An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
THUAIRISC
Scoil Sheosaimh,Buaile Beag, Rathún, Gaillimh
Uimhir rolla: 19314V
Dáta na cigireachta: 6 Márta 2008
Réamhrá – Comhthéacs agus cúlra na scoile
Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Cáilíocht na pleanála sa scoil
Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Scríobhadh an tuairsc seo tar éis meastóireachta scoile uile a dhéanamh ar Scoil Sheosaimh, Buaile Beag, Rathún, Gaillimh. Léiríonn sí torthaí meastóireachta a rinneadh ar obair na scoile ina hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta ag an gcigire leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na scoile agus le tuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar thréimhse roinnt laethanta inar thug an cigire cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar bhreathnaigh sé ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne sé idirghníomhiú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh sé obair na ndaltaí agus rinne sé idirghníomhiú leis na múinteoirí ranga. D’aithbhreithnigh sé doiciméadú faoi phleanáil scoile agus ullmhú scríofa na múinteoirí. Bhuail sé le grúpaí foirne éagsúla de réir mar ba chuí. I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug an cigire aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Is scoil Ghaeltachta comhoideachasúil seachtar n-oide í Scoil Sheosaimh, Buaile Beag, Rathún. Tá sí suite i mBuaile Beag, cuid de pharóiste Bhearna, ar imeall iarthar chathair na Gaillimhe. Tá 121 dalta sa scoil faoi láthair. Tagann na daltaí ón gceantar mórthimpeall, ó Chnoc na Cathrach, agus ó Bhearna. Beidh uimhreacha na ndaltaí ag dul i méid sna blianta atá romhainn, ós rud é go mbíonn an-chuid tógáil tí sa cheantar.
Bunaíodh Scoil Bhuaile Beag i 1891. Tógadh síneadh i 1993. Tá foirgneamh réamhdhéanta le ceithre sheomra sa chlós. Beidh an scoil ag cur iarratas isteach do shíneadh nó d’fhoirgneamh nua go luath. Tá an scoil glan lasmuigh agus laistigh.
Is é easpag Caitliceach na Gaillimhe patrún na scoile. Bíonn idir seacht agus ocht gcruinniú ag an mbord bainistíochta gach bliain. Scríobhtar miontuairiscí ar gach cruinniú den bhord. Bíonn comhrá ag an mbord faoi na polasaithe nua uile agus ansin daingníonn an bord na polasaithe sin. Is iad na tosaíochtaí is mó atá ag an mbord faoi láthair ná seomraí ranga nó foirgneamh nua a thógáil agus cúrsaí tráchta lasmuigh den scoil a fheabhsú. Tuigeann an bord an dualgas atá aige stádas an Ghaeilge sa scoil agus sa cheantar a chur chun cinn, de réir mír 9 den Acht Oideachais (1998). Mar chuid de seo as seo amach, áfach, moltar go ndéanfadh an bord iarracht a chuid scileanna sa Ghaeilge a uasghrádú ionas go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid sna cruinnithe den bhord. B’fhiú plean a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chomh tapaidh agus is féidir chun an bunaidhm seo a bhaint amach.
Tá príomhoide, príomhoide tánaisteach, agus beirt oide le dualgais speisialta sa scoil. Déanann an príomhoide a chuid oibre go dúthrachtach agus go coinsiasach. Tá moladh tuillte ag an bpríomhoide as an obair a dhéanann sé chun caighdeáin oideachais agus seirbhísí na scoile a fheabhsú. Déanann an príomhoide iarracht macánta an Ghaeilge a chur chun cinn freisin.
Oibríonn an fhoireann scoile le chéile go héifeachtach. Cuidíonn an obair a dhéanann na hoidí ar an bhfoireann bainistíochta inscoile le dul chun cinn na scoile. Moltar go speisialta an obair a dhéanann baill den bainistíocht inscoile ar phleanáil scoile. Déantar cúram ceart de na leabhair rollaí, ach ba cheart na clárleabhair a uasdátú de réir mar a bhíonn seo riachtanach. Eagraítear cruinniú foirne gach téarma. Cloíonn an fhoireann le treoirlínte na Roinne agus na cruinnithe seo á eagrú. Tugtar deis do gach oide a smaointe a chur ar aghaidh ag na cruinnithe agus tuairimí a phlé.
Baintear úsáid chuí as láidreachtaí na n-oidí agus iad á roinnt ar na ranganna éagsúla gach bliain. Tugann an rúnaí, na cúntóirí riachtanais speisialta, agus na glantóirí cabhair inmholta don scoil ina gcuid oibre. Tá dualgas ar an scoil a chinntiú go leanfadh na fostaithe seo ar aghaidh leis a ndícheall a dhéanamh a gcuid Gaeilge a fheabhsú i gcónaí. B’fhiú freisin, mar chuid de seo, a chinntiú go mbeadh Gaeilge líofa ag fostaithe uile na scoile agus iad á earcú.
Tá acmhainní oideachasúla ceannaithe ag an mbord bainistíochta do na hachair curaclaim éagsúla. Tugtar é seo faoi deara ach go háirithe san Eolaíocht agus Corpoideachas. B’fhiú don todhchaí i bhfad níos mó acmhainní Gaeilge a chur ar fáil. Mar chuid de seo, b’fhiú iniúchadh a dhéanamh ar cháipéisíocht agus fógraíocht na scoile chun a chinntiú go bhfuil a léithéid as Gaeilge nó dhátheangach. Leagtar béim ar ICT sa scoil agus tá ríomhaire ar fáil i ngach seomra ranga. Tá na seomraí ranga ar fad eagraithe agus maisithe i mbealach tarraingteach agus spreagúil don fhoghlaim.
Tá cumann na dtuismitheoirí sa scoil. Tá an cumann cláraithe le Cumann na dTuismitheoirí Náisiúnta. Tá dea-chaidreamh le sonrú idir thuismitheoirí agus an scoil. Bíonn na tuismitheoiri páirteach i saol na scoile in an-chuid bealaí. Sonraítear le moladh go n-eagraíonn cumann na dtuismitheoirí ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ar bheagán líofachta agus dóibh siúd go dteastaíonn uathu a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Moltar don chumann polasaí Gaeilge a chur le chéile. Bheadh structúr ar fáil ansin chun ionchur agus tuairimí na dtuismitheoirí i leith an Gaeilge a chur san áireamh i gcúrsaí pleanála scoile don teanga. Luadh go bhfuil na tuismitheoirí sásta leis an scoil agus le gnóthachtáil a gcuid páistí.
Tugtar tuairisc ó bhéal do thuismitheoirí ar dhul chun cinn na bpáistí aonair ag an gcruinniú tuismitheoir-oide bliantúil. Moltar go ndéanfadh na hoidí iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh fada agus is féidir ag na cruinnithe seo. Faigheann na tuismitheoirí tuairisc scríofa ar dhul chun cinn a bpáistí ag deireadh gach scoilbhliain. Moltar go dtabharfaí tús áite don Ghaeilge sna tuairiscí seo. Is é sin go mbeadh na tuairiscí scríofa as Gaeilge. Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí am ar bith a bhíonn gnéithe scoile le plé acu. Foilsítear nuachtlitir do thuismitheoirí chun éachtaí scoile a chur os a gcomhair. Baintear úsáid as an nGaeilge sna nuachtlitreacha, ach ba cheart go mbeidís as Gaeilge, nó dhátheangach, ó thús deiridh as seo amach.
Tá daltaí Scoil Bhuaile Beag dea-bhéasach. Tá meas acu ar na hoidí agus ar a chéile. Cuireann siad fáilte roimh chuairteoirí. Tá suim san fhoghlaim ag na daltaí agus mar sin déanann siad a ndícheall ina gcuid oibre. Níl Gaeilge mar phríomh-theanga baile ag formhór na ndaltaí. Moltar anois plean forbartha sainiúil a cheapadh chun cumas Gaeilge labhartha na ndaltaí a fheabhsú.
Tá plean scoile curtha le chéile ag Scoil Bhuaile Beag. Faigheann an fhoireann tacaíocht fhiúntach ó chuiditheoirí inseirbhíse. Cuidíonn an tacaíocht seo leis an bpróiseas pleanála scoile. Tá an plean scoile ar fáil i mbealach oscailte do thuismitheoirí. Tá na polasaithe ar fáil as Gaeilge mar ba chóir, agus as Béarla do thuismitheoirí ar bheagán Gaeilge.
Tá ráiteas misin sa phlean scoile agus tá pleananna ar fáil do beagnach gach achar curaclaim. Moltar anois an plean don Drámaíocht a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm. Forbraítear polasaithe ar chúrsaí riaracháin cuí, mar shampla ráiteas sláinte agus sábháilteachta, ráiteas comhionannais, agus polasaí rollaithe. Moltar a léiriú ag tús gach polasaí agus sna pleananna curaclaim gur scoil Ghaeltachta í seo. B’fhiú a mhíniú anseo freisin na himpleachtaí a bhaineann le stádas Gaeltachta na scoile agus an dualgas a chuireann sé seo ar an scoil an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné de shaol na scoile.
Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Bealtaine 2001). Cuireadh deimhniú ar fáil freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheoirí ar na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceapaithe de réir mar a éilíonn na treoirlínte.
Cuireann beagnach gach múinteoir i Scoil Bhuaile Beag pleanáil fhadtréimhseach, pleanáil ghearrthréimhseach, agus cuntas ar an obair atá déanta ar fáil. Tá na scéimeanna seo feiliúnach don obair. Moltar go mbeadh scéimeanna oibre ar fáil sa seomra ranga i gcónaí ag gach uile oide, chun a chinntiú go mbeadh plenáil éifeachtach ar siúl ar fud na scoile. Coinníonn an scoil agus na hoidí aonair le clár ama oiriúnach.
Forbraítear pleananna oideachais aonair, i gcomhpháirt le oidí rang agus tuismitheoirí, do dhaltaí ag fáil tacaíochta foghlama nó le riachtanais oideachais speisialta. Déantar athbhreithniú ar na pleananna seo dhá uair sa bhliain. Coimeádtar cuntais ar an obair seo sna seomraí tacaíochta foghlama, ach moltar a chinntiú go mbeadh na cuntais seo níos soiléire. Tá cóipeanna de na pleananna oideachais aonair do na daltaí cuí ar fáil i gcomhaid na hoidí ranga freisin.
4.1 Forbhreathnú ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc
Tá cáilíocht an oideachais atá ar fáil i Scoil Bhuaile Beag go maith. Baineann an-chuid daltaí caighdeán an-ard amach i mBéarla, ach go háirithe. Baintear úsáid as modhanna múinte éifeachtacha sa chuid is mó de na ranganna sa scoil. Moltar don scoil anois tús áite a thabhairt don Ghaeilge mar theanga cumarsáide agus teagaisc. Mar chuid lárnach de seo, ba ghá níos mó béime fós a leagan ar theagasc trí Ghaeilge sna hachair curaclaim uile.
Tá an scoil seo suite i gceantar Gaeltachta. Mar sin, gabhann dualgas speisialta ar an scoil teagasc agus foghlaim na Gaeilge, agus trí Ghaeilge, a fhorbairt agus a chothú. Glacann na hoidí leis an dualgas seo agus tugtar moladh dóibh as an iarracht a dhéanann siad na cuspóirí a bhaineann leis an dualgas seo a chur i bhfeidhm. Bheifí ag súil, áfach, le caighdeáin níos airde fós ó thaobh na Gaeilge de. Ba cheart, mar sin, an obair seo a leathnú a thuilleadh fós. Ba cheart freisin, mar chuid an-tábhachtach de seo, an Ghaeilge a úsáid i bhfad níos mó sna gnéithe éagsúla curaclaim.
Cuirtear béim ar chothú scileanna éisteachta agus tuisceana sna ranganna sóisearacha. Déantar iarracht dúil na ndaltaí a mhúscailt sa teanga agus spreagtar iad chun dul i mbun cumarsáide lena gcomhleacaithe go luath. D’fhonn an obair seo a leathnú níos éifeachtaí suas tríd an scoil, moltar níos mó béime fós a chur ar an gcuid seo den obair. B’fhiú toil na dtuismitheoirí agus geall na foirne uile san iarracht seo a spreagadh a thuilleadh. Ba ghá as seo amach níos mó béime a leagan ar chothú cumas idirchumarsáide, urlabhraíochta agus stáitsíochta na ndaltaí, mar shampla tríd an drámaíocht, agallaimh agus léiriúcháin.
Cothaítear scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta na ndaltaí go réasúnta éifeachtach. Cuirtear saothar scríofa na ndaltaí sna gnéithe éagsúla ar taispeáint sna ranganna agus ionaid phoiblí. D’fhéadfaí cló Ghaeilge sa timpeallacht a leathnú a thuilleadh, áfach, ionas go mbeadh sé soiléir i ngach slí do chuairteoirí agus do phobal uile na scoile gur scoil Ghaeltachta í.
D’fhéadfadh na leabharlanna ranga páirt speisialta a ghlacadh san obair seo. Tá leabhair Gaeilge ar fáil i ngach leabharlann ranga sa scoil. Fós, áfach, d’fhéadfaí i bhfad níos mó leabhair Gaeilge a chur ar fáil do gach rang. Moltar smaoineamh ar phlean a cheapadh chun a chinntiú go n-úsáideofaí na leabhair seo agus go gcabhródh sé seo le cumas Gaeilge na ndaltaí a fheabhsú agus a shaibhriú.
Irish
This school is in a Gaeltacht area. Because of this, the school has a special duty to develop and foster the teaching and learning of Irish, and teaching and learning through Irish. The teachers accept this responsibility and credit is due to them for the effort they make to implement the objectives of this responsibility. It would be expected, however, that even higher standards should be attained in Irish. This work, therefore, should be expanded much more. As a very important part of this, Irish should be used much more often in the various curricular activities.
The fostering of listening and comprehension skills is emphasised in the junior classes. Effort is made to awaken the pupils’ interest in the language and they are encouraged to communicate with their fellow pupils at an early stage. To expand this work more effectively up through the school, it is recommended that much more emphasis be placed on this work. It would be worthwhile to further encourage the willingness of parents and the commitment of the whole staff in this effort. It would be necessary from now on to place more emphasis on the fostering of pupils’ competence in communication, for example through drama, debates and presentations.
The majority of pupils in Boleybeg School attain very impressive standards in English. Oral language development is appropriately emphasised. Most of the pupils can speak about themselves, their interests and a variety of other topics articulately. The recitation of rhymes and poems and the writing of poetry, especially in the junior classes, is commendable.
There is a print-rich environment in most of the classrooms. Emphasis is placed on the development of phonological awareness in the junior classes, as part of the foundation of basic reading skills. Even more emphasis should now be placed on developing reading skills and on fostering a love of reading throughout the school. This should help to maintain and advance still further the high standard of reading in the school. In choosing the novels for use in class, care should be taken to ensure that both the content and the level of reading difficulty are appropriate for the age and ability of the pupils.
Class libraries are reasonably well stocked and well presented overall. It would be worthwhile, however, to invest more extensively in books to provide a continuous and up-to-date supply of books for readers at all levels of age and ability. A system of shared and independent reading should be introduced throughout the school to ensure that all pupils read a certain number of books each year.
The standard of English writing throughout the school is high. There are many very good examples of pupils’ writing in a variety of genres on display in almost every class. The writing process is appropriately emphasised and written work is carefully edited before being displayed in class. Copybooks and workbooks contain much commendable work in functional and creative writing. This work is presented clearly and neatly in most classses.
Sroicheann an chuid is mó de na daltaí caighdeán maith sa Mhatamaitic. Bheifí ag súil le caighdeáin níos airde fós, áfach, ar fud na scoile. Mar sin, moltar níos mó béime fós a leagan ar mhúineadh na Matamaitice i mbeagnach gach rang. Chomh maith le sin, ba ghá béim a leagan ar mhúineadh na Matamaitice trí Ghaeilge. Moltar straitéis a chur le chéile chun an cuspóir seo a chur i gcrích. B’fhiú tosnú leis na téacsleabhair matamaitice. Moltar go n-athrófaí na príomh-théacsleabhair in úsáid sa scoil go leaganacha Gaeilge ó thús na scoilbliana seo chugainn.
Leagtar béim ar na bunfhíorais sna ranganna naíonáin, mar is cóir, agus leantar ar aghaidh le seo sna ranganna eile. Tá téarmaí matamaitice as Béarla ar eolas go cruinn ag formhór na ndaltaí. Moltar díriú ar mhúineadh na dtéarmaí matamaitice as Gaeilge freisin as seo amach. B’fhiú anois níos mó béime a leagan ar réiteach fadhbanna matamaitice agus, ach go háirithe, ar na táblaí uimhríochta. Cláraíonn an chuid is mó de na daltaí a gcuid oibre le néatacht agus soiléireacht. Déanann na hoidí i mbeagnach gach rang maoirseacht rianúil ar an obair seo.
Tá raon leathan d’acmhainní matamaitice sa scoil. Baintear úsáid éifeachtach as na hacmhainní seo le linn teagaisc i mbeagnach gach rang. Tá Matamaitic le sonrú sa timpeallacht le póstaeir matamaitice agus cúinní matamaitice sna ranganna. Moltar an obair seo a fhorbairt a thuilleadh. Ba ghá freisin go mbeadh póstaeir agus fearas as Gaeilge, nó ar a laghad dhátheangach, as seo amach.
Leagtar béim chuí ar Stair sa scoil seo. Baineann na daltaí taitneamh agus tairbhe as na ceachtanna agus gníomhaíochtaí staire. Tuigeann formhór na ndaltaí faoi na heachtraí agus ócáidí ar a rinneadh staidéar. Tá eolas na ndaltaí ar chúrsaí áitiúla le sonrú go creidiúnach tríd an scoil. Tá línte ama i gcuid mhór de na ranganna a chláraíonn dátaí tábhachtacha sa Stair. Sna ranganna shóisearacha, déantar obair inmholta ar an snáith Mise agus mo chlann.
Tá na caighdeáin teagaisc agus foghlama sa Tíreolaíocht go maith. Leagtar béim inmholta ar an snáith Imshaoil dhaonna tríd an scoil. Tá eolas réasúnta cruinn ag formhór na ndaltaí ar an gceantar mórthimpeall, ar Éire, agus ar thíortha eile an domhain. Tá léarscáileanna le sonrú i ngach rang agus tá cruinneoga le feiceáil i gcuid de na ranganna freisin. Moltar go mbaintear úsáid as na háiseanna seo níos minice fós le linn an teagaisc, i dTíreolaíocht agus sna hachair curaclaim eile. Déanann na daltaí i gcuid de na ranganna obair thionscadail inmholta ar ábhair thíreolaíochta. Tá an obair seo ar taispeáint go tarraingteach spreagúil ar na ballaí nó sna leabharlanna ranga.
Tá moladh le tabhairt do chur chuige agus gnóthachtáil na scoile san Eolaíocht. Cuirtear béim ar chothú scileanna na ndaltaí mar eolaithe i mbun oibre. Tá meanma agus fiúntas na ndea-ghnóthachtála le sonrú sna ceachtanna eolaíochta. Baintear úsáid leanúnach as trealamh, teicneolaíocht agus obair pháirce. Leagtar béim chreidiúnach ar an snáith Dúile beo ag gach leibhéal sa scoil. Tá boird eolaíochta spéisiúla le sonrú i ngach rang. Tá trí Bhratach Glas faighte ag an scoil leis na blianta anuas. Tá moladh tuillte ag na baill foirne agus na daltaí a bhíonn páirteach san obair seo. Glacann an scoil páirt bhuntáisteach sa chlár Discover Primary Science freisin.
Na hAmharcealaíona
Tá an obair a dhéantar sna hAmharcealaíona tríd an scoil le moladh. Tá na ranganna agus na pasáistí maisithe go tarraingteach le samplaí de shaothar ealaíne na ndaltaí. Clúdaítear an sé snáith sa churaclam go cumasach agus tá cothrom le sonrú idir obair dhéthoimhseach agus tríthoimhseach. Leagtar an bhéim cheart freisin ar bhreathnú ar an ealaín agus freagairt di.
Sroichtear ardchaighdeán i gcúrsaí ceoil ar fud na scoile. Seineann na daltaí sna ranganna uile an fheadóg stáin go binn ceolmhar. Clúdaítear Amhránaíocht go creidiúnach agus is féidir leis na daltaí i ngach rang raon leathan amhrán a chanadh i nGaeilge agus Béarla. Tá cór scoile a chanann d’ócáidí speisialta, mar shampla don chéad Chomaoineach, sa scoil freisin. Déantar cleachtadh éifeachtach ar chúrsaí rithime, ar na hidirchéimeanna, agus ar Chumadóireacht freisin. Sonraítear le moladh an obair a dhéantar ar éisteacht le Ceol agus freagairt dó i gcuid de na ranganna. Tá sé soiléir sna ceachtanna sin go músclaítear grá don Cheol sna daltaí.
Baintear úsáid fheidhmiúil as an Drámaíocht i gcuid de na ranganna chun mothúcháin, tuiscint agus téamaí inspéise a chíoradh. D’fhéadfaí anois plean scoile uile don Drámaíocht a leagan amach agus a chur i bhfeidhm ina hiomláin. Tá deis speisialta ag an scoil clár drámaíochta a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach spésiúil do dhaltaí. Cheana féin, tá tús curtha leis an obair seo i gcuid de na ranganna. B’fhiú an cleachtas seo a leathnú ar fud na scoile.
4.6 Corpoideachas
Déantar iarracht sa scoil seo a chinntiú go mbainfeadh gach dalta sásamh phearsanta as an gCorpoideachas. Tá clár forbartha luáilí dúshlánach leagtha do gach rang, bunaithe ar na snáitheanna éagsúla curaclaim. Sonraítear le moladh an obair sna snáitheanna Damhsa agus Cluichí. Cuirtear béim ar na riachtanais forbartha.
Tá páirc imeartha ar chúl na scoile ar fáil do na ceachtanna Corpoideachais agus tá an clós scoile leagtha amach do chluichí éagsúla. Tá an seomra ilghnéithe in úsáid mar ghnáthrang le blianta beaga anuas, áfach. Mar sin, bíonn deacracht ag an scoil nuair a bhíonn an aimsir fliuch. Tá an scoil páriteach i gCumann na mBunscol. Éiríonn go maith leis an scoil sa chomórtas seo agus i gcomórtais spóirt áitiúla agus réigiúnacha éagsúla eile freisin.
Cleachtaítear cur chuige comhghaolaithe san OSPS le meascán leathan gníomhaíochtaí. Tá raon de chláir réamh-dhearaithe á n-úsáid sa scoil. Chomh maith le sin, bíonn deiseanna pearsanta ar fáil do na daltaí iniúchadh a dhéanamh ar théamaí inspéise tríd na snáitheanna éagsúla curaclaim. Is breá an fhéinfhreagracht agus scileanna comhchúraim a chothaítear san obair. Déantar obair éifeachtach, ach go háirithe, sna ceachtanna a bhaineann úsáid as am ciorclach.
Úsáideann an scoil tástálacha caighdeánaithe Drom Conrach i mBéarla agus sa Mhatamaitic uair in aghaidh na bliana. Tugtar an Middle Infant Screening Test (MIST) do na naíonáin uair sa bhliain. Cuidíonn an measúnú seo le haithint luath deacrachtaí foghlama. Coimeádtear torthaí na dteisteanna seo in ionaid lárnacha sa scoil agus coimeádann oidí aonair na torthaí a bhaineann lena rang féin freisin. Is féidir mar sin torthaí na ndaltaí a chur i gcomparáid le daltaí ar fud na tíre. Aithnítear freisin na daltaí atá riachtanais oideachais speisialta acu. Baintear úsáid as tástálacha fáimheasta chun riachtanais sainiúla dhaltaí a aithint.
Coimeádtar fillteáin agus bailiúcháin oibre de shamplaí shaothair na ndaltaí in achair churaclaim éagsúla sa chuid is mó de na ranganna. Baintear úsáid freisin as tástálacha a dhéanann oidí aonair agus as dírbhreathnú an oide sna ranganna ar fad chun dul chun cinn na ndaltaí a mheas.
Tá polasaí tacaíochta foghlama agus acmhainne forbartha ag an scoil. Cabhraíonn an polasaí seo le cur i bhfeidhm seirbhís do dhaltaí le deacrachtaí foghlama agus riachtanais eile atá réasúnta éifeachtach. Faightear cead ó thuismitheoirí roimh thosnú ar mhúinteoireacht sa bhreis mar seo agus déantar iarracht inmholta ionchur na dtuismitheoirí a chur san áireamh i ngach mbealach. Bíonn na tuismitheoirí páirteach i gceapadh na bpleananna oideachais aonair (IEPs). Chun an próiseas seo a dhéanamh níos fearr fós, áfach, moltar cóipeanna de na pleananna a thabhairt i gcló do thuismitheoirí as seo amach.
Tá na seomraí tacaíochta foghlama agus acmhainne maisithe go spreagúil le cairteacha oideachasúla. Tá samplaí de shaothar na ndaltaí ar taispeáint freisin. Cuirtear tacaíocht foghlama ar fáil sna seomraí seo, nó taobh istigh den seomra ranga, do gach dalta atá riachtanais aige nó aici.
Faigheann daltaí oideachas éifeachtach sa scoil seo ar an iomlán agus cuirtear gach dalta san áireamh i saol na scoile. Tá clú agus cáil ar an scoil de réir an obair a dhéantar le daltaí le riachtanais speisialta anseo. Déanann muintir na scoile a ndícheall i gcónaí do dhaltaí as cúlraí difriúla nó le riachtanais nó deacrachtaí éagsúla.
Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:
Mar bhealach le tógáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus an mbord bainistíochta mar a rinneadh an dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair a phlé.
Foilsithe Eanáir 2009