An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Meastóireacht Scoile Uile

TUAIRISC

 

Gaelscoil Bhun Chranncha

Bun Chranncha, Contae Dhún na nGall

Uimhir Rolla: 20097G

 

Dáta na cigireachta: 5 Aibreán 2006

Dáta eisithe na tuairisce: 15 Nollaig 2006

 

 

An Tuairisc seo ar Mheastóireacht Scoile Uile

Réamhrá

1. Cáilíocht bhainistíocht na scoile

1.1 Bord Bainistíochta

1.2 Bainistíocht inscoile

1.3 Bainistíocht acmhainní

2. Cáilíocht phleanáil na scoile

2.1 Plean na scoile

2.2 Feidhmiú phlean na scoile

3. Cailíocht na foghlama agus an teagaisc

3.1 Teanga

3.2 Matamaitic

3.3 Oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE)

3.4 Oideachas ealaíon

3.5 Corpoideachas

3.6 Oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS)

3.7 Meastúchán agus gnóthachtáil

4.  Caílíocht na tacaíochta do mhic léinn

4.1 Polasaí agus soláthar do mhicléinn a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu

4.2 Polasaí agus soláthar le haghaidh tacaíochta foghlama

4.3 Ag tabhairt taca don pháiste – an teaghlach, an scoil agus an pobal

5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

 

 

 

An Tuairisc seo ar Mheastóireacht Scoile Uile

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis meastóireacht scoile uile a bheith déanta ar Ghaelscoil Bhun Chranncha. Léiríonn sí torthaí meastóireachta a rinneadh ar obair na scoile ina hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta ag na cigirí leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na scoile agus le tuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar thréimhse roinnt laethanta inar thug na cigirí cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar bhreathnaigh siad ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne siad idirghníomhú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh siad obair na ndaltaí agus rinne siad idirghníomhú leis na múinteoirí ranga. D'athbhreithnigh siad doiciméadú faoi phleanáil scoile agus ullmhú scríofa na múinteoirí. Bhuail siad le grúpaí foirne éagsúla de réir mar ba chuí. I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug na cigirí aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

 

Réamhrá

 

Tá Gaelscoil Bhun Chranncha suite ar Ascaill an Chaisleáin i lár Bun Chranncha, Co. Dhún na nGall. Is bunscoil lán-Ghaeilge, chomhoideachais, idirchreideamhach í. Is í seo an chéad mheastúchán ar shaothar na scoile. Bunaíodh an scoil i 1999 le haitheantas sealadach ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Don chéad bhliain bhí 25 dalta ar rollaí na scoile. Bronnadh aitheantas buan ar an scoil i 2002. Tá líon na bpáistí ar rolla ag dul i méid bliain i ndiaidh bliaina agus tá 111 dalta ar rollaí na scoile faoi láthair. Tá príomhoide agus ceathrar oidí ranga lánaimseartha ar fhoireann na scoile, maraon le hoide tacaíochta lán-aimseartha. Tagann na daltaí ó theaghlaigh sa cheantar agus ón cheantar níos leithne. Tá an scoil ag feimiú go héifeachtach faoi fhoireann scoile a dhéanann a gcuid oibre go dúthrachtach, proifisiúnta.

 

Tá sé sóiléir ó ráiteas misin na scoile go bhfuil “teagmháil leis an Ghaeilge ar chroí-lár spiorad na scoile”. Léiritear go bhfuil an-suim agus an-spéis sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ag pobal na scoile. Is polasaí an tumoideachais atá i bhfeidhm sa scoil, seachas nuair atá teangacha eile á dteagasc. Is í an Ghaeilge an teanga bhainistíochta agus riaracháin fosta. Tá fórmhór na ndaltaí ag teacht ar scoil gan Gaeilge ar bith. Tá an fhoireann teagaisc, an príomhoide ach go háirithe, le moladh as an oideachas d’ardchaighdeán atá a chur ar fáil acu trí Ghaeilge agus as an sár-obair atá á déanamh acu chun cur ar chumas na daltaí meas agus tuiscint a bheith acu dá bhféiniúlacht chultúrtha féin agus d’fhéiniúlacht chultúrtha dhreamanna eile. Bronnadh an Corn Mhic Con Midhe ar an scoil i mbliana ó Comhaltas Uladh ó thaobh ardchaighdéan na Gaeilge labhartha sa scoil.

 

 

 

 

 

1. Cáilíocht bhainistíocht na scoile

1.1 Bord Bainistíochta

 

Tá Gaelscoil Bhun Chranncha faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán – Ghaeilge. Tá bord bainistíochta na scoile bunaithe mar is cóir agus tá an bord i bhfeidhm faoi rialacha na Roinne Oideachais. Feidhmíonn na baill go coinsiasach d’fhonn a chinntiú go bhfuil oideachas leathan, éifeachtach á chur ar fáil. Eagraítear cruinnithe go rialta agus tuairiscítear go gcoinnítear miontuairiscí cuimsitheacha. Tá polasaithe reachtúla, curaclaim agus tréadchúraim agus polasaithe maidir le riarachán faofa ag an mBord agus á gcur i bhfeidhm go rialta agus ar dhóigh éifeachtach. Tá leagan dátheangach ar chuid de na polasaí chun freastal ar phobal na scoile. Tugann an Bord Bainistíochta tacaíocht don phríomhoide agus don fhoireann i bpróiséas na pleanála. Tá an Bord agus na tuismitheoirí gníomhach agus aontaithe faoin áit lárnach atá ag an scoil i gcothú agus i láidriú na Gaeilge.  Tá an bord ar an  eolas mar gheall ar na riachtanais reachtúla mar gheall ar ullmhú cód iompraíochta, tinreamh scoile, agus polasaí sláinte agus sábháilteachta.  Cé go bhfuil an bord ag comlíonadh a dhualgais agus ag déanamh monatóireachta ar neamhláithreacht daltaí, feictear ón leabhar tinrimh go bhfuil gá le straitéisí a bheith sa phlean scoile chun tinreamh na scoile a threisiú.

 

Tá an scoil lonnaithe go sealadach i bhfoirgneamh buan i gClub na nÓg faoi láthair. Cé go bhfuil mórchuid de na seomraí ranga geal agus sásúil ó thaobh spáis do na daltaí de, tá an iomarca fadhbanna sábháilteachta ag baint leis an fhoirgneamh roinnte seo. B’iad carr chlós na scoile agus an staighre cúng na rudaí ba chontúirtí. Tá seomra ranga na naíonán iontach beag fósta chun freastal ar riachtanais na ndaltaí óga. Moltar don bhord bainistíochta dul ar aghaidh go práinneach chun suíomh scoile a fháil ar mhaithe le forbairt na scoile sa todhchaí.

 

1.2 Bainistíocht inscoile

 

Tá ceannaireacht an-éifeachtach le sonrú sa scoil seo. Stiúrtar imeachtaí uile na scoile le cruthaitheacht agus le teann díograis. Comhlíontear na dualgais cheannasaíochta maidir le riarachán go cumasach agus go sciliúil. Léirítear scileanna bainistíochta ina bhfuil na córais chumarsáide soiléir agus oscailte. Tá fís d’fhorbairt na scoile le feiceáil agus tá na pleananna cuí á bhforbairt de réir a chéile. Treoraítear baill na fóirne go cúramach. Aithnítear an ról leathan atá ag tuismitheoirí san oideachas agus eagraítear oícheanta curaclaim do na tuismitheoirí gach bliain. Tugtar dea-shampla na dícheallachta d’oidí agus do dhaltaí. Comhoibríonn na múinteoirí eile le ceannaireacht na scoile go fial agus go proifisiúnta i ngnéithe áirithe d’obair na scoile.

 

Tá postanna freagrachta ag beirt sa scoil. Tá na poist seo roinnte go hoiriúnach le béim curtha ar chúrsaí riaracháin agus curaclaim. B’fiú, afách, go mbeadh dualgais na n-oidí le poist fhreagrachta rianaithe sa phlean scoile. Tá dea-chaidreamh agus suim i bhforbairt scoile le mothú i measc bhaill na foirne. Bíonn cruinnithe foirne sa scoil go rialta chun obair agus polasaithe na scoile a phlé.  Tá ról lárnach ag an fhoireann bhainistíochta inscoile sa phróiseas pleanála.  Tá córais éifeachtacha i bhfeidhm sa scoil ag an mbainistíocht inscoile chun teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí. Cuirtear an-bhéim ar úsáid na Gaeilge sa scoil agus i measc na dtuismitheoirí agus is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna hiarrachtaí éagsúla atá curtha i gcrích go dtí seo ag bainistíocht na scoile.

 

1.3 Bainistíocht acmhainní

 

Faoi láthair tá príomhoide, ceathrar oidí ranga, agus oide tacaíochta fostaithe sa scoil. Caitheann oide acmhainne ó Scoil Naomh Odhráin seacht n-uaire sa tseachtain ag cabhrú le daltaí le riachtanais speisialta. Tá beirt chúntóirí riachtanais speisialta fostaithe sa scoil le tacaíocht a thabhairt do na daltaí sin freisin. Tá rúnaí scoile páirtaimseartha den chéad scoth fostaithe sa scoil agus is tacaíocht mhór í d’fhoireann na scoile.

 

Tugtar aire mhaith don fhoirgneamh sealadach agus maisítear na seomraí ranga go tarraingteach, spreagúil le háiseanna teagaisc, taispeántais agus le hobair na ndaltaí.  Tá raon leathan d’áiseanna teagaisc curtha ar fáil sna seomraí ranga idir theilifíseanna, fhístéipeanna, théipthaifeadáin, ríomhairí agus dlúthdhioscaí agus tá úsáid éifeachtach á baint astu don teagasc.  Tá béim curtha ar léitheoireacht agus ar sholáthar leabhar léitheoireachta i mbliana agus tá sé seo le moladh. Freisin tá an-bhéim faoi leith curtha i mbliana ar fáil acmhainní tacaíochta foghlama chomh maith le trialacha éagsúla agus leabhar eolais faoin ngné seo den mheasúnacht.    

 

2. Cáilíocht phleanáil na scoile

2.1 Plean na scoile

 

Ó bunaíodh an scoil is léir go bhfuil a lán oibre déanta ag foireann na scoile i bpáirt leis an bhord bainistíochta agus le tuismitheoirí ar phlean scoile a fhorbairt.  Tá plean straitéiseach cúig bliana á leagan amach ag an bhfoireann i bhfoirm leanúnach le freastal ar na riachtanais atá aitheanta ag an scoil. Tá dialann agus plean gníomhaíochta gearrthréimhseach acu leis an bplean scoile a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Tá tairbhe den scoth ag baint leis an obair seo. Sa phlean scoile leagtar amach ráiteas misin agus fís na scoile, polasaí ar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí, polasaí na Gaeilge, raiteas riarú leighis, polasaí comhionannas rochtana, polasaí iontrála, polasaithe um chosaint páistí agus um thromaíocht, polasaí leabharlainne, polasaí slándála agus sábhailteachta, polasaí ar oideachas caidrimh agus gnéasachta, polasaí um usáid inghlactha idirlín agus polasaí faoin riachtanais oideachais speisialta. Moltar anois, go mbeadh dátaí leagtha amach sa phlean scoile chun athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar na polasaithe riaracháin. Tá tionscnaimh inmholta eile faoin teideal “dea-chleachtais scoile” leagtha amch sa phlean. Baintear úsáid éifeachtach as na moltaí a fhaightear ón tseirbhís um fhorbairt scoile chun pleananna na scoile a chur le chéile. Is léir go ndéantar monatóireacht agus athbhreithniú rialta ar fheidhmiú phlean na scoile le linn na gcruinnithe foirne. Déantar an phleanáil ar bhonn uile scoile agus is í an fhís atá ag an scoil mar atá rianaithe sa phlean scoile ná “Ní neart go cur le chéile”. Faigheann gach tuismitheoir dréachtchóip de na polasaithe.

 

Cuireadh fianaise ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil céimeanna cuí glactha ag an mbord bainistíochta agus ag an bhfoireann chun beartais a fhorbairt atá ag teacht le forálacha i Children First: National Guidelines for the Protection and Welfare of Children (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2004) agus Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Aibreán 2001). Cuireadh fianaise ar fáil, leis, a dhearbhaíonn go bhfuil na beartais glactha ag an mbord bainistíochta agus go bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige. Táthar tar éis duine idirchaidrimh ainmnithe a cheapadh de réir cheanglas threoirlínte na Roinne.

Maidir leis an churaclaim tá polasaithe ullmhaithe do na hábhair a bhfuil oiliúint ionghairme faighte iontu. Tá pleananna den chéad scoth déanta amach don Cheol, don Mhatamaitic, don Chorp Oideachais, don OSPS, don Eolaíochta agus do na hAmharcealaíona. Tá forbairt agus athbhreithniú á ndéanamh ag an fhoireann ar an phlean Gaeilge agus cuid den phlean Béarla faoi láthair. Tá gá forbairt á dhéanamh ar na polaisithe seo ionas go mbeidh an cleachtas éifeachtach a bhí le sonrú i roinnt ranganna i múineadh na n-ábhar le feiceáil ar bhonn uile scoile.

 

2.2 Feidhmiú phlean na scoile

 

Tá an plean scoile atá leagtha amach á chur i bhfeidhm go héifeachtach.  Tá an fhoireann iomlán agus an bord bainistíochta páirteach i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm an phlean scoile. Baintear úsáid as an bplean i ndearadh scéimeanna oibre na n-oidí aonair. Leagann gach oide plean oibre fadtréimhseach amach dá rang faoi na snáitheanna agus snáthaonaid atá sa churaclam. Coimeádann gach oide cuntas míosúil ar dhul chun cinn na hoibre. Cé go ndéantar freastal éifeachtach ar na daltaí le riachtanais oideachais ar leith sna seomraí ranga, b’fhiú an t-idirdhealú a dhéantar sa teagasc a rianú sa phleanáil scríofa agus cóipeanna de na cláracha aonair teagaisc a chur ar fáil i bpleanáil na n-oidí ranga chomh maith. 

Is léir ó phlean agus ó chlár teagaisc na scoile go bhfuil taithí á tabhairt do na daltaí i gcuraclam leathan agus cothrom. Is léir freisin go bhfuil tuiscint mhaith ag na hoidí ar bhunphrionsabail an churaclaim. Baintear úsáid as raon leathan de mhodhanna múinte idir rangtheagasc, grúpobair, obair i bpéirí agus obair aonair nuair is gá.  Déantar comhtháthú éifeachtach sa phleanáil agus tá an leanúnachas á chothú ó rang go rang idir na hábhair sa churaclam. Baintear úsáid éifeachtach as modh an tionscadail tríd an scoil agus tá dea-shaothar na ndaltaí le feiceáil sna seomraí ranga. Cuireann an scoil réimse oiriúnach gníomhaíochtaí ar fáil agus féachann na hoidí chuige go bhfuil na daltaí go léir páirteach sna gníomhaíochtaí seo chun tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim agus chun í a fheabhsú. Baintear úsáid éifeachtach as na ríomhairí agus as cláir oiriúnacha don phaiste aonair chun obair thionscnamh a dhéanamh. 

 

 

3. Cailíocht na foghlama agus an teagaisc

3.1 Teanga

Gaeilge

Tá ról gníomhach trí Ghaeilge i ngnó na foghlama i ngach ábhar scoile agus sa ghnáth chumarsáid shóisialta agus fhoghlama. Tréaslaítear leis an fhoireann as an gcaoi go bhfuil ag éirí leo an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhmheán chumarsáide sa chlós agus sa limistéar scoile i gcoitinne.  Is iontach go deo an caighdeán Gaeilge atá bainte amach ag páistí sa scoil seo. Baineann siad an-taitneamh as a gcuid foghlama sna ranganna Gaeilge, léiríonn siad tuiscint chuí ar an ábhar atá cloiste acu agus aithrisíonn siad rainn, dánta agus amhráin le tuiscint, le luas agus le dea-fhoghraíocht. Múintear an fhilíocht ar bhonn rialta sna ranganna uile. Baineann taitneamh den chead scoth leis an obair seo. Freagraíonn na páistí ceisteanna dúshlánacha faoin ábhar atá faoi chaibidil, le cruinneas agus líofacht an-bhreá. Le linn na cigireachta, chonacthas samplaí den scoth de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge ag rangleibhéil éagsúla. Leagtar béim inmholta ar chothú scileanna éisteachta na bpáistí ar bhonn foirmiúil. Is an-éifeachtach mar a bhaintear leas as raon leathan straitéisí chun na scileanna seo d’fhorbairt. Ina measc seo, áirítear éisteacht le dlúthdhioscanna agus tascanna a dhéanamh dá réir, druileanna cuí a dhéanamh, éisteacht le hamhránaíocht ilchineálach agus páirt a ghlacadh i gcluichí éagsúla, go háirithe sa rólghlacadh tar éis do na daltaí éisteacht le treoracha cuí.

 

Tugtar deiseanna fiúntacha do na daltaí cleachtadh a dhéanamh ar an nGaeilge atá foghlamtha acu agus fíorchumarsáid a dhéanamh. Sa chomhthéacs seo, leagtar béim inmholta ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt, ar agallaimh bheirte, ar thascanna faoi leith a chur i gcrích agus ar chluichí teanga. Leagann na hoidí béim ar an drámaíocht mar mheán teagaisc agus foghlama. Leagtar an-bhéim ar fhoghlaim na teanga trí mheán scéalta agus comhráití  faoi leith. Dírítear go héifeachtach ar thréimhsí aitheanta ceachta chun an curaclam a chur in oiriúint do leibhéil chumais éagsúla na ndaltaí.

 

Cruthaítear timpeallacht a spreagann suim sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht go héifeachtach agus ag leibhéil ar leith sa scoil. Leagtar béim inmholta sna rangsheomraí  ar phrionta a fhorbairt chun foghlaim na bpáistí a neartú. Tá réimse leathan d’ábhar léitheoireachta ar fáil. Léann na daltaí le brí, le luas agus le cruinneas an-chreidiúnach agus is léir go bhfuil tuiscint den chéad scoth ar a bhfuil á léamh acu. Cuirtear béim inmholta ar  scileanna agus ar fhoscileanna na léitheoireachta a mhúineadh ar bhonn foirmeálta. Ag éirí as an gcur chuige sin, aithníonn cuid mhaith de na daltaí foclóir dúshlánach trí úsáid a bhaint as scileanna fonaiciúla, comhthéacs agus briseadh síos focal ina siollaí. Glacann na daltaí páirt an-fhiúntach i bplé grúpa ina léirítear tuairimí faoin ábhar.

 

Is mór is fiú an bhéim a leagtar sna rangsheomraí ar chomhtháthú na scríbhneoireachta go díreach leis an léitheoireacht agus leis an ábhar comhrá. Chonacthas roinnt samplaí fiúntacha de scríbhneoireacht na ndaltaí agus moltar go mór an obair atá idir lámha maidir lena gcuid scéalta a chur i gcló. Déantar scríbhneoireacht fheidhmiúil de chaighdeán an-sásúil sna ranganna uile. Múintear gramadach fhoirmiúil ag an leibhéal sinsireach agus cabhraíonn an cur chuige seo leis na páistí struchtúr cinnte teanga a chumadh as a stuaim fein.  Tugtar deiseanna líonmhara do na daltaí scríobh go cruthaitheach. Tugtar faoi phróiséas na scríbhneoireachta agus dírítear aird aidhmeanna na scríbhneoireachta, ar riachtanais an lucht léitheoireachta agus ar genres difriúla a bhaineann leis an scríbhneoireacht. Tá caighdeán ard á bhaint amach ag mórchuid de na daltaí san obair seo.

 

English

The school plan for English includes some commendable whole school teaching strategies for oral language games, emergent reading skills, reading, process writing, handwriting, poetry, comprehension and assessment. Consideration should now also be given to the development of whole school approach to phonological awareness. Individial teachers provide comprehensive planning and preparation in line with curriculum objectives and with the school plan.  Opportunities are given to develop the pupils’ oral competencies throughout the school with considerable emphasis placed on developing the pupils’ langauge and listening skills.  In the junior section, emphasis is placed on the development of phonological awareness, sight vocabulary and on emergent reading skills in general.  Active listening skills are developed through the use of story and exposing pupils to a variety of experiences.

 

As the school has an immersion approach to the teaching of Irish the formal teaching of English reading commences after Christmas in senior infants. Pupils’ reading materials are differentiated to suit the differing abilities in the classroom. There was evidence of some weakness in the junior section with regard to the pupils’ identification of the key reading words, their phonological development and general word building skills. Further practice and drill in these areas is recommended. A structured phonological programme will also assist in the development of the pupils’ word attack skills. Stocks of supplementary graded parallel readers will also benefit pupils’ reading skills in this section develop further. The Shared Reading programme to be undertaken will also be supportive of the pupils’ emergent reading skills. The involvement of parents in this project is to be commended. Reading standards are satisfactory in other sections and there is evidence that the teachers read to the pupils and the children thoroughly enjoy reading class novels. There is an increasingly strong emphasis being placed on developing a reading culture in the school. A well-organised school library has been established and the children also visit the local library regularly and clearly enjoy reading and talking about books they have read.

 

Functional and creative writing is undertaken at all class levels to a satisfactory standard.   Process writing is a strong feature of classroom practice in the senior section of the school and samples of the children’s written work in copies that were seen during the evaluation were laudable. Consideration should now be given to the publication of the pupils’ work in the form of class anthologies or a school year book, which would celebrate further the pupils’ commendable creativity. Children’s written work is carefully monitored and strategies for the ongoing assessment are in place. It is recommended that teachers use checklists further in the junior section to help monitor the pupils’ word identification skills and to monitor progress across the curriculum strands and strand units.  In the senior section pupils are encouraged to self- assess and this is laudable. A wide repertoire of poetry is explored and taught to an excellent standard across the school.  Poems are used as a stimulus for discussion in many classes and pupils are encouraged to compose their own poems.

 

3.2 Matamaitic

 

Tá plean scoile leagtha amach don mhatamaitic ina gcuirtear san áireamh na snáitheanna, na modhanna eolaíochta agus measúnú. Déantar nasc an-éifeachtach idir Matamaitic agus an gnáthshaol. Leagtar béim inmholta ar obair ó bhéal a chleachtadh, agus i roinnt ranganna cuirtear ceisteanna dúshlánacha ar dhaltaí a spreagann iad le dian-mhachnamh a dhéanamh. Is inmholta mar a chuirtear ar dhaltaí míniú a thabhairt ar a bhfreagraí agus plé a dhéanamh ar mhodhanna éagsúla le fadhbanna a réiteach. B’fhiú ábhar corpartha a úsaid a thuilleadh chun coincheapa a dhaingniú.

 

Céimnítear an clár teagaisc go hoiriúnach ó rang go rang. Baintear úsáid thuisceanach as téacsleabhair le linn na gceachtanna agus tá sé le sonrú go gcleachtar obair ó bhéal go rialta chun brí a cheangal leis an fhoghlaim. Déantar cúram breá de théarmaíocht na Matamaitice a theagasc go struchtúrtha agus spreagtar plé tairbheach i roinnt ranganna chun tuiscint ar na coincheapa a threisiú. Baintear úsáid as modhanna gníomhaíochta foghlama agus as cluichí matamaitice i roinnt ranganna. Léiríonn an chuid is mó de na daltaí tuiscint mhaith ar na coincheapa cuí sa mhatamaitic. Cláraíonn siad an obair scríofa go cúramach. Cleachtar  grúpobair chun rannpháirtíocht agus neamhspleáchas foghlama na ndaltaí a chothú.  Cuirtear ábaltacht an uile dhalta san áireamh agus na pleananna oibre gearrthéarmacha á n-ullmhú chun a chinntiú go gcuirtear an obair in oiriúint do dhaltaí ar gach leibhéal cumais.

 

3.3 Oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE)

Tíreolaíocht

Múintear an Tír Eolaíocht i ngach rang agus déantar comhtháthú an-éifeachtach idir an ábhar seo agus an Eolaíocht. Tá clár leathan ar fáil agus tá an fhoireann ag obair ar phlean Tíreolaíochta faoi láthair. Bunaítear cuid mhaith den obair ar an aimsir, ar na séasúir, ar dhaoine agus pobail agus ar an timpeallacht áitiúil sna bunranganna. Tá na taispeántais atá curtha i gcrích sna bunranganna le moladh. Tugtar na páistí ar shiúlóidí timpeall an cheantair go rialta sna meánranganna agus sna hard-ranganna lena dtuiscint ar thíreolaíocht na timpeallachta a fhorbairt. Déantar sár-obair freisin ar léamh agus ar úsáid léarscáileanna tríd an scoil. Déantar stáidear ar an cheantar aitiúil, ar an chontae, agus ar thíreolas na tíre. Cothaítear spéis na ndaltaí sna tíortha éagsúla trí úsáid a bhaint as léarscáileanna, grianghraif, téacsleabhair agus leabhair eolais.  Déantar tionscnaimh ar an gcultúr ata ag tíortha eile ar fud an domhain sna hard-ranganna. Baintear úsáid as plé agus eagraítear ceachtanna gníomhaíochta atá fréamhaithe i dtáithí agus i dtimpeallacht na bpáistí i dteagasc na Tíreolaíochta. Cuirtear béim ar fhorbairt scileanna agus ar fhéith na fiosrachta.

 

Stair

Múintear clár leathan Staire i ngach rang agus is léir go bhfuil forbairt leanúnach ar na gnéithe Staire ó rang go rang.   Sna bunranganna déantar stáidear ar stair phearsanta na ndaltaí agus ar na hathruithe a thárlaíonn do dhaoine óga agus iad ag fás. Déantar comparáid idir an sean-saol agus an lá atá inniu ann. Rinne na daltaí i ranganna áirithe tionscnaimh ar an sean-saol trí scéalta a bailíodh ó na sean daoine sa cheantar. Tugtar go dilís don scéalaíocht agus do fhinscéalta na hÉireann ach go háirithe.  Spreagtar na daltaí chun bheith ag obair mar staraithe ar bhonn cumasach. Cuirtear béim ar fhorbairt scileanna, ar mhodhanna gníomhaíochtaí, ar iniúchadh agus ar fhiosrú fianaise. Tá am-línte agus iarsmalanna ranga le féiceáil i roinnt ranganna agu tá an cleachtas seo le moladh.  Múintear ceachtanna ar ghnéithe den Stair náisiúnta agus idirnáisiúnta do na hardranganna. Tá an obair atá déanta ar an stair áitiúil le moladh, go háirithe an obair atá déanta ar logainmneacha an cheantair.

 

Eolaíocht

Tá plean scoile cuimsitheach don Eolaíocht bunaithe ar ceithre shnáithe an churaclaim eolaíochta curtha le chéile agus clár leathan á theagasc ag na hoidí a bhaineann le dúile beo, ábhar, fuinneamh agus fórsaí, agus feasacht agus cúram imshaoil. Tá raon leathan d’ áiseanna teagaisc curtha ar fáil do mhúineadh na hEolaíochta agus iad liostaithe go sóiléir sa phlean scoile. Cuirtear béim ar mheon fiafraitheach agus scileanna fiosrúcháin a chothú sna páistí. Cleachtar modhanna gníomhaíochta chun tuiscint ar na coincheapa éagsúla a fhorbairt. Tugtar faoi thrialacha eolaíochta suimiúla i ngach rang agus bíonn na daltaí abálta caint go líofa, eolasach faoin obair a bhí déanta. Baintear úsáid mhaith as ceisteanna osclaite chun smaointe agus suim na ndaltaí a phlé. Tá na taispeántais den obair atá déanta i roinnt ranganna le moladh. Tá boird dúlra an-tarraingteacha i roinnt seomraí ranga. Músclaítear spéis na ndaltaí ina dtimpeallacht i ngach rang agus tugtar na daltaí ar shiúlóidí dúlra go rialta ag breathnú ar na séasúir agus ar an timpeallacht ag athrú.

 

3.4 Oideachas ealaíon

Na hAmharcealaíona

Tá plean scoile cuimsitheach curtha ar fáil do na hAmharcealaíona ina léirítear aidhmeanna maidir leis an taithí a thugtar do na daltaí dul i ngleic le líníocht, obair le cré, priontáil, tógáil agus saothar cruthaitheach le fabraic. Tá stór leathan d’acmhainní teagaisc leagtha amach sa phlean chun cuidiú le múineadh an abháir seo. Tá samhlaíocht, taitneamh agus caighdeán sásúil teagaisc agus gnóthachtála ag baint leis an chur chuige i leith theagasc agus fhoghlaim na nAmharcealaíona. Bhí gach snáith den churaclam le feiceáil sna taispeántais líonmhara a bhí mórthimpeall na seomraí. Tá blas an chomhtháthaithe agus na héagsúlachta le sonrú san obair atá ar taispeáint i dtimpeallacht ildaite na rangsheomraí agus is éifeachtach mar a cheanglaítear an t-ábhar seo le hábhair eile an churaclaim i ngach rang. Spreagtar na páistí chun machnamh a dhéanamh ar cháilíochtaí agus ar thréithí an t-saothar a dhéanann na healaíontóirí cáiliúla. Tugtar faoi éagsúlacht sna gníomhaíochtaí  ealaíne agus cuirtear obair na ndaltaí ar taispeáint sna seomraí ranga agus sna hallaí. Eagraítear taispeántais ealaíne na ndaltaí do thuismitheoirí gach bliain ag Féile na Samhna chun gur féidir leo féachaint agus freagairt don obair ealaíne. Baineann na daltaí féin an-taitneamh as bheith ag féachaint agus ag freagairt do shaothar ealaíne na ndaltaí eile sa scoil.Déantar sár-obair sna hAmharcealaíonna gach dara bliain nuair a ghlacann an scoil páirt i mórshiúil Lá ‘le Pádraig.

 

Ceol

Múintear an amhránaíocht ar dhóigh fhíorthaitneamhach agus déantar cúram d’fhoranna an cheoil a theagasc. Cuirtear clár leathan spéisiúil ar fáil idir amhránaíocht agus forbairt scileanna cumadóireachta agus éisteachta. Baineann caighdean breá leis an gceol a chasann na daltaí agus tréaslaítear leis na hoidí uile as an obair bhreá ata ar siúl acu sa ghné seo den churaclam. Bíonn cór na scoile ag amhránaíocht gach bliain i leabharlann Bhun Chranncha i rith sheachtain na Gaeilge.

 

Drámaíocht

Faoi láthair tá an drámaíocht á húsaid go príomha chun ábhar churaclaim a inmheánú seachas mar ábhar nó mar mhír foghlama inti fein. Tá scileanna drámaíochta á bhforbairt ar dhóigh fhoirmeálta agus go samhailteach trí mheán na filíochta ach go háirithe. Forbraítear féith chruthaitheach na ndaltaí maraon le féin-mhuinín agus foclóir mothúnánach le linn na gceachtanna tríd an gcur chuige a chonacthas le linn an mheasúnaithe. Le hoiliúint amach anseo ar chur chuige na drámaíochta mar chuid den churaclam, is léir go bhfuil an scoil seo oscailte agus fáilteach d’fhorbairt ar scileanna foghlama agus teagaisc sa drámaíocht. Amach anseo, bheadh sé tráthúil díriú ar shaor-chumadóireadht, ar ghluaiseacht agus ar mhím ar bhonn struchtúrtha.

 

3.5 Corpoideachas

Baineann éagsúlacht bhreá leis na gníomhaíochtaí sa chorpoideachas. Stiúrtar na ceachtanna go hordúil agus baineann na daltaí tairbhe agus taitneamh astu. Leagtar béim le linn na hoibre ar scileanna a fhorbairt. Is léir ó chuntais oibre na n-oidí go múintear scileanna liathróide, cluichí clóis agus cluichí foirne. Tagann baill ón bpobal maguaird isteach chun gnéithe den chlár a mhúineadh. Tá an scoil ag baint an leasa is fearr as an tseirbhís seo mar mheán chun oiliúint ionghairme a fháil agus mar mhodh chun taithí na ndaltaí ar raon leathan gníomhaíochtaí a leathnú. Glacann na daltaí páirt go fonnmhar agus baineann siad an-sult as an ngné seo den churaclam scoile. Tugtar treoracha an-chinnte do na daltaí agus forbraítear a gcuid scileanna go céimniúil. Leagtar béim ar aclaíocht choirp a fhorbairt agus ar scileanna cluichí a neartú.. Tuairiscítear go dtéann na daltaí ag snámh go rialta agus go nglacann páistí ón scoil páirt in imeachtaí éagsúla spóirt sa cheantar trí Chumann na mBunscoil.

 

3.6 Oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS)

 

Tá go leor oibre curtha i gcrích ag na hoidí san ábhar seo bunaithe ar an chlár cuimsitheach atá leagtha amach don OSPS sa phlean scoile. Tá na haidhmeanna a bhaineann leis na snáithe agus snaithaonaid an churaclaim do gach rang leagtha amach go sóiléir sa phlean. Cuirtear an t-ábhar seo i láthair na ndaltaí trí dhearcadh agus atmaisféar deimhneach na scoile agus an ranga.  Tá forbairt phearsanta agus forbairt shláinte an pháiste á gcothú trí imeachtaí éagsúla. Cuirtear an fhorbairt seo chun cinn go leanúnach ar bhonn neamhfhoirmiúil i ngnéithe éagsúla an churaclaim Úsáidtear aidhmeanna agus straitéisí na scéime Misneach tríd an scoil. Baintear úsáid freisin as cluichí comhoibritheacha, as obair chiorclach, as tionscadail agus as díospóireacht mar mhodhanna múinte chun scileanna éisteachta agus cumarsáide a chothú. Bíonn ceachtanna ar rialacha sa scoil, misneach, mothucháin, na bhaill beatha, drugaí agus féin-aithne ar siúl sna ranganna éagsúla. Spreagtar na daltaí le féinmhuinín agus féinmheas a chothú iontu féin.  Dírítear aire ar an sláintoideachas i ngach rang agus tugtar dea-oiliúint do na páistí sa ghné seo. Tá polasaí maidir le lón folláin sa scoil agus tá ag éirí go geal leis seo. 

 

3.7 Meastúchán agus gnóthachtáil

 

Tá stráitéisí measúnaithe oiriúnacha leagtha amach sa phlean scoile agus iad á gcur i bhfeidhm go rialta. Déantar monatóireacht agus measúnú rialta ar dhul chun cinn na ndaltaí sna hábhair éagsúla trí scrúdaithe scoilbhunaithe agus trialacha caighdeánacha á úsáid. Baintear feidhm as ceistiúchán, dírbhreathnú an mhúinteora, scrúdaithe sa litriú agus straitéisí neamhfhoirmiúla chun caighdeán foghlama na bpáistí a mheas sna seomraí ranga. Déantar monatóireacht rialta ar chóipleabhair agus ar obair scríofa na bpáistí sna ranganna uilig. Baintear feidhm as trialacha caighdeánacha measúnaithe chun cumas léitheoireachta na ndaltaí a mheas. Déantar trialacha caighdeánaithe don Ghaeilge chomh maith go bliantúil sa scoil. Tugtar faoi dheara sa dialann phleanála go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an mheasúnacht Bhéarla i mbliana. Moltar anois go mbeadh seicliostaí in úsáid sna ranganna sóisireacha chun monatóireacht leanúnach ar dhul chun chinn na ndaltaí a mheas trasna an churaclaim. Cuireadh tús le húsáid a bhaint as trialacha caighdeánacha measúnaithe Matamaitice le deanaí chun cumas scileanna matamaitice na ndaltaí a mheas ar bhonn scoile uile. Tá triail scagaidh le déanamh ar na naíonáin don chéad uair i mbliana. Tá an fhorbairt seo le moladh mar go mbeidh an fhianaise ag na múinteoirí chun na daltaí le deacrachtaí foghlama a aithint go luath. Cláraítear dul chun cinn na bpáistí ag deireadh na bliana agus seoltar na sonraí cuí go gairmiúil chuig na tuismitheoirí. Coimeádtar cóip de na tuairiscí seo sa scoil. 

 

 

4.  Caílíocht na tacaíochta do mhic léinn

4.1 Polasaí agus soláthar do mhicléinn a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu

 

Tá polasaí uile-scoile dréachtaithe ag an fhoireann mar a bhaineann le soláthar oideachais do pháistí le riachtanais speisialta foghlama. Leagtar amach cur chuige cinnte maidir le daltaí le deacrachtaí a aithint go luath agus plean tacaíochta a dhearadh dóibh. Ullmhaíonn oidí sna gnáthranganna tascanna ar leith do dhaltaí le riachtanais speisialta agus díríonn siad an-aird ar a rannpháirtíocht a chothú le linn na ngníomhaíochtaí ranga.

 

Mar chuid den tseirbhís acmhainne, leagtar spriocanna foghlama soiléire amach sna pleananna oibre ar bhonn an dalta aonair agus cláraítear dul chun cinn na foghlama go rialta. Baineann caighdeán sásúil leis an gcur chuige ó thaobh na ngníomhaíochtaí foghlama a chuirtear ar bun. Forbraítear scileanna litearthachta ach go háirithe. Leagtar béim inmholta ar fhorbairt na teanga agus ar fhorbairt foclóra a bheadh riachtanach do na páistí don saol. Ardaítear meanma agus féin-mhuinín na ndaltaí dá réir. Tá na pleananna foghlama aonair ag teacht go dlúth le moltaí na siceolaithe agus tá said deartha i gcomhpháirt leis an oide ranga agus na tuismitheoirí. Tá stóras oiriúnach d’áiseanna teagaisc agus foghlama maraon le bailiúchán cuimsitheach de thorthaí measúnaithe ag na hoidí a chabhraíonn leo dul i ngleic le deacrachtaí scríbhneoireachta agus léitheoireachta. Baintear úsáid an-bhreá as cluichí litearthachta agus Matamaitice chun na daltaí a spreagadh chun foghlama. Tá réimse breá bogábhar in úsáid chun treisiú a dhéanamh ar thuiscint na ndaltaí ar choincheapa trí mheán teicneolaíocht an eolais.

 

Faoi láthair tá daltaí ag freastal ar oideachas acmhainne agus ar thacaíocht fhoghlama araon. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcleachtas seo d’fhonn a chinntiú nach mbeadh ach an t-aon chineál cabhrach á fhail ag na daltaí.  Moltar machnamh a dhéanamh ar an gcomhtheagasc a úsáid le nach mbeidh daltaí i gcónaí ag fágáil an rangsheomra chun cabhair bhreise a fháil. 

 

4.2 Polasaí agus soláthar le haghaidh tacaíochta foghlama

 

Tá post buan nua sa scoil ó thus na scoilbhliana chun tacaíocht foghlama a chur ar fáil do phobal na scoile. Tá an post seo roinnte le Scoil Íosagáin faoi láthair. Caitear lá amháin sa seachtain ansin agus ceithre lá i nGaelscoil Bhun Chranncha ag tabhairt tacaíochta do 19 dalta ó naíonáin shinsearacha ar aghaidh. Tá polasaí tacaíocht foghlama cuimsitheach leagtha amach sa phlean scoile agus diaidh ar ndiaidh tá stóras oiriúnach d’áiseanna teagaisc agus foghlama a chabhraítear le dul i ngleic le deacrachtaí scríbhneoireachta agus léitheoireachta á chur ar fáil. Déantar freastal coinsiasach ar na daltaí a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta sa Bhéarla agus sa Ghaeilge agus Matamaitice acu. Is inmholta an chabhair dhearfach agus an t-ardú meanman a thugtar dóibh. Déantar teagmháil go rialta leis na tuismitheoirí i rith na bliana. Déantar iarracht atmaisféar spreagúil foghlama a chothú do na daltaí sa seomra tacaíocht foghlama. Is deacair é seo a dhéanamh afách mar tá fadhb le hachair an tseomra agus níl fuinneog ar bith ann. Níl sé sásúil mar sheomra ranga. Pléadh na buntáistí a bhaineann leis an tacaíocht a thabhairt do na daltaí sna seomraí ranga leis an bhfoireann le linn na hiarchomhdhála.

 

Rognaítear na daltaí don tséirbhís tacaíocht foghlama tar éis ainilís a dhéanamh ar thorthaí na dtrialacha caighdeánacha. Tá na trialacha caighdeánacha go léir á ndéanamh go díograiseach ag an oide tacaíocht foghlama faoi láthair; an “Micra T”, an “Drumcondra Reading Test”, an “Schonnel Spelling Test” agus an NRIT.   B’fhiú aithbhreithniú á dhéanamh ar an chleachtas seo. Moltar go ndéanfadh na hoidí ranga na trialacha caighdeánacha leis na daltaí mar atá leagtha síos sna Treoirlínte Tacaíochta Foghlama ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus go mbeadh níos mó trialacha fáithmheasta in úsáid sa seomra tacaíocht foghlama chun diriú isteach ar na riachtanais agus na deachrachtaí aonair atá ag gach páiste. Déantar pleanáil seachtainiúil i gcomhpháirt leis na hoidí ranga agus tugtar cóip den chlár oibre dóibh ag tús gach seachtain. Is cleachtas maith é seo mar tá clár leanúnach teagaisc á sholáthar do na daltaí. Ullmhaítear cláir aonair teagaisc do na daltaí. B’fhiú aithbhriethniú a dhéanamh ar na cúspóirí agus na spriocanna teagaisc atá sna cláracha seo chun go mbeidh cúspóirí agus spriocanna níos cruinne iontu. Moltar go núsáidfí an córas atá leagtha síos sna Treoirlínte Tacaíochta Foghlama agus go mbeadh an eolas ó na trialacha fáithmheasta agus ón mheasúnú rialta ar dhalta aonair ag dul isteach iontu freisin. Ba chóir go mbeadh cóip de chlár foghlama aonair do gach dalta atá ag freastal ar an oide tacaíochta i bpleanáil an oide ranga chomh maith. Bheadh sé fiúntach don scoil dul i dteagmháil leis an gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile chun an tseirbhís réigiúnach cuiditheoireacht a fháil chun chuidiú le foireann na scoile agus an córas nua seo á chur i bhfeidhm acu.

 

4.3 Ag tabhairt taca don pháiste – an teaghlach, an scoil agus an pobal

 

Tá an-ghaol sa scoil seo idir thuismitheoirí agus bhaill uile na scoile. Tugtar faoi deara go bhfaigheann na hoidí an-tacaíocht ar fad ó na tuismitheoirí agus ón bpobal máguaird. Cuireann na tuismitheoirí a lán airgid ar fáil don chíos agus d’acmhainní teagaisc. Tuairiscíodh ag an chruinniú leis na tuismitheoirí atá ar an mbord bainistíochta go raibh siad iontach sásta le hobair na scoile. Bhí said buartha, afách, faoin fhoirgneamh sealadach agus na fadhbanna sáibháilteachta atá ag baint leis. Bíonn páirt ghníomhach ag na tuismitheoirí san ullmhúchán don Chéad Chomaoineach agus don Choineartú. Cabhraíonn siad leis na múinteoirí agus iad ag glacadh páirte i mórshiúil Lá Fhéile Pádraig. Chomh maith le sin bíonn baint acu leis an traenáil iománaíochta agus an pheil agus leis an fheitheoireacht sa linn snámha.  Glacann na hoidí leis an ról tábhachtach atá ag tuismitheoirí i saol oideachasúil an pháiste agus tá sé seo leagtha amach go sóiléir sa phlean scoile. Spreagtar spiorad comhoibritheach i measc phobal na scoile ar mhaithe leis an scoil i gcoitinne agus ar mhaithe leis na páistí. Cuirtear leabhrán do thuismitheoirí nua ar fáil ina bhfuil cóip de na polasaithe riachtanacha. Go bliantúil sa chéad téarma cuirtear oíche eolais ar fáil do na tuismitheoirí chun iad a chur in aithne do na múinteoirí agus chun soiléirú a dhéanamh ar churaclam na ranganna. Foilsítear nuachtlitir dátheangach gach teárma agus coinnítear pobal na scoile ar eolas go rialta faoi shaol na scoile. 

 

Bíonn teagmháil rialta leis na tuismitheoirí ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil.  Reachtáiltear cruinnithe foirmiúla le tuismitheoirí gach bhliain i mí Éanáir agus tugtar aiseolas ó bhéal do na tuismitheoirí faoi dhul chun cinn a bpáistí. Buailtear ar bhonn neamhfhoirmiúil leo de réir mar is gá i rith na scoilbhliana agus déantar teagmháil leo i scríbhinn go tráthrialta freisin. Úsáidtear an dialann scoile go héifeachtach mar áis teagmhála idir múinteoirí agus tuismitheoirí. Cothaítear ceangal leis na tuismitheoirí freisin tré chúrsaí Gaeilge a reachtáil dóibh. Cuidíonn sé seo le sainspiorad Gaelach na scoile a fhorbairt agus chun lán-pháirteachas in oideachas a mhealladh. Is iad cuid de na tuismitheoirí féin agus múinteoirí na scoile a sholathraíonn na ranganna Gaeilge san fhoirgneamh scoile. Tá na gníomhaíochtaí seo le moladh.

 

 

 

 

5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

Is iad seo a leanas na príomhbhuanna agus na príomhachair ar díth forbartha a aithnítear sa mheastóireacht:

 

 

Mar bhealach chun tógáil ar na láidreachtaí sin agus aghaidh a thabhairt ar achair ar díth forbartha tá na heochairmholtaí seo á ndéanamh

 

 

Tionóladh cruinniú iarmheastóireachta leis an bhfoireann teagaisc agus leis an mbord bainistíochta. Cuireadh dréachtchinní agus dréachtmholtaí na meastóireachta i láthair agus pléadh iad.