An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Meastóireacht Scoile Uile

TUAIRISC

 

Gaelscoil Bhrian Bóroimhe

Sord, Contae Bhaile Átha Cliath

Uimhir rolla:  20095C

 

Dáta na cigireachta: 7 Nollaig 2007

 

 

 

 

Tuairisc ar mheastóireacht scoile uile

Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

Cáilíocht na pleanála sa scoil

Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

 

 

 

 

Tuairisc ar Mheastóireacht Scoile Uile

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis meastóireacht scoile uile a dhéanamh ar Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe. Léiríonn sí torthaí meastóireachta a rinneadh ar obair na scoile ina hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta ag na cigirí leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na scoile, agus le hionadaithe chumann na dtuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar thréimhse roinnt laethanta inar thug na cigirí cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar bhreathnaigh siad ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne siad idirghníomhú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh siad obair na ndaltaí agus rinne siad idirghníomhú leis na múinteoirí ranga. D’athbhreithnigh siad doiciméid pleanála scoile agus ullmhú scríofa na múinteoirí. Bhuail siad le grúpaí éagsúla foirne de réir mar ba chuí. I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug na cigirí aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta.  Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú  ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn; ní bhfuarthas freagra ón mbord.

 

 

1.     Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

 

Bunaíodh Gaelscoil Bhrian Bóroimhe i Sord sa bhliain 1999 mar bhunscoil lán-Ghaeilge idirchreidmheach do bhuachaillí agus do chailiní. Tugtar aitheantas faoi leith don sprid Chríostaí. Cothaítear comhsprid Chaitliceach/Phrotastúnach sa scoil. Faoi láthair, tá an scoil lonnaithe i bhfoirgneamh sealadach i gCoill na nÚll, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. Is mian le hudaráis na scoile foirgneamh nua a thogáil sa todhchaí. Tháinig fás tapaidh ar an scoil ó thús. Faoi láthair, tá 237 daltaí ar na rollaí. Tá príomhoide riaracháin, naonúr oide ranga, oide tacaíochta foghlama agus oide acmhainne ar an bhfoireann, chomh maith le hoide tacaíochta foghlama atá roinnte le scoil eile sa cheantar. Chomh maith le sin, tá runaí, beirt ghlanntóir agus triúr cúntóir riachtanais speisialta ar an bhfoireann. Tá líon na ndaltaí ag méadú go tapaidh. Tá tinreamh an-sasúil le sonrú sa scoil agus déantar iarracht chreídiúnach an neamhláithreachas a sheachaint. Tá córas éifeachtúil i bhfeidhm sa scoil chun aitheantas ar leith a thabhairt do dhaltaí le tinreamh maith.

 

Leagtar béim inmholta ar an gcultúr Gaelach a chothú, agus déantar gach iarracht é a fhorbairt agus a chéiliuradh chomh minic agus is féidir. Cuirtear béim ar leith ar chluichí Gaelacha a imirt, ar cheol Gaelach a sheinnt agus ar rincí Gaelacha a chleachtadh. Is trí Ghaeilge a mhúintear an curaclam go léir, seachas Béarla. Úsáidtear an Ghaeilge mar mhéan cumarsáide go hinmholta le linn an lae. Mealltar na páistí chun í a úsáid chomh minic agus is féidir agus is léir ón mheastóireacht seo go bhfuil an-mheas ag na paistí ar an teanga. Déanann na hóidí gach iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir i measc an phobail. Is léir go bhfuil na daltaí bródúil as an scoil agus as an dul chun cinn atá déanta chun an teanga agus an cultúr Gaelach a fhorbairt sa scoil.

 

 

2.     Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

 

2.1 An Bord Bainistíochta

Feidhmíonn an bord bainistíochta go cumasach agus go héifeachtúil. Tionóltar cruinnithe go tráthrialta agus scríobhtar miontuairiscí go cúramach. Cuirtear tuairisc ón bpríomhoide agus ón gcisteoir i láthair na mball ag gach cruinniú. Roinntear na dualgaisí go cothrom. Bíonn an cathaoirleach i dteagmháil go rialta leis an bpríomhoide. Bualann sí go minic leis an bhfoireann teagaisc ar bhonn neamhfhoirmiúil chomh maith. Bíonn an bord rannpháirteach go torthúil i gcumadh polasaithe, go mórmhór na cinn a bhaineann le polasaithe riaracháin. Moltar an rannpháirtíocht seo a fhorbairt a thuilleadh fós sa todhchaí maidir le cumadh polasaithe curaclaim. Is é forbairt na scoile agus eagrú thógáil an fhoirgnimh nua, ceann de na tosaíochtaí is mó atá ag an mbord faoi láthair. Tá dushláin mhóra ann fós, dar leis an mBord, le húsáid na teanga a fhorbairt níos mó i measc phobal na scoile uile.  

 

2.2 Bainistíocht inscoile

Oibríonn an príomhoide go hildánach agus léiríonn sé ceannaireacht den scoth. Cothaíonn sé atmaisféar taitneamhach agus comhoibritheach sa scoil, áit ina bhfuil cumarsáid oscailte agus áit ina spreagtar gach duine a bheith rannpháirteach i ndéanamh cinní. Aithníonn an pobal scoile é seo go glé. I gcomhpháirt leis an bpríomhoide tánaisteach, éiríonn leis gnóthaí na scoile a stiúradh agus a bhainistiú go héifeachtúil. Eagraítear cruinníthe foirne go tráthrialta agus is léir go bhfuil éifeacht na foghlama agus na modhanna múinte mar phríomhcuspóirí ag na cruinnithe seo. Comhoibríonn na hoidí go proifisiúnta agus go dearfa leis an bpríomhoide, go mórmhór maidir le forbairt an phlean scoile uile.

 

Tá postanna freagrachta ag ceathrar de na hoidí. Baineann na poist seo le cúrsaí riaracháin, curaclaim agus tréadchúraim. Moltar amach anseo, agus an scoil ag forbairt, go gceanglófaí cúrsaí curaclaim níos mó le cúram na bpost seo. Déantar athbhreithniú ar na dualgaisí poist go minic. Téann an fhoireann bhainistíochta inscoile i mbun oibre go díograiseach agus go proifisiúnta. Téann siad i gcomhairle lena chéile go rialta chomh maith. Cuireann an fhoireann seo go mór le heifeacht agus le dea-bhainistiú na scoile. Tá an-comhoibriú le sonrú idir an rúnaí scoile agus an fhoireann bainistíochta inscoile. Cuireann an rúnaí go mór le héifeacht an riaracháin ina iomláine. Is inmholta an méid ama a chaitheann baill den fhoireann seo le heachtraí a eagrú tar éis uaireanta scoile.

 

2.3 Bainistíocht acmhainní

Roinntear cúraimí éagsúla go cothrom ar na hóidí. Aistrítear cúraimí ranga ionas go bhfaigheann siad taithí ar ranganna agus ar chomthéacsanna éagsúla. Leagtar béim inmholta ar fhorbairt ghairmiúil na n-oidí trína bhfreastal tráthrialta ar cúrsaí oiliúna. Glacann na múinteoirí páirt i gcursaí forbartha gairmiúla agus is inmholta an obair sin. Oibríonn na cúntóirí do dhaltaí le riachtanais speisialta go héifeachtach faoi threoir an oide ranga.

 

Déantar cóiriú maith ar an bhfoirgneamh agus tá ardmholadh tuillte ag an bhfoireann ghlantacháin. Tá na seomraí ranga, na dorchlaí agus na pasáistí an-ghlan agus an-néata ar fad. Cuirtear na saoráidí do riarachán agus do thacaíocht foghlama in óiriúint go hinmholta do riachtanais na scoile. Tá raon leathan áiseanna teagaisc curtha ar fáil do na hoidí go hinmholta ag údaráis na scoile. Baintear leas an-éifeachtúil sa scoil as ábhar coincréiteach, leabhair, leabhair mhóra, ábhar d’imscrúdú eolaíoch agus tíreolaíoch, fearas matamaitice, fearas teanga, leabharlanna ranga agus acmhainní do dhaltaí le riachtanais speisialta. Tá na hacmhainní seo an- úsáideach agus tá a rian sin le sonrú go tarraingteach le linn na gceachtanna. Is inmholta an léiriúchán a úllmhaíonn na hoidí féin le haghaidh foghlama agus an teagaisc chomh maith. Tá ríomhaire curtha ar fáil i ngach seomra chomh maith, mar aon le bogearraí faoi choinne réimsí éagsúla den churaclam. Baineann na hoidí an–úsáid as an idirlíon. Moltar anois athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar na mbogearraí ar fud na scoile faoi choinne na Tíreolaíochta, na hEolaíochta agus na Staire go háirithe. D’ainneoin go bhfuil se deacair bogearraí a cheannach le leagan Gaeilge, aithnítear na hiarrachtaí suntasacha atá déanta cheana féin ag an bhfoireann chun fearas teicneolaíochta a sholáthar.

 

Léiritear go glé go saothraíonn an fhoireann scoile go han-dian le linn uaireanta scoile. Níl na hamanna sosa á bhfeidhmiú go hiomlán de réir Chiorcláin 11/95 na Roinne. Pléadh an cheist seo le húdaráis na scoile agus socraíodh go ndeanfaí leasú cuí ar an tráthchlár de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.

 

2.4 Bainistíocht an chaidrimh agus na cumarsáide le pobal na scoile

Tá deá-cumarsáid le sonrú idir an scoil agus na tuismitheoirí. Is léir go bhfuil gaol oscailte agus urramach eatarthu. Faigheann na tuismitheoirí nuachtlitir gach seachtain. Bíonn cruinnnithe foirmiúla ar siúl gach Feabhra idir na tuismitheoirí agus na hoidí chun dul chun cinn a bpáistí a phlé. Faigheann na tuismitheoirí tuairisc scríofa uair sa bhliain ar dhul chun cinn na bpáistí freisin. Tugtar a lán deiseanna do na tuismitheoirí chun bheith páirteach i saol na scoile. Bíonn eachtraí eagsúla ar siúl i rith na scoilbhliana a thugann deis dóibh a bheith páirteach i saol agus i gcultúr na scoile. Cuirtear imeachtaí mar seo a leanas ar siúl: ‘Óiche Oscailte’ don phobal, comortás gailf, siúlóid scoile, ceolchoirm de chuid Chór Náisiúnta na Leanaí, turasanna, ceolchoirm scoile, céilí, taispeántas ealaíne agus carúil na Nollag. Cuirtear fáilte mhór roimh na tuismitheoirí chun bheith páirteach iontu. Meastar go mba chabhair do na daltaí agus dá dtuismitheoirí forleathnú a dhéanamh ar na himeachtaí inmholta seo trí chleachtais eile mar ‘Léitheoireacht Bheirte’ a bhunú amach anseo.

 

Tá cumann tuismitheoirí sa scoil ar a dtugtar ‘Cairde na Scoile’. Bíonn an dream seo an-ghnóthach ar fad agus túgann siad an-tacaíocht don scoil. Bíonn na tuismitheoirí ag gnóthú airgid, ag deisiú ríomhairí scoile, ag eagrú cóisearacha i ndiaidh sacraimintí, ag péinteáil, ag garraíodóireacht, ag eagrú ceachtanna snámha agus rince, ag obair ar an tionscnamh don ‘Scoil Ghlas’, ag eagrú oicheanta eolais agus ag gnothú airgid. Le linn an mheasúnaithe, bhuail na cigirí le hionadaithe ó choiste na dtuismitheoirí. Chuir na tuistí in iúl do na cigirí go raibh siad an-sásta leis an gcaighdéan oideachais atá ar fáil sa scoil. Is mór leo na cruinnithe tráthrialta a bhíonn acu leis na hoidí agus an fháilte a chuirtear rompu sa scoil faoina gcoinne sin.

 

2.5 Bainistíocht daltaí

Is léir go bhfuil an-mheas ag na daltaí ar a chéile, ar chomhaltaí den fhoireann agus ar thimpeallacht na scoile. Cuireann an meas seo go mór leis an atmasféar dearfa sa scoil. Tá gaol cineálta agus an-taitneamhach le sonrú idir an fhoireann scoile agus na daltaí. Leagtar béim an-fhonta ar dhea-iompar a mholadh agus a chothú ina measc. Tá dea-iompar na ndaltaí le moladh go mór. Déanann na hoidí gach iarracht féinmuinín a fhorbairt iontu. Is léir go bhfuil tuiscint láidir ag na daltaí ar rialacha na scoile agus go bhfuil meas acu ar na rialacha seo. Tá cód iompair agus smachta agus cód bulaíochta ag an scoil á gcur i bhfeidhm le cúram.

 

 

3.     Cáilíocht na pleanála sa scoil

 

3.1   An próiseas pleanála sa scoil agus a chur i ngníomh

Cumann na hoidí agus an bord bainistíochta an plean scoile go comhoibritheach. Tá cóip den phlean ag gach oide agus ag baill an bhoird. Cuirtear cóipeanna de pholasaithe cuí faoi bhráid na dtuismitheoirí. Pléann an fhoireann an plean scoile go minic agus déantar athbhreithniú rialta ar gnéithe eagsúla de. Moltar anois dáta daingnithe agus dáta athbhreithnithe a ainmniú ag deireadh gach cuid den phlean. Ag tús gach aon bhliain, leagann na hoidí a dtosaíochtaí áirithe amach maidir leis an bplean scoile. Tá raon an-chuimsitheach pleananna riaracháin curtha le chéile sa scoil. Tá na pleananna seo go deas soléir agus tá siad curtha in oiriúint do riachtanais agus do chomhtheács na scoile. Tá obair fhíuntach déanta ag an bhfoireann scoile maidir le sonraí a bhaineann le cúrsaí curaclaim a chur ar phár sa phlean scoile. Tá na pleananna seo an-chuimsitheach ar fad. Déanann siad tagairt do fhís agus d’aidhmeanna na réimsí éagsúla, ar chur chuige agus ar mhodheolaíocht, ar scileanna, ar mheasúnú, ar dhaltaí le riachtanais ar leith, ar an gclár ama, ar obair bhaile, ar acmhainní, ar theicneolaíocht, ar phleanáil, ar thuairisciú oidí aonair, ar fhorbairt foirne, ar rannpháirtíocht tuismitheoirí agus ar chaidreamh leis an bpobal. Faoi láthair, tá pleanáil as an nua don Bhéarla, don Stair agus don Tíreolas ar bun ag an scoil. Meastar go mba chabhair don scoil comhordaitheoirí curaclaim a cheapadh do gach roinn den churaclam. B’fhiú, chomh maith, cuntas breise a choimeád ar na codanna de mhúineadh an churaclaim atá le hathbhreithniú. Is fiúntach an ceistneoir atá a ullmhú faoi láthair le haghaidh na n-oidí chun éifeacht an phlean scoile a mheas. Moltar an obair seo go hard. Tá plean ar bun chun treoracha a thabhairt d’oidí maidir le pleanáil don obair sa seomra ranga, rud atá inmholta. Bhí páirt áirithe ag an mbord bainistíochta, ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí sa phroiséas go n-uige seo. B’fhearrde toradh na hoibre seo, meastar, páirt níos mó fós a thabhairt do na tuismitheoirí agus don bhord sa todhchaí maidir le forbairt pleananna don churaclam.

 

Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáil freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine idirchaidrimh ainmnithe agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.

 

3.2   Pleanáil don seomra ranga

Déanann na hoidí pleanáil fhadtreimhseach agus ghearrthréimhseach go fóinteach. Leagtar amach an clár oibre go soléir agus tá leanúnachas agus dul chun cinn le sonrú go tairbheach iontu. Déantar cur síos cuimsitheach ar ghníomhachtaí agus ar mhodheolaíocht sna pleananna seo. Leagtar béim ar raon leathan taithí foghlama a chur ar fáil do na daltaí freisin. Déantar cur síos ar dhifreálú, ar mheasúnú agus ar chomthathú sna scéimeanna. B’fhiú, i gcásanna áirithe, cur síos níos doimhne a dhéanamh ar bhealaigh chun idirdhealú agus chun comthathú a dhéanamh. Tá teimpléad ar leith in úsáid go han-éifeachtúil ar bhonn scoile uile chun cabhair phraiticiúil a thabhairt do na hoidí i dtaca le pleanáil ghearrthréimhseach a dhéanamh. Bíonn úllmhú fearais agus acmhainní ina chuid ionraic d’úllmhúchán na n-oidí. Coimeádtar cuntas míosúil ar dhul chun cinn an teagaisc sna codanna éagsúla den churaclam. Moltar anois, go bhfágfaí níos mó spáis sna teimpléid a úsáidtear chun sonrú breise a chur iontu faoi dhul ar aghaidh na hoibre.

 

 

4.     Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

 

4.1 Forbhreathnú ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc

Tugann na hoidí faoina gcuid oibre go bríomhar, cumasach. Bíonn luas agus struchtúr éifeachtach ag baint leis na ceachtanna agus is léir go spreagtar na daltaí chun a bheith páirteach iontu. Baintear an-úsáid as acmhainní éagsúla chun coincheapa a mhíniú agus chun deiseanna a thabhairt do na daltaí a bheith ag obair le hábhar concréiteach. Déantar comthathú cruthaitheach le gnéithe eile den churaclam agus is inmholta an chaoi ina n-úsáidtear an drámaíocht mar áis foghlama. Baintear úsáíd éifeachtach as grúpobair agus as tionscnamh chun neamhspleachas na ndaltaí mar fhoghlaimeoirí a fhorbairt. Tá sé soléir go mbaineann siad taitneamh mór as na ceachtanna agus go bhfuil siad bródúil as a gcuid oibre. 

 

 

 

4.2 Teanga

 

An Ghaeilge

Baineann na daltaí caighdeán ard amach sa Ghaeilge. Cuireann na hoidí béim an-éifeachtúil ar chothú na scileanna cumarsáide ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil tríd an scoil. Tá stór leathan focal ag na daltaí agus léiríonn siad saibhreas agus líofacht ina gcuid cainte. Úsáidtear an Ghaeilge mar theanga chaidrimh go hinmholta ar fud na scoile. Tá cur chuige cumarsáideach agus ionchur teanga den scoth le sonrú sna ceachtanna foirmiúla. Léiríonn na daltaí cumas an-láidir maidir le tuiscint agus le labhairt na teanga. Glacann siad páirt go han-fhonnmhar sna ceachtanna. Éiríonn go samhlaíoch leis na hoidí an spéis seo a chothú. Baintear úsáid chiallmhar agus chruthaitheach as drámaí, rólghlacadh, sceitsí, cluichí teanga, geáitsíocht, ceol, scéalta agus filíocht chun na daltaí a mhealladh chun cainte agus chun deiseanna éifeachtúla teanga a thabhairt dóibh. Is léir go mbaineann siad taitneamh agus tairbhe as na himeachtaí seo. Léiríonn na daltaí an-suim, chomh maith, trí na ceisteanna spreagúla a chuireann siad ar a gcuid oidí. Moltar na hoidí as an bhfáilte a chuireann siad roimh na ceisteanna seo.

 

Baintear feidhm éifeachtach as leabhair mhóra sna ranganna sóisearacha chun réimse teanga na ndaltaí a leathnú. Tá na seomraí maisithe go fíor-tharraingteach le lipéidí agus le hábhar clóbhuailte. Baineann éagsúlacht chreidiúnach leis na téacsanna atá sna leabharlanna ranga. Is inmholta an t-idirdhealú léitheoireachta atá ar bun ag an scoil. Roghnaíonn na hoidí na téacsanna éagsúla go han-chúramach ar mhaithe lena bheith in oiriúint do chumas an dalta aonair. Léann na daltaí le brí, le luas agus le cruinneas. Is léir go bhfuil tuiscint láidir acu ar a bhfuil á léamh acu. Baineann cumas mór leis an bplé agus leis an gcíoradh a dhéanann siad ar an téacsleabhar. Is léir go mbaineann siad taitneamh as a saothar féin a chumadh le linn na n-imeachtaí sa scríbhneoireacht phearsanta. Moltar an obair fhíuntach seo a fhorleathnú amach anseo trí níos mó saorscríbhneoireacht a chleachtadh le linn na gceachtanna. Tugtar ard-mholadh do na hoidí as an tslí ina n-úsáideann siad amhráin agus dánta le linn an lae. Léiríonn na daltaí suim ar leith san fhilíocht, rud atá inmholta.

 

Béarla

English lessons are delivered in a lively and engaging manner. Pupils clearly enjoy these lessons. Teachers adopt a variety of teaching approaches, with whole class teaching being the dominant mode of delivery. However, in a number of the lesssons observed, teachers made very effective use of group work and pair work. Pupils display strong oral language abilities and appropriate attention is given to the development of the pupils’ oral language development. They discuss and debate particular topics with enthusiasm and ability. Teachers make use of a variety of stimuli to prompt and develop such oral work. A structured and systematic approach to the teaching of phonics is in place in the school and pupils show strong competencies in their phonic abilities. Lessons make appropriate provision for the development of the pupils’ word attack skills and pupils show strong competencies in their spelling abilities. Classrooms are suitably print rich. An examination of the results of standardised tests reveals that pupils are making very good progress in their reading. Pupils read with fluency and accuracy. Lessons observed made very good provision for the development of the pupils’ comprehension skills. All classrooms have well stocked libraries. In some cases, teachers adopt a differentiated approach to reading material. In so doing, the close liaisons between the class teacher and learning support teachers are commended. In particular, a variety of reading schemes are used most effectively in the selection of such differentiated reading material. The school is commended on this endeavour and it is recommended that further endeavours of this kind be investigated. Since its inception, the school has been proactive in augmenting its stocks of library books. Such work is commended. In a number of instances, most especially in the more junior classes, parents are encouraged to comment on their child’s reading on a nightly basis. Such practice is commended. It is recommended that in building further on such practice, the school give some consideration to the adoption of ‘Paired Reading’.

 

Teachers make very good use of the writing process and pupils clearly enjoy this work. In particular, very good provision is made for the writing and appreciation of poetry. This aspect of the English curriculum is creatively integrated with a number of other subject areas. Pupils reveal a keen interest in poetry and can recite a range of poems with enthusiasm. In many classrooms, samples of the pupils’ written work are on display. It is recommended that the school considers wider opportunities for the display and celebration of the pupils’ written work. An inspection of the quality of the handwriting in the pupils’ copies across a range of class levels revealed some disparities in levels of quality. It is recommended that the school adopts a more consistent whole school approach to handwriting. Suitable and careful attention is devoted to the development of grammar and spellings.

 

4.3 Matamaitic

Tá plean scoile cuimsitheach leagtha amach don Mhatamaitic. Sa phlean seo, cuirtear béim inmholta ar na snáitheanna uile a shaothrú agus ar an mhodheolaíocht spreagúil a úsáid. Tá treoracha cabhraitheacha úllmhaithe do na hoidí ar bhonn scoile maidir le múineadh na teanga matamaitice, le scileanna a fhorbairt agus le réiteach fadhbanna. Is léir go bhfuil tionchar dearfa ag an bplean seo ar na ceachtanna matamaitice, go mórmhór maidir le húsáid teanga.  

Crutháitear timpeallacht mhatamaitice ar fud na scoile, trí chairteacha agus trí phóstaeir a chur ar taispeáint sna seomraí ranga. Tá tablaí matamaitice ar taispeáint i seomraí ranga áirithe, agus moltar do na hoidí an obair inmholta seo a fhorleathnú sa scoil ina hiomláine. B’fhiú níos mó lipéidí matamaitice a chur ar taispeáint sna dorchlaí agus san halla scoile. Baineann éagsúlacht inmholta leis na modhanna teagaisc a úsáideann na hoidí chun suim na ndaltaí a mhuscailt sna ceachtanna. Tá luas agus struchtúr an-éifeachtach le sonrú iontu agus is léir go mbaineann na daltaí an-taitneamh astu.

Baintear an-úsáid as acmhainní éagsúla chun coincheapa a léiriú agus a mhíniú. Tugtar deiseanna tairbheacha do na daltaí tascanna praiticiúla a dhéanamh agus úsáid á bhaint as ábhar concréitreach agus timpeallacht na bpáistí. Is léir go bhfuil taitneamh á bhaint ag na daltaí as na himeachtaí sa mhatamaitic ina n-iomláine. Ceanglaítear na coincheapa go torthúil le saol agus le timpeallacht na ndaltaí. Moltar go ndeanfaí iarracht an stratéis sin a úsáid níos forleithne fós amach anseo. Baintear an-úsáid as grúpobair agus as diospóireacht chun coincheapa éagsúla a phlé agus chun scileanna na ndaltaí a fhorbairt. Léirionn siad scileanna go láidir maidir le meabhairuimhríocht agus le réasúnú a dhéanamh. Tugtar deiseanna maithe dóibh meastachán a dhéanamh i gcuid mhór de na ceachtanna. Moltar do na hoidí an obair fhíuntach seo a fhorbairt amach anseo. Aithnítear an chaoi an-chreidiúnach ina gcuireann na hoidí fáilte roimh cheisteanna na ndaltaí le linn saothair. Léiríonn siad cumas láidir maidir le fadhbanna a réiteach. Leagtar amach an obair sna cóipleabhair go néata agus is léir ón obair seo go bhfuil dul chun cinn suntasach a dhéanamh acu. Déantar monatóireacht éifeachtach rialta ar dhul ar aghaidh na ndaltaí san achar seo den churaclam.

 

4.4 Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta

 

Stair

Déantar pleanáil éifeachtach le haghaidh mhúineadh na staire. Tá amlínte, póstaeir staire agus leárscáileanna le feiscint ar fud an fhoirgnimh. Úllmhaíonn na hoidí fearas tarraingteach chun samhlaíocht agus suim na ndaltaí a spreagadh sna ceachtanna staire. Baintear úsáid as scéalta chun scileanna na ndaltaí mar staraithe a fhorbairt. Baintear sár-úsáid as drámaíocht in an-chuid de na ceachtanna chun scileanna na ndaltaí a fhorbairt maidir le ham, le croineolaíocht, le cúis agus le toradh. Glacann na daltaí páirt fhonnmhar sna ceachtanna. Déantar roinnt staidéir freisin ar ghnéithe áirithe den stair áitiúil. Déanann na daltaí tionscnaimh staire i ranganna áirithe. B’fhiú an obair fhiúntach seo a roinnt agus a cheiliúradh níos mó le daltaí eile sa scoil, agus leis na túismitheoirí.

 

Tíreolaíocht

Is léir go mbaineann na daltaí taitneamh agus tairbhe as na ceachtanna tíreolaíochta. Baintear úsáíd éifeachtach as fearas spreagúil chun a suim a mhúscailt. Úsáidtear an timpeallacht áitiúil go héifeachtach mar fhoinse don fhoghlaim. Léiríonn na daltaí suim agus eolas fónta faoina dtimpeallacht nádúrtha. Tá an scoil páirteach sa tionscnamh ‘Scoil Ghlas’. Cuireann an tionscnamh seo go cabhraitheach le feasacht na ndaltaí ar a dtimpeallacht féin a fhorbairt. Baintear an-úsáid as an idirlíon i ranganna áirithe chun taighde a dhéanamh ar shnáitheanna éagsúla. Moltar don fhoireann scoile, forleathnú a dhéanamh ar an dea-chleachtas seo trí fhorbairt a dhéanamh ar líon na mbogearraí atá ar fáil do gach rang tríd an scoil. Tá comtháthú éifeachtach á dhéanamh le réimsí eile den churaclam. Déantar tionscadail go tráthúil ar shnáitheanna éagsúla den churaclam. Moltar an obair sin, agus meastar go mba fhiú an obair seo a roinnt níos mó agus a cheiliúradh le daltaí ó ranganna eile.

 

Eolaíocht

Déantar freastal ar na snáitheanna eolaíochta go soiléir le linn an teagaisc. Tá cothromaíocht, idir eolas, ghníomhaíocht agus phlé le sonrú sna ceachtanna agus spreagtar na daltaí chun bheith páirteach go torthúil iontu. Baintear úsáid éifeachtach as grúpobair agus tugtar deiseanna éagsúla do na daltaí chun oibriú go heolaíoch. Is léir go mbaineann siad taitneamh as na ceachtanna eolaíochta. Léiríonn a n-obair scríofa go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh acu. Tugtar deiseanna dóibh ar dhearadh agus ar dhéanamh a chleachtadh. Téann na daltaí i mbun tascanna oscailte meastóireachta le fonn. Baintear úsáid as an téacsleabhar mar thacaíocht i rangsheomraí áirithe. Úsáidtear tionscadail agus foinsí éagsúla go minic chun cuspóirí foghlama a shocrú. Moltar úsáid níos forleithne a bhaint as an stíl inmholta múinteoreachta seo. Baintear úsáid éifeachtach as an gclár, ‘Discovery Primary Science’ agus bhuaigh an scoil gradam poiblí de bharr na hoibre sin. Tá an scoil ag tiomsú acmhainní éagsúla le tamall anuas le haghaidh mhúineadh na heolaíochta, gníomh a chuireann go cinnte le héifeacht na hoibre. Tá samplaí fiúntacha le feiscint d’obair na ndaltaí maidir leis an tsnáith ‘Dúile Beo’ agus maidir le plandáil. Moltar machnamh a chaitheamh anois ar leas níos forleithne a bhaint as gairdín a úsáid chun forbairt a dhéanamh ar an dea-obair seo. B’fhiú freisin an obair eolaíoch atá á dhéanamh ag na daltaí sna hardranganna a roinnt agus a ceiliúradh leis na daltaí atá níos óige agus leis na tuismitheoirí.

 

4.5 Oideachas Ealaíon

 

Na hAmharcealaíona

Tá an plean scoile uile do na hAmharcealaíona an-chuimsitheach. Déantar freastal sásúil ar na snáitheanna go léir. Cuirtear béim chréidiúnach ar an bpróiséas cruthaitheach i dtaobh na snáitheanna uile. Tá samplaí maithe d’obair na ndaltaí i bpéint, líníocht, cré, fabraic agus snáithín, prionta agus tógáil le feiscint ar fud na scoile. Is léir go mbaineann na hoidí úsáid éifeachtach as taithí agus as samhlaíocht na ndaltaí. Baineann na daltaí taitneamh as an ealaín agus is léir go mothaíonn siad go mbíonn toradh fíuntach á shroichint acu.

 

Ceol

Is léir go mbaineann na daltaí an-taitneamh as an gceol sa scoil seo. Canann siad réimse leathan amhrán Gaeilge agus Béarla go deas binn. Tugtar deiseanna go féiltiúil dóibh maidir le héisteacht agus le freagairt, le fuaim a fhiosrú agus ciall a bhaint as ceol. Baintear úsáid chreidiúnach as uirlisí éagsúla chun ceol a dhéanamh. Múintear an fheadóg stáin go forleathan sa scoil agus is léir go bhfuil caighdéan ard á bhaint amach ag na daltaí. Cuirtear béim óiriúnach ar litríocht agus ar gnéithe éagsúla den cheol cosúil le buille, luas, rithim, struchtúr agus stíl a shaothrú. Déantar comtháthú cruthaitheach le gnéithe eile den churaclam, mar shampla le saorscríbhneoireacht sa Bhéarla. Gach bliain, glacann na hardranganna páirt inmholta in imeachtaí poiblí ara n-áirítear Cór Náisiúnta na Leanaí.

 

Drámaíocht

Baintear an-úsáid as an dramaíocht mar mhodh múinte sa scoil seo. Moltar na hoidí go léir as an modh cruthaitheach a chuireann siad i bhfeidhm agus úsáideann siad é go cliste mar áis le linn mhúineadh gnéithe eile den churaclam. Baintear an-úsáid as an dramaíocht sa Stair, san Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte agus sa Bhéarla go háirithe. Glacann na daltaí páirt fhonnmhar sa dramaíocht agus is léir go bhfuil caighdéan ard á bhaint amach acu. Moltar na hoidí as an modh dearfach a úsáideann siad chun na daltaí a mhealladh chun a samhlaíocht a úsáid sna ceachtanna seo. Cuireann ranganna éagsúla dramaí beaga i láthair don scoil agus lasmuigh den scoil go tráthrialta. Moltar an dea-chleachtas seo. 

 

4.6 Corpoideachas

Cuirtear clár cuimsitheach agus cothrom ar fáil i dtaca leis na snáitheanna go léir i gCorpoideachas. Glacann na daltaí páirt fhonnmhar sna ceachtanna agus tugtar deiseanna éagsúla doibh chun a scileanna a fhorbairt. Tá béim láidir sa scoil seo ar dhamhsa, go mórmhór damhsa Gaelach agus is léir go bhfuil toradh creidiúnach á bhaint amach ag na daltaí sna himeachtaí seo. Tá raon leathan acmhainní áirithe ar fáil don Chorpoideachas. Miníonn na hoidí na cuspóirí foghlama go soléir le linn na gceachtanna faoi choinne na sainscileanna a mhúineadh. Eagraitear raon leathan cluichí tar éis uaireanta scoile ar a n-áiritear, peil, snámh, iománaíocht agus lúthchleasaíocht. Moltar na hoidí as an dua a chaitheann siad go fial sna himeachtaí seo. Nótaítear gur bhuaigh foireann peile na scoile duais le déanaí i sraithchomórtas Fhine Gall.   

 

4.7 Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

Aithnítear an dua a chaitear le Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte a chomtháthú i saol na scoile. Tá rian an chláir seo le sonrú go glé i ndea-iompar agus i bhféinmhuinín na ndaltaí agus i ndea-atmasféar na scoile ina hiomláine. Múintear na snáitheanna agus na snáthaonaid a bhaineann leis an ngné seo den churaclam go héifeachtach ag gach léibhéal. Cuirtear béim inmholta ar shnáitheanna atá ag baint le ‘Mé Féin’ agus ‘Mé Féin agus Daoine Eile’ go háirithe. Léiríonn na daltaí suim mhór sna ceachtanna seo agus tugtar deiseanna éagsúla dóibh chun a dtuairimí a phlé, a mhniú agus a cheistiú. Baintear an-úsáid as gníomhachtaí agus grúpobair chun na daltaí a spreagadh chun cainte agus díospoireachta. Déantar chomtháthú cruthaitheach le gnéithe eile cosúil le dramaíocht agus le healaín le linn na gceachtanna.

 

4.8 Measúnú

Tá plean den scoth léagtha amach ag an scoil maidir le measúnú. Luann an plean seo an t-am den bhliain ina ndéantar é agus an cineál measúnaithe atá i gceist ag gach rang. Léiríonn an plean cur síos ar ról gach oide agus tugann sé seicliosta cuimsitheach le haghaidh gach rang. Baintear feidhm as ceistiúchán, dírbhreathnú an oide, trialacha an oide, obair bhaile, obair ranga agus próifíl an dalta chun dul chun cinn a mheas. Baintear úsáid as a lán tástálacha, cosúil le Belfield Infant Assessment Profile, Middle Infant Screening Test, Scrudú Mata Beo, Scrudú Micra T, Scrudú Sigma T, Scrudú Droim Conrach (Matamaitic), Scrudú Schonell, Ballard and Westwood Timed Arithmetic Test, Non Reading Intelligence Test, Próifílí Measúnachta don Ghaeilge sna Scoileanna Gaeltachta agus Scoileanna Lán Ghaeilge. Úsáidtear na torthaí go héifeachtúil, go mórmhór chun daltaí le riachtanais speisialta a aithint.  

 

 

5.     Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

 

5.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Caitheann na hoidí dua inmholta le freastal cothrom a dhéanamh ar dhaltaí a bhfuil riachtanais ar leith acu. Saothraíonn oide tacaíochta foghlama agus oide acmhainne go lánaimseartha ar fhoireann na scoile ar mhaithe le daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, go háirithe san litearthacht agus san uimhearthacht, agus le daltaí atá aitheanta le riachtanais speisialta. Feidhmíonn oide tacaíochta foghlama eile i ranganna na naíonán ar bhonn roinnte le scoil eile sa cheantar. Comhoibríonn na hoidí ranga go gairmiúil tuisceanach leo chun an tacaíocht seo a sholáthar ar bhonn scoile uile. Baineann éagsúlacht chreidiúnach le cur chuige na n-oidí tacaíochta, ara n-áirítear obair in éineacht leis na hoidí ranga sna rangsheomraí, tarraingt siar, grúpobair agus obair le daltaí ina n-aonair.

 

Tá polasaí cuimsitheach scoile cumtha i dtaca le tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama nó riachtanais speisialta acu. Bhí an príomhoide, na hoidí tacaíochta foghlama, an t-oide acmhainne, na hoidí ranga agus an bord bainistíochta rannpháirteach sa bheartas seo. Dírítear aire fhónta ar chloí le critéir na Roinne Oideachais agus Eolaíochta le linn an tsaothair. Is inmholta an bhéim a leagtar sa pholasaí ar luath-idirghabháil a chur chun cinn i ranganna na naíonán. Léiríonn na tuismitheoirí a sástacht maidir le cur i bhfeidhmh na hidir-ghabhála seo. Meastar go bhfuil sé tráthúil anois, ar mhaithe le foirfeacht agus le dul chun cinn a chaomhnú, athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí scoile.

 

Díríonn na hoidí aire fhiúntach ar chur chuige scoile uile a chleachtadh maidir le freastal a dhéanamh ar daltaí le riachtanais speisialta. Comhoibríonn an príomhoide, na hoidí ranga, na hoidí tacaíochta foghlama agus an t-oide acmhainne go fonnmhar leis na cúntóirí riachtanas speisialta agus leis na tuistí. Úsáideann siad pleananna oideachais aonair agus seicliostaí foghlama go torthúil le linn na hoibre chun freastal a dhéanamh ar na daltaí seo. Is tairbheach an leas a bhaineann siad as trialacha caighdeánaithe chomh maith chun a riachtanais a aithint agus chun a ndul ar aghaidh a mheas. Cruthaíonn siad atmaisféar sona do na daltaí sna rangsheomraí agus sna seomraí ar leith do thacaíocht foghlama agus acmhainne. Caitheann siad go han-chineálta leo le linn na hoibre agus is léir go bhfuil a bhféinmhuinín agus a bhfoghlaim á bhforbairt go diongbháilte.

 

Ullmhaíonn na hoidí tacaíochta foghlama agus acmhainne a gceachtanna go cúramach faoi choinne a gcuid oibre. Cuireann údaráis na scoile acmhainní teagaisc agus foghlama ar fáil go fial dóibh, rud a chabhraíonn go suntasach leo. Is tairbheach na scéimeanna fadréimhseacha agus gearrthréimhseacha a chumann siad agus an cuntas a choimeádann siad ar dhul ar aghaidh an tsaothair.

 

 

6.  Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:

 

Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainistíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foilsithe Meitheamh 2008