An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Meastóireacht Scoile Uile

TUAIRISC

 

Gaelscoil Chois Feabhail

Carn na Gairbhe, Bun a’ Phobail

Uimhir rolla:   20144M

 

Dáta na cigireachta: 25 Bealtaine 2007

Dáta eisithe na tuairisce:  17 Aibreán 2008

 

 

 

 

Tuairisc ar Mheastóireacht Scoile Uile

1. Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

2. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

3. Cáilíocht na pleanála sa scoil

4. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

5. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

6. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

 

 

 

Tuairisc ar Mheastóireacht Scoile Uile

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis meastóireacht scoile uile a bheith déanta ar Ghaelscoil Chois Feabhail. Léiríonn sí torthaí meastóireachta a rinneadh ar obair na scoile ina hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta ag an chigire leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na scoile agus le hionadaithe chumann na dtuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar thréimhse roinnt laethanta inar thug an cigire cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar bhreathnaigh an cigire ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne an cigire idirghníomhú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh an cigire obair na ndaltaí agus rinne an cigire idirghníomhú leis na múinteoirí ranga. D'athbhreithnigh an cigire doiciméadú faoi phleanáil scoile agus ullmhú scríofa na múinteoirí. Bhuail an cigire le grúpaí foirne éagsúla de réir mar ba chuí. I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug an cigire aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta.  Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú  ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn; ní bhfuarthas freagra ón mbord.

 

 

 

1. Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

 

Is gaelscoil chomhoideachas Gaelscoil Chois Feabhail. Bunaíodh an scoil seo i Meán Fómhar 2001 le haitheantas sealadach. Tá 78 dalta ar na rollaí faoi láthair agus tá gach dealramh dé réir an mheán-rollaithe mheasta go mbeidh meadú leanúnach ar na rollaí idir an bhliain 2008 agus 2010. Tá trí oide ar an bhfoireann chomh maith le h-oide tacaíochta foghlama agus oide acmhainne. Tá cúntóir riachtanais speisialta fostaithe sa scoil chomh maith. Is ar shuíomh sealadach i seomraí réamh-dhéanta atá an scoil seo ag feidhmiú faoi láthair agus b’fhiú na seomraí ranga a bheith níos congaraí dá chéile in ionad iad a bheith scaipthe. Thuairiscigh na h-oidí gur minic a bhíonn deacrachtaí leis na seomraí réamhdéanta seo go háirithe le linn na drochaimsire. In ainneoin sin, tá an-chreidiúint ag dul d’fhoireann na scoile as an dícheall a chaitheann siad le múineadh an churaclaim trí mheán na Gaeilge. Tá an scoil ag feidhmiú ar bhonn an-sásúil faoi chúram príomhoide agus foireann scoile a dhéanann a gcuid oibre go dúthrachtach proifisiúnta.

 

Is léir go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag an scoil seo ó bunaíodh í agus go bhfuil éileamh d’áiteanna inti. Bhí an ceathrú múinteoir ranga ceadaithe don scoil ag am na meastóireachta. Freastalaíonn an scoil ar dhaltaí ón gceantar agus ó cheantair eile máguaird agus bíonn tinreamh an-mhaith acu. Is í seo an chéad bhliain do dhaltaí san ardroinn bheith ag trasnú go dtí na scoileanna an dara leibhéil.

 

Tá sé rianaithe i ráiteas sainmheoin na scoile go bhfuil sé mar aidhm ag an scoil ‘chun oideachas lán Ghaeilge a chur ar fáil do na daltaí go léir…go rachaidh an saol scoile i bhfeidhm orthu go dearfa agus go mbeidh cuimhní deimhneacha acu ar an scoil.’ Tá sé mar aidhm ag an scoil ‘a bhfuil de mhaitheas i ngach páiste a chothú agus a chur ar thóir na maitheasa sa saol atá thart air/uirthi.’ Os rud é gur scoil lán-Ghaeilge í seo, tá áit lárnach ag an nGaeilge i saol na scoile agus is léir go bhfuil ag éirí leis an bpríomhoide agus leis an bhfoireann atmaisféar an-dearfach a chur i bhfeidhm inti agus an Ghaeilge a shóisialú go dearfa i measc phobal na scoile. Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do thuismitheoirí agus déantar forbairt ar dhrámaíocht na Gaeilge chun suim na dtuismitheoirí agus na ndaltaí a chothú sa chultúr Gaelach. Is léir go bhfuil cúram an bhoird á chomhlíonadh faoin Acht Oideachais ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge sa scoil lán Ghaeilge seo.

 

Aithnítear gur gné lárnach de shaol na scoile iad na tuismitheoirí agus fáiltítear roimh a dtuairimí go rialta agus tugann siad sárthacaíocht don scoil ar bhun an dúthrachtach. Tagann mórchuid na ndaltaí go dtí an scoil seo ar fhíorbheagán Gaeilge. Thuairiscigh an bord go ndéanann roinnt daltaí freastal ar an Naíonra roimh thosú ar an scoil. Moltar go mór na tuismitheoirí as an sáriarracht atá déanta acu go dtí seo ina dtacaíocht don scoil. Tá moladh le tabhairt do phríomhoide agus d’fhoireann teagaisc na scoile as an oideachas atá á chur ar fáil acu trí Ghaeilge agus as na sáriarrachtaí atá déanta go háirithe le bliain anuas chun cur ar chumas na ndaltaí meas agus tuiscint a bheith acu ar a bhféiniúlacht chultúrtha fhéin.

 

 

2. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

 

2.1 An bord bainistíochta

 

Tá an scoil lán-Ghaeilge seo faoi phátrúnacht ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá an bord bainistíochta bunaithe agus ag feidhmiú faoi rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Feidhmíonn na baill go coinsiasach d’fhonn a chinntiú go bhfuil oideachas cothrom, leathan agus sásúil a chur ar fáil. Tionóltar na cruinnithe de réir mar atá molta agus níos minice nuair is gá. Coimeádtar miontuairiscí iomlána. Tá polasaithe reachtúla, curaclaim, tréadchúraim agus polasaithe maidir le riarachán faofa ag an mbord agus á gcur i bhfeidhm go rialta. B’fhiú don bhord leagan dá-theangach de na príomh pholasaithe a chur ar fáil chun freastal ar phobal na scoile.

 

Tá plean trí bliana cothabhála agus soláthar acmhainní ag an bhord. Is iad na príomh-thosaíochtaí atá ann faoi láthair ná aitheantas buan a fháil don scoil, oide tacaíochta foghlama lán aimseartha a bheith ar fáil don scoil, leanúint d’fhorbairt pholasaithe scoile agus leanúint de chaidrimh maith a fhorbairt le tuismitheoirí. Tugann an bord tacaíocht mhaith don phríomhoide agus don fhoireann i bproiséas na pleanála. B’fhiú na polasaithe go léir a chur amach chuig tuismitheoirí na scoile chun deis a thabhairt dóibh a bheith páirteach i ndréachtú na bpolasaithe sula ndaingnítear iad. B’fhiú athbhreithnú a dhéanamh ar pholasaí iontrála do dhaltaí a thagann isteach sa scoil i ndiaidh rang a haon. Tá an bord ar an eolas mar gheall ar riachtanais reachtúla den Acht Oideachais mar gheall ar ullmhú cód iompraíochta, tinreamh scoile, agus polasaí sláinte agus sábháilteachta. B’fhiú don bhord forbairt a dhéanamh ar an bpolasaí sláinte agus sábháilteachta chun a chinntiú go bhfuil polasaí rianaithe sa phlean scoile mar gheall ar shábháilteacht ag geataí na scoile agus mar gheall ar pháirceáil na gcarranna.

 

Tá sárchaidrimh idir an scoil seo agus Cumann Lúth Chleas Gael agus baintear úsaid as an pháirc imeartha agus áras an chumainn i gcomhair an teagaisc chomh maith. Moltar don bhord a chinntiú go bhfuil na seomraí ranga lonnaithe i suímh le chéile chun aontacht agus comhordniú ar obair na scoile a éascú do cheannasaíocht na scoile. Spreagann an bord na tuismitheoirí chun bheith páirteach in oideachas na bpáistí trí iad a bheith páirteach in imeachtaí éagsúla: léitheoireacht phéire, dramaíocht agus seóanna, báiliúchan airgid, glantáchan agus ocáidí speisialta. Moltar don bhord na polasaithe atá dréachtaithe sa phlean scoile a shíniú agus dáta athbhreithnithe a chur leo agus polasaithe nua a thabhairt chun cinn ar bhonn leanúnach. B’fhiú don bhord páirt a ghlacadh i gcursaí traenála do bhoird bhainistíochta nuair a bheidh siad ar fáil. Moltar don bhord anois leanúint den chomh-oibriú le foireann iomlán na scoile chun an Ghaeilge a láidriú a thuilleadh fós sa scoil. Luadh le linn na gcruinnithe go raibh deacracht ann ionadaí le Gaeilge a fháil do laethanta riaracháin an phríomhoide. Bhí pleananna ag an mbord ag am na hiarchomhdhála chun na dualgais don phost don leas phríomhoide a dhaingniú.

 

 

2.2 Bainistíocht inscoile

 

Tá an-suim á léiriú trí cheannaireacht an phríomhoide i bhforbairt na scoile. Stiúrtar imeachtaí uile na scoile le díogras agus le h-éifeacht ar leith. Moltar go mór na polasaithe riaracháin agus curaclaim atá á bhforbairt go rialta agus chomh eagraithe faoi chúram an phríomhoide. Comhlíontar na dualgais cheannasaíochta maidir le riarachán go cumasach. Cuirtear an bhéim ar úsáid na Gaeilge agus déantar gach iarracht deiseanna a thabhairt do na daltaí bheith páirteach i gcomórtais dhrámaíochta agus cultúrtha ionas go gcloisfidh siad an Ghaeilge á húsáid i dtimpeallachtaí eile. Anuas air sin, is inmholta go mór mar a chothaíonn an bhainistíocht inscoile páirtíocht na dtuismitheoirí i saol na scoile.

 

B’fhiú ionchur níos mó a bheith ag an bpríomhoide tánaisteach, nuair a bheidh an post seo daingnithe ag an mbord, i gcúrsaí bainistíochta sa scoil. Ba chóir an fhreagacht ó thaobh co-oirdniú an oideachais speisialta a rianú sa phlean scoile, mar pháirt den dhualgas speisialta seo chomh maith. B’fhiú cur leis an phlé ar chúrsaí curaclaim agus leanúnachais ó rang go rang ag cruinnithe foirne trí theimpléidí a fhorbairt le snáitheanna agus snáth aonaid an churaclaim rianaithe iontu do na cuntais mhíosúla.

 

Treoraítear oidí nua-cheaptha go maith. Tionóltar cruinnithe foirne go rialta chun obair curaclaim agus polasaithe na scoile a phlé. Coimeádtar na tuismitheoirí ar an eolas faoi imeachtaí éagsúla na scoile trí chruinnithe agus nuachtlitreacha. Cinntítear go gcomhlíontar na cúramaí uile a bhaineann le cáipéisíocht ó eagraíochtaí stáit, idir leabhair ionrollúcháin agus leabhair thinreamh. Chonacthas go leor samplaí den dea-bhainistíocht ranga le linn na meastóireachta. Caitear go cothrom, cóir leis na daltaí agus spreagtar iad chun oibre go tomhaiste córasach.

 

2.3 Bainistíocht acmhainní

 

Tá an príomhoide agus dhá oide ranga eile i mbun na naíonán, na meán ranganna agus na ranganna sinsir. Tagann oide tacaíochta foghlama, atá roinnte le scoil eile sa cheantar, go dtí an scoil ar feadh tréimhse ama gach lá chomh maith. Tá oide acmhainne páirt aimseartha ceaptha do dhalta le riachtanais ar leith oideachais. Tá na ranganna roinnte go cothrom. Tá oide sa scoil atá oilte chun tástálacha diagnóiseacha a dhéanamh. Measann bainistíocht na scoile go bhfuil gá le hoide tacaíochta lán–aimseartha don scoil ach ní cháilíonn siad do seo faoi láthair. Sa chomhthéacs seo moltar don scoil aithbhreithniú a dhéanamh ar mar atá an tseirbhís tacaíochta foghlama a usáid sa scoil. Tá cúntóir riachtanais speisialta sa scoil chomh maith agus cinntíonn sí, ar bhonn éifeachtach, go nglacann an dalta le riachtanais ar leith oideachais páirt iomlán sa churaclam.

 

Pléadh an fiúntas a bhaineann le comhtheagasc leis an fhoireann mar mhodh chun díriú ar dhaltaí le deacrachtaí ar leith foghlama. Bhí tús curtha ag an scoil leis an gcomhtheagasc ag am na meastóireachta, ach b’fhiú an modh seo a fhorbairt ar bhonn scoile uile. D’fhéadfaí leas a bhaint as an tSeirbhís Tacaíochta d’Oideachas Speisialta chun treoir a thabhairt do na h-oidí. Déantar tallainn oidí ar leith a roinnt ar bhonn scoile uile go háirithe sa Cheol agus tá an modh oibre seo le moladh.

 

Bhain an scoil leas éifeachtach as an tSeirbhís Fhorbairt Phleanála scoile don phleanáil de réir mar atá fás ag teacht ar an scoil. B’fhiú breis leasa a bhaint as an tseirbhís seo chomh maith le seirbhís na gcuiditheoirí ó thaobh an churaclaim de chun breis tacaíochta a thabhairt do na múinteoirí go háirithe nuair atá an curaclam á chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge.

 

Tagann teagascóir peile isteach go dtí an scoil ar feadh tréimhsí i rith na scoilbhliana chun scileanna den pheil Ghaelach a theagasc. Baintear usáid as an Ghaeilge le linn na gceachtanna seo agus is deis eile í seo do na daltaí an Ghaeilge a usáid go neamhfhoirmiúil agus i gcomhthéacs eile. Tagann duine isteach chun an damhsa céilí a dhéanamh leis na daltaí lá amháin gach seachtain ar feadh uair a chloig le gach rang sa tréimhse dheireannach den scoil bhliain. Baintear usáid as áiseanna in áras an Chumainn Lúthchleas Gael do na himeachtaí seo agus is léir go mbaineann na daltaí an-tairbhe agus taitneamh as na gníomhaíochtaí seo.

 

Tá rúnaí fostaithe ag an scoil agus is breá an tacaíocht a thugann sí d’obair an phríomhoide. Tagann glantóir isteach go dtí an scoil gach lá chun an obair ghlantacháin a dhéanamh agus bhí gach ní in ord agus in eagar ag am na meastóireachta ó thaobh glaineachta de sa scoil. Déanann coiste na dtuismitheoirí agus tuismitheoirí na scoile go leor cothabháil ar fhoirgneamh na scoile nuair is gá, ach b’fhiú feidhlí a bheith ceaptha ag an mbord chun a chinntiú go bhfuil obair chothabhála rialta á dhéanamh ar fhoirgneamh na scoile nuair is gá.

 

Tugtar aire mhaith don fhoirgneamh, agus maisítear na seomraí ranga go tarraingteach, spreagúil le háiseanna teagaisc, taispeántais agus le hobair na ndaltaí. Tá raon leathan d’áiseanna teagaisc curtha ar fáil agus tá usáid mhaith á baint astu don teagasc. Tá raon leathan de théacsleabhair léitheoireachta nua aimseartha Gaeilge ar fáil agus in usáid sa scoil. Tá béim mhór curtha ag foireann na scoile ar an léitheoireacht Gaeilge agus ar sholáthar don léitheoireacht Ghaeilge sa scoil. Chomh maith le sin, tá gach iarracht á déanamh ag an bhfoireann chun acmhainní tacaíochta foghlama idir leabhair eolais agus trialacha a fhorbairt sa scoil. Cuireann na hoidí go leor fearas féin-deartha ar fáil chun tacú leis an gclár oibre.

 

2.4 Bainistíocht an chaidrimh agus na cumarsáide le pobal na scoile

 

Tá polasaí éifeachtach i bhfeidhm sa scoil seo mar gheall ar chaidreamh agus ar chumarsáid. Is léir go bhfuil caidreamh maith idir fhoireann na scoile agus pobal na dtuismitheoirí, go háirithe coiste na dtuismitheoirí. Tá tacaíocht leanúnach ar fáil ó phobal na scoile maidir le soláthar maoinithe. Léiríonn coiste na dtuismitheoirí a sástacht go soiléir maidir leis an soláthar oideachais atá á chur ar fáil sa scoil. Bíonn deiseanna ag na tuismitheoirí freastal ar ranganna Gaeilge, oícheanta sóisialta, chomh maith leis na himeachtaí a bhaineann le soláthar airgid. Is inmholta na nuachtlitreacha ó choiste na dtuismitheoirí a chuirtear amach go míosúil chuig gach tuismitheoir ag déanamh cur síos ar imeachtaí na scoile. Tá gach iarracht á déanamh ag an gcoiste chun teagascóirí feadóg stáin agus iománaíochta le Gaeilge a earcú chun cur leis an churaclam ceoil agus corpoideachais.

 

Tá go leor oibre curtha i gcrích ag coiste na dtuismitheoirí mar gheall ar bhia sláintiúil agus folláin i mboscaí lóin na ndaltaí. Tá an ceangal a dhéantar le tuismitheoirí mar gheall air seo tríd an nuachtlitir le moladh freisin. B’fhiú, anois, roinnt d’obair na ndaltaí sa scríbhneoireacht a chur sa nuachtlitir chomh maith. Cuirtear nótaí abhaile go rialta chuig na tuismitheoirí mar gheall ar obair na scoile agus deántar teagmháil laethúil le tuismitheoirí trí dhialainn obair bhaile. Tá leabhrán eolais ar fáil do thuismitheoirí dhaltaí na naíonan ar an lá eolais a eagraítear dóibh. Eagraítear cruinnithe tuismitheoirí agus oidí uair sa bhliain agus tugtar deis do na tuismitheoirí plé a dhéanamh ar dhul chun cinn na ndaltaí ag an gcruinniú seo.

 

2.5 Bainistíocht daltaí

 

Cuidíonn na modhanna feidhmiúla teagaisc agus an bhainistíocht éifeachtach le suim agus rannpháirtíocht na ndaltaí san fhoghlaim a spreagadh. Tá nósanna oibre préamhaithe sna daltaí agus tá meas le sonrú idir na hoidí agus na daltaí agus idir na daltaí féin. Tugtar dearbhú deimhnitheach do na daltaí ar bhonn rialta agus tá atmaisfeár compordach foghlama le sonrú sna seomraí ranga. B’fhiú tionól a bheith sa scoil go rialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar thalainn na ndaltaí. Chuideodh sé seo le haontacht a chothú idir an trí roinn sa scoil ó tharla go bhfuil na seomraí ranga chomh scaipthe ó na chéile.

 

 

3. Cáilíocht na pleanála sa scoil

 

3.1 An próiseas pleanála sa scoil agus a chur i ngníomh

 

Moltar an córas pleanála cuimsitheach atá bunaithe ag an scoil ní hamháin ó thaobh cúrsaí riaracháin ach ó thaobh cúrsaí curaclaim chomh maith. Déantar monatóireacht agus aithbhreithniú go rialta ar fheidhmiú an phlean scoile le linn na gcruinnithe foirne. Tá plean gníomhaíochta trí bliana ó thaobh curaclaim, riaracháin agus acmhainní leagtha amach ag an bhfoireann i bhfoirm leanúnach chun freastal ar na riachtanais atá aitheanta ag an scoil. Is iad na tosaíochtaí atá sa phlean sin ná forbairt a dhéanamh ar an bpolasaí drámaíochta agus amharcealaíona sa ghearr téarma agus forbairt leanúnach ar ábhair eile an churaclaim go fad-téarmach.

 

Scaiptear dréachtchóip de roinnt de na polasaithe chuig tuismitheoirí, ach b’fhiú dréacht de gach polasaí a sheoladh amach chuig gach tuismitheoir, ach go háirithe an polasaí ar obair bhaile sula ndaingnítear ag leibheál an bhoird iad. Bá chóir go ndeánfadh an bord dátaí aithbhreithnithe a chur le gach polasaí scoile agus iad go léir a shíniú.

 

Tá pleanáil don mheasúnú i ngach ábhar an churaclaim sa phlean scoile agus anois d’fhéadfaí na torthaí a chlárú ag baint úsáide as an teicneolaíocht chun dul chun cinn na ndaltaí a rianú trasna an churaclaim ó bhliain go bliain ar bhonn scoile uile. Amach as seo, b’fhiú pleanáil a dhéanamh don difreálú sna ranganna éagsúla go háirithe obair shínteach a phleanáil ar bhonn scoile do dhaltaí le habáltacht ar leith. Cuirtear difríochtaí aonair na ndaltaí san áireamh sa phleanáil agus freastalaíonn na hoidí go cuí ar dhaltaí le riachtanais ar leith oideachais.

 

Cuireadh fianaise ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil céimeanna cuí glactha ag an mbord bainistíochta agus ag an bhfoireann chun beartais a fhorbairt atá ag teacht le forálacha i Children First: National Guidelines for the Protection and Welfare of Children (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 1999, eagrán nua Bealtaine 2004) agus Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Aibreán 2001). Cuireadh fianaise ar fáil, leis, a dhearbhaíonn go bhfuil na beartais glactha ag an mbord bainistíochta agus go bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige. Táthar tar éis duine idirchaidrimh ainmnithe a cheapadh de réir cheanglas threoirlínte na Roinne.

 

3.2 Pleanáil don seomra ranga

 

Leagann gach oide plean fad-thréimhseach agus plean gearr thréimhseach oibre amach dá ranganna faoi na snáitheanna agus snáth aonaid an churaclaim agus bunaithe ar an bplean scoile. Coimeádann gach oide cuntais mhíosúla ar dhul chun cinn na hoibre agus deánann an príomhoide monatóireacht ar na cuntais chun a chinntiú go bhfuil leanúnachas ó rang go rang. Is léir ón phlean scoile agus ón chlár teagaisc atá leagtha amach ag an bhfoireann go bhfuil curaclam leathan agus cothrom á chur i bhfeidhm go han-sásúil ag foireann na scoile. Soláthraíonn na hoidí cairteacha, leathanaigh shaothair agus déantar ullmhúchán cuimsitheach agus críochnúil chun saothair. Cruthaítear timpeallacht phrionta agus matamaitice shaibhir i ngach seomra ranga. Deántar comhtháthú sásúil sa phleanáil i ngach rang agus baintear usáid as téamaí séasúracha.

 

 

 

 

 

 

4. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

 

4.1 Forbhreathnú ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc

 

Chonacthas go leor samplaí de theagasc an-aidhmiúil le linn na meastóireachta ina n-áiritear rang theagasc, obair ghrúpa, obair phéire, obair i gciorcal, obair thionscadail agus obair aonair. Moltar go speisialta an aire a dhíritear ar an saibhriú teanga ag gach leibhéil chun an foclóir nua sa Ghaeilge a mhúineadh do na daltaí chomh maith leis na bun smaointe sa chlár-teagaisc a chur i láthair na ndaltaí. Dá réir sin, meastar go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag na daltaí i gcoitinne, rud atá soiléir ó fhoinsí éagsúla, trialacha caighdeánaithe agus a saothar scríofa sa dá theanga ina measc.

 

4.2 Teanga

 

An Ghaeilge

Tá díogras na n-oidí le moladh ó thaobh mhúineadh na Gaeilge agus tá an caighdeán Gaeilge atá bainte amach ag páistí sa scoil sásúil agus an-mhaith ag roinnt daltaí. Tréaslaítear leis an bhfoireann as an gcaoi go bhfuil ag éirí leo an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhmheán chumarsáide sa chlós agus sa limistéar scoile i gcoitinne. Baineann na daltaí an-taitneamh as a gcuid foghlama sna ranganna Gaeilge. Léiríonn siad tuiscint chuí ar an ábhar atá cloiste acu agus aithrisíonn siad rainn, dánta agus amhráin le tuiscint, le luas agus le dea-fhoghraíocht. Múintear an fhilíocht ar bhonn rialta sna ranganna uile. Freagraíonn na páistí ceisteanna dúshlánacha faoin ábhar atá faoi chaibidil, le cruinneas agus líofacht shasúil. Chonacthas samplaí an-mhaithe de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge ag rangleibhéil éagsúla. Cuireadh béim inmholta ar chothú scileanna éisteachta agus labhartha na bpáistí. Tugtar deiseanna fiúntacha do na daltaí cleachtadh a dhéanamh ar an nGaeilge atá foghlamtha acu agus fíorchumarsáid a dhéanamh. Cuirtear béim inmholta ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt, ar agallaimh bheirte, ar thascanna faoi leith a chur i gcrích agus ar chluichí teanga. Is breá an bhéim a chuirtear ar an drámaíocht mar mheán teagaisc agus foghlama.

 

Cruthaítear timpeallacht a spreagann suim sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht go han-mhaith agus ag gach leibhéil sa scoil. Cuirtear banc focal ar taispeáint do na daltaí chun cabhrú leo sa scríbhneoireacht. Cuirtear réimse leathan d’úrscéalta nua aimseartha ar fáil mar ábhair léitheoireachta do na daltaí go h-áirithe san ard roinn. Baintear úsáid an-mhaith as na leabhair mhóra sa bhun-roinn agus sa mheán-roinn. Léann na daltaí le brí, le luas agus le cruinneas san ard roinn agus is léir go bhfuil tuiscint acu ar a bhfuil a léamh acu. Tá leabhráin léitheoireachta curtha le chéile ag na daltaí sa mheán-roinn agus san ard-roinn. Is féidir leis na daltaí sleachta a léamh as na leabhráin go cumasach. Cuirtear béim inmholta ar scileanna agus ar fho-scileanna na léitheoireachta a mhúineadh go foirmeálta sa bhun agus sa mheán roinn. Aithníonn mórchuid na ndaltaí foclóir dúshlánach trí úsáid a bhaint as scileanna fonaiciúla, comhthéacs agus briseadh síos focal i siollaí. B’fhiú breis aire a thabhairt do ghrúpa amháin sa mheán-roinn ó thaobh chothú na scileanna léitheoireachta de sula mbogann said ar aghaidh go dtí leabhair níos deacra. Glacann na daltaí páirt an-fhiúntách i bplé ghrúpaí ina léirítear tuairimí faoin ábhar léitheoireachta.

 

Chonacthas samplaí fiúntacha de scríbhneoireacht na ndaltaí agus b’fhiú an obair atá idir lámha maidir lena gcuid scéalta cruthaitheach a chur i gcló ag baint úsáide as an teicneolaíocht. Cuirtear timpeallacht phrionnta shaibhir ar fáil do na daltaí agus baintear usáid as púipéid, lipéidí, dlúthdhioscaí agus foclóirí le linn an teagaisc. B’fhiú féachaint siar ar na gnáth-bhotúin a dhéanann na daltaí sa scríbhneoireacht agus ceachtanna a bhunú orthu go rialta. Baintear usáid as na Comharthaí Cumais Gaeilge mar mheasúnacht don léitheoireacht sa scoil agus ta an cleachtas seo le moladh.

 

Béarla

The teaching staff has developed collaboratively a school plan for English, based on the strands and strand units as set out in the curriculum. English is taught well across the school and standards are satisfactory. In the junior and middle sections emphasis is placed on the development of the pupils’ phonological skills. However, further attention needs to be given to developing the blends particularly in the middle section of the school. The phonological awareness training programme is being implemented across the school. Pupils generally display very satisfactory oral competency. Pupils across the school display a keen interest in poetry. Poems are used as a stimulus for discussion in classes and pupils are encouraged to compose their own poems.

 

Particular emphasis is placed on the development of pupil’s emergent reading skills in the junior and middle section and a good programme of reading is organised across the school. A paired reading programme is in place to assist pupils from an early age to read with fluency. Novels are used at the senior section as part of the reading programme. Standards in reading across the school are satisfactory.

 

The pupils’ creative and functional writing skills are being developed to a satisfactory standard across the school. The writing process is used at the senior section to write stories across a variety of genres. The correction of pupils’ drafts could be further developed by using information technology. The standard of most of the creative writing samples viewed during the inspection was commendable. Some of the pupils work should be published in parents’ news letters and in class booklets.

 

Teachers employ a range of assessment modes and pupils’ copybooks in particular are well monitored across the school. All teachers use check-lists to monitor pupil progress across the curriculum strands and strand units.

 

4.3 Matamaitic

 

Tá plean scoile leagtha amach don Mhatamaitic ina gcuirtear san áireamh na snáitheanna, na modhanna agus measúnú. Déantar nasc an-sásúil idir Matamaitic agus an timpeallacht agus ábhair eile. Tá caighdeán maith á bhaint amach ag mórchuid na ndaltaí go háirithe sna hard-ranganna. Leagtar béim inmholta ar obair ó bhéal a chleachtadh, agus i ngach rang cuirtear ceisteanna dúshlánacha ar dhaltaí a spreagann iad le dian-mhachnamh a dhéanamh. Is inmholta mar a chuirtear ar dhaltaí míniú a thabhairt ar a bhfreagraí agus plé a dhéanamh ar mhodhanna éagsúla le fadhbanna a réiteach. B’fhiú ábhar nithiúil a úsaid a thuilleadh chun coincheapa a dhaingniú ag an bhun roinn. Céimnítear an clár teagaisc go hoiriúnach ó rang go rang.

 

B’fhiú an t-idirdhealú a fhorbairt sna bunranganna agus sna méanranganna agus réimse d’obair bhreise réamhullmhaithe a bheith ar fáil do na daltaí a chríochnaíonn an obair go luath. Baintear úsáid thuisceanach as téacsleabhair le linn na gceachtanna agus tá sé le sonrú go gcleachtar obair ó bhéal go rialta chun brí a cheangal leis an fhoghlaim. Déantar cúram breá de théarmaíocht na matamaitice a theagasc go struchtúrtha ach moltar a chinntiú go bhfuil an téarmaíocht chéanna in usáid trasna na scoile.

 

Spreagtar plé tairbheach i roinnt ranganna chun tuiscint ar na coincheapa a threisiú. Baintear úsáid as modhanna gníomhaíochta foghlama agus as cluichí matamaitice i roinnt ranganna. Léiríonn an chuid is mó de na daltaí tuiscint mhaith ar na coincheapa cuí sa Mhatamaitic. Cláraíonn siad an obair scríofa go cúramach. Cleachtar grúpobair chun rannpháirtíocht agus neamhspleáchas foghlama na ndaltaí a chothú.

 

4.4 Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta

 

Stair

Múintear clár leathan Staire agus is léir go bhfuil forbairt leanúnach ar na gnéithe staire ó rang go rang. Sna bunranganna déantar staidéar ar stair phearsanta na ndaltaí agus ar na hathruithe a tharlaíonn do dhaoine óga agus iad ag fás. Déantar comparáid idir an sean-saol agus an lá atá inniu ann. Déantar comhthathú an-éifeachtach sa ghné seo den churaclam. Cuirtear béim ar an scéalaíocht agus ar fhinscéalta na hÉireann ach go háirithe. Múintear an Stair náisiúnta agus idirnáisiúnta do na hardranganna. Is éifeachtach mar a spreagtar na daltaí chun bheith ag obair mar staraithe. Cuirtear béim ar fhorbairt scileanna, ar mhodhanna gníomhaíochtaí, ar iniúchadh agus ar fhiosrú fianaise. Tá am-línte le feiceáil i roinnt ranganna agus tá an cleachtas seo le moladh. Rinneadh plé le linn na hiarchomhdhála leis an fhoireann mar gheall ar an tairbhe a bhainfeadh le hiarsmalainn ranga a fhorbairt agus ceangal a chothú le Cumann Staire agus Seanchais Thír Chonaill.

 

Tíreolaíocht

Múintear an Tír Eolaíocht i ngach rang agus déantar comhtháthú an-éifeachtach idir an ábhar seo agus abháir eile, go háirithe an Mhatamaitic. Cuirtear clár leathan foghlama ar fáil do na daltaí ina mbíonn na daltaí lárnach san fhoghlaim. Bunaítear cuid mhaith den obair ar an cheantar, ar an aimsir, ar na séasúir, ar dhaoine, ar phobail agus ar an timpeallacht áitiúil. Tá na taispeántais agus tionscadail atá curtha i gcrích le moladh. Tugtar na páistí ar shiúlóidí timpeall an cheantair sna méanranganna agus sna hardranganna lena dtuiscint ar thíreolaíocht na timpeallachta a fhorbairt. Déantar stáidear ar an cheantar aitiúil, ar an chontae, agus ar thíreolaíocht na tíre.

 

Cothaítear spéis na ndaltaí sna tíortha éagsúla trí úsáid a bhaint as léarscáileanna, grianghraif, téacsleabhair agus leabhair eolais. Déantar tionscnaimh ar chultúr tíortha eile ar fud an domhain sna hardranganna. Déantar béim a chur ar fhorbairt scileanna agus ar fhéith na fiosrachta le linn na gceachtanna.

 

Eolaíocht

Tá clár leathan á theagasc ag na hoidí a bhaineann le dúile beo, ábhar, fuinneamh agus fórsaí agus feasacht agus cúram imshaoil. Tá raon d’áiseanna teagaisc curtha ar fáil do mhúineadh na hEolaíochta. Cuirtear béim ar meon fiafraitheach agus ar scileanna fiosrúcháin a chothú sna páistí le linn na gceachtanna agus tá na taispeántais den obair atá déanta i roinnt ranganna le moladh.

 

Cleachtar modhanna gníomhaíochta taighde agus fionnachtana chun tuiscint ar na coincheapa éagsúla a fhorbairt. Tugtar faoi thrialacha eolaíochta suimiúla i ngach rang agus bíonn na daltaí abálta caint faoin obair atá curtha i gcrích go cumasach.

 

Baintear úsáid mhaith as ceisteanna oscailte chun smaointe agus suim na ndaltaí a phlé. Músclaítear spéis na ndaltaí ina dtimpeallacht i ngach rang agus tugtar na daltaí ar shiúlóidí dúlra go rialta, ag breathnú ar na séasúir agus ar an timpeallacht ag athrú. Cuirtear tuirgneamh phraiticiúla ar bun sa seomra ranga, ar nós síolta agus plandaí a chur ar fás, go háirithe sa mhéan roinn. Is léir gur breá leis na daltaí a bheith páirteach i ngrúpaí, ag breathnóireacht, ag tuar agus ag anailisiú, le dúile bheo.

 

 

4.5 Oideachas Ealaíon

 

Na hAmharcealaíona

Tá plean curtha ar fáil do na hAmharcealaíona ina léirítear aidhmeanna maidir leis an taithí a thugtar do na daltaí dul i ngleic le líníocht, obair le cré, priontáil, tógáil agus saothar cruthaitheach le fabraic ag baint usáide as stór leathan d’acmhainní teagaisc.

 

Tá samhlaíocht, taitneamh agus caighdeán sásúil teagaisc agus gnóthachtála ag baint leis an gcur chuige i leith theagasc agus fhoghlaim na nAmharcealaíona. Cuireann an clár sna hamharcealaíona béim ar an tábhacht a bhaineann le déanamh na healaíne agus le freagairt don ealaín. Tá blas an chomhtháthaithe agus na héagsúlachta le sonrú, sna samplaí a bhí ar taispeáint agus i gcomhadanna ealaíne na ndaltaí. Is éifeachtach mar a cheanglaítear an t-ábhar seo le hábhair eile an churaclaim i ngach rang. Déantar próiséas na healáine a fhorbairt go struchtúrtha ó rang go rang. B’fhiú na daltaí a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar cháilíochtaí agus ar thréithí an t-saothair a dhéanann na healaíontóirí cáiliúla. Eagraíodh taispeántais ealaíne na ndaltaí do thuismitheoirí agus is fiú leanúint den nós seo. B’fhiú a thuilleadh úsáide a bhaint as fillteoirí oibre atá ag na ndaltaí ar bhonn uile scoile mar uirlisí measúnaithe.

 

Ceol

Múintear an amhránaíocht ar dhóigh fhíorthaitneamhach agus déantar cúram d’fhoranna an cheoil a theagasc. Cuirtear clár leathan spéisiúil ar fáil idir amhránaíocht agus forbairt scileanna éisteachta agus cumadóireachta. Déantar nasc an-mhaith leis an damhsa. Bíonn deiseanna ag na daltaí éisteacht le agus freagairt do réimse leathan stíleanna agus traidisiún ceoil, go háirithe an ceol Gaelach. Baineann ardchaighdean leis an gceol a chasann na daltaí agus tréaslaítear leis na hoidí uile as an obair bhreá atá ar siúl acu sa ghné seo den churaclam. Baintear úsáid as uirlisí traidisiúnta ceoil san ardroinn chun amhráin a mhúineadh agus mar thionlacan le hamhráin éagsúla.

 

Drámaíocht

Tá scileanna drámaíochta á bhforbairt ar dhóigh fhoirmeálta agus go samhailteach trí mheán na filíochta ach go háirithe. Tá coirn agus gradaim buaite sa dramaíocht agus aisteoireacht ag an scoil i rith na bliana. Forbraítear féith chruthaitheach na ndaltaí maraon le féin-mhuinín agus foclóir mothúnánach le linn na gceachtanna tríd an gcur chuige a chonacthas le linn an mheasúnaithe. Le hoiliúint nua agus pleanáil bhreise ar chur chuige na drámaíochta mar chuid den churaclam, is léir go bhfuil an scoil seo oscailte agus fáilteach d’fhorbairt ar scileanna foghlama agus teagaisc sa drámaíocht.

 

Amach anseo, bheadh sé tráthúil díriú ar shaor-chumadóireadht, ar ghluaiseacht agus ar mhím ar bhonn struchtúrtha. Usáidtear meán na drámaíochta go maith chun acmhainn shamlaíoch na ndaltaí a chur ag obair. Chonacthas dráma an-mhaith san ardroinn le linn na meastóireachta agus is iontach mar a chuireann na daltaí iad féin in iúl trí mheán na drámaíochta.

 

4.6 Corpoideachas

 

Baineann éagsúlacht bhreá leis na gníomhaíochtaí sa Chorpoideachas. Déantar comhionnanas a fhorbairt sa ghné seo den churaclaim. Stiúrtar na ceachtanna go héifeachtach agus go hordúil agus baineann na daltaí tairbhe agus taitneamh astu. Leagtar béim le linn na hoibre ar scileanna a fhorbairt. Is léir ó chuntais oibre na n-oidí go múintear scileanna liathróide, cluichí clóis agus cluichí foirne. Tagann baill ón Chumann Lúthchleas Gael isteach chun gnéithe den chlár a mhúineadh. Tá an scoil ag baint an leasa is fearr as an tseirbhís seo mar mheán chun oiliúint ionghairme a fháil agus mar mhodh chun taithí na ndaltaí ar raon leathan gníomhaíochtaí a leathnú. Glacann na daltaí páirt go fonnmhar agus baineann siad an-sult as an ngné seo den churaclam scoile. Tugtar treoracha an-chinnte do na daltaí agus forbraítear a gcuid scileanna go céimniúil. Leagtar béim ar aclaíocht choirp a fhorbairt agus ar scileanna cluichí a neartú.

 

Is léir ó chuntais oibre na n-oidí go dtéann na daltaí ag snámh go rialta. I múineadh an damhsa faigheann oidí cuidiú ó mhúinteoir damhsa. Bhí cáilíocht an teagaisc ard sa cheacht damhsa céilí a chonacthas. Leagadh béim ar rannpháirtíocht, ar thaitneamh agus ar aire na daltaí. Tá sé tábhachtach go mbeadh oide ranga i láthair le linn na gceachtanna seo i gcónaí.

 

4.7 Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

 

Tá go leor oibre curtha i gcrích ag na hoidí san ábhar seo bunaithe ar an chlár cuimsitheach atá leagtha amach don Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) sa phlean scoile. Tá na haidhmeanna a bhaineann leis na snáitheanna agus na snáithaonaid an churaclaim do gach rang leagtha amach go soiléir. Tá forbairt phearsanta agus forbairt shláinte an pháiste á gcothú trí imeachtaí éagsúla a chur ar siúl do na daltaí. Cuirtear an fhorbairt seo chun cinn go leanúnach ar bhonn neamhfhoirmiúil i ngnéithe éagsúla an churaclaim.

 

Baintear úsáid as cluichí comhoibritheacha, as obair chiorclach, as tionscadail agus as dramaíocht mar mhodhanna múinte chun scileanna éisteachta agus cumarsáide a chothú. Bíonn ceachtanna ar rialacha sa scoil, ar mhisneach, ar mhothúcháin, ar na baill beatha, ar dhrugaí agus ar fhéin-aithne ar siúl. Spreagtar na daltaí le féinmhuinín agus féinmheas a chothú iontu féin. Dírítear aire ar an sláintoideachas i ngach rang agus tá polasaí maidir le lón folláin sa scoil. Cothaítear féin mheas agus féin mhuinín na ndaltaí trí plé fiúntach le linn na gceachtanna.

 

4.8 Measúnú

 

Tá stráitéisí measúnaithe oiriúnacha leagtha amach sa phlean scoile agus iad á gcur i bhfeidhm go rialta. Déantar monatóireacht agus measúnú rialta ar dhul chun cinn na ndaltaí sna hábhair éagsúla trí scrúdaithe scoilbhunaithe agus trialacha caighdeánacha á úsáid. Baintear feidhm as ceistiúchán, dírbhreathnú an mhúinteora, scrúdaithe sa litriú agus straitéisí neamhfhoirmiúla chun caighdeán foghlama na bpáistí a mheas sna seomraí ranga. Déantar monatóireacht rialta ar chóipleabhair agus ar obair scríofa na bpáistí sna ranganna uilig, ach b’fhiú na gnáth-bhotúin a chlárú agus a mheas agus ceachtanna a phleanáil dá réir. Baintear feidhm as trialacha caighdeánacha measúnaithe chun cumas léitheoireachta na ndaltaí a mheas agus chun na daltaí a roghnú a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Déantar trialacha scagaidh ar dhaltaí go luath chun deacrachtaí ar leith a aithint. Tá an fhorbairt seo le moladh mar go mbeidh an fhianaise ag na múinteoirí chun na daltaí le deacrachtaí foghlama a aithint go luath. Cláraítear dul chun cinn na bpáistí ag deireadh na bliana agus seoltar na sonraí cuí go gairmiúil chuig na tuismitheoirí. Coimeádtar cóip de na tuairiscí seo sa scoil.

 

 

5. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

 

5.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

 

Tá polasaí uile-scoile dréachtaithe ag an bhfoireann mar a bhaineann le soláthar oideachais do pháistí le riachtanais speisialta foghlama, ach b’fhiú ról níos láidre a bheith ag an tseirbhís tacaíochta d’oideachas speisialta agus an polasaí seo á chur le chéile. Mar chuid den tseirbhís tacaíochta, leagtar spriocanna foghlama soiléire amach sna pleananna oibre ar bhonn an dalta aonair agus cláraítear dul chun cinn na foghlama go rialta. Baineann caighdeán sásúil leis an gcur chuige ó thaobh na ngníomhaíochtaí foghlama a chuirtear ar bun. Is inmholta an chabhair dhearfach agus an t-ardú meanman a thugtar do na daltaí.

 

Déantar teagmháil go rialta leis na tuismitheoirí. Déantar freastal ar dhaltaí le deacrachtaí léitheoireachta sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. Forbraítear scileanna litearthachta ach go háirithe le linn na gceachteanna. Tá réimse breá bogábhar in úsáid chun treisiú a dhéanamh ar thuiscint na ndaltaí ar choincheapa trí mheán teicneolaíocht an eolais. Moltar machnamh a dhéanamh ar an gcomhtheagasc a leathnú le nach mbeidh daltaí i gcónaí ag fágáil an rangsheomra chun cabhair bhreise a fháil. Déantar iarracht atmaisféar spreagúil foghlama a chothú do na daltaí sa seomra tacaíocht foghlama. Roghnaítear na daltaí don tséirbhís tacaíocht foghlama tar éis anailís a dhéanamh ar thorthaí na dtrialacha caighdeánacha agus labhairt leis na múinteoirí ranga agus na tuismitheoirí. Tá na trialacha caighdeánacha go léir á ndéanamh ag na hoidí ranga. B’fhiú breis anailíse a dhéanamh ar thorthaí na scrúduithe seo agus breis scrúduithe diagnóiseacha a dhéanamh. Coinnítear seicliostaí an-mhaithe ar dhul chun cinn na ndaltaí i ngach roinn. Déantar gach iarracht daltaí a thabhairt go dtí caighdeán de réir a gcumais. Stiúrtar obair an chúntóra riachtanais speisialta go cumasach. Déantar an phleanáil i gcomhpháirt leis na hoidí ranga. Is cleachtas maith é seo chun clár leanúnach teagaisc á sholáthar do na daltaí. Ullmhaítear cláir aonair theagaisc do na daltaí.

 

Oibríonn an tseirbhís tacaíochta foghlama i gcomhpháirt leis an oide ranga sa mhéan roinn sa scoil chun forbairt a dhéanamh ar fhoclóir agus ar idirghníomhú sóisialta dalta le riachtanas ar leith. Bheadh sé fiúntach don scoil dul i dteagmháil leis an gClár Tacaíochta don Oideachas Speisialta chun an tseirbhís réigiúnach chuiditheoireacht a fháil chun cuidiú le foireann na scoile agus an córas nua ó thaobh an chomhtheagaisc seo á chur i bhfeidhm acu.

 

5.2 Tacaíochtaí eile do dhaltaí: iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste agus daltaí ó ghrúpaí mionlaigh nó grúpaí eile

 

Níl líon ard de dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste ag freastail ar an scoil seo ach tugtar gach tacaíocht do na daltaí trí lóin a sholáthar dóibh faoi scéim tacaíochta forbartha áitiúil.

 

 

6.  Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

Is iad seo a leanas na príomhnearta a aithníodh sa mheastóireacht:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Mar bhealach le togáil ar na nearta seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:

 

 

 

 

§         Moltar don bhord athbhreithniú a dhéanamh ar ionad na scoile chun a chinntiú go bhfuil na seomraí le chéile.

 

 

 

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus an mbord bainistíochta mar a rinneadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.