
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Gaelscoil Donncha Rua
Sionna, Contae an Chláir
Uimhir Rolla. 19849U
Dáta na Cigireachta: 15 Samhain 2006
Dáta eisiúna na tuairisce: 21 Meitheamh 2007
TUAIRISC AR MHEASTÓIREACHT SCOILE UILE
1. RÉAMHRÁ – COMHTHÉACS AGUS CÚLRA NA SCOILE
2 FIÚNTAS NA BAINISTÍOCHTA SA SCOIL
2.4 Bainistíocht caidreamh agus cumarsáide le pobal na scoile
3 FIÚNTAS NA PLEANÁLA SA SCOIL
3.1 Pleanáil scoile, próiséas agus cur i ngníomh
4 FIÚNTAS NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC
4.1 Léirbhreathnú ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim
4.4 Oideachas Sóisialta, Imshaoil, agus Eolaíochta
4.7 Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
5. FIÚNTAS NA TACAÍOCHTA DO DHALTAÍ
5.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
6. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Bunaíodh an scoil lán-Ghaeilge seo 22 bliain ó shoin i 1984 i mBaile na Sionna. Ainmníodh an scoil in omós do Dhonncha Rua Mac Conmara (1715 – 1810), a rugadh i gCo. an Chláir. Tá an scoil ag feidhmiú faoi phatrúnachas Easpaig Caitliceach Chill Dá Lua.
Is í príomhaidhm na scoile ná oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do na daltaí agus dá bhrí sin cleachtaítear formhór na cumarsáide sa scoil tré mheán na Gaeilge. Is é misean na scoile ná a chinntiú go rachaidh an t-oideachas a fhaightear i nGaelscoil Dhonncha Rua chun tairbhe na ndaltaí. Tá sé mar aidhm ag an scoil lán-acmhainn an uile dhalta a fhorbairt agus gach dalta a ullmhú don saol atá rompu.
Le linn a tréimhse 22 bliain bunaíochta, bhí an scoil lonnaithe i suímh shealadacha éagsúla i mbaile na Sionna ar a n-áirítear Árasáin Kincora, foirgneamh an Chomhair Chreidmheasa agus láthair Scoil Chuimsithigh Phádraig. Tá an suíomh ar a bhfuil an scoil suite faoi láthair in úsáid ó 1990 nuair a chuir Forbairt na Sionna suíomh talún 2.5 acra ar fáil don Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá acra amháin den talamh seo timpeallaithe ag fál don bhunscoil, agus é seo suite go lárnach i mbaile na Sionna, os comhair an Stáisiúin Dóiteáin agus in aice le Halla Bhaile na Sionna. Tá sé taobh le taobh le háit shúgartha phoiblí agus le Lárionad Fóillíochta na Sionna. Déanadh scrios ar chodanna den scoil ag amanna cheana agus sa bhliain 2000 scrios tine an scoil agus cailleadh formhór de dhoiciméid agus de chláir na scoile. Tá an scoil tar éis teacht slán in ainneoin na ndúshlán seo.
54 dalta atá cláraithe sa scoil faoi láthair agus is cosúil nach dtarlóidh athrú ar an uimhir seo sa ghearrthéarma. Triúr múinteoir – an príomhoide san áireamh – atá ar fhoireann na scoile. Maraon leis sin, tá múinteoir do leanaí le riachtanais oideachais speisialta á roinnt ag an scoil le Scoil Náisiúnta Naomh Seanáin. Tagann na daltaí go dtí an scoil ó mhórcheantair maguaird, idir cheantair thuaithe agus bhruachbhailte, ar a n-áirítear Bun Ráite, Cora Chaitlín, Cill Chisín agus an Chreatalach, maraon le baile na Sionna. Tá tuismitheoirí dhaltaí na scoile seo tar éis roghnú deimhnitheach a dhéanamh i leith scolaíocht trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dá bpáistí. Dá réir sin, in ainneoin an scaipeadh leathan timpeallachta óna dtagann na daltaí, tá nasc spéise i measc phobal na dtuismitheoirí, go háirithe i ngeall ar a spéis sa Ghaeilge.
Is ábhar suntais é léibhéal lag-thinrimh dhaltaí na scoile. Léirigh baill Bhoird Bhainistíochta na scoile a n-imní maidir leis an líon suntasach daltaí a bhí as láthair ar feadh breis agus 20 lá le linn na scoilbhliana seo caite. Mar mhíniú amháin ar an scéal, is cosúil go nglacann líon beag daltaí saoire breise le linn na scoilbhliana. Moltar go ndéanfadh an Bord Bainistíochta monatóireacht agus bolscaireacht ar phátrúin thinrimh na scoile agus na tosaíochtaí is gá a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar an leibhéal easpa tinrimh maraon le polasaí tinrimh a dhréachtadh ar bhonn práinne.
Tá reachtáil agus comhdhéanamh mar is cóir ar an mbord bainistíochta agus is é an gnáthnós ná go mbíonn cruinniú ag an mbord uair sa téarma. Bíonn cruinnithe níos minice corruair, ach iad siúd ag brath ar na nithe a bhíonn le plé. Moltar go mb’fhéidir go n-eagrófaí cruinnithe níos minice as seo amach. Déantar miontuairiscí a choimeád ar chruinnithe an bhoird. Is bocht an leagan amach atá faoi láthair, áfach, ar chuntais airgeadais an bhoird. Ba chóir don bhord comhairle a lorg láithreach maidir le cóiriú agus léiriú sásúil a dhéanamh ar na cuntais scoile chun a dheimhniú go mbunaítear agus go leantar le córais a cheadaíonn meastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí an bhoird. Ba chóir socruithe a chur i bhfeidhm chun a dheimhniú go ndéantar na cuntais scoile a iniúchadh go bliantúil. Tá soláthar buan cóiríochta scoile mar mhórchás imní don bhord le blianta beaga anuas. Tá an bord imníoch maidir leis an gcóiríocht atá ann faoi láthair a choimeád slán. Tá baill an bhoird an-tiomanta d’ardchaighdeán a dheimhniú maidir leis an struchtúr scoile atá ann faoi láthair. In ainneoin seo meabhraítear don bhord na cúraim atá dlite ag an Acht Oideachais uirthi lena dheimhniú go gcomhlíontar na dualgais reachtaíochta agus Roinne. Tá dualgais leagtha ar an mbord freisin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chaighdeán an teagaisc agus na foghlama sa scoil. Tá príomh pholasaithe dréachtaithe ag an scoil, ar nós polasaí cláraithe, cód smachta agus polasaí um chosaint leanaí. Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar an ráiteas sláinte agus sábháilteachta, gnó a ba chóir a bheith curtha i gcrích ar bhonn práinne. Ní mór a dheimhniú go ndéantar gach ceann de na polasaithe a fhaomhadh agus dáta a chur leo.
Níl baint ag an mbord, go ginearálta, le dréachtadh pleananna curaclaim agus polasaithe scoile uile ach déantar an cúram seo a dháileadh ar an bhfoireann teagaisc. Cuirtear dréacht de na doiciméid seo faoi bhráid an bhoird chun iad a phlé agus tugtar faomhadh do chuid acu agus cuirtear dáta leo seo. Moltar go nglacfadh an bord páirt ghníomhach ag an bpoinnte seo i ndréachtadh pleananna, polasaithe, agus chur chuige, agus go mbeadh baill an bhoird ar an eolas faoi na treoirlínte ginearálta maidir le faomhadh agus athbhreithniú pholasaithe scoile. Bíonn cathaoirleach an bhoird i dteagmhál go rialta leis an bpríomhoide. Ba chóir do gach ball den bhord iad féin a chur ar an eolas maidir le bainistíocht na scoile ó lá go lá. Ba chóir athbhreithniú a dhéanamh go bliantúil ar na dualgais atá ag an bhfreagraí poist chun a dheimhniú go mbíonn na dualgais seo ag teacht le riachtanais reatha na scoile. Bheadh sé cuí go n-ullmhódh an príomhoide tuairisc do gach cruinniú boird ar phleanáil agus ar mheasúnú an teagaisc agus na foghlama sa scoil.
Ba chóir don bhord tógáil anois ar spéis agus ar thiomantas na mball agus phobal uile na scoile trí thús a chur le próiséas a chuideoidh le díriú ar thodhchaí fadtéarmach na scoile. Maraon le pleanáil a dhéanamh chun foirgneamh seasta scoile a thógáil, ba chóir don bhord a bheith páirteach i bplean forbartha scoile a dhréachtadh a bheadh réalaíoch ach dúshlánach, agus a dhéanfadh tosaíochtaí forbartha na scoile a rianadh maraon leis na scálaí ama cuí, na costais, agus na critéir a úsáidfí chun fiúntas na bpleananna a mheas. Toisc nach bhfuil baill an bhoird tar éis freastal go fóill ar chúrsaí traenála do bhoird, moltar go ndéanfaí comhairle a lorg ón tSeirbhís Tacaíochta Forbartha Scoile chun a dheimhniú go ndéantar gach gné de ghníomhaíochtaí an bhoird a chur i gcrích ar chaighdeán a léiríonn an cleachtas is fearr, agus cúinsí ar leith na scoile á gcur san áireamh.
Tá an príomhoide tar éis feidhmiú ina ról le haon bhliain déag anuas agus tá an-mheas air i measc an phobail áitúil scoile. Bíonn ar an bpríomhoide freastal ar na dualgais múinteoireachta atá aige maraon leis na dualgais cinnireachta agus bainistíochta scoile a bhaineann le ról an phríomhoide. Deimhníonn an príomhoide freisin go ndéantar na cáipéisí oifigiúla ar a n-áirítear na leabhair thinrimh, na leabhair rollaí agus na clárleabhair a choimeád suas chun dáta agus mar is cóir. Tá spéis ar leith ag an bpríomhoide sa drámaíocht, sa cheol, agus i ngníomhaíochtaí spóirt. Stíl bhainistíochta neamhfhoirmiúil a bhíonn in úsáid aige agus cuidíonn sé seo leis dea-chaidrimh a chothú leis na daltaí, lesi an bhfoireann agus leis na tuismitheoirí. Tá saineolas aige ar chúlraí na bpáistí agus is léir go mbíonn comhbhá tuisceanach aige leo. Cuidíonn an príomhoide tánaisteach leis an bpríomhoide i ngnóthaí bainistíochta inscoile.
Is é an gnáthnós i mbainistíocht laethúil na scoile ná go mbíonn teagmháil neamhfhoirmiúil go rialta i measc na foirne agus go mbíonn dea chaidreamh eatarthu. Ag an bpointe seo i dtréimhse forbartha na scoile ní mór, áfach, foirmiúlacht bhreise a léiriú agus agus na nósanna imeachta cuí a chur i bhfeidhm chun an ard-chaighdeán is gá don cheannaireacht theagasach a dheimhniú. Chun an fhorbairt is fearr a bhaint amach don scoil sa todhchaí ní mór don phríomhoide béim bhreise a leagan ar a chinnireacht teagaisc agus foghlama trí mhonatóireacht agus mheastóireacht leanúnach a dhéanamh ar éifeacht an phróiséis phleanála sna hachair churaclaim agus trí iniúchadh a dhéanamh ar na caighdeáin a baintear amach. Tá dualgais chuí leagtha ar an bpríomhoide tánaisteach agus déanann sí na cúramaí seo a chomhlíonadh go fonnmhar.
Toisc go bhfuil cur i bhfeidhm an Churaclaim Bunscoile (1999) ar gcúl sa scoil, ba chóir go mbeadh sé mar mhór-chuspóir anois ag an bpríomhoide agus ag bord bainistíochta na scoile anailís chomhordaithe, dá réir, a dhéanamh ar an gcuraclam chun é a chur in oiriúint do chomhthéacs na scoile. Ní mór cur chuige foirne ar bhonn scoile uile a chur i bhfeidhm chun an cuspóir seo a bhaint amach. Deimhneoidh próiséas foirmeálta scoilbhunaithe féínmheastóireachta go mbeidh na múinteoirí páirteach i dteagasc éifeachtach a sholáthar ní hamháin do na daltaí ina ranganna féin ach do chaighdeán na scoile trí chéile. Chun cuidiú le cur chuige comhtháite foirne, agus chun forbairt chórasach ar pholasaithe curaclaim a dheimhniú, níor mhór comhairle a lorg ó phearsanra an Chláir Tacaíochta don Churaclam Bunscoile. Is féidir leas a bhaint freisin as foilseachán na Roinne Oideachais agus Eolaíochta Ag Breathnú ar an Scoil Againne – Cúnamh le hAghaidh Féinmheasúnachta (2003) mar thaca éifeachtach don phróiséas seo.
Dáiltear an fhoireann teagaisc mar is cóir ar na ranganna, agus déantar na múinteoirí a dháileadh de réir líon na ndaltaí. Tá na leibhéil éagsúla á múineadh mar ranganna comhtháite. Faoi láthair, tá na naíonáin shóisearacha agus shinsearacha in aon rang amháin. Tá ranganna a haon, a dó agus a trí in aon rang-ghrúpa amháin, agus sin mar atá freisin ag ranganna a ceathair, a cúig agus a sé. Ba chóir smaoineamh ar an fhoireann a úsáid ar bhealach solúbtha trí na ranganna a mhalartú do ghnéíthe áirithe den churaclam chun a dheimhniú go mbíonn tairbhe le fáil ag na múinteoirí as an taithí ar na rang-leibhéíl éagsúla a mhúineadh, agus chun a chinntiú go mbíonn buntáiste le fáil ag an scoil trí chéile ón réimse taithí a bhíonn le fáil as na comhtheácsanna ranga éagsúla. Tá an bord bainistíochta tar éis tacaíocht a léiriú go dtí seo d’fhorbairt ghairmiúil na múinteoirí. Ba chóir go leanfadh an bord, an príomhoide agus na múinteoirí ar thosaíochtaí a thabhairt dá riachtanais ghairmiúla féin a aithint, agus a chinntiú go ndéantar freastal ar na riachtanais seo de réir mar is cuí.
Tá cúig fhoirgneamh scoite réamhdhéanta suite ar láthair na scoile. Cuireadh na foirgnimh seo ar fáil i 2002. Baintear leas as ceann de na seomraí seo chun soláthar cúraim a chur ar fáil do leanaí réamhscoile. Tá trí cinn de na ceithre sheomraí eile ar fáil do mhúinteoirí na ranganna príomhshrutha. Tá an cúigiú foirgneamh réamhdhéanta fo-roinnte i rannóga a fheidhmíonn mar oifig, mar sheomra foirne agus mar ionad a úsáideann an múinteoir tacaíochta/acmhainne. Baintear leas as an bhfoirgneamh seo chun mórchuid trealamh corpoideachais atá faighte ag an scoil a stóráil. Toisc gur déanadh loitiméireacht ar an scoil san am atá thart, tá fál cosanta curtha mórthimpeall na scoile. Tá an bord bainistíochta tar éis a bheith i dteagmháil go rialta leis an rannóg foirgníochta sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le soláthar buan scoile a chur ar fáil. Léirigh baill an bhoird mór-fhrustrachas maidir leis an easpa dul chun cinn atá ag eascairt ó na cainteanna seo. Is é an ionad súgartha a bhíonn in úsáid ag an scoil ná láthair pábháilte na scoile agus ó am go chéile úsáidtear freisin láthair poiblí lasmuigh d’imeall na scoile maraon le hIonad Fóillíochta na Sionna atá in aice láimhe. Baineann an scoil úsáid freisin as páirceanna imeartha Chumann Lúthchleas Gael Wolfe Tone.
Cinntíonn an feighlí páirt-aimseartha go ndéantar an scoil a ghlanadh go rialta. Cé gur éiligh an scoil na deontais a bhí ar fáil di mar atá luaite in imlitir 18/05 do sheirbhísí feighlíochta, níl aon tacaíocht rúnaíochta curtha ar fáil ag an scoil. Leanann easpa soiléireachta maidir leis an bhfreagracht i leith dualgas riarachán na scoile ó lá go lá. Cruthaíonn easpa na n-áiteanna stórais agus teorannú fisiceach na bhfoirgneamh réamhdhéanta, timpeallacht plódaithe foghlama i gcásanna áirithe. Tá dea-chleachtas ag feidhmiú i rang na naíonán mar a bhfuil úsáid á baint as cófraí chun áiseanna agus trealamh a stóráil. Ba chóir an dea-chleachtas seo a chur i bhfeidhm sna ranganna eile. Ba chóir troscán saorsheasamh nó troscán soghluaiste a chuideodh le fearas a stóráil, obair na ndaltaí a léiriú, ábhair spéise agus leabhair leabharlainne maraon le boird iniúchaidh agus láthair mhatamaitice a aimsiú agus a chur ar fáil anois. Ní mór a dheimhniú go mbíonn na léirithe prionta-shaibhir, go ndéantar iad a uasghradú go rialta, agus go mbíonn siad ar ardchaighdéan. Ba chóir lán-leas a bhaint as an ngarthimpeallacht áitiúil. Go hachomair, ní mór a dheimhniú go mbíonn an timpeallacht a cruthaítear i ngach seomra ranga sa scoil ag tacú leis an bhforbairt is gá a chothú i ndaltaí maidir le dea-chleachtas féin-bhainistíochta agus dea-scileanna i gcur i láthair oibre.
Tá an bord le moladh as an réimse leathan acmhainní atá ceannaithe chun tacú leis an mhúinteoireacht agus leis an bhfoghlaim sa scoil. Fáiltítear roimh an tosaíocht a leíríodh le déanaí nuair a ceannaíodh ríomhairí nua agus cruthaíonn a leithéid an deis ar na réimsí foghlama atá ar fáil faoi láthair ag na daltaí. Ní mór, áfach, an réimse acmhainní atá ar fáil sa scoil faoi láthair a chlárú agus a rangú, tasc a fhéadfaí a dháileadh ar rúnaí scoile nó a fhéadfaí a thabhirt mar chúram briese do bhall foirne.
Níl aon choiste tuismitheoirí sa scoil. Bhí le rá ag ionadaithe de chuid na dtuismitheoirí, áfach, go raibh tuismitheoirí agus daltaí an-bhródúil as an scoil agus gur cúis mórtais dóibh a bhfuil bainte amach ag na daltaí. Léiríodh sástacht maidir leis an tslí inar ghlac an scoil tosaíocht dul i ngleic le nithe a d’eascair pé acu cúiseanna imní tuismitheoirí mar ghrúpa, nó go haonarach. Is go neamhfhoirmiúil agus ar bhonn laethúil go minic, a bhíonn caidreamh ag an bpríomhoide agus ag na múinteoirí leis na tuismitheoirí. Cuirtear gach cuid den phlean scoile ar fáil sa scoil do thuismitheoirí ar mian leo breathnú air. Is é an príomhbhealach cumarsáide ó lá go lá idir an scoil agus an baile ná nótaí a cuirtear abhaile leis na daltaí. Eagraítear cruinnithe duine ar dhuine idir na múinteoirí agus na tuismitheoirí uair sa bhliiain. Bíonn eolas le fáil ag tuismitheoirí ón scoil maidir le dul chun cinn a ndaltaí ag amanna áirithe. Bhrath na tuismitheoirí go raibh atmaisféar clainne le mothú sa scoil. Bhí na tuismitheoirí páirteach i dturasanna lasmuigh a eagrú chuig Béal na Sionnaine, chuig Músaem Hunt agus chuig Caisleán Rí Sheáin i Luimneach.
Cuidíonn an caidreamh láidir atá ag an bpobal áitiúil laistigh den scoil le bainistiú na ndaltaí. Tá na múinteoirí eolasach ar na cúinsí pearsanta a mbíonn tionchar acu ar chúlra na bpáistí. Is léir go bhfreagraíonn na páistí go dearfach don spéis a léiríonn na múinteoirí ina bhforbairt phearsanta, ina ndul chun cinn oideachasúil agus ina ndea-iompar. Ba léir dea-mheas ag na daltaí agus na múinteoirí ar a chéile, agus níor léir aon mhí-iompar nach raibh inghlactha. Tá an Bord Bainistíochta agus na tuismitheoirí bainteach anois le cód iompair agus smachta a dhréachtadh, agus le tacú leis an bhfoireann teagaisc maidir len é seo a chur i bhfeidhm. Nuair a bhionn próiséas féin-mheastóireachta scoile á chur i bhfeidhm go luath ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód smachta seo chun a dheimhniú go mbíonn aontú ar an leibhéal is airde i measc na foirne, na ndaltaí agus na dtuismitheoirí maidir leis na caighdeáin iompair laistigh den scoil. Ba chóir go mbeadh comhthuiscint shoiléir, agus cleachtadh go rialta, ar ghnéithe iompair agus cuirtéise ar nós an bealach ina dtagann agus ina n-imíonn na daltaí ón seomra ranga. Is é dualgas an phríomhoide a dheimhniú go gcuirtear cód smachta na scoile i bhfeidhm ar bhealach a léiríonn leanúnachas agus cothromaíocht don uile dhalta. Ba chóir don fhoireann a bheith freagrach i gcónaí as iompar na ndaltaí, agus ba chóir dóibh plé go pras agus go dlúth le hócáidí iompair do-ghlactha.
Cuireadh fianaise ar fáil a dheimhnigh go raibh na céimeanna cuí glactha ag an mbord bainistíochta chun polasaithe a fhorbairt ar aon dul lena bhfuil luaite i Leanaí ar dTús, Treoirlínte Náisiúnta do Chosaint agus Leas na Leanaí (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2004) agus Treoirlínte um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna (An Roinn OIdeachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Tugadh fianaise freisin a dheimhníonn go bhfuil na polasaithe seo glactha agus curtha i bhfeidhm ag an mbord. Tá duine teagmhála ceapaithe mar atá leagtha síos i dtreoirlínte na Roinne.
Bíonn roinnt plé agus comhoibriú i gceist i measc na foirne don phróiséas pleanála scoile uile. Tar éís iniúchadh a dhéanamh ar na pleananna scoile uile déanann an bord bainistíochta iad a fhaomhadh. Tá an t-iomlán nach mór de na polasaithe eagrúcháin atá dlite go reachtúil, nó molta ar chiorcláin nó i dtreoirlínte, dréachtaithe. Ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna curaclaim chun léiriú a thabhairt iontu ar aidhmeanna agus ar chuspóirí scoile uile a bhíonn ag réiteach leis an gcuraclam scoile agus le comhthéacs na scoile áirithe seo. Ba chóir tabhairt ag an bpointe seo faoi chur chuige foirne ina leith seo. Ba chóir go ndéanfaí cur síos go soiléir sa phlean scoile ar an gcur chuige a bheidh i gceist chun na haidhmeanna scoile uile a bhaint amach, chun leanúnachas agus dul chun cinn a dheimhniú, agus chun tabhairt faoi mheasúnú ar an méid a bheidh curtha i gcrích maidir leis na cuspóirí foghlama. Bheadh plean gníomhaíochta bliantúil mar léiriú follasach ar an bhfreagracht a ghlacann foireann agus bainistíocht na scoile ar an bhfócas córasach is gá chun a dheimhniú go mbaintear amach tosaíochtaí na scoile, agus go ndeimhnítear tiomantas na scoile maidir le barr feabhais a bhaint amach i gcónaí ar ghnéithe uile de shaol na scoile. Chinnteodh a leithéid de phlean gníomhaíochta freisin go ndéanfaí an curaclam a dhaingniú de réir a chéile i gcleachtas na scoile.
Cuireann an scoil seo an cháipéisíocht oifigiúil ar fáil as Béarla amháin. De bhrí gur scoil lán Ghaeilge í an scoil seo ba chóir cáipéisíocht ar nós plean scoile agus ullmhúcháin na n-oidí a bheith ar fáil as Gaeilge.
Ar an iomlán, tugtar faoin bpleanáil sa seomra ranga go corásach. Tá, mar atá dlite i Riail 126, pleanáil fhadtréimhseach agus pleanáíl ghearrthréimhseach déanta do gach rang. Déantar cúntais ar an dul chun cinn a chlárú go míosúil. Toisc gur ranganna ilghráid iad na ranganna príomhshrutha go léir, déantar, i gcásanna áirithe, pleananna áirithe a rianadh ceann ar cheann do gach rang-leibhéal. Déantar tagairt i roinnt pleananna ar leith do na torthaí foghlama a mbeifear ag súil leo sna hachair churaclam. Chun cur chuige fócasach a dheimhniú ar na torthaí foghlama seo, chun nasc leis an gcuraclam bunscoile a dheimhniú agus chun sruthlíniú a dhéanamh ar an bpróiséas pleanála, moltar go n-aontódh an fhoireann anois ar theampláid chomónta don phleanáil ranga fadtréimhseach agus gearrthréimhseach. Ba chóir do na teampláid seo deis a sholáthar do thorthaí leathan foghlama sa phleanáil fad-tréimhseach, agus do na saintorthaí foghlama sa ghearrthréimhse, do gach achar curaclaim. Ba chóir cur síos gonta a thabhairt ar na modhanna a bheidh in úsáid agus ar ábhar na gceachtanna. Ba chóir go mbeadh na príorachtaí atá luaite sa phlean scoile maidir leis na cur chuigí agus na modheolaíochtaí a bheidh in úsáid le feiceáil go sonrach. Ba chóir na hacmhainní cuí a mbeidh gá leo chun na torthaí foghlama a chur i gcrích a aithint. Ba chóir go ndéanfaí tagairt sna pleananna fadtréimhseacha agus gearrthréimhseacha do na bealaí ina ndéanfar daltaí le deacrachtaí foghlama ar leith nó le riachtanais oideachasúla foghlama a áireamh sna gníomhaíochtaí príomhshrutha, agus na gníomhaíochtaí idirdhealaithe a chuirfear ar fáil agus a bheidh bunaithe ar na spriocanna foghlama. Ba chóir go mbeadh pleananna an-soiléir maidir le dul chun cinn na foghlama a mheas. Ba chóir aontú foirne freisin ar theampláid do na cuntais mhíosúla. Chuideodh a leithéíd de cháipéisí leis an bhfoireann an dul chun cinn a leanúint agus thacóidís le hathbhreithniú a dhéanamh ar na cuspóirí foghlama atá leagtha síos sa phlean scoile.
B’fhéidir go ndéanfadh na múinteoirí athbhreithniú freisin ar an tionchar a bheadh ag a bhforbairt scileanna féin i réimse teicneolaíochta eolais agus cumarsáide (TEC) cuidiú leo an próiséas pleanála ina iomláine a chur chun cinn. Go hachomair, ba chóir athbhreithniú a dhéanamh tríd is tríd ar phroiséas pleanála na scoile chun tacú le dlús foirne a dhíriú ar phróiséas timthrialach pleanála, cur i bhfeidhm agus athbhreithnithe an phleain scoile.
Tá caighdeán na múinteoireachta agus na foghlama go maith ar an iomlán. Déantar na ceachtanna ar chur i láthair go héifeachtach. Baintear úsáid as acmhainní léirithe agus coincréideacha go héifeachtach sa phróiséas teagaisc agus foghlama. Bíonn na múinteoirí ag súil le caighdeán ard ó na páistí de réir a gcumas ábaltachta agus freagraíonn na daltaí go han-mhaith do na caighdeáin a bhíonn á lorg uathu, agus iad ag obair go dícheallach agus go coinsiasach. Déantar monatóireacht rialta ar an obair scríofa. Bhí roinnt grúp-obair le feiceáil ach bhí an teagasc ag tarlú ar bhonn ranga uile den chuid is mó. Ní mór, faoin tráth seo, úsáid a bhaint as an réimse uile modhanna teagaisc a cuirtear chun cinn sa Churaclam Bunascoile (1999) ar nós na foghlama comhoibritheach, na foghlama treoir fhionnachtana, agus taithí na bpáistí fein a úsáid mar bhunús don fhoghlaim. Ba chóir forbairt a dhéanamh ar an úsáid bhreise a d’fhéadfaí a bhaint as an ngarthimpeallacht agus as an bhfoghlaim ghníomhach mar thúsphointí. Toisc gur ranganna ilghráid iad na ranganna uile, agus go mbeidh réimse gnóthachtála ag eascairt go nadúrtha, ba chóir as seo amach gur grúp-theagasc seachas teagasc ranga uile is mó a bheidh ag tarlú. Chruthófaí dúshlán breise sna grúp shuímh dá leagfaí béim ar réiteach fadhbanna go comhoibríoch. Ba chóir go gcuideodh an fhorbairt bhreise ata pleanáilte ar acmhainní don réimse teicneolaíochta agus cumarsáide le saibhriú a dhéanamh ar scileanna teanga, cumarsáide agus comhoibritheacha na ndaltaí, agus ba chóir go gcuideodh sé freisin lena scileanna i réiteach fadhbanna.
Oibríonn na múinteoirí go dian, díograiseach ag múineadh na Gaeilge agus cothaíonn siad atmaisféar spreagthach sna rangsheomraí. Bunaítear na ceachtanna ar théamaí éagsúla. Tá dul chun cinn sásúil á dhéanamh agus ar an iomlán, tá cumas maith ag na daltaí i labhairt na teanga. Úsáidtear modh na cumarsáide agus modh na dramaíochta maraon le pictiúirí, chun na ceachtanna a dhaingniú. Spreagtar na daltaí chun a bheith gníomhach san fhoghlaim. Is féidir le cuid de na daltaí ceisteanna ó bhéal a chur agus a fhreagairt gan stró sna meánranganna agus sna hardranganna. Léann siad le brí agus freagraíonn siad ceisteanna a bhíonn bunaithe ar an ábhar léitheoireachta. Tá cnuasach maith de rainn Ghaeilge le geaitsíochtaí de ghlanmheabhair ag na Naíonáin agus aithrisítear dánta go fonnmhar sna bunranganna agus sna meánranganna. Ar an iomlán tá an obair scríofa go soiléir agus go cruinn.
Ag cur san áireamh comthéacs na scoile mar scoil lán-Ghaelach, bíonn tréan-iarrachtaí á ndéanamh ag na múinteoirí chun feabhas a chur ar chaighdeán labhartha Béarla na bpáistí. Tá sé ar chumas na bpáistí iad féin a chur in iúl agus a gcuid tuairimí agus smaointe a léiriú gan dua. Tá daingniú déanta i gcur chuige na ndaltaí ar dhea-nósanna éisteachta agus ar dheiseanna labhartha a thabhairt dá chéile. Tá réimse leathan stráitéisí múinteoireachta in úsáid sna ranganna sóisearacha, ar a n-áirítear úsáid pictiúr, gníomhaíochtaí drámaíochta, cluichí agus prapaí. Labhraíonn na daltaí lena chéile ina mbeirteanna, leis an rang ina iomláine agus leis an múinteoir. Moltar go ndéanfaí na stráitéisí seo a leathnú ionas go mbeidh siad in úsáid sna ranganna go léir. Moltar freisin go ndéanfaí an clár oibre atá faoi láthair ag feidhmiú sna meán-ranganna agus sna ranganna sinsearacha a nascadh ar bhealach níos fearr leis na cuspóirí ábhar don obair ó bhéal i mBéarla mar atá leagtha síos sa Churaclam Bunscoile (1999).
Tá an cur chuige atá i bhfeidhm don fheasach fhóineolaíoch ag léibhéal sóisearach na scoile le moladh. Tá clár léítheoireachta na scoile bunaithe ar úsáid roinnt leabhar mór, ar théacsanna ranga, ar leabhair leabharlanna agus ar úrscéalta. Léann na daltaí go maith sna meánranganna agus sna ranganna sinsearacha agus tá ar a gcumas na scéalta a leánn siad a athinsint, a thuar, a chur in oiriúint, agus a chur i gcomparáid lena n-eispéaras féin.
Déantar scileanna feidhmiúla scríbhneoireachta a fhorbairt ag gach rang-leibhéal agus bíonn mórchuid den obair bunaithe ar ghníomhaíochtaí tuisceana agus gramadaí sna leabhair oibre. Cé go dtugtar aird mar is cuí ar na scileanna feidhmiúla scríbhneoireachta sna hardranganna, d’fhéadfaí cur leis an scríbhneoireacht chruthaitheach agus phearsanta chun cur le héagsúlacht na séanraí seo. Ba chóir an phleanáil don scríbhneoireacht a bheith bunaithe ar mholtaí an churaclaim. D’fhéadfaí aird bhreise a thabhairt freisin ar dhréachtadh agus ar eagarthóireacht agus d’fhéadfadh na ríomhairí nua atá faighte ag an scoil a bheith mar thaca don obair seo. Déanann na daltaí réimse dán a aithris agus mothucháin agus tuiscint á léiriú acu.
Tá iarracht an-mhaith á déanamh ag na múinteoirí an curaclam Matamaitice a chur i bhfeidhm. Bíonn aiseolas maith le fáil ó na daltaí don cheistiúchán, agus léiríonn siad cumas in obair ó bhéal sa mhatamaitic agus ar an iomlán, bíonn spéis á léiriú acu maidir le fadhbanna matamaitice a réiteach. Tá an clár matamaitice bunaithe ar shraith téacsleabhar agus leabhair oibre atá foilsithe mar chuid den mhargadh tráchtála, agus ar bhileoga oibre eile chomh maith. Baineann na páistí taitneamh as a bheith ag obair le hábhair choincréiteacha agus déanann sé seo a dtuiscint ar choincheapanna na matamaitice a dhaingniú. D’fhéadfaí, mar atá molta sa churaclam, cur leis an úsáid ábhar coincréiteacha go dtí leibhéal na ranganna sinsearacha ionas gur féidir bunús níos fearr a chur faoin obair ar fhadhbanna a réiteach agus ar mheastacháin. D’fhéadfaí stráitéis ar nós ceisteanna oscailte agus dúnta a chur, agus fadhbanna a bhunú ar gharthimpeallacht imshaoil na bpáistí chun tréisiú leis an míniú ar na coincheapanna sna ranganna seo. Chuirfí níos mó fós leis an soláthar sa mhatamaitic dá mbeadh úsáid bhreise á baint as an TEC, as léirithe matamaitice, as timpeallacht uimhir-shaibhir a chruthú agus as rochtain a bheith ag daltaí ar bhoird iniúchaidh matamaitice.
Níl plean scoile uile curtha ar fáil fós don Stair. Eascraíonn neamhréireacht ón bhfolús a cruthaítear gan plean sa chur chuige teagaisc scoile don réimse curaclaim seo. Tugtar deiseanna ar bhonn ginearálta do na daltaí forbairt a dhéanamh ar a dtuiscint ar chroineolaíocht agus ar phríomhimeachtaí i dtréimhsí ar leith sa stair. Cuirtear roinnt áirithe béime ar an am atá thart i gcúlra na bpáístí agus a gclanna. Bhí léiriú le feiceáil ar úsáid na scéalaíochta chun spéis a mhúscailt sna ceachtanna maraon le stráitéisí a úsáid a bhí ag díriú ar chur ar chumas na ndaltaí bheith comhbháúil, agus ionannas a dhéanamh le daoine ón am atá thart. Ní mór aird a thabhairt sa scoil ar na moltaí uile atá leagtha amach sa churaclam bunscoile do mhúineadh agus d’fhoghlaim na staire. Beidh gá ach go háirithe cur chuigí múinteoireachta a chinnteoidh go mbainfear úsáid as an timpeallacht stairiúil áitiúil mar thúsphointe d’fhorbairt na scileanna. Ba chór go mbeadh deis le fáil ag na daltaí oibriú mar staraithe agus ba chóir go dtabharfaí deis freisin dóibh a scileanna ainilíse maraon le húsáid fianaiseach a fhorbairt. Ba chóir go mbeadh deis ag na páistí bunfhoinsí a úsáid ar a n-áirítear doiciméid, déantúsáin agus grianghrafanna. Ba chóir go mbeadh acmhainní spéisiúla dá leithéid ar taispeáint ar bhord spéise sa seomra ranga.
Múintear an curaclam tíreolaíochta ar bhealach traidisiúnta. Tá eolas sásúil ag na daltaí ar na gnéithe atá múinte. Tá, áfach, spleáchas áirithe ar úsáid an téacsleabhair, agus faoi láthair níl modheolaíochtaí agus struchtúir an churaclaim tíreolaíochta don bhunscoil á gcur i bhfeidhm go cuimsitheach ar bhonn scoile uile. Tá gá anois plean cuimsitheach a chur le chéile don scoil chun a dheimhniú go ndéantar curaclam leathan, cothrom sna na trí shnáithe a bhíonn ag plé himshaoil dhaonna, imshaoil nádúrtha agus feasacht agus cúram imshaoil mar atá i moltaí an churaclaim; chuirfeadh a leithéid le cleachtas múinteoireachta a chinnteódh leithne agus doimhneacht. Ba chóir fáil a bheith ar níos mó acmhainní ar nós cruinneoga, cairteanna agus learscáilíocht náisiúnta mar fhorlíonadh ar an obair. Ba chóir lán-leas a bhaint as suíomh bhuntáisteach na scoile nuair a bhíonn cumas agus ábaltacht léarscáilíochta na ndaltaí á bhforbairt. Cuideoidh an soláthar a cuireadh ar fáil le déanaí ar áiseanna TEC le soláthar níos fairsinge d’acmhainní ábharacha agus spéisiúla. Tá an deis ann anois leathnú a dhéanamh ar líon na n-iniúchadh trí mheáin éagsúla a úsáid, ar a n-áirítear an t-idirlíon maraon le hiniúchadh bunaidh. Chuideodh a leithéid le daltaí eolas a bhailiú ar na saintréithe a bhaineann lena n-áit dhúchais féin, agus tuiscint chriticiúil a fhorbairt ar an domhain ina bhfuil cónaí orthu, domhain atá ag athrú faoi luas.
Ar an iomlan tugann na múinteoirí faoin réimse curaclaim seo a mhúineadh go coinsiasach, agus cuirtear réímse gníomhaíochtaí ar fáil san eolaíocht. Tá na daltaí cíocrach chun foghlama sa réimse seo agus cuirtear fáilte roimh a gcomhpháirtíocht ghníomhach féin. I roinnt ranganna, déanann na daltaí cur síos go fonnmhar ar na trialacha ar a ndearnadh siad breathnóireacht, nó ina raibh siad páirteach. Tá acmhainní curtha ar fáil chun tacú leis an mhúinteoireacht sa réimse seo, agus chuideodh liostáil ar na tacaí agus ar an trealamh, maraon le lárionad stórais sa scoil, leis na hacmhainní seo a úsaid níos minice agus ar bhonn níos forleithne. Moltar go ndéanfaí áit iniúchaidh eolaíochta a chur ar fáil i ngach seomra ranga. Cinnteoidh éifeacht phleanála sa réimse seo go mbíonn leanúnachas i bhforbairt na scileanna, an eolais agus na tuisceana oibre a bheidh in oiriúint do riachtanais na ndaltaí uile. Cruthóidh a leithéid freisin dóthain obair iniúchaidh agus trialach do na daltaí.
Moltar go ndéanfaí clár cuimsitheach do na hAmharcealaíona a chur le chéile do gach rang-leibhéal mar chuid den doiciméadú sa phleanáil scoile. Moltar go ndéanfaí na heispéiris fhoghlama do na hAmharcealaíona a dhíriú i dtreo chláir leathan oibre a thrasnaíonn na sé shnáithe, rud a dheimhneodh go mbeadh na heispéiris fhoghlama á gcur i bhfeidhm ar bhealach córasach forbartha tríd an scoile.
Is léir go ndéantar ceiliúradh i roinnt de na timpeallachtaí foghlama ar iarrachtaí na ndaltaí leis na hAmharcealaíona. Bhí obair na bpáistí comhtháite mar is cuí le gnéithe eile den churaclam agus curtha ar taispeáint ar bhonn taitneamhach i ngarthimpeallacht na bpáistí sa seomra ranga. Moltar, áfach, go ndéanfaí an cleachtas feiceálach dea-shamplach seo a léiriú i dtimpeallacht gach ranga. Sa bhreathnóireacht a déanadh ar mhúineadh na n-amharcealaíona, ba léír gur déanadh bainistiú cumasach ar ghnímhaíocht na bpáistí. Tuairiscíodh go mealltar anois is arís rannpháirtíocht na scoile i gcomórtais. Moltar go ndéanfaí machnamh anois ar fhorbairt a dhéanamh ar chumhdaigh digiteacha trí ghrianghrafanna a tógáint mar chlárú ar an obair ealaíona, agus acmhainní TEC na scoile mar chuidiú don ghnó seo.
Múintear an Ceol go cumasach agus go héifeachtach agus déantar iniúchadh ag gach leibhéal ar ghnéithe de litearthacht an cheoil ar a n-áirítear rithim, nodaireacht, béim agus tuinairde. Cuirtear gníomhaíochtaí cuí i láthair chun scileanna éisteachta, freagartha agus tuisceana an cheoil a chur chun cinn. Baintear leas fiúntach as réimse acmhainní ar a n-áirítear téipeanna, dlúthdhioscanna, cnag-uirlisí agus téacsleabhair oiriúnacha. Tá nascanna éifeachtacha tras-churaclaim cruthaithe idir an Ceol agus na réimsí Drámaíochta agus Amharcealaíona ag gach rang-leibhéal.
Is leír go bhfuil caighdeáin mhaithe bainte amach i gcumas amhránaíochta na ndaltaí. Tá aitheantas tuillte ag múinteoirí as a n-oilteacht agus a gcumas i scileanna úirlisí. Canann na daltaí amhráin le tionlacan ó mhúinteoirí ar an ngiotár, ar an bhfidil agus ar an gcairdín. Ba chóir a dheimhniú faoin tráth seo go ndéantar réimse leathan oiriúnach amhrán a mhúineadh ag gach rang-leibhéal sa scoil.
Déantar scileanna uirlise na ndaltaí a fhorbairt trí ranganna feadóg stáin a sholáthar. Tacaítear le daltaí i bhforbairt scileanna gutha agus uirlise trína rannpháirtíocht i gcór na scoile agus i mbanna ceoil scoile, agus déantar iad a ghríosadh freisin chun páirt ghníomhach a ghlacadh i leírithe scoile. Tá na baill foirne a bhíonn páirteach i stiúradh chór na scoile, agus i ngníomhaíochtaí ceoil a eagrú, le moladh as na hiarrachtaí agus an tiomantas a léiríonn siad leis na tascanna seo.
Tá múinteoirí na scoile seo san airdeall faoi na buntáistí a bhaineann le héispéiris leanaí a úsáid chun iniúchadh a dhéanamh ar ghné éigin den saol trí mheán na drámaíochta, agus cruthaíonn siad comhthéacs ranga inar féidir leis na daltaí tuairimí, mothúcháin agus éispéiris a chur in iúl. Tacaíonn an bhéim seo ar an drámaíocht go háirithe leis an gcur chuige cumarsáideach d’fhoghlaim teanga atá mar dhlúthchuid de churaclam Gaeilge na scoile. ‘Sna bunranganna agus sna meánranganna ba léir na múinteoirí a bheith ag tacú le spéis agus le taithí na ndaltaí sa chur i gcéill. ‘Sna ranganna sinsearacha ba léir go raibh leas á baint ag na daltaí as na buntáistí a bhain le próiséas-dhéanamh na drámaíochta sa seomra ranga, agus bhí machnamh déanta ar dhaltaí a mhealladh chun an drámaíocht a cheangal le gnéithe den bhfreagairt mhothúchánach agus shamhlaíoch in achair eile curaclaim. Déantar rannpháirtíocht na ndaltaí a mhealladh freisin ‘sna léiriúcháin bhliantúla drámaíochta. Moltar na baill foirne a bhíonn páirteach i mbainistiú agus in eagrú na ngníomhaíochtaí seo as an tiomantas a léiríonn siad i leith na dtascanna seo.
Moltar go ndéanfaí polasaí scoile ar an Drámaíocht a chur le chéile agus a áireamh, de réir mar is cuí, sna doiciméid phleanála scoile.
I ngeall ar an scoil a bheith suite lámh le hIonad Fóillíochta na Sionna, tá clár fairsing á chur i bhfeidhm sa Chorpoideachas. Tá réimse leathan acmhainní ceannaithe agus iad seo bronnta ar an scoil chun cur leis an ngné seo den churaclam. Ba léir na leibhéil shuntasacha rannpháirtíochta agus taitnimh ó na ndaltaí agus bhí struchtúr maith ar an gceacht a bhí le feiceáil agus thug an ceacht deis do rannpháirtíocht iomlán na bpáistí. Tugtar aird chuí ar an bhforbairt ar scileanna na gcluichí. Bíonn tacaíocht le fáíl do scileanna na gcluichí ó theagascóir a chuireann Cumann Rugbaí na hÉireann ar fáil agus ó theagascóir eile a chuireann Cumann Lúthchleas Gael ar fáil go luath i dtéarma an fhómhair agus arís i dtéarma an tsamhraidh. I measc na gcluichí ar a ndéantar freastal áirítear rugbaí, iománaíocht, peil Ghaelach agus cispheil. Glacann an scoil páirt ghníomhach thorthúil i gcomórtais a thacaíonn le cur chun cinn na gcluichí seo. Bíonn lán-tacaíocht na dtuismitheoirí le fáil don rannpháirtíocht seo. Freastalaíonn an scoil freisin ar mhúineadh na gleacaíochta agus na lúthchleasa. Tá an damhsa Gaelach mar dhlúthchuid den chlár seo. Múintear go sásúil clár oiliúna uisce, agus ranganna tarrthála mar chuid den chlár seo, gach Aoine san Ionad Fóillíochta.
Feidhmíonn an fhoireann go coinsiasach chun caidrimh shláintiúla a chur chun cinn agus chun cleachtais chuirtéiseacha iompair a mhealladh ó na daltaí. Déantar an obair san Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) a fhorlíonadh le hábhair oiriúnacha ó chláir éagsúla eile. Ar an iomlán, déantar an curaclam OSPS a chur i bhfeidhm go maith sa scoil agus déantar gnéithe OSPS a iniúchadh ar bhonn traschuraclaim. Déanann an scoil den chuid is mó, forbairt phearsanta agus folláine na ndaltaí a chur chun cinn ar bhealach comhbhách tuisceanach. Tá timpeallacht dhearfach foghlama cruthaithe sa scoil. Tá dea-chaidreamh agus dea-chumarsáid i measc na bpáirtithe leasmhara agus mar ghnáthnós leiríonn na daltaí iompar béasach leis na múinteoirí, lena chéile agus le cuairteoirí.
Áirítear polasaí ar mheasúnú mar chuid den doiciméadú ar phleanáíl scoile, agus tá cur síos ann ar réimse measúnuithe don scoil trí chéíle. I measc na gcur chuigí neamhfhoirmiúla áirítear breathnóireacht an mhúinteora, trialacha múinteoir-dheartha, samplaí d’obair agus de thionscamh na ndaltaí. Déantar cur síos ar chur chuige na scoile maidir le measúnú foirmiúil. I measc na dtrialacha seo luaitear Middle Infant Screening Test (MIST), Drumcondra Primary Reading Test (DPRT) agus National Reading Intelligence Test (NRIT). Déantar torthaí na dtrialacha seo a chlárú i lár-ionad agus coimeádtar sa scoil iad. Is í an múinteoir tacaíochta a bhainistíonn na trialacha díagnóiseacha.
Moltar go ndéanfaí trialacha caighdeánacha Matamaitice a dháileadh go bliantúil ionas gur féidir clárú agus caomhnú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar thorthaí foghlama na ndaltaí. Moltar freisin go dtabharfaí aird ar chóras ríomhaireachta a dhéanfadh éascú ar ainilís na measúnachta do na múinteoirí príomhshrutha, do na múinteoiri tacaíochta, agus don phríomhoide. Tá leabhair thuairisce foilsithe lasmuigh in úsáid a cheadaíonn tuairisciú ar na daltaí agus cuirtear iad seo go dtí na tuismitheoirí ag deireadh gach scoilbhliana. Moltar go ndéanfaí machnamh anois ar fhorbairt a dhéanamh ar chumhdaigh digiteacha chun éascaíocht a dhéanamh ar an stóráil ar shamplaí d’obair na ndaltaí i reimsí éagsúla curaclaim.
Is i bhfoirgneamh réamhdhéanta a déantar soláthar ar an teagasc tacaíochta foghlama /acmhainne, láthair a úsáidtear freisin mar sheomra foirne agus mar ionad stórais d’acmhainní scoile. Tá eagrú déanta ar thimpeallacht fhoghlama sa suíomh seo agus tá réimse stráitéísí teagaisc agus modheolaíochtaí cuí á gcur i bhfeidhm. Déantar na daltaí a thógaint amach as na príomhranganna chun tacaíocht aonarach a chur ar fáil dóibh. Tá dréachtadh déanta ar pholasaí tacaíochta do dhaltaí le riachtanais oideachais speisialta agus tá sé seo mar chuid de na doiciméid phleanála scoile.
Tá fáil ag an scoil seo ar sheirbhísí roinnte do mhúinteoir tacaíocht foghlama/acmhainne, agus í Scoil Náisiúnta Naomh Seanáin scoil bhunaidh an mhúinteora seo. Cuireann an múinteoir cúnamh foghlama breise ar fáil do cheathrar dalta agus cuirtear múinteoireacht acmhainne ar fáil do dhalta amháin. I rang na naíonáin shinsearacha cuireann an múinteoir tacaíochta foghlama clár luath-idirbheartaíochta ar fáil ceithre huaire sa tseachtain i gcomhpháirt leis an bpríomh-mhúinteoir ranga. Moltar an comhtháthú seo, atá i ranganna na naíonán, ar thacaíocht foghlama laistigh den rang príomhshrutha trí ghníomhaíochtaí luath-idirbheartaíochta sa litearthacht a chur ar fáil do dhaltaí. Moltar go gcuimhneofaí ar a leithéid seo de sholáthar comhtháite a leathnú agus a fhorbairt tríd na ranganna príomhshrutha.
Tuairiscítear go ndéanann an múinteoir tacaíochta trialacha diagnóiseacha a úsáid ar a n-áirítear QUEST, Aston Index agus Jackson Phonics. Baintear úsáid freisin as an Newell Literacy Programme agus as an gclár Phonological Awareness Training (PAT) sa suíomh tacaíochta. Is léir acmhainní a thacaíonn le cláir litearthachta, uimhirtheachta agus TEC a bheith ar fáil sa rannóg tac-fhoghlama. Tuairiscítear go ndéantar an triail chaighdeánach MIST a dháileadh go bliantúil agus go ndéanann an múinteoir tacaíochta an clár Forward Together Programme a chur i bhfeidhm.
Díríonn na cláir fhoghlama do na daltaí úd a bhfuil teagasc breise agus tacaíocht teagaisc á gcur ar fáil dóibh ar fhorbairt na litearthachta agus na matamaitice, agus ar scileanna sóisialta agus iompair. Déantar clarú cuimsitheach ar an bpleanáil seo i gcláir aonair foghlama agus i bpleananna aonair oideachais (IEP). Déantar pleananna seachtainiúla maraon le clarú laethúil ar obair agus ar chomhaid oibre dhaltaí aonair a rianadh agus a chur i láthair go críochnúil. Is léir go ndéantar roinnt doiciméadú a leagan amach agus a chur ar fáil le tacaíocht agus úsáid TEC.
Tuairiscítear go mbíonn plé ag an bpríomhoide, ag na múinteoirí príomhshrutha, agus ag an múinteoir tacaíochta maidir le forbairt agus le dearadh na gclár aonair foghlama do dhaltaí. Moltar anois, áfach, go ndéanfaí machnamh maidir leis an múinteoir tacaíochta a bheith i láthair ag cruinnithe foirne na scoile seo, ionas gur féidir cumarsáid agus comhairle maidir le dul chun cinn daltaí a phlé ar bhealach foirmeálta, comhoibritheach.
Tugtar aiseolas do thuismitheoirí ar dhul chun cinn na ndaltaí go bliantúil ag cruinnithe dtuismitheoirí/múinteoirí. Moltar, áfach, go leathnófaí ar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí sa dearadh agus san athbhreithniú a déantar ar phleananna aonair oideachais agus ar phleananna aonair foghlama do dhaltaí.
Seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
Mar bhealach le tógáil ar na buanna seo agus le díriú ar réimsí a gcaithfear forbairt a dhéanamh orthu, moltar na príomhphointí seo.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainistíochta; cuireadh dréacht-thorthaí agus dréacht-mholtaí na meastóireachta i láthair agus pléadh iad ag na cruinnithe sin.