
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Scoil Náisiúnta Thír an Fhia
Leitir Móir, Co. Na Gaillimhe
Uimhir rolla: 17689O
Dáta na cigireachta: 10 Deireadh Fomhair 2007
Dáta eisithe na tuairisce: 17 Eanáir 2008
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
1. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
2. Cáilíocht na pleanála sa scoil
3. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
4. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Rinneadh meastóireacht scoile uile ar Scoil Náisiúnta Thír an Fhia i mí Dheireadh Fómhair, 2007. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus sa Chorpoideachas. I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug an cigire aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Is scoil chomhoideachais í Scoil Náisiúnta Thír an Fhia atá suite i gceantar na nOileán ar imeall thiar na Gaeltachta, tuairim is 52 ciliméadar siar ó chathair na Gaillimhe. Tá an scoil Ghaeltachta seo faoi phátrúnacht Ardeaspaigh Thuama, agus faoi bhainistíocht Ord na Toirbhirte. Tógadh an scoil sa bhliain 1949 in áit an seanscoil atá ina seasamh fós taobh thiar den scoil. Is scoil ceithre oide í, an príomhoide san áireamh, agus déanann 60 dalta freastal ar an scoil faoi láthair.
Tugtar aitheantas don scoil seo mar scoil i gceantar faoi mhíbhuntáiste agus dá bharr sin tá seirbhísí agus acmhainní breise ar fáil, ina n-áirítear an clár tacaíochta scoile Chun Cothromaíocht Deiseanna a Sheachadadh sna Scoileanna (DEIS) agus an scéim tacaíochta Clár Críochnú Scoile. Feictear dea-thionchar na scéimeanna seo san feabhas suntasach atá le sonrú ar thinreamh na scoile le cúpla bliain anuas. Tá tinreamh an-mhaith á ghnóthachtáil faoi láthair ag daltaí. Moltar iarrachtaí diongbháilte na foirne agus an bhoird bhainistíochta ar dhea-thinreamh a chur chun cinn.
Tá formhór na ndaltaí ina gcónaí laistigh de raon ceithre chiliméadar ón scoil. Cé go bhfuil an t‑ionrollacháin laghdaithe ó 1999 nuair a soláthraíodh an tuairisc scoile dheireanach, tá líon rollaithe na scoile ag méadú le trí bliana anuas, de bharr gur dúnadh scoil bheag eile sa cheantar agus ina theannta sin tá cuid mhaith aisimirceoirí ag teacht ar ais chuig an gceantar, ó Shasana agus ó Mheiriceá go príomha. Is é an Béarla teanga baile cuid de na daltaí ag freastal ar an scoil dá réir agus cruthaíonn sé seo dúshlán do na hoidí soláthar cuí a dhéanamh do riachtanais foghlama na ndaltaí agus ag an am céanna a chinntiú gur í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile, go háirithe le linn amanna sosa. Táthar ag súil, áfach, go bhfanfaidh an uimhir daltaí ag freastal ar an scoil ag 60 go ceann tamaill eile.
1. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Is í aidhm na scoile atmaisféar Gaelach agus Críostaí a chaomhnú sa scoil agus aire ar leith a dhíriú ar chumas, acmhainní agus riachtanais shóisialta, spioradálta agus intleachtúla gach dalta, ionas go mbainfí aoibhneas agus taitneamh as a n-eispéiris sa scoil. Sonraítear go bhfuil tuiscint agus dílseacht ag pobal na scoile do na haidhmeanna seo agus go bhfuil siad measúil, cúirtéiseach agus comhoibritheach lena chéile. Tá atmaisféar fáilteach agus fíor-Ghaelach cothaithe ag an bhfoireann, cuirtear an-bhéim ar pháirtíocht a chothú le tuismitheoirí agus leis an bpobal áitiúil agus aithnítear an Ghaeilge mar chuid thábhachtach d’oidhreacht chultúrtha an cheantair.
Tá comhdhéanamh an bhoird bhainistíochta de réir mar is cuí agus tugann an bord aird mhaith ar na dualgais a leagtar air chun imeachtaí na scoile a reachtáil go héifeachtach. Tá seantaithí ag an gcathaoirleach ar chúrsaí bainistíochta scoile agus bíonn teagmháil rialta aici leis an bpríomhoide agus leis an bhfoireann teagaisc. D’fhreastal comhaltaí áirithe den bhord ar sheimineár leath-lá traenála a chur an deóise ar fáil. B’fhiú go ndéanfaí comhairle a lorg ón tSeirbhís Tacaíochta Forbartha Scoile chun cúrsa traenála a chur ar fáil don bhord nua a chuirfear ar bun roimh dheireadh an téarma scoile seo.
Tionóltar ar a laghad dhá chruinniú in aghaidh an téarma chun cúrsaí scoile a riaradh agus cúrsaí oideachais a phlé agus coinnítear miontuairiscí cuimsitheacha lámhscríofa. Ag réamhchruinniú leis an mbord tuairiscíodh go mbíonn freastal iomlán ag na cruinnithe de ghnáth agus go bhfeidhmíonn na baill go coinsiasach tiomanta ar mhaithe le oideachas cothrom leathan a chur ar fáil do dhaltaí na scoile. Glacann comhaltaí an bhoird freagrachtaí do thascanna difriúla bunaithe ar a dtaithí féin. Cuirtear i láthair tuairisc airgeadais ag gach cruinniú agus baintear feidhm as leabhar cuntaisí chun léiriú soiléir a thabhairt do chaiteachas agus ioncaim. Moltar don bhord iniúchóir a cheapadh chun na cuntais a dheimhniú ar bhonn bliantúil.
Glacann an bord páirt i bpleanáil scoile uile agus comhlíonann an bord a dhualgas faoin Acht Oideachais, 1998 maidir le polasaithe reachtúla a bheith sa phlean scoile. Sonraítear go bhfuil an scoil ag comhlíonadh rialacha na Roinne i dtaobh fad an lae scoile, fad na scoilbhliana agus coimeád daltaí. Aithnítear, áfach, go bhfuil uasmhéid níos airde daltaí i seomra ranganna áirithe i gcomparáid le seomraí ranga eile. Moltar iarracht a dhéanamh a chinntiú go bhfuil na daltaí scoile roinnte go cothrom idir na seomraí ranga éagsúla agus go gcoimeádfar ar an íosluach an difreálach idir na ranganna is mó agus na ranganna is lú.
Cuirtear dréachtanna de na polasaithe ar ghnéithe éagsúla den churaclam os comhair an bhoird. Tá formhór na bpolasaithe éagsúla faofa, sínithe agus dátaithe de réir mar a ghlactar leo. Is iad na saincheisteana a rinneadh plé orthu le linn na trí chruinnithe dheireanaigh ná cúrsaí airgeadais, tuairisc ón phríomhoide, cúrsaí cóiríochta, deontais do ríomhairí nua, cúrsaí a bhaineann le cúram leanaí, soláthar oideachais do dhaltaí le deacrachtaí foghlama, seirbhísí spóirt, cruinnithe foirne, agus polasaithe curaclaim agus riaracháin. Is léir ó na miontuairiscí nach ndéantar athbhreithniú nó dréachtú ar pholasaithe ar bhonn foirmiúil ag gach cruinniú. Moltar am ar leith a dháileadh ar chlár gach cruinniú do pholasaithe na scoile a dhréachtadh agus a athbhreithniú. Moltar don bhord athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí iontrála na scoile chun a chinntiú go bhfuil an polasaí seo ag teacht le coinníollacha na Roinne maidir le soláthar áiseanna agus clárú daltaí le riachtanais speisialta. Ar mhaithe le dea-chaidreamh agus dea-chumarsáid leis na tuismitheoirí, ba thairbheach achoimre de na príomh-pholasaithe a chlárú i leabhrán eolais nó i dtuairisc bhliantúil an bhoird.
Léiríonn an bord bainistíochta a chuid sástachta i dtaobh saothar agus díograis na n-oidí agus an tábhacht a bhaineann le forbairt ghairmiúil na n-oidí. B’fhiú cuntas a choinneáil sa phlean scoile ar na cúrsaí oiliúna breise a dhéantar chun fiúntas na gcúrsaí seo a mheas go bliantúil. Aithnítear go bhfuil an bord, foireann na scoile agus na tuismitheoirí aontaithe faoin áit lárnach atá ag an scoil i gcothú agus i láidriú na Gaeilge. Ní cheapfar ach oidí a bhfuil neart na Gaeilge acu. Is léir ó na miontuairiscí go bhfuil sé pléite ag an mbord ranganna Gaeilge a chur ar fáil do thuismitheoirí ar bheagán Gaeilge. Moltar anois na ranganna Gaeilge seo a chur ar fáil a luaithe agus is féidir agus ráiteas a chur i scríbhinn sa pholasaí Gaeilge faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh maidir le mír 9 den Acht Oideachais, 1998 a chomhlíonadh.
Rinneadh athchóiriú ar an scoil le déanaí faoi Scéim Oibreacha Samhraidh le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Deisíodh an córas teasa agus aistríodh seomra ranga amháin go seomra tacaíochta foghlama agus oifig don phríomhoide. Leagadh an fhothain sa chlós chun tuilleadh spáis súgraidh a aimsiú. Tá an bord ag déanamh pleanála faoi láthair chun an clós a dhéanamh níos cothroime agus chun carrchlós a sholáthar ar mhaithe le sábháilteacht na ndaltaí ar an mbóthar. Tá an bord i mbun cainteanna leis an Ord Toirbhirte chun tuilleadh talúin a fháil chuige seo. Tá moladh tuillte don bhord as a bhfuil bainte amach aige i leith na hoibre seo agus don dhea-chuma agus don chothabháil chúramach a dhéantar ar an bhfoirgneamh. Cuireann an t-airíoch agus an rúnaí páirt aimseartha go mór le dea-eagar na scoile. Is í tosaíocht an bhoird bhainistíochta faoi láthair ná halla nó seomra ilghnéithe a sholáthar do dhaltaí na scoile. Tá gá freisin ar bhreis infheistíochta a dhéanamh chun ríomhairí nua a chur ar fáil do gach seomra ranga agus ábhar nithiúla breise a sholáthar don seomra tacaíochta agus do sheomra ranga na ranganna sinsearacha.
Tá an príomhoide, príomhoide ionaid agus oide le post dualgais speisialta ar an bhfoireann bainistíochta inscoile. Éiríonn leis an príomhoide atmaisféar fáilteach dea-eagraithe a chothú sa scoil agus stiúrann sí imeachtaí laethúla na scoile le teann díograis. Léiríonn an príomhoide scileanna bainistíochta oscailte agus tá ag éirí go breá léi sprid an chomhoibrithe agus cód iompair na scoile a chur i bhfeidhm le tacaíocht iomlán ón bhfoireann agus ón bhord bainistíochta. Tugtar dea-shampla na dícheallachta d’oidí agus do dhaltaí araon agus dírítear aire mhaith ar phoncúlacht agus ar chúrsaí maoirseachta agus sabháilteachta ag na tréimhsí sosa. Eagraítear cruinnithe foirne uair amháin sa téarma agus coinnítear miontuairiscí ar na cruinnithe sin. Bheadh sé tairbheach anois cruinnithe bainistíochta inscoile a thionól chun an phróisis phleanála a chur chun cinn ar bhonn níos córasaí fós. Aithníonn an príomhoide an dúshlán atá ag an scoil freastal cóir a thabhairt do dhaltaí nach bhfuil an Ghaeilge mar mháthair theanga acu.
Cláraítear na dualgais do shealbhóirí na bpost freagrachta sa phlean scoile. Is léir, áfach, nach bhfuil na dualgais atá aitheanta sa phlean ag réitiú le moltaí Ciorclán 07/03 maidir le dualgais churaclaim, riaracháin agus tréadchúraim. Déanann an fhoireann bhainistíochta inscoile dian‑saothar ar an iomlán i dtaobh acmhainní foghlama a sholáthar agus rollaí na scoile agus an leabhar tinrimh a choinneáil suas chun dáta. Moltar anois athbhreithniú a dhéanamh ar na dualgais speisialta ar bhonn rialta chun a chinntiú go bhfuil dualgais tréadchúraim, riaracháin agus curaclaim mar chuid do gach post freagrachta chun a dheimhniú go mbíonn na dualgais seo ag teacht le riachtanais reatha na scoile.
Tuairiscíodh ag an gcruinniú réamhchomhdhála leis na tuismitheoirí go bhfuil dea-chumarsáid idir an scoil agus tuismitheoirí na scoile. Bíonn cumann na dtuismitheoirí gníomhach i saol na scoile agus léiríonn na comhaltaí suim i dtaobh imeachtaí seach-churaclaim a eagrú agus airgead a bhailiú do thionscaimh éagsúla. Eagraíonn an cumann cruinnithe rialta le tuismitheoirí eile, scríobhtar go rialta chucu chun iad a choimeád ar an eolas faoi chúrsaí oideachais sa cheantar agus tugtar cuirí don phríomhoide freastal ar chuid mhaith de na cruinnithe seo. Ag na cruinnithe réamhchomhdhálacha a reachtáladh le hoifigigh an chumainn tuairiscíodh go raibh siad an-sásta le díograis na n‑oidí agus leis an gcaighdeán oideachais atá ar fáil sa scoil. Moladh, ach go háirithe, caighdeán na léitheoireachta, an bhéim a chuirtear ar an gcultúr Gaelach, ar an gceol traidisiúnta, ar an bpeil Ghaelach agus ar an amhránaíocht sean-nós. Ba bhreá leis na tuismitheoirí dá mbeadh halla nó seomra ilfhóinteach ar fáíl don Chorpoideachas ar shuíomh na scoile agus dá ndéanfaí iniúchadh ar ranganna snámh a chur ar fáil, ionas go mbeadh gach páiste in ann snámh roimh fhágáil na scoile dóibh.
Eagraíonn an scoil cruinnithe do thuismitheoirí nua sa tríú téarma agus cuirtear ar an eolas iad faoi chúrsaí iontrála, scileanna litearthachta a bpáistí, agus rialacha agus cód iompair na scoile. Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí freastal ar chruinniú foirmiúil bliantúil le múinteoirí sa chéad téarma chun dul chun cinn a gcuid páistí a phlé. Faoi láthair, ní sheoltar tuairiscí scríofa chuig tuismitheoirí ar ghnóthachtáil a bpáistí sna hachair éagsúla churaclaim. Moltar tuarascáil oideachais scríofa a sheoladh chuig gach tuismitheoir chun iad a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn a gcuid páistí. B’fhiú cóipeanna de na tuarascálacha seo a choinneáil in áit lárnach sa scoil mar áis mheasúnaithe don fhoghlaim.
Tá an fhoireann le moladh as an oiliúint bhreá a thugann siad do na daltaí i dtaobh iompair, béasaíochta agus cúirtéise. Tá gaol an-mheasúil taitneamhach le sonrú idir an fhoireann agus na daltaí scoile sna seomraí ranga agus i dtimpeallacht na scoile. Tá an gaol seo bunaithe ar sprid an chomhoibrithe, ar fhorbairt na bhféinmhuiníne, ar bhainistíocht éifeachtach na ranganna agus ar an spéis atá ag na daltaí san fhoghlaim. Cuirtear straitéisí dearfacha iompair i bhfeidhm agus tá an cód iompair cothrom agus réasúnta. Tá tuiscint mhaith ag na daltaí ar rialacha na scoile. Leagtar béim ar leith ar na daltaí a spreagadh le bheith freagrach agus d’éirigh le páistí na scoile an Brat Glas a ghnóthachtáil le déanaí.
2. Cáilíocht na pleanála sa scoil
Tá dul chun cinn maith déanta ar an bpróiseas pleanála scoile, ach go háirithe le ceithre bliana anuas. Baineadh feidhm mhaith as na seirbhísí náisiúnta tacaíochta chun comhairle a fháil ar chur i bhfeidhm éifeachtach modhanna gníomhacha teagaisc. Is í an fhoireann teagaisc agus baill an bhoird bhainistíochta is mó a bhíonn rannpháirteach sa phróiseas pleanála agus i bhforbairt na bpolasaithe riaracháin. Ag an gcruuinniú le Cumann na dTuismitheoirí tugadh le fios nach bhfuil páirt ró-ghníomhach fós sa phróiseas pleanála ag tuismitheoirí na scoile. Cuirtear na polasaithe ar fáil do thuismitheoirí na scoile má bhíonn siad ag teastáil uathu. Moltar anois plean gnímh a fhorbairt i gcomhpháirt leis an gcomhordaitheoir oideachais agus Cumann na dTuismitheoirí, chun ról na dtuismitheoirí a threisiú sa phróiseas pleanála scoile uile.
Tá na polasaithe éagsúla, polasaithe riaracháin agus polasaithe curaclaim san áireamh, leagtha amach go han-soiléir soléite le cláir ina dhá fhillteán. Cláraítear frámaí ama athbhreithnithe mar is cóir. Tá polasaí iontrála, cód iompair agus cosaint ar iompair bulaíochta, polasaí sábháilteachta, polasaí tinrimh, polasaí comhionannais deiseanna agus polasaí riachtanais speisialta ar fáil chomh maith le polasaí riaracháin eile chun cabhrú le dea-bhainistíocht na scoile. Léirítear éifeacht phróisis na bpleanála riaracháin i stiúradh ordúil imeachtaí laethúla na scoile.
Tá polasaithe praiticúla forbartha sna hachair éagsúla churaclaim a dhearbhaíonn go bhfuil cíoradh réasúnta maith déanta ar na modhanna múinte agus ar na scéimeanna éagsúla atá in úsaid ar bhonn uile scoile. Rinneadh athbhreithniú ar an bpolasaí Gaeilge ag tús na scoilbhliana seo faoi stiúir cuiditheora ón tSeirbhís Tacaíochta Réigiúnach Curaclaim (STRC). Tá leagan amach an pholasaí le moladh agus tá Alt 9, fo-altanna (f) agus (h) tógtha san áireamh i dtaobh na Gaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail. Tá an polasaí do chur i bhfeidhm an Bhéarla soiléir agus cabhrach. Baineann easpa soiléireachta agus cuimsitheachta, áfach, le polasaithe na matamaitice agus an chorpoideachais. Tá sé beartaithe ag an bhfoireann athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean matamaitice sa bhliain reatha. Moltar a chinntiú go leagfar clár céimnithe sainiúil amach sa phlean scoile ina n‑áirítear na coincheapa, na scileanna agus an t-ábhar atá le múineadh do gach leibhéal ranga sna hachair éagsúla churaclaim. Ba thairbheach liosta de na hacmhainní atá ar fáil do gach ábhar a chlárú agus a rangú sa phlean scoile, mar fhoinse eolais do gach oide. Moltar go roinnfear freagracht agus comhordú na hoibre seo ionas go mbeidh gach oide rannpháirteach sa phróiseas féinmheastóireachta.
Ullmhaítear cláir fhoghlama chuimsitheacha do na páistí aonair a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Tá ard-mholadh tuillte do leagan amach agus do shainiúlacht na gcuspóirí foghlama sna cláir fhoghlama seo. Cuireann gach oide pleananna fadtéarmacha, gearrthéarmacha agus cuntais mhíosúla ar fáil don teagasc faoi snáitheanna éagsúla an churaclaim. I dtromlach na bpleananna is inmholta mar a shoiléirítear an t-ábhar, na cuspóirí foghlama, na hacmhainní, na modhanna múinte agus na straitéisí measúnaithe atá le húsáid. Baintear úsáid as teimpléid uile-scoile sna ranganna seo. Ábhar na dtéacsleabhar agus na leabhar oibre a threoraíonn na pleananna eile agus dá bharr sin tá an t-ullmhúchán sna ranganna seo teoranta. Moltar an dea-chleachtas a scaipeadh tríd an scoil agus an cur chuige d’ullmhúchán na n-oidí, idir ullmhúchán fadtéarmach, ullmhúchán gearrthéarmach agus cuntais mhíosúla, a phlé agus a aontú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn uile-scoile.
Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáíl freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.
3. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Úsáidtear Gaeilge líofa nádúrtha go leanúnach mar ghnáththeanga chumarsáide agus mar theanga teagaisc i ngach seomra ranga. Léiríonn na daltaí tuiscint an-mhaith ar an teanga agus tá ag éirí go maith ag tromlach na ndaltaí, nach bhfuil an Ghaeilge mar mháthair theanga acu, an Ghaeilge a shealbhú. Tá cúntóir teanga fostaithe ag an mbord bainistíochta le tacaíocht ón Roinn Gnothaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Tugann an tseirbhís seo tacaíocht bhreise do dhaltaí ar bheagán Gaeilge a thagann chuig an scoil.
Éiríonn go maith leis na hoidí cáilíocht mhaith teagaisc a chur ar fáil ar bhonn seasmhach agus i ranganna áirithe bíonn an teagasc ar fheabhas. Is féidir leis na daltaí i roinnt mhaith ranganna réimse leathan rann, dánta agus amhrán a aithris go muiníneach taitneamhach. Tugtar deiseanna do na daltaí sna ranganna sinsearacha éisteacht le píosaí filíochta agus scéalta ón gcultúr Gaelach ó am go chéile. Leagtar níos mó béime ar an modh díreach sna ranganna seo. Sa chleachtas is fearr tugtar deiseanna do na daltaí páirt ghníomhach a ghlacadh, baintear feidhm éifeachtach as cairteacha léirithe agus áiseanna Séideán Sí, cuirtear na daltaí ag obair le tascanna spéisiúla dúshlánacha agus cruthaítear suímh chumarsáide i mbeirteanna ina gcleachtar abairtí iomlána. Cuireann an cur chuige sna ranganna seo go mór leis na hoidí na cuspóirí teagaisc a bhaint amach agus an fhoghlaim a dhaingniú. Moltar tógáil ar an dea-chleachtas sin tríd an scoil chun an fhoghlaim a éascú agus a bhuanú. Chuige sin is gá breis machnaimh a dhéanamh i ranganna áirithe ar mhodhanna múinte gníomhacha agus ar an ábhar teagaisc a leagan síos ar bhonn níos céimniúla ar mhaithe le measúnú rialta na foghlama. Ba thairbheach freisin soiléiriú a dhéanamh sa phlean scoile ar chur chuige scoile uile maidir le foghlaim na filíochta agus cnuasach filíochta oiriúnach a chur ar fáil do gach leibhéal ranga.
Sonraítear go bhfuil tús inmholta déanta ar scileanna réamhléitheoireachta a fhorbairt sna ranganna naíonáin. Tugtar eispéiris chreidiúnach do na daltaí ar leabhair mhóra agus fíorleabhair Ghaeilge a léamh go rialta. Úsáidtear úrscéalta mar fhoinsí léitheoireachta tríd an scoil chun suim sa léitheoireacht a chothú. Féachtar chuige go bhfuil stór breá leabharlainne ar fáil tríd an scoil agus coimeádtar taifid i dtromlach na ranganna ar na leabhair atá léite le sínithe na dtuismitheoirí. Tá an dea-chleachtas seo le moladh agus b’fhiú é a leathnú ar bhonn uile-scoile. Cruthaíonn na múinteoirí timpeallacht spreagthach foghlama trí húsáid a bhaint as raon leathan d’ábhair chlóbhuailte, rabhlóga agus seanfhocail, taispeántais áirithe agus samplaí scríbhneoireachta na ndaltaí. Déantar plé roimh ré ar ábhar na dtéacs agus eagraítear seisiúin rialta taoiléitheoireachta. Léann na daltaí go líofa le cruinneas mhaith foghraíochta agus le tuiscint chreidiúnach, de réir a gcumais agus a n-inniúlachta. Leagtar béim an-mhaith ar chleachtas na foghraíochta. Ceistítear na daltaí go sciliúil chun scileanna ard-smaointeoireachta a fhorbairt.
Ar an iomlán déanann na daltaí réimse sásúil d’obair scríofa sa Ghaeilge. Is minic a bhíonn an obair scríofa seo ceangailte le hábhair léitheoireachta, le himeachtaí i saolta na ndaltaí agus le cúrsaí reatha. Soláthraítear deiseanna cuí do na daltaí tabhairt faoi scríbhneoireacht fheidhmiúil agus scríbhneoireacht chruthaitheach. Baineann caighdeán maith leis na scéalta atá cumtha agus treisítear tuiscint na ndaltaí ar an ngramadach sna cleachtaí a chláraítear sna cóipleabhair. Cuirtear béim mhaith ar shaor-scríbhneoireacht phearsanta in achair eile an churaclaim agus tá caighdeán maith scríbhneoireachta le sonrú sna cóipleabhair. Ba thairbheach níos mó úsáide a bhaint as ríomhairí sa phróiseas scríbhneoireachta chun eagarthóireacht a dhéanamh ar réimse níos leithne genres ó na luathbhlianta ar aghaidh.
Baintear úsáid as ceistiúchán, dírbhreathnú an mhúinteora, trialacha litrithe agus straitéisí neamhfhoirmiúla chun caighdeán foghlama na bpáistí a mheas sa Ghaeilge. Is fiú, anois, athbhreithniú a dhéanamh ar na háiseanna measúnaithe atá in úsáid don Ghaeilge agus próifílí teanga a chumadh i leith gach dalta chun a ndul chun cinn a chlárú.
Tosaítear le múineadh an Bhéarla labhartha ag tús na naíonán agus dírítear aire ar theagasc foirmeálta na léitheoireachta Bhéarla ó naíonáin shínsearacha ar aghaidh. Cuirtear an chaint agus an éisteacht chun cinn go héifeachtach i ngach rang le linn na gceachtanna discréideacha ó bhéal agus déantar forbairt mhaith ar scileanna ardoird-smaointeoireachta na ndaltaí trí dhea-cheistiúcháin na n-oidí agus plé ar ábhar na léitheoireachta. Aithrisítear raon leathan rann do pháistí, cuirtear an fhilíocht i láthair go bríomhar spreagúil agus stiúrtar an plé go cumasach. Baintear feidhm mhaith as an scéim Chatterbox agus cluichí cainte chun scileanna labhartha agus éisteachta na ndaltaí a chothú. Soláthraítear réimse leathan comhthéacsanna foghlama do na daltaí is óige agus d’fhreagair na daltaí go fonnmhar do na scéalta sa leabhar mór agus sna seisiúin drámaíochta a eagraíodh. Ba é leas na pleanála, i ranganna áirithe, eolas níos sainiúla a chlárú agus tuilleadh tagairtí a dhéanamh do na torthaí foghlama a bhfuiltear ag súil leo chun a chinntiú go bhfuil leanúnachas foghlama ó rang go rang.
Tá raon oiriúnach leabhar sna seomraí ranga éagsúla chun suim sa léitheoireacht a chothú, go háirithe úrscéalta do ghrúpaí agus léitheoirí comhthreomhara. Úsáideann na múinteoirí réimse cuí modhanna i dtromlach na ranganna chun an léitheoireacht a theagasc agus déantar freastal cuí ar na leibhéil éagsúla chumais laistigh de na ranganna. Bíonn cothromaíocht mhaith i dtromlach na ranganna idir labhairt agus éisteacht, agus léitheoireacht agus tascanna scríofa. Déantar cláir feasachta fóinéime agus fóneolaíochta, agus gnéithe de thús na scríbhneoireachta a nascadh go hinniúil. Déantar dea-chúram d’aithint focal sna ranganna sóisearacha. Tugtar aird mhaith ar anailís a dhéanamh ar charachtair sna húrscéalta agus san fhilíocht i ranganna áirithe. Is léir go mbaineann na daltaí an‑sult as a bheith ag léamh na húrscéalta i gcomhpháirt lena chéile i ranganna ar leith. Rangtheagasc is mó a chleachtar i ranganna eile. Moltar anois an dea‑chleachtas sa scoil a aithint agus forbairt a dhéanamh air tríd an scoil.
Léann an chuid is mó de na páistí le tuiscint agus le líofacht mhaith agus forbraítear scileanna na ndaltaí diaidh ar ndiaidh agus iad ag dul ar aghaidh sa scoil. Léiríonn na torthaí caighdeánaithe freisin go bhfuil mórchuid de na daltaí ina léitheoirí féinmhuiníneacha faoin am a shroicheann siad na hardranganna. Déanann an rúnaí, le híocíocht ón scéim Clár Críochnú Scoile, léitheoireacht roinnte breise le daltaí éagsúla trí huaire in aghaidh na seachtaine.
Tugtar go céimneach struchtúrtha ar fhorbairt lámhscríbhneoireachta reatha na ndaltaí ó rang a trí ar aghaidh agus tá caighdeán inmholta sroichte ag na daltaí sa ghné seo den obair. Déantar cúram maith freisin ar ghníomhaíochtaí scríbhneoireachta feidhmiúla, a bhíonn bunaithe go príomha ar na leabhair saothair. Sonraíodh le linn na meastóireachta go bhfuil dul chun cinn sásúil á dhéanamh ar fhorbairt na scríbhneoireachta cruthaitheacha i genres éagsúla tríd an scoil. Tugtar deiseanna rialta scríbhneoireachta do na daltaí freisin in achair eile churaclaim.
Tá caighdeán an-mhaith bainte amach sa Mhatamaitic ag mórchuid na ndaltaí. Dírítear aire ar dhifreálú na foghlama agus léiríonn na torthaí caighdeánacha agus freagraí na ndaltaí le linn na meastóireachta go bhfuil tuiscint mhaith acu ar na coincheapa éagsúla. Baineann na hoidí úsáid as réimse leathan imeachtaí béil agus cluichí matamaitice chun scileanna meabhairmhatamaitice a chur chun cinn. Déantar nasc agus comhtháthú an-éifeachtach sa Mhatamaitic le gnéithe eile den churaclam. Spreagtar dianmhachnamh na ndaltaí chun fadhbanna a réiteach ar bhonn laethúil tríd an scoil. Déantar cúram inmholta de théarmaíocht na matamaitice a theagasc ar bhonn struchtúrtha agus spreagtar plé tairbheach i ngach rang chun tuiscint na ndaltaí a threisiú. Tá dea‑chleachtas le sonrú sna ranganna ina mbaintear úsáid as cluichí matamaiticúla, modhanna gníomaíochta foghlama agus ábhar nithiúla chun coincheapa na matamaitice a dhaingniú. Cloítear leis an téacsleabhar go príomha sna ranganna sinsearacha agus baintear úsáid as an gclárdubh amháin sna ranganna seo chun na coincheapa a mhíniú. B’fhiú dea-chleachtas na scoile a fhorleathnú agus úsáid uile-scoile a bhaint as ábhar nithiúla agus an teicneolaíocht chun an fhoghlaim a dhaingniú agus a éascú. Moltar loirg mhatamaiciúla a fhorbairt agus a úsáid ar bhonn céimnithe tríd an scoil chun fadhbanna a bhunú ar gharthimpeallacht na ndaltaí. Moltar anois an plean scoile a uasdátú chun an t‑ábhar agus na coincheapa éagsúla a shoiléiriú do gach leibhéal ranga.
Déantar cúram cothrom de na snáitheanna éagsúla den churaclam, gan an snáithe Oiliúint Uisce a áireamh. Tugtar deiseanna cothroma do bhuachaillí agus do chailíní sna himeachtaí éagsúla a eagraítear. Tá infheistíocht mhaith déanta ag an scoil raon leathan d’acmhainní a sholáthar. Stiúrtar na ceachtanna inar rinneadh meastóireacht orthu go héifeachtach agus go hordúil. Tá leithead agus éagsúlacht ag baint leis na ceachtanna inar rinneadh meastóireacht orthu.
Baineann an scoil feidhm mhaith as áiseanna an cheantair. Bíonn tacaíocht ar fáil ag an bhfoireann ó oiliúnóirí seachtracha i dteagasc na haclaíochta agus na gleacaíochta ar feadh tréimhse 10 seachtaine, le tacaíocht ón scéim Seirbhísí Spóirt Chonamara. Eagraítear na ranganna seo sa Spórtlann ar Pháirc an Mháimín faoi mhonatóireacht na n-oidí. Bíonn ar an scoil bus a chur ar fáil chun freastal ar na ranganna seo ar mhaithe le sábháilteacht na ndaltaí ar an mbóthar. Tugann teagascóir eile oiliúint peile do na daltaí faoin scéim phiolóideach Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta Gaeltachta na Gaillimhe. Glacann an scoil páirt i léigeanna spóirt sa pheil agus eagraítear lá spóirt ar bhonn bliantúil.
Cuirtear oiliúint teoranta ar fáil in oiliúint uisce faoi láthair de bharr an turas fada go dtí an linn snámha is congaraí don scoil i gcathair na Gaillimhe. Tá iniúchadh déanta ag an scoil le déanaí tacaíocht a fháil ón scéim Clár Críochnú Scoile chun ranganna snáimh a chur ar fáil ar an trá sa tríú téarma. Moltar aird a dhíriú ar an ngné seo den churaclam i bpáirtíocht le Cumann na dTuismitheoirí chun a chinntiú go mbeadh gach páiste in ann snámh roimh fhágáil na scoile dóibh. Moltar freisin forbairt a dhéanamh ar an bplean scoile agus eolas níos sainiúla céimnithe a chlárú ar na gníomhaíochtaí éagsúla do gach rang, de réir snáitheanna éagsúla an churaclaim.
I measc na modhanna measúnaithe a úsáidtear tá dírbhreathnú na múinteoirí, trialacha táblaí, trialacha deachtaithe agus litrithe sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, tástálacha caighdéanaithe, tascanna ceaptha ag na múinteoirí agus trialacha as na téacsleabhair. Déantar monatóireacht chúramach rialta ar shaothar scríofa na ndaltaí, leagtar béim an-mhaith ar leagan amach ordúil agus ar néatacht sna cóipleabhair.
Coimeádtar seicliostaí ar dhul chun cinn leanúnach na ndaltaí i gcuid de na ranganna. Tá moladh tuillte don dea-chleachtas seo agus b’fhiú é a fhorbairt ar bhonn uile scoile. Baintear feidhm as na trialacha caighdéanaithe Micra-T agus Sigma-T ó rang a haon aníos chun gnóthachtáil na ndaltaí sa léitheoireacht Bhéarla agus sa Mhatamaitic a mheas. Coimeádtar taifid chúramach ar thorthaí na scrúduithe. Tá moladh ar leith tuillte don anailís atá déanta ar na torthaí caighdeánaithe ó bhliain go bliain chun a chinntiú go n-éireodh le gach dalta mianach foghlama a bhaint amach sa scoil. Cuirtear triail scagtha an Belfield Infant Assessment Profile (BIAP) ar na naíonáin shóisearacha agus úsáidtear an Middle Infants Screening Test (MIST) chun daltaí a roghnú don Forward Together Programme i naíonáin shínsearacha. Tugann torthaí an Non-Reading Intelligence Test agus na trialacha diagnóiseacha eile ina mbaintear feidhm astu saineolas breise chun an teagasc agus an fhoghlaim a threorú. Leagtar béim inmholta ar thascanna foghlama éagsúla a idirdhéalú agus iad a chur in oiriúint do chumais dhifreálacha na ndaltaí tríd an scoil. Dá thoradh sin, bíonn na daltaí spreagtha san fhoghlaim agus bíonn na tascanna éagsúla a chuirtear faoina mbráid dúshlánach go leor. Moltar anois tús a chur le próifílí curaclaim a choinneáil ar dhul chun cinn dhaltaí aonair agus plean measúnachta uile-scoile a fhorbairt chun obair na scoile a shoiléiriú do na páirtithe éagsúla.
4. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Tá polasaí cuimsitheach curtha le chéile ag an bhfoireann i mbliana, de réir Ciorclán 02/05. Tugann an polasaí seo treoir shoiléir ar an gcleachtas uile-scoile atá á chur i bhfeidhm i dtaobh dhaltaí le deacrachtaí foghlama agus le riachtanais speisialta. Níl aon dalta aitheanta le riachtanais speisialta ag freastal ar an scoil sa bhliain reatha.Tá leibhéal maith tacaíochta ar fáil don ochtar dalta a aithnítear go bhfuil deacrachtaí foghlama acu sa Bhéarla agus/nó sa Mhatamaitic. Déanann na hoidí ranga gach iarracht chun an t-ábhar foghlama a chur in oiriúint do na leibhéil éagsúla chumais. Soláthraítear an tacaíocht bhreise i ngrúpaí beaga ar an mórchuid taobh amuigh den seomra ranga. Baintear feidhm as ábhair nithiúla, ballaí focail agus ceistiúcháin mhaith le linn an teagaisc. Moltar anois an cur chuige uilechuimsitheach a chur chun cinn agus cuid den tacaíocht bhreise a sholáthar i seomraí príomhranganna na ndaltaí.
Tá cláir oiriúnacha idirghabhála aonair forbartha ag an oide tacaíochta i gcomhairle leis na hoidí ranga. Tuairiscíodh go mbíonn na tuismitheoirí páirteach i ndearadh na gclár foghlama aonair seo. Chomh maith leis na scrúduithe caighdéanaithe baintear úsáid as réimse scrúduithe diagnóiseacha ina n-áirítear QUEST, Jackson’s Phonics, Diagnostic Reading Analysis chun na cuspóirí sainiúla foghlama a aithint agus gnothachtáil na ndaltaí a dhearbhú. Aithnítear na cuspóirí foghlama i gcomhthéacs tréimhse ama cinnte agus ainmnítear na straitéisí teagaisc agus na hacmhainní mar is cóir chun na cuspóirí a bhaint amach. Tuairiscíodh go ndéantar cumarsáid rialta leis na tuismitheoirí/caomhnóirí leis an dóigh gur féidir leo tacaíocht bhreise a thabhairt dá bpáistí sa bhaile.
Deimhníonn polasaí comhionannais na scoile go gcuirtear fáilte roimh dhaltaí ó gach cúlra agus go gcuirtear béim ar dheiseanna cothroma a sholáthar do gach ball den phobal scoile. Thug tuismitheoirí chumainn na dtuismitheoirí ardmholadh d’iarrachtaí na foirne ar chothromaíocht deiseanna a sholáthar do chailíní agus do bhuachaillí araon. Tugtar aird ar thimpeallacht uilechuimsitheach a chruthú cé nach bhfuil ach dalta idirnáisiúnta amháin ag freastal ar an scoil faoi láthair. Cothaítear dea-nósanna folláine sa scoil trí thorthaí a chur ar fáil agus cuirtear leabhair scoile ar fáil ar cíos do gach dalta. Faigheann an scoil deontais faoin scéim Clár Críochnú Scoile chun ranganna obair bhaile a chur ar fáil tar éis am scoile dhá lá in aghaidh na seachtaine.
Tá spriocanna agus pleananna gnímh cláraithe sa pholasaí trí bliana DEIS chun aire bhreise a dhíriú ar chaighdeán litearthachta agus uimhearthachta na ndaltaí a fheabhsú agus comhpháirtíocht le tuismitheoirí a threisiú. Bheadh sé tairbheach spriocdátaí cinnte a chlárú sa phlean seo agus é a chur in oiriúnt do chomhthéacs na scoile, ionas gur féidir monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ó théarma go téarma. Caitheann comhordaitheoir oideachais na scéime DEIS lá amháin in aghaidh na seachtaine sa scoil agus tugtar tacaíocht bhreise le linn an ama sin do dhaltaí na scoile sa Bhéarla, sa Mhatamaitic agus sa scríbhneoireacht fheidhmiúil. Eagraítear cuairteanna baile go rialta agus tugtar cuirí do thuismitheoirí freastal ar oícheanta eolais agus ar chúrsaí ceardaíochta. Tá sé i gceist ranganna Gaeilge a eagrú le linn an téarma seo agus nuachtlitreacha rialta a sheoladh chuig tuismitheoirí chun eolas a scaipeadh faoi imeachtaí na scoile.
5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:
Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:
- ar chóras pleanála na n-oidí don teagasc agus an dea-chleachtas a scaipeadh tríd an scoil
- ar eolas níos sainiúla a chlárú sa phlean chun a thaispeáint conas a dhéanfar forbairt ar
snáitheanna éagsúla an churaclaim ag gach leibhéal ranga.
- ar bhreis úsáide a bhaint as Teicneolaíocht an Eolais agus na Cumarsáide mar thacú
don teagasc.
- ar úsáid a bhaint as loirg mhatamaiticúla bunaithe ar an timpeallacht scoile chun tuiscint
agus dul chun cinn na ndaltaí a mheas ar bhealach comhtháite.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainisíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.