An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Meastóireacht Scoile Uile

THUAIRISC

 

Gaelscoil Mhic Amhlaigh,

Cnoc na Cathrach, Gaillimh

Uimhir rolla: 19994G

 

Dáta na cigireachta:  14 Nollaig 2007

 

 

 

 

Meastóireacht Scoile Uile

Réamhrá – Comhthéacs agus cúlra na scoile

Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

Cáilíocht na pleanála sa scoil

Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

 

 

 

Meastóireacht Scoile Uile

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis meastóireachta scoile uile a bheith déanta ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh. Léiríonn sí torthaí meastóireachta a rinneadh ar obair na scoile ina hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta ag na cigirí leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na scoile agus le tuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar thréimhse roinnt laethanta inar thug na cigirí cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar bhreathnaigh siad ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne siad idirghníomhiú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh siad obair na ndaltaí agus rinne siad idirghníomhiú leis na múinteoirí ranga. D’aithbhreithnigh siad doiciméadú faoi phleanáil scoile agus ullmhú scríofa na múinteoirí. Bhuail siad le grúpaí foirne éagsúla de réir mar ba chuí. I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug na cigirí aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

1.     Réamhrá – Comhthéacs agus cúlra na scoile

 

Is scoil lán-Ghaelach comhoideachasúil seachtar n-oide déag í Gaelscoil Mhic Amhlaigh. Is scoil den scoth í. Tá sí suite i gCnoc na Cathrach i nGaillimh. Tá 372 dalta sa scoil faoi láthair. Tagann na daltaí ón gceantar mórthimpeall. Tá an scoil an-ghlan agus an-néata i ngach slí lasmuigh agus laistigh.

 

Bunaíodh Gaelscoil Mhic Amhlaigh i 1993 agus tógadh an foirgneamh don scoil i 1999. Beidh síntí le seomraí nua réidh i 2009. D’fhás an scoil go han-tapaidh ón tús, le huimhreacha ag dul in airde gach bliain. Faoi láthair tá cúig sheomra réamhdhéanta in úsáid, ach cuirfear críoch le sin leis an síneadh nua. Beidh easpa spáis clóis agus imeartha nuair a bheidh na seomraí nua réidh. Mar sin, ba ghá cosc a chur ar a thuilleadh fáis sa scoil.

 

2.     Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

 

2.1 An bord bainistíochta

Is é easpag Caitliceach na Gaillimhe patrún na scoile. Bíonn idir seacht agus ocht gcruinniú ag an mbord bainistíochta gach bliain. Scríobhtar miontuairiscí ar gach cruinniú den bhord. Tá moladh tuillte ag an mbord as an tacaíocht a thugann sé don scoil agus an teagmháil rialta a dhéanann sé leis an bhfoireann teagaisc. Bíonn comhrá ag an mbord faoi na polasaithe nua uile agus ansin faofann an bord na polasaithe sin. Is iad na tosaíochtai is mó atá ag an mbord faoi láthair ná seomraí ranga nua a thógáil, cúrsaí tráchta lasmuigh den scoil a fheabhsú, agus an Ghaeilge a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí na scoile agus an cheantair. Chomh maith le sin, bíonn deacrachtaí ag an mbord, nuair a bhíonn ga leis, baill nua le Gaeilge a fháil. Moltar plean forbartha d’uasghrádú scileanna agus teanga a leagan amach chun an fhadhb seo a mhaoiliú.

 

2.2 Bainistíocht inscoile

Tá príomhoide, príomhoide tánaisteach, príomhoide cúnta agus cúigear oide le dualgais speisialta sa scoil. Déanann an príomhoide a cuid oibre le cumas agus le díograis. Stiúrann an príomhoide cúrsaí riartha, bainistíochta agus léinn go creidiúnach. Tá fís don scoil ag an bpríomhoide. Is í sin go mbeadh an scoil mar ionad foghlama spreagúil lúcháireach do gach uile dalta. Tá moladh tuillte ag an bpríomhoide go n-éiríonn léi an fhís seo a chur i gcrích.

 

Oibríonn an fhoireann scoile le chéile go héifeachtach. Déanann baill uile den fhoireann bainistíochta inscoile a gcuid oibre go dúthrachtach. Déantar athbhreithniú ar na dualgais a bhaineann leis na postanna bainistíochta inscoile go rialta. Déantar cúram ceart de na leabhair rollaí agus de na cáipéisí scoile uile.

 

Bíonn idir cúig agus sé chruinniú foirne gach bliain. Cuirtear clár oibre ar fáil do na cruinnithe agus coimeádtar miontuairiscí. Tugtar deis do gach oide a smaointe a chur ar aghaidh ag na cruinnithe. Moltar anois plean forbartha foirne a cheapadh don todhchaí chun scileanna na n-oidí a chur chun cinn. Meabhraítear an dualgas atá ar gach oide cur le eiteas agus saolacht na scoile de bharr méid na scoile.

 

2.3 Bainistíocht acmhainní

Baintear úsáid chuí as láidreachtaí na n-oidí agus iad á roinnt sna ranganna éagsúla. Tugann an rúnaí, na cúntóirí riachtanis speisialta, an t-airíoch agus na glantóirí cabhair chreidiúnach don scoil ina gcuid oibre.

 

Tá an-chuid acmhainní oideachasúla ceannaithe ag an mbord bainistíochta do na hachair curaclaim éagsúla. Tugtar é seo faoi deara ach go háirithe i nGaeilge, Matamaitic, Eolaíocht, Ceol agus Corpoideachas. Leagtar béim ar ICT sa scoil agus tá ríomhaire ar fáil i ngach seomra ranga. Tá geall le gach seomra ranga eagraithe agus maisithe i mbealach an-tarraingteach agus an-spreagúil don fhoghlaim.

 

2.4 Bainistíocht an chaidrimh agus na cumarsáide le pobal na scoile

Tá cumann tuismitheoirí sa scoil. Tá dea-chaidreamh le sonrú idir thuismitheoirí agus an scoil. Sonraítear ach go háirithe go bhfuil cumarsáid éifeachtach féiltiúil idir an chumann agus na h-oidí. Bíonn na tuismitheoiri páirteach i saol na scoile i go leor bealaí. Tá siad an-sásta leis an scoil agus le gnóthachtál a gcuid páistí.

 

Eagraítear cruinniú do thuismitheoirí ag tús na scoilbhliana chun cúrsaí ranga a mhíniú. Tugtar tuairisc ó bhéal do thuismitheoirí ar dhul chun cinn na bpáistí aonair ag an gcruinniú tuismitheoir-oide bliantúil. Lasmuigh de seo, cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí am ar bith a bhíonn rud le plé acu. Foilsítear iris bhliantúil scoile do thuismitheoirí freisin chun nuacht agus éachtaí scoile a chur os a gcomhair.

 

2.5 Bainistíocht daltaí

Tá daltaí Ghaelscoil Mhic Amhlaigh dea-bhéasach agus cúirtéiseach. Tá meas mór acu ar na hoidí agus ar a chéile. Cuireann siad fáilte roimh chuairteoirí. Cothaítear grá don fhoghlaim sa scoil agus tá gnóthachtáil na ndaltaí sna hachair curaclaim éagsúla le moladh. Cothaítear forbairt shóisialta na ndaltaí freisin agus tá sé soiléir go bhfuil daltaí sásta sa scoil.

 

3.     Cáilíocht na pleanála sa scoil

 

3.1 An próiseas pleanála sa scoil agus a chur i ngníomh

Tá plean scoile inmholta soiléir curtha le chéile ag Gaelscoil Mhic Amhlaigh. Faigheann an fhoireann tacaíocht fhiúntach ó chuiditheoirí inseirbhíse. Cuidíonn an tacaíocht seo leis an bpróiseas pleanála scoile.

 

Tá an plean scoile ar fáil i gcónaí do thuismitheoirí. Bíonn ionchur na dtuismitheoirí an-tábhachtach nuair a chuirtear cuid mhór de na polasaithe le chéile. Mar shampla, bhí tuairimí na dtuismitheoirí curtha san áireamh sa chód iompair. Tá ráiteas misin sa phlean scoile agus tá pleananna ar fáil do gach achar curaclaim. Forbraítear polasaithe ar chúrsaí riaracháin cuí, mar shampla ráiteas sláinte agus sábháilteachta, ráiteas comhionannais, agus polasaí rollaithe.

 

Cuireadh fianaise ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil céimeanna cuí glactha ag an mbord bainistíochta agus ag an bhfoireann chun beartais a fhorbairt atá ag teacht le forálacha i Children First: National Guidelines for the Protection and Welfare of Children (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 1999, eagrán nua Bealtaine 2004) agus Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Aibreán 2001). Cuireadh fianaise ar fáil, leis, a dhearbhaíonn go bhfuil na beartais glactha ag an mbord bainistíochta agus go bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige. Táthar tar éis duine idirchaidrimh ainmnithe agus duine idirchaidrimh tánaisteach ainmnithe a cheapadh de réir cheanglas threoirlínte na Roinne.

 

3.2 Pleanáil don seomra ranga

Cuireann na múinteoirí i nGaelscoil Mhic Amhlaigh curaclam leathan i bhfeidhm, bunaithe ar churaclam na bunscoile agus ar a bplean scoile féin. Tá córas scoile i bhfeidhm chun pleanáil fhadtréimhseach, pleanáil ghearrthréimhseach, agus cuntas ar an obair atá déanta a leagan amach agus a choimeád. Tá an pleanáil seo soiléir agus feiliúnach don obair. Cloíonn an scoil agus na hoidí aonair le clár ama oiriúnach.

 

Forbraítear pleananna oideachais aonair do dhaltaí a bhíonn ag fáil tacaíochta foghlama nó le riachtanais oideachais speisialta. Déantar athbhreithniú ar na pleananna seo go rialta. Coimeádtar cuntais cuí ar an obair seo sna seomraí tacaíochta foghlama. Tá cóipeanna de na pleananna oideachais aonair do na daltaí cuí ar fáil i gcomhaid na múinteoirí ranga freisin.

 

4.     Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

 

4.1 Forbhreathnú ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc

Tá cáilíocht an oideachais ar fáil i nGaelscoil Mhic Amhlaigh an-ard. Baineann beagnach gach dalta caighdeán ard amach i ngach achar curaclaim. Tá moladh speisialta tuillte ag an scoil as an mbealach a chuirtear an Ghaeilge chun cinn i gcónaí sna hachair curaclaim uile. Baintear úsáid as modhanna múinte éifeachtacha éagsúla sa scoil. Tá cáilíocht an teagaisc i mbeagnach gach rang ard. Tá caighdeán múinteoireachta den scoth le sonrú i gcuid mhór de na ranganna.

 

4.2 Teanga

 

Gaeilge

Gabhann éifeacht agus éagsúlacht le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sa scoil seo. Leantar clároibre agus cur chuige aontaithe agus structúrtha atá curtha faoi anáil an phlean scoile agus ag teacht le fráma tagartha an churaclaim. Cuirtear béim ar chothú scileanna éisteachta agus tuisceana sna ranganna naíonán agus cothaítear dúil na ndaltaí máistreacht a fháil ar an teanga chun dul i mbun cumarsáide lena gcomhleacaithe go luath. Tógtar ar an obair seo suas tríd an scoil agus comhcheanglaítear eiteas na scoile, toil na dtuismitheoirí agus dian iarrachta na n-oidí le saothrú daltaí líofacht chumarsáide a bhaint amach. Is inmholta mar a chuirtear béim ar fhorbairt foclóra agus saibhriú teanga mar thréith lárnach den teagasc agus den fhoghlaim. Is inmholta freisin leithead an chláir agus an taithí teanga a sholáthraítear, idir litríocht, fhilíocht, an bhéaloideas agus ábhar taighde. Déantar léiriú fiúntach ar chumas idirchumarsáide, stáitsíocht agus úrlabhraíochta na ndaltaí tríd an drámaíocht, agallaimh agus léiriúcháin.

 

Tá spiorad rannpháirtíochta, gnóthachtála agus cruthaitheachta na ndaltaí sa bhfoghlaim follasach sna iliomad gnéithe fionachtana atá curtha ar fáil. Ardaítear treallúsacht agus tréithiúlacht na ndaltaí dá bharr. Tá fiúntas spreagúil ag baint leis an bpáirtnéireacht leanúnach a chothaítear idir tuismitheoirí agus daltaí, go háirithe i gclár chothabhála na léitheoireachta phearsanta. Déantar ullmhúchán inmholta ar na daltaí don iarbhunscoil agus tógtar a gcuid scileanna foghlama agus samhlaíochta chuig leibhéil foirfeachta inmholta sna fo-ghnéithe den clár. Sroicheann na daltaí caighdeáin creidiúnacha ar an iomlán, faigheann siad taithí ar raon leathan ábhair, cothaítear scil sa léitheoireacht agus scríbhneoireacht phearsanta agus cuirtear an saothar ar taispeáint sna ranganna agus ionaid phoiblí. Éiríonn leis na páirtithe an mana scoile a shaothrú trí chur chuige goilliúnach spreagthach amhail is gurb í forbairt an dúchais forbairt an pháiste.

 

English

Almost all pupils attain very high standards in English. There are many pupils who are exceptionally good at reading and writing. Oral language development is also appropriately emphasised. Almost all of the pupils can speak about themselves, their interests and a variety of other topics articulately. The recitation of rhymes and poems and the writing of poetry in almost every class is very impressive.

 

There is a print-rich environment in all the mainstream classrooms and throughout the school. Emphasis is placed on the development of phonological awareness, as part of the foundation of basic reading skills, in the junior classes. The emphasis placed on developing reading skills in the school helps to maintain the very high standard of reading in the school.

 

The school library is in use as a learning support classroom at present. Class libraries are well stocked and well presented overall. Some class libraries are excellently laid out and provide creditable reading and research centres for pupils. It would be worthwhile now to provide an even more impressive and continuous supply of books for readers at all levels of age and ability. This should aid in the creation of valuable centres of learning in all classrooms.

 

The standard of English writing throughout the school is very high. There are very good examples of pupils’ writing in a variety of genres on display in almost every class. The writing process is appropriately emphasised and written work is carefully edited and published in class. Copybooks and workbooks contain highly commendable work in functional and creative writing. This work is presented clearly and neatly, and is regularly checked and corrected by teachers.

 

4.3 Matamaitic

Cuirtear béim ar aimsiú agus ionramháil teanga na matamaitice mar chuid lárnach de chur chuige na scoile seo sna ranna sóisearacha. Ceanglaítear an obair le gníomhaíochtaí súgartha agus cíoradh tréithe agus baintear úsáid as raon leathan straitéise chun na coincheapa a fhorbairt. Eagraítear grúpobair, obair bheirte, téamaí comhghaolaithe agus fearas nithiúil chun coincheapa na matamaitice a fhiosrú agus ceanglaítear an obair go réalaíoch le téamái eile curaclaim. Úsáidtear tascanna idirdhealaithe chun díospóireachtaí agus idirphlé a threorú agus bíonn structúr, céimniú agus meabhrú fíricí sna gníomhaíochtaí ranga. Tógtar ar an bunobair seo suas tríd na ranganna sa chaoi go mbraitheann na daltaí iad féin buacach agus cliste dá réir.

 

Tugtar deiseanna fiúntacha do na daltaí scileanna tuair, meastúcháin agus iniúchadh a fhorbairt agus is inmholta na straitéisí fionachtana a úsáidtear chun scileanna réiteach fadhbanna a chothú. Baintear úsáid as teicneolaíocht an oideachais chun coincheapa a léiriú agus comhghaoltar an obair le gnéithe eile curaclaim, go háirithe san Eolaíocht, Stair, Corpoideachas agus na hAmharcealaíona. Baintear úsáid as triallacha scoile bhunaithe agus caighdeánaithe chun dul chun cinn a bhreacadh agus chun cláir pearsanta oibre a threorú. Is inmholta na caighdeáin a sroichtear sna scileanna tagartha ar an iomlán.

 

 

 

 

 

 4.4 Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)

 

Stair

Leagtar béim chreidiúnach ar Stair sa scoil. Tá sé soiléir go mbaineann na daltaí taitneamh agus tairbhe as na ceachtanna agus gníomhaíochtaí staire. Tuigeann formhór na ndaltaí faoi eachtraí agus ócáidí ar a rinneadh staidéar. Tá eolas chreidiúnach na ndaltaí ar chúrsaí áitiúla le sonrú tríd an scoil. Tá línte ama i gcuid mhór de na ranganna a chláraíonn dátaí tábhachtacha sa Stair. Sna ranganna shóisearacha, déantar obair éifeachtach ar an snáith Mise agus mo chlann.

 

Tíreolaíocht

Tá na caighdeáin teagaisc agus foghlama sa Tíreolaíocht an-mhaith. Leagtar béim inmholta ar an snáith Imshaoil dhaonna tríd an scoil. Tá eolas chreidiúnach ag formhór na ndaltaí ar an gceantar mórthimpeall, ar an dtír agus ar thíortha eile an domhain. Tá léarscáileanna le sonrú i ngach rang agus tá cruinneoga le feiceáil i gcuid de na ranganna freisin. Baintear úsáid as na háiseanna seo le linn an teagaisc. Déanann na daltaí i gcuid de na ranganna obair thionscadail inmholta ar ábhair thíreolaíochta.

 

Eolaíocht

Tá ard-mholadh le tabhairt do chur chuige agus gnóthachtál na scoile sa réimse seo curaclaim.  Cuirtear béim ar chothú scileanna na ndaltaí mar eolaithe i mbun oibre. Baintear úsáid leanúnach as treallamh, obair pháirce agus teicneolaíocht agus is inmholta freisin raon na n-ábhar inspéise a bhíonn faoi chaibidil chun taighde. Tá moladh ag dul don cheangal atá cothaithe le dámh na  heolaíochta in Institúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Cuireann ionchur na heolaithe seo sna gníomhaíochtaí go mór le raon agus caighdeán na ndaltaí san obair scoile. Is eisimleáir ildánach foirfe clár na n-imeachtaí agus tá creidiúint ag dul don obair proifisiúnta a dhéanann an t-oide le post freagrachta anseo, chun cáilíocht na foghlama agus an teagaisc a fhorleathnú chomh h-inniúil sin i saothar na scoile. Éiríonn leis an scoil seo gradaim a bhaint amach go rialta i dtionscadail agus i bfeachtais náisiúnta agus áitiúla san Eolaíocht. Tá meanmna agus fiúntas na ndea-ghnóthachtála le sonrú in atmaisféar agus eiteas oibre na scoile.

 

4.5 Oideachas Ealaíon

 

Na hAmharcealaíona

Tá an obair a dhéantar sna hAmharcealaíona tríd an scoil le moladh. Tá na ranganna ar fad agus na pasáistí maistihe go tarraingteach le samplaí de shaothar ealaíne na ndaltaí. Clúdaítear an sé snáith go cuimsitheach agus tá cothromaíocht le sonrú idir obair dhéthoimhseach agus tríthoimhseach. Leagtar an bhéim cheart freisin ar bhreathnú ar an ealaín agus freagairt di.

 

Ceol

Sroichtear ardchaighdeán i gcúrsaí ceoil ar fud na scoile. Tá scileanna ceoil den scoth ag cuid mhaith de na hoidí. Tá cór agus banna scoile sa scoil. Canann agus seineann siad seo go binn ceolmhar. Sna ranganna aonair, clúdaítear Amhránaíocht go creidiúnach agus is féidir le daltaí i mbeagnach gach rang raon leathan amhrán a chanadh i nGaeilge, Béarla agus roinnt teangacha eile. Déantar cleachtadh éifeachtach ar chúrsaí rithime, ar na hidirchéimeanna, agus ar Chumadóireacht freisin. Sonraítear le moladh an obair a dhéantar ar éisteacht le Ceol agus freagairt dó i gcuid de na ranganna. Tá sé soiléir sna ceachtanna sin go músclaítear grá don Cheol sna daltaí.

 

 

Drámaíocht

Baintear úsáid fheidhmiúil as an Drámaíocht chun mothúcháin, tuiscint agus téamaí inspéise a chíoradh, chomh maith le tógáil a dhéanamh ar ghrinneas agus féin-mhuinín na ndaltaí. Is inmholta an teacht i láthair a léirigh na daltaí sna ranganna éagsúla in oiriúint dá n-aois agus tá sé sonrach go mothaíonn siad an ionchur phearsanta mar chuid lárnach agus tábhachtach den obair scoile. Bhí na daltaí spreagtha agus cinniúnach i roghnú na téamaí oibre agus léirigh siad foirfeacht agus neamhspleáchas i bhforbairt na h-oibre. Bhí deiseanna acu impleachtaí roghanna éagsúla a chleachtadh agus a fhorbairt faoi stiúir na n-oidí, chomh maith le deiseanna léiriúcháin a dhéanamh ar a ngnóthachtáil in ócáidí líonmhara poiblí na scoile.

 

4.6 Corpoideachas

Is cuid de mhisean na scoile seo oideachas leathan forásach a sholáthar do gach dalta de réir a c(h)umas agus go mbainfeadh gach dalta sásamh phearsanta as a gclár oibre. Leagtar amach clár forbartha luáilí atá pleanáilte agus dúshlánach do gach rang, bunaithe ar na snáitheanna éagsúla curaclaim. Cuirtear béim ar na riachtanais forbartha, baintear úsáid as cur chuige idirdhealaithe. Is fiú freisin an beartas atá á eagrú ag na cuiditheoirí sa chorpoideachas a úsáid in athbhreithniú an chláir. Is liosta le háireamh na himeachtaí cluichíochta agus spórt le linn scoile agus tar éis scoile a bhíonn deis ag daltaí a bheith rannpháirteach iontu.

 

4.7 Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)

Cleachtaítear cur chuige comhghaolaithe sa réimse seo den churaclaim le meascán leathan gníomhaíochtaí, cuid díobh oide treoraithe agus cuid eile díobh dalta treoraithe. Dá réir sin bíonn deiseanna pearsanta ar fáil do na daltaí iniúchadh a dhéanamh ar théamaí inspéise tríd na snáitheanna éagsúla curaclaim. Tugtar stádas do mhisean oibre na scoile sa chur chuige agus bíonn na daltaí ildánach agus foirfe ina gcuid smaointeoireachta. Tá raon de chláir réamh-dhearaithe á n-úsáid sa scoil chomh maith agus is breá an fhéinfhreagracht agus scileanna comhchúraim a chothaítear san obair.

 

4.8 Measúnú

Úsáideann an scoil tástálacha caighdeánaithe Drom Conrach i mBéarla agus an Sigma-T sa Mhatamaitic uair in aghaidh na bliana. Coimeádtear torthaí na dteisteanna seo in ionaid lárnacha sa scoil agus coimeádann oidí aonair na torthaí a bhaineann lena rang féin freisin. Is féidir mar sin torthaí na ndaltaí a chur i gcomparáid le daltaí ar fud na tíre. Aithnítear freisin na daltaí atá riachtanais oideachais speisialta acu. Coimeádtar fillteáin agus bailiúcháin oibre de shamplaí shaothair na ndaltaí in achair churaclaim éagsúla. Chomh maith le sin, baintear úsáid forleathan as tástálacha a dhéanann oidí aonair agus as breathnóireacht an oide sna ranganna ar fad chun dul chun cinn a mheas.

 

Tugtar an Belfield Infant Assessment Profile (BIAP) agus an Middle Infant Screening Test (MIST) do na naíonáin uair sa bhliain. Cuidíonn an measúnú seo le haithint luath deacrachtaí foghlama. Ina dteannta sin, baineann na hoidí tacaíochta foghlama agus acmhainne úsáid as tástáil diagnóiseach chun riachtanais sainiúla dhaltaí a aithint. Cabhraíonn na tástálacha seo freisin le cur le chéile na pleananna oideachais aonair (IEPs).

 

5.     Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

 

5.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Tá polasaí tacaíochta foghlama agus acmhainne forbartha ag an scoil. Cabhraíonn an polasaí seo le cur i bhfeidhm seirbhís do dhaltaí le deacrachtaí foghlama agus riachtanais eile atá flaithiúil, tuisceanach agus éifeachtach. Faightear cead ó thuismitheoirí roimh thosú ar mhúinteoireacht sa bhreis mar seo. Déantar iarracht inmholta ionchur na dtuismitheoirí a chur san áireamh i gcúrsaí pleanála don tseirbhís seo. Chun an próiseas seo a dhéanamh níos fearr fós, áfach, ba cheart cóipeanna de na pleananna oideachais aonair (IEPs) a thabhairt i gcló do thuismitheoirí as seo amach.

 

Tá na seomraí tacaíochta foghlama agus acmhainne maisithe go spreagúil le cairteacha oideachasúla. Tá samplaí de shaothar na ndaltaí ar taispeáint freisin. Cuirtear tacaíocht foghlama ar fáil sna seomraí seo do gach dalta atá riachtanais aige nó aici. Déanann na hoidí tacaíochta foghlama obair fhiúntach ar chúrsaí foghraíochta taobh istigh de na ranganna naíonáin iomlána freisin.

 

5.2 Tacaíochtaí eile do dhaltaí: iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste agus daltaí ó ghrúpaí mionlaigh nó grúpaí eile

Cuirtear gach dalta san áireamh i saol na scoile seo. Déanann muintir na scoile a ndícheall i gcónaí fáilte a chur roimh gach dalta agus oideachas oiriúnach a chur ar fáil dó nó di. Déanann an scoil iarracht a chinntiú gur féidir leis na daltaí uile oideachas cuimsitheach a fháil agus tréimhse taitneamhach a chaitheamh anseo.

 

6.     Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:

 

·         Is scoil den scoth í Gaelscoil Mhic Amhlaigh.

·         Is cuid lárnach de phobal Chnoc na Cathrach í an scoil.

·         Ta atmaisféar an-dearfach agus diansaothrach inti.

·         Tugann an bord bainistíochta tacaíocht an-suntasach don scoil.

·         Is fachtóir an-tábhachtach sa scoil é ceannaireacht an phríomhoide.

·         Comhoibríonn an fhoireann teagaisc le chéile i mbealach inmholta.

·         Baintear úsáid as modhanna múinte éifeachtacha sna ranganna.

·         Tá an plean scoile soiléir agus tá sé bunaithe ar riachtanais na scoile.

·         Tá éachtaí na ndaltaí trasna an churaclaim an-mhaith. Tá éachtaí na ndaltaí i gcuid mhaith de na hachair curaclaim ar fheabhas.

·         Tá saibhreas teanga sutasach i nGaeilge agus i mBéarla.

·         Tá teagasc agus foghlaim sa Mhatamaitic an-mhaith.

·         Tá cáilíocht na hoibre san OSIE le moladh, ach go háirithe an obair san Eolaíocht.

·         Déantar obair an-éifeachtach sna hAmharcealaíona, Ceol agus Drámaíocht.

·         Tá an scoil glan tarraingteach laistigh agus lasmuigh.

 

Mar bhealach le tógáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:

 

·         D’fhéadfaí cuid de na leabharlanna ranga a fhorbairt a thuilleadh. Chuideodh sé seo le caighdeáin teanga agus liteartha a chothú níos mó fós agus deiseanna thaighde níos fearr a chur ar fáil do dhaltaí.

·         An dúshlán is mó a bheidh ag an scoil sa todhchaí ná caighdeáin oideachais agus dea-chaidreamh a choimeád agus a fhorbairt. Moltar plean forbartha scileanna foirne a cheapadh chun ardchaighdeán na scoile a chaomhnú.

·         B’fhiú don bhord bainistíochta plean a cheapadh chun baill le cáilíochtaí bainistíochta a aithint don todhchaí agus chun scileanna baill den bhord a uasghrádú.

·         Moltar uasuimhir ionrollaithe a aithint sa pholasaí scoile, chun a chinntiú nach bhfásfadh an scoil ró-mhór do na hacmhainní atá ar fáil sa suíomh.

 

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus an mbord bainistíochta mar a rinneadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair a phlé.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foilsithe Samhain 2008