé nach mbíonn siad i dteideal díolúine de réir fhorálacha Imlitir M10/94. Moltar go ndéanfaí riachtanais na scoláirí maidir leis an nGaeilge ag an dara leibhéal a chur in iúl do na bunscoileanna friothálacha.
Spreagtar scoláirí chun freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht agus cuireann an Coiste Gairmoideachais scoláireachtaí ar fáil chuige sin. Tá an tacaíocht seo don teanga le moladh.
Tuairiscíodh gur tosaíodh ar phleanáil a dhéanamh do na hábhair mar chuid den phróiseas um phleanáil fhobartha scoile in athuair anuraidh. Toisc nach raibh múinteoir Gaeilge sa scoil ar bhonn lán-aimseartha áfach níor tosaíodh fós ar phleanáil a dhéanamh don Ghaeilge. Cuireadh scéim oibre a d’fhorbair duine de na múinteoirí Gaeilge a bhí sa scoil le blianta gairid agus a d’fhill ar feadh roinnt bheag laethanta ag tús na scoilbhliana reatha ar fáil. Shonraigh an scéim seo, go príomhdha, na topaicí agus na píosaí litríochta a bhí le déanamh leis na bliainghrúpaí éagsúla. Ní raibh aon scéim ar fáil áfach do ranganna na hArdteistiméireachta Feidhmí agus ní raibh aon tagairtí don CSTS sna scéimeanna do na ranganna sa tsraith shóisearach.
Sa phlean scoile a fhorbrófar don Ghaeilge moltar: go leagfaí amach na haidhmeanna agus na cuspóirí don Ghaeilge sa scoil agus go mbeadh siad ag freagairt do riachtanais na scoláirí agus na siollabas; go leagfaí amach creat de na torthaí foghlama a mbeifí ag súil le ag na céimeanna difriúla agus go mbeadh siad seo bunaithe ar an feidhmeanna teanga mar atá luaite sna siollabais agus ar na scileanna teanga difriúla, go léireodh na pleananna do na bliainghrúpaí comhtháthú ar fhorbairt na scileanna teanga difriúla agus ar na gnéithe éagsúla de na cúrsaí lena n-áirítear an fheasacht teanga agus chultúir; go mbeadh cuntas sa phlean ar na modheolaíochtaí agus straitéisí teagaisc agus foghlama a bheadh in úsáid chun na torthaí foghlama a bhaint amhach agus áirítear orthu seo Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus na modhanna measúnaithe a bheadh in úsáid; go mbeadh cuntas sa phlean ar na háiseanna agus ar na hacmhainní atá ar fáil don Ghaeilge; go mbeadh cuntas sa phlean ar an mbealach a bhainfí amach riachtanais CSTS agus na hArdteistiméireachta Feidhmí.
Bhí ullmhúchán maith déanta do na ranganna a breathnaíodh. Moltar go gcuirfí forbairt chomhtháite na scileanna teanga difriúla agus éagsúlacht tascanna san áireamh agus pleanáil agus ullmhúchán ar bun do na ranganna.
Ba sa tsraith shóisearach a bhí na ranganna a breathnaíodh le linn na cuairte seo. Bhí ábhar na ranganna ag teacht le riachtanais an tsiollabais. Cuireadh aidhm an ranga in iúl do na scoláirí ag an tús i ngach cás agus is cleachtas maith é seo. Moltar go ndéanfaí breis forbartha air agus, ag teacht leis na moltaí atá déanta maidir leis an bpleanáil don ábhar, go roinnfí na torthaí foghlama leis na scoláirí ag tús an ranga, go scríobhfaí ar an gclár bán iad chomh maith leis na tascanna a bheadh le déanamh le linn ranga. Moltar chomh maith go dtapófaí deis ag deireadh ranga chun seans a thabhairt do na scoláirí machnamh ar a mbeadh foghlamtha acu. Moltar freisin go nglaofaí an rolla ag tús gach ranga agus go gcumasófaí na scoláirí chun é a fhreagairt i nGaeilge. B’fhiú chomh maith cúpla nóiméad a chaitheamh ar chomhrá ar ábhar ginearálta i nGaeilge fhad agus a bheadh siad ag socrú síos.
Bhí na ranganna bunaithe ar scileanna na scríbhneoireachta, na léitheoireachta agus na léamhthuisceana go príomhdha. Tá moladh ar leith ag dul don chás inar cuireadh tús leis an obair trí shampla d’fhíor chárta poist a thaispeáint do na scoláirí agus tríd an bhfoclóir a bheadh de dhíth orthu don tasc scríbhneoireachta a mhealladh uathu. Moltar chomh maith an tslí ina ndearnadh an foclóir a scríobh ar an gclár bán agus go raibh sé ar fáil mar thaca do na scoláirí níos déanaí agus cárta poist nó litir á scríobh acu.
Tá moladh ag dul freisin don sampla a breathnaíodh d’obair ar léamhthuiscint. Léigh na scoláirí sleachta go toiltineach agus cabhraíodh leo le haon fhocail a raibh deacrachtaí acu leo agus ceartaíodh an fhoghraíocht go tuisceanach nuair ba ghá. Moltar an tslí inar cuireadh na ceisteanna a bhí ag gabháil leis an ngiota ar na scoláirí féin chun cabhrú leo iad a thuiscint. Is straitéis mhaith í seo a chabhraíonn aistriúchán go Béarla chun cabhrú lena dtuiscint a sheachaint. Moltar go n-úsáidfí breis straitéisí mar seo chun go seachnófaí ró-úsáid an Bhéarla sna ranganna go ginearálta. Ní mór do na scoláirí oiread ionchuir i nGaeilge agus is féidir a fháil sa rang Gaeilge chun cabhrú leo an teanga a shealbhú.
Léirigh roinnt de na scoláirí go raibh méid áirithe foghlama déanta agus go raibh fonn orthu an obair a dhéanamh. Úsáideadh an t-ábhar ranga chun aird a dhíriú ar phointí gramadaí agus tá an cleachtas seo le moladh. Ní raibh aon ábhar i nGaeilge ar na ballaí sa seomra ranga. Moltar go mbainfí leas as an timpeallacht sa seomra ranga chun tacú le múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus go gcuirfí póstaeir agus samplaí d’obair na scoláirí ar taispeáint agus go n-athrófaí go rialta iad.
Ba léir gur bhain dúshlán le hiompraíocht roinnt de na scoláirí. Rinneadh gach iarracht atmaisféar dearfach iompraíochta a chruthú agus a bhuanú sna ranganna agus tugadh an-mholadh do na scoláirí as a n-iarrachtaí. Tá an múinteoir agus baill eile den fhoireann a bhí tacúil le moladh as a gcuid oibre sa réimse seo.
Déantar measúnú ar dhul chun cinn na scoláirí trí scrúduithe ranga agus scrúduithe tí a reáchtáiltear dhá uair sa bhliain. Reáchtáiltear triailscrúduithe do na ranganna a bhíonn ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit le linn an dara téarma. Is ar an léamhthuiscint, an scríbhneoireacht agus, ar an litríocht mar is cuí, a bhíonn na scrúduithe a reáchtálann an scoil bunaithe. Moltar go gcuirfí labhairt na Gaeilge agus an chluastuiscint san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar obair na scoláirí. Thiocfadh an cleachtas seo níos dlúithe le haidhmeanna agus le cuspóirí na siollabas. Seoltar tuairiscí ar ghnóthachtálacha na scoláirí abhaile dhá uair sa bhliain agus reáchtáiltear cruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí uair sa bhliain do gach bliainghrúpa.
Tuairiscíodh go raibh athbhreithniú ar bun ar pholasaí obair bhaile na scoile ag am na cuairte. Moltar go gcuirfí riachtanais obair bhaile na Gaeilge san áireamh san fhorbairt seo agus go meabhrófaí nach gá gur ar an scríbhneoireacht amháin a bheadh an obair seo bunaithe. Níor tugadh obair bhaile sna ranganna a breathnaíodh. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí obair bhaile do na scoláirí ionas go mbeadh siad ábalta an fhoghlaim a dhaingniú agus ina theannta sin chabhródh sé leo scileanna eile a fhorbairt ar nós a gcuid oibre a eagrú agus freagracht a ghlacadh as a gcuid foghlama.
Breathnaíodh ar chóipleabhair le linn na cuairte agus bhí obair na scoláirí iontu ag teacht le riachtanais na siollabas. Ba léir áfach éagsúlacht mhór a bheith idir an obair a chuir scoláirí difriúla i láthair laistigh de na ranganna céanna. Míníodh go raibh cuid mhaith den obair ar bhileoga oibre ach ní raibh siad seo ar fáil. Moltar go dtiocfaí ar straitéis a chabhródh leis na scoláirí ord níos fearr a chur ar a gcuid oibre. Moltar chomh maith go gcuirfí an Measúnú chun Foghlama (McF/AfL) san áireamh agus obair na scoláirí á ceartú.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
· Bhí ullmhúchán maith déanta do na ranganna agus cuireadh aidhm an cheachta in iúl do na scoláirí i ngach cás.
· Bhí an t-ábhar a cuireadh i láthair na scoláirí ag teacht le riachtanais na siollabas.
· Moladh na scoláirí as a n-iarrachtaí agus rinneadh gach iarracht atmaisféar a bhí tacúil don fhoghlaim a chruthú agus a bhuanú.
· Léirigh cuid de na scoláirí go raibh foghlaim déanta acu agus go raibh spéis acu san obair.
· Úsáideadh an t-ábhar ranga chun aird a dhíriú ar phointí gramadaí.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Go ndéanfadh Phríomhfheidhmeannach Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le bainistíocht na scoile, athbhreithniú ar an soláthar foirne atá ar fáil don scoil do mhúineadh na Gaeilge ar bhonn práinne.
· Go gcuirfí le líon na dtréimhsí a dháiltear ar an nGaeileg sa tsraith shóisearach agus don Ardteistiméireacht bhunaithe
· Go leanfaí den fhorbairt ar na háiseanna atá ar fáil do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an timpeallacht sa seomra ranga tacúil d’fhoghlaim na Gaeilge.
· Go bhforbrófaí plean don Ghaeilge mar chuid de churaclam na scoile.
· Go gcuirfí na scileanna teanga ar fad san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar obair na scoláirí.
· Go gcuirfí na riachtanais a bhainfeadh le hobair bhaile don Ghaeilge san áireamh agus polasaí obair bhaile na scoile á fhorbairt.
Eagríodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an múinteoir Gaeilge agus leis an bpríomhoide gníomhach ag deireadh na meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.
Foilsithe Meitheamh 2008
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta
Réimse 2: Gníómhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur I bhfeidhm
The CDVEC has had significant difficulty recruiting a temporary Irish Teacher to replace the current post holder who is on long term sick leave. Recruitment attempts include national and local media and direct approaches to the teaching colleges and professional associations. This difficulty is symptomatic of a reported national shortage of Irish teachers.
CDVEC is currently advertising in the National Press for an Irish Teacher for the College. As well the School Management is encouraging existing Staff members to take an Irish Qualification to allow them teach the subject Irish and also to avail of the 2nd Level Support Service.
Homework is given regularly. However, a new Homework Policy is scheduled to be brought before the Parents council and the Board of Management in the near future for approval. It will include requirements for the subject Irish. No homework exercises was given to classes on the day of the visit due to the fact that the teacher was leaving her teaching post at the end of the day.
In the review of the timetable for 2008-2009 the number of class periods will be increased per class at Junior Certificate and Leaving Certificate level pending the availability of Staff.
Funds will be made available for the updating of Teaching Aids for the Teaching and Learning of Irish. Example plans are in place to install an interactive white board in the Language Teaching Room during the summer. As well Management will ensure that suggestions made for the improvement of teaching and learning of Irish i.e. Subject Planning, expected learning outcomes will be addressed in the coming year.
The Management will ensure that a subject Plan is developed for Irish and integrated into the School Plan.
In future years all Junior Certificate classes will follow Siollabas don Teastas Sóisearach Gaeilge as recommended.