
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Scoil Náisiúnta
an Choimín
Leifear, Co.
Dhún na nGall
Uimhir rolla:
17564R
Dáta na
cigireachta: 23 Márta 2007
Dáta eisithe
na tuairisce: 17 Aibreán 2008
Tuairisc ar Mheastóireacht Scoile Uile
1. Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
2. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
3. Cáilíocht na pleanála sa scoil
4. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
5. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
6. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Tuairisc
ar Mheastóireacht Scoile Uile
Scríobhadh
an tuairisc seo tar éis meastóireacht scoile uile a bheith déanta ar SN an
Choimín. Léiríonn sí torthaí meastóireachta a rinneadh ar obair na scoile ina
hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na
scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta ag an
chigire leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na
scoile agus le hionadaí na dtuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích
thar thréimhse roinnt laethanta inar thug an cigire cuairteanna ar sheomraí
ranga agus inár breathnaíodh ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne an cigire
idirghníomhú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh an cigire obair
na ndaltaí agus rinne an cigire idirghníomhú leis na múinteoirí ranga.
D'athbhreithnigh an cigire doiciméadú faoi phleanáil scoile agus ullmhú scríofa
na múinteoirí. Bhuail an cigire le grúpaí foirne éagsúla de réir mar ba chuí. I
ndiaidh na cuairte meastóireachta thug an cigire aiseolas ó bhéal don fhoireann
agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta.
Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí
agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc
gan freagra a thabhairt.
1.
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Is
scoil Ghaeltachta mheasctha í seo ata lonnaithe ar imeall na Gaeltachta. Tá
traidisiún láidir Gaeilge le sonrú sa scoil agus is léir go bhfuil tionchar ag
dianspreagadh na noidí ar an oidhreacht a bheith tugtha ar aghaidh ag an scoil
agus riachtanais an nuashaoil san áireamh ag an scoil. Cé gur scoil Ghaeltachta
í seo tagann go leor de na daltaí ó theaghlaigh arbh í an Béarla an teanga
baile. Rinneadh scoil trí oide den scoil seo anuraidh, rud a chabhraigh go mór
leis na hoidí agus daltaí ó thaobh roinnt ranganna de. I mbliana tá an scoil
seo i scéim DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna) de chuid na
Roinne. Tá rollúchán de chaoga dalta ag an scoil agus de réir an rollúcháin
mheasta do na trí bliana amach romhainn meastar go bhfanfaidh na huimhreacha
seasmhach. Tá pleanáil
déanta ag an bhord don fhoirgneamh scoile nua. Is léir ó rollaí na scoile go
ndeánann gach dalta freastail go rialta ar an scoil.
2. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Tá bord
bainistíochta bunaithe mar is cóir de réir an Acht Oideachais 1998. Feidhmíonn
na baill go coinsiasach d’fhonn a chinntiú go bhfuil oideachas leathan,
éifeachtach á chur ar fáil. Eagraítear cruinnithe go rialta agus coinnítear
miontuairiscí cuimsitheacha. Tá polasaithe maidir le riachtanais reachtúla den
Acht Oideachais mar gheall ar ullmhú cód iompraíochta, tinreamh scoile, agus
polasaí sláinte agus sábháilteachta faofa ag an mbord agus á gcur i bhfeidhm go
rialta agus ar dhóigh éifeachtach. Tugann an bord bainistíochta an-tacaíocht
don phríomhoide agus don fhoireann i bpróiséas na pleanála. Tá pleananna ag an
bhord i gcomhar leis an fhoireann chun an polasaí don oideachas caidreamh gnéis
a láidriú tré ionchur na dtuismitheoirí a fhorbairt níos faide. Comhlíonann an
bord a ndualgas ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de sa scoil Ghaeltachta seo
de réir an Acht Oideachais trí thacaíocht a thabhairt d’imeachtaí cultúrtha
agus do theanga phobal na scoile.
Tá
príomhoide gníomhach ceaptha sa scoil seo ó ghlac an príomhoide dualgaisí eile
le scéim Tús Maith. Tugann sí togha na haire do chúrsaí na scoile.
Léiríonn sí scileanna bainistíochta ina bhfuil na córais chumarsáide soiléir
agus oscailte. Tá suim aici i bhfhorbairt na scoile agus tá na pleananna cuí á
bhforbairt de réir a chéile. Tá dáiríreacht agus dúthracht le sonrú ar chur
chuige na n-oidí i dtreo go bhfuil ord agus eagar ar imeachtaí uile na scoile.
Cuirtear an-bhéim ar úsáid na Gaeilge sa scoil agus i measc na dtuismitheoirí.
Is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna hiarrachtaí éagsúla atá curtha i
gcrích go dtí seo ag bainistíocht na scoile. Tugann na hoidí go léir comhoibriú
agus tacaíocht iomlán don phríomhoide i mbainistíocht na scoile. Bíonn
cruinnithe foirne sa scoil go rialta chun obair agus polasaithe na scoile a
phlé. Tá dualgais an oide le post freagrachta rianaithe sa phlean scoile agus á
chur i gcrích go héifeachtach, ach b’fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu ar
bhonn rialta chun ceangal níos dlúithe a bheith idir an post fhreagrachta agus
na riachtanais fhorbartha, ó thaobh riachtanais aitheanta na scoile de. Tá
córais éifeachtacha i bhfeidhm in san scoil ag an mbainistíocht inscoile chun
teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí.
Scoil Ghaeltachta trí oide í seo le hoide acmhainne agus oide tacaíochta
foghlama roinnte le scoileanna eile sa cheantar. Tá cúntóir riachtanais speisialta
sa scoil. Tá an príomhoide ar iasacht ag an tionscnamh Tús Maith de
chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ó thús na scoilbhliana seo. Tá an
t-oide atá sna ranganna sóisearacha i bhfeighil na scoile mar phríomhoide
gníomhach ón am sin. Tá athbhreithniú iomlán á dhéanamh ag an fhoireann ar
phleananna na scoile de réir a chéile ó tháinig méadú ar an fhoireann.
Tá foirgneamh úr ceadaithe don scoil
seo agus tá na pleananna curtha i gcrích chun tús a chur leis an obair thógála
go luath. Tá an foirgneamh scoile atá ann faoi láthair coinnithe chomh maith
agus is féidir agus tugtar aire an-mhaith dó agus don timpeallacht. Ta gáirdín
álainn forbartha taobh amuigh den scoil, rud a chuidíonn le cuma dheas a chuir
ar thimpeallacht na scoile. Tá moladh ar leith tuillte as an mbealach
tarraingteach ina gcuirtear samplaí d’obair na bpáistí ar taispeáint ar fud na
scoile. Tá leabharlann curtha le chéile sa scoil maraon le ríomhairí líonmhara.
Baintear úsáid éifeachtach astu seo uile. Tá cúntóir ceaptha sa scoil a
fheidhmíonn mar chúntóir riachtanais speisialta agus mar chúntóir teanga.
B’fhiú an phleanáil don obair a dhéanann an cúntóir seo a rianú sa phlean
scoile. Moltar go mbeadh níos mó plé idir an cúntóir teanga agus na h-oidí
ranga chun an stór focal atá riachtanach in ábháir trasna an churaclaim a
chleachtadh leis na daltaí i rith na gceachtanna Gaeilge.
Aithníonn
gach duine atá páirteach i bpobal sna scoile seo go bhfuil an scoil mar dhlúth
chuid den phobal as a n-eascraíonn sí. Mar sin, tá an-ghaol sa scoil seo idir
thuismitheoirí agus bhaill uile na scoile. Tugtar faoi deara go bhfaigheann na
hoidí an-tacaíocht ar fad ó na tuismitheoirí agus ón bpobal máguaird.
Aithnítear go forleathan gur iomhá dearfach í an scoil don phobal agus is ar
scáth a chéile a mhaireann an pobal agus an scoil. Níl cumann tuismitheoirí ag
an scoil a bhfuil ceangail acu leis an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí ach
tá coiste tuismitheoirí ag an scoil. Tá an teagmháil
le tuismitheoirí aitheanta mar chuid rí-thábhachtach den phróiséas cumarsáide
sa scoil. Chuige sin, eagraítear cruinnithe le tuismitheoirí go rialta,
fáiltítear roimh thuairimí na dtuismitheoirí agus cothaítear a bpáirtíocht i
ngníomhaíochtaí scoile. Cuirtear litir eolais amach chuig tuismitheoirí
ag tús na scoilbhliana ach b’fhiú don fhoireann nuachtlitir a fhoilsiú go
rialta chun na tuismitheoirí a choinneáil ar an eolas faoi gach gné de
pholasaithe na scoile agus b’fhiú obair na ndaltaí a chuir ar taispeáint ann.
Tá
bainistíocht an-éifeachtach á déanamh ar na daltaí sa scoil seo. Tá nósanna
oibre préamhaithe iontu agus tá meas le sonrú idir na hoidí agus daltaí agus
idir na daltaí féin. Tugtar dearbhú deimhnitheach do dhaltaí ar bhonn rialta
agus tá atmaisféar chompordach foghlama cruthaithe ag na hoidí sna seomraí
ranga. Déantar cúram do shláinte agus shábháilteacht na ndaltaí agus cothaítear
rannpháirtíocht iomlán na ndaltaí i ngach gné de shaol na scoile.
3. Cáilíocht na pleanála sa scoil
Ta plean
scoile curtha le chéile ina bhfuil an fhís seo rianaithe ‘an t-oideachas is
fearr is féidir a thabhairt do achan pháiste trí mheán na Gaeilge.’ Is
í ceann de na haidhmeanna atá rianaithe sa phlean scoile ag an fhoireann ná ‘timpeallacht
thaitneamhach shábhailte dea-eagraithe a chothú. Timpeallacht inár féidir leis
na daltaí forbairt go huile agus go hiomlán, go spioradálta, go fisiciúil, go
cultúrtha agus go h-intleachtúil.’ Tá an polasaí ar chaidreamh agus
ghnéasacht a fhorbairt faoi láthair. Moltar an polasaí seo a fhorbairt i
gcomhar le pobal na scoile agus leis an bhord. Moltar é a chur i bhfeidhm chomh
luath agus is féidir. Moltar na polasaithe ó thaobh riailbhéis de a phlé le
tuismitheoirí sula ndéantar iad a fhaomhadh ag leibheál an bhoird.
Tá polasaithe ullmhaithe do na
gnéithe den churaclam a bhfuil oiliúint ionghairme faighte iontu. Tá soláthar
sa phlean do mheascán de chleachtais fhoghlama agus theagaisc: comhfhoghlaim,
gníomhfhoghlaim, fadhbréiteach agus obair chomhoibritheach ina measc. Déantar
an phleanáil ar bhonn comhoibritheach uile scoile. Ta plean straitéiseach trí
bliana á leagan amach ag an bhfoireann i bhfoirm leanúnach le freastal ar na
riachtanais atá aitheanta ag an scoil. Tá dialann agus plean gníomhaíochta
gearrthréimhseach acu leis an bplean scoile a chur i bhfeidhm go héifeachtúil.
Ta tairbhe den scoth ag baint leis an obair seo agus leis an athbhreithniú
rialta. Tá féin-mheastóireacht éifeachtach ar siúl faoina bhfuil bainte amach ó
thús na bliana agus faoina bhfuil fós le cur i gcrích. Tréaslaítear leis an
bhfoireann as an díograis seo. Tá treoir agus cinnireacht ar leith tugtha ag an
bpríomhoide gníomhach don fhoireann sa ghné seo den obair. Is an-éifeachtach
mar a chomhghníomhaíonn siad uile san obair seo ar leas na bpáistí. Tá an
fhoireann iomlán agus an bord bainistíochta páirteach i ndearadh agus i gcur i
bhfeidhm an phlean scoile. Leagtar síos spriocanna sainiúla le móraidhmeanna an
phlean a chur i gcrích.
Cuireadh
fianaise ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil céimeanna cuí glactha ag an mbord
bainistíochta agus ag an bhfoireann chun beartais a fhorbairt atá ag teacht le
forálacha i Children First: National Guidelines for the Protection and
Welfare of Children (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 1999, eagrán nua
Bealtaine 2004) agus Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (An
Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Aibreán 2001). Cuireadh fianaise ar fáil,
leis, a dhearbhaíonn go bhfuil na beartais glactha ag an mbord bainistíochta
agus go bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige. Táthar tar éis duine idirchaidrimh
ainmnithe a cheapadh de réir cheanglas threoirlínte na Roinne.
Baintear
úsáid as an bplean scoile i ndearadh pleananna oibre na n-oidí aonair. Leagann
gach oide plean oibre fadtréimhseach amach dá rang faoi na snáitheanna agus
snáthaonaid atá sa churaclam. Coimeádann gach oide cuntas go míosúil ar dhul
chun cinn na hoibre. Cuntas gairid ina leagtar síos an t-ábhar atá múinte atá i
gceist. Moltar teimpléid scoile a fhorbairt ina soiléireofaí an obair atá
déanta faoi snáithe agus snathaonaid an churaclaim agus ina leagfaí béim ar na
scileanna agus na coincheapa atá foghlamtha ag daltaí. Soláthraíonn
na hoidí cairteacha, leathanaigh shaothair agus luaschártaí chun cur le
éifeacht an teagaisc sna ranganna. Is inmholta na láithreacha suime atá curtha
le chéile ag na hoidí chun suim na ndaltaí in ábhair éagsúla a spreagadh. Tá na
seomraí ranga eagraithe go maith agus baintear usáid as raon leathan de
mhodhanna múinte.
4. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Bhí cáilíocht
na foghlama agus teagaisc an sásúil ag gach rangleibhéil sa scoil seo. Is léir
go bhfuil tuiscint mhaith ag na hoidí ar bhunphrionsabail an churaclaim.
Baintear úsáid as raon leathan de mhodhanna múinte chun an curaclam a chur i
bhfeidhm idir rang theagasc, obair i ngrúpaí agus obair aonair nuair is gá.
Baintear sár úsaid as modhanna fionnachtana ach go háirithe sna ranganna sinsir
agus tugtar deiseanna do na daltaí eolas a thóraíocht as a stuaim féin.
Sonraítear an comhtháthu idir na hábhair i ngach rang agus déantar iarracht an
leanúnachas a chur chun cinn. Spreagtar na daltaí chun oibre go sciliúil i
ngach rang agus tá nósanna oibre préamhaithe iontu. Ar an iomlán baineann
daltaí caighdeán an ard amach sa chomhrá Gaeilge agus caighdeán maith amach sa
léitheoireacht agus caighdeán an mhaith amach sa mhatamaitic. Tá na hoidí ar an
eolas go bhfuil na caighdeáin sa Bhéarla le feabhsú ag líon áirithe daltaí sa
scoil agus tá obair ar siúl ag na hoidí chun gníomhú ar an laigeacht seo.
Moltar soláthar níos cuimsithí a dhéanamh do dhifríochtaí i gcumais agus i
stíleanna foghlama na bpáistí go háirithe sa Bhéarla. Tá caighdeán mhaith ag
baint leis an obair i gcóipleabhair na ndaltaí agus ar táispeáint ar na ballaí.
Déantar monatóireacht rialta ar obair na ndaltaí agus cuirtear aiseolas
struchtúrtha ar fáil sna cóipleabhair. Léiríonn cóipleabhair na ndaltaí agus a
samplaí scríbhneoireachta go bhfuil dul chun cinn an mhaith déanta ag na daltaí
ag gach rangleibhéil. Tugtar gach deis do na daltaí uile bheith páirteach in
imeachtaí eile taobh amuigh den seomra ranga mar shampla an pheil Ghaelach,
comortaisí Chumann na mBunscoil, iománaíocht, liathróid láimhe,
lúthchleasaíocht, sacar, snámh, dramaíocht, ceoldramaí, céilí, tionscnaimh idir
scoileanna, tionscnaimh tras-teorainne, bailiú do ghrupaí carthannacha agus
tráth na gceist. Bhí pleananna ag an scoil chun turas a dhéanamh go dtí Oileán
Í in Albain i rith na meastóireachta. Bhí go leor réamhullmhúcháin ó thaobh
taighde ar bun acu ar na ríomhairí mar chúlra don turas seo. Is inmholta an
díograis a léiríonn na hoidí chun oideachas leathan a chur ar fáil do gach
dalta sa scoil.
An Ghaeilge
Is
rí-inmholta an caighdeán an-ard Gaeilge labhartha atá bainte amach ag formhór
na bpáistí sa scoil seo. Baintear úsáid an-mhaith as acmhainní difriúla chun
suim agus samhlaíocht na ndaltaí a fhorbairt agus líofacht mhaith teanga a
mhealladh uathu. Léiríonn na daltaí tuiscint an-mhaith ar thopaic atá á phlé sa
rang. Úsáideann na h-oidí straitéisí an-éifeachtacha ar bhonn uile scoile chun
cumarsáid i nGaeilge a fhorbairt agus a dhaingniú. Faoi láthair cuirtear béim
mhór ar dhrámaíocht agus rólimirt agus díospóireachtaí ranga agus ar
chumadóireacht neamhspléach. Tugann an cur chuige seo comhthéacs nádúrtha don
teanga agus leagann sé síos bunchloch an-fhiúntach do fhorbairt na héisteachta.
Aithrisíonn na páistí a lán dánta, rann agus amhrán, rud a fhorbraíonn
dea-fhoghraíocht, blas, luas agus rithim na teanga. Tá foclóir leathan acu agus
tuiscint fheidhmiúil ar struchtúr agus ar chuspóir na mbriathra. Tá stór
leathan de nathanna cainte ar eolas ag na daltaí. Baineann na hoidí leas
an-tairbheach as an nGaeilge mar theanga bhainistíochta ranga agus baintear
feidhm as cluichí cainte chun ábaltacht an pháiste an teanga a chumadh a
fheabhsú.
Tá
caighdeán na léitheoireachta go maith ag mórchuid na ndaltaí agus stór breá
leabhar ar fáil dóibh. Léann mórchuid na ndaltaí go maith agus tuigeann siad a
bhfuil á léamh acu. Aithníonn cuid mhaith de na daltaí foclóir dúshlánach
trí úsáid a bhaint as scileanna fonaiciúla, comhthéacs agus briseadh síos focal
ina siollaí. Glacann na daltaí páirt an-fhiúntach i bplé grúpa ina léirítear
tuairimí faoin ábhar. D’fhéadfaí an taoiléitheoireacht a spreagadh a thuilleadh
agus taithí níos leithne a thabhairt do na daltaí réimse níos leithne de
chineálacha difriúla téacsanna a léamh.
Sonraítear
go bhfuil caighdeán breá á bhaint amach ag na daltaí sa scríbhneoireacht
fheidhmiúil. Bhí réimse éagsúla téacsanna á scríobh ag formhór na ndaltaí mar
shampla, nuacht, nótaí tinnis, cártaí aitheantais. Úsáidtear fillteoirí
scríbhneoireachta, maraon le heiseamláiriú agus comhscríobh d’fhonn saibhreas
foclóra a chothú. Is inmholta na leabhráin bheaga atá curtha le chéile ag na
daltaí don fhuaimníocht sna bunranganna. Baintear úsaid an-mhaith as leabhair
mhóra don scéalaíocht Ghaeilge chun an foclóir a leathnú. Cuirtear scéalta
gearra ilchineálacha ar fáil le tacú leis an léitheoireacht sna meán agus sna
hard ranganna.
English
In English the
language is developed by providing the pupils with a variety of oral language
reading and writing activities. Pupils display a satisfactory standard across
the school in oral language. Oral language is dealt with comprehensively in all
sections and specific oral language lessons are planned and taught. Particular
emphasis is placed on developing pupils’ emergent reading skills. The pupils’
phonological skills are being developed in a structured way and generally the
pupils’ phonological skills are very good at the junior section of the school.
A good programme
of reading is planned for and developed throughout the school and pupils’
reading and comprehension skills are generally satisfactory. However, further
attention should be given to a group of pupils in the senior section whose
fluency in reading should be improved.
Pupils across the
school display a commendable enthusiasm for poetry. Poems are used as a
stimulus for discussion in the middle and senior sections and pupils are
encouraged to compose their own poems. Pupils’ creative efforts are commendable
and their work is celebrated by the publication of the pupils’ work and by
displays in the classrooms and in the school corridor.
The pupils’
creative and functional writing skills are being developed to a very
satisfactory standard across the school. There were many laudable examples of
collections of pupils writing samples in folders in the various genres.
Comprehension tasks are used to good effect in one section of the school and
this good practice should now be extended across the school. It is recommended
that extended reading activities be given to pupils to scaffold and enhance the
pupils’ skills further in the language.
Baineann na
daltaí caighdéan an-mhaith amach sa Mhatamaitic. Céimnítear an clár teagaisc go
hoiriúnach ó rang go rang. Baintear úsáid thuisceanach as téacsleabhair le linn
na gceachtanna agus tá sé le sonrú go gcleachtar obair ó bhéal go rialta chun
brí a cheangal leis an fhoghlaim. Déantar cúram breá de théarmaíocht na
matamaitice a theagasc go struchtúrtha agus spreagtar plé tairbheach i roinnt
ranganna chun tuiscint ar na coincheapa a threisiú. Baintear úsáid as modhanna
gníomhaíochta foghlama agus as cluichí matamaitice i roinnt ranganna. Léiríonn
an chuid is mó de na daltaí tuiscint mhaith ar na coincheapa cuí sa
Mhatamaitic. Cláraíonn siad an obair scríofa go cúramach. Déantar grúpobair a
chleachtadh chun rannpháirtíocht agus neamhspleáchas foghlama na ndaltaí a
chothú. Cuirtear ábaltacht an uile dhalta san áireamh agus na pleananna oibre
gearrthéarmacha á n-ullmhú chun a chinntiú go gcuirtear an obair in oiriúint do
dhaltaí ar gach leibhéal cumais.
Stair
Baintear caighdéan
an-mhaith amach sa Stair trasna na scoile. Baintear úsaid an-éifeachtach as
téacsleabhar, drámaíocht agus as príomhfhoinsí stairiúla mar bhunús do na
ceachtanna staire. Déantar nasc an-fhiúntach idir an stair náisiúnta agus an
stair áitiúil agus dá bhrí sin tugann sé seo comhthéacs do na daltaí lena
dtuiscint ar an stair a éascú. Déantar sár ullmhúchán chun an ghné seo den
churaclam a nascadh go héifeachtach le hábhair eile an churaclaim.
Tíreolaíocht
Baintear
úsaid thairbheach as grúpobair chun Tíreolaíocht a mhúineadh i ranganna
áirithe. Baintear úsáid as tráth na gceist mar uirlís mheasúnaithe san ábhar
seo. Déantar nasc an-éifeachtach idir an ábhar seo agus an Eolaíocht. Tá
caighdéan an-mhaith bainte amach ag na daltaí sa ghné seo den churaclam. Is
féidir leo cur síos go mion ar ábhar a bhaineann le tíreolaíocht an cheantair
agus is inmholta na tionscnaimh atá curtha le chéile agus ar taispeáint sna
seomraí ranga.
Eolaíocht
Féachtar
chuig timpeallacht na scoile mar bhunús don obair ar an dúile beo agus ar
fheasacht agus chúram imshaoil agus chuige seo tá struchtúr an-bhreá leagtha
amach faoinár féidir iniúchadh imshaoil a chur ar bun. Cleachtar modhanna
gníomhaíochta i roinnt ranganna chun tuiscint ar na coincheapa éagsúla a
fhorbairt. Glacann na páistí páirt go fonnmhar sna trialacha simplí a
eagraítear agus déantar forbairt ar scileanna eolaíochtúla le linn na hoibre.
Tá an scoil seo páirteach i dtionscnamh Discovery Science. Bhí an scoil
páirteach freisin i dtionscnamh i gcomhar le h-Institiúid Teicneolaíochta i
Leitir Ceanainn mar pháirt den tseachtain eolaíochta a bhí ar siúl ag an
gColáiste. Tá tús curtha ag an scoil le pleananna chun ath-chúrsáil agus
ath-úsaid a fhorbairt sa scoil chun an Brat Glas a fháil.
Na hAmharcealaíona
Tagann an
phleanáil sa ghné seo le hábhar agus le treoirlínte an churaclaim. Gabhann ord,
samhlaíocht, taitneamh agus caighdeán an-shásuil teagaisc agus gnóthachtála
leis an gcur chuige i leith theagasc agus fhoghlaim na n-amharcealaíona. Bhí
gach snáith den churaclam le feiceáil sna taispeántais líonmhara a bhí
mórthimpeall na seomraí. Is éifeachtach mar a cheanglaítear an t-ábhar seo le
hábhair eile an churaclaim i ranganna áirithe. Is éifeachtach, freisin, mar a
riarann na hoidí grúptheagasc i ngné chruthaitheach seo an churaclaim.
Spreagtar na páistí chun machnamh a dhéanamh ar cháilíochtaí agus ar thréithí
saothair na n-ealaíontóirí cáiliúla. Coinnítear fillteoirí oibre ar bhonn uile
scoile agus taifead griangrafanna. Is féidir leis na daltaí cur síos an mhaith
a dhéanamh ar shaothair ealaíontóirí ag baint usáide as teanga oiriúnach.
Ceol
Múintear an
amhránaíocht ar dhóigh fhíorthaitneamhach agus déantar cúram d’fhoranna an
cheoil a theagasc. Cuirtear clár leathan spéisiúil ar fáil idir amhránaíocht
agus forbairt scileanna cumadóireachta agus éisteachta. Baintear feidhm
an-bhreá as cnaguirlisí chun tuiscint ar rithim a fhorbairt. Tagann teagascóir
isteach go dtí an scoil chun uirlisí ceol a mhúineadh ar feadh téarma sa
bhliain do na meán agus na hard ranganna agus déanann an scoil agus coiste na
dtuismitheoirí an ghníomhaíocht seo agus an damhsa gaelach a mhaoiniú. Déantar
sár obair chun an ceol traidisiúnta a fhorbairt. Comhtháthaítear an ghné seo
leis an Dramaíocht go sciliúil.
Drámaíocht
Múintear an
Dramaíocht go caighdéan an-ard sa scoil seo. Tá go leor duaiseanna agus coirn
buaite ag an scoil i dtaispeántais drámaíochta. Tá scileanna drámaíochta á
bhforbairt go samhailteach trí mheán na filíochta ach go háirithe. Forbraítear
féith chruthaitheach na ndaltaí maraon le féin-mhuinín agus foclóir mothúnánach
le linn na gceachtanna tríd an gcur chuige a chonacthas le linn na measúnaithe.
Faoi láthair tá an Drámaíocht á húsaid chomh maith chun ábhair churaclaim a
inmheánú.
4.6 Corpoideachas
Baineann
éagsúlacht bhreá leis na gníomhaíochtaí sa Chorpoideachas. Stiúrtar na
ceachtanna go hordúil agus baineann na daltaí tairbhe agus taitneamh astu.
Leagtar béim le linn na hoibre ar scileanna a fhorbairt. Is léir ó chuntais
oibre na n-oidí go múintear scileanna liathróide, cluichí clóis agus cluichí
foirne. Tuairiscítear go nglacann na daltaí ón scoil páirt i léigeanna spóirt
sa cheantar. Déantar an snámh a theagasc i linn snámha in ostán áitiúil ar
feadh téarma amháin sa scoil bhliain. Déantar an Corpoideachas a mhúineadh
taobh amuigh i gclós na scoile nuair a oireann an aimsir.
4.7
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Is
tairbheach go mór an t-atmaisféar dearfach, measúil atá le sonrú sa scoil mar
bhunús do fhorbairt scileanna sóisialta agus pearsanta na ndaltaí agus dá
dtuiscint ar stíl maireachtála shláintiúil. Cuirtear an fhorbairt seo chun cinn
go leanúnach ar bhonn neamhfhoirmiúil i ngnéithe éagsúla an churaclaim. Thairis
sin, múintear ceachtanna ar leith i ngach rang agus bunaítear iad ar réimse
acmhainní. Is an-éifeachtach mar a cheanglaítear an fhoghlaim sa ghné seo le
hachair eile an churaclaim. Cuirtear na ceachtanna i láthair go spreagúil agus
cothaítear rannpháirtíocht na ndaltaí go cumasach. Baineann éagsúlacht bhreá
leis na gníomhaíochtaí foghlama agus sonraítear atmaisféar taitneamhach
foghlama le linn na hoibre.
Baineann an
fhoireann úsáid as modhanna éagsúla chun dul chun cinn na hoibre a mheas.
Baintear úsáid as trialacha caighdeánaithe chun dul chun cinn na ndaltaí sa
Bhéarla agus sa Mhatamaitic a dhearbhú agus pleanáil dá réir. Cuireann na hoidí
trialacha dá gcuid féin ar dhaltaí go rialta agus cláraítear na torthaí. Trí
ghrinncheistiúchán na n-oidí éiríonn leo tuiscint a fháil ar conas mar atá ag
eirí le daltaí aonair ina gcuid foghlama. I ngach rang, coinnítear fillteáin le
samplaí d’obair na ndaltaí. Déantar monatóireacht oiriúnach ar an obair
scríofa. Moltar don fhoireann leanúint leis an gcóras measúnaithe a fhorbairt
ar bhonn scoile chun díriú ar riachtanais an uile dhalta agus chun cur le
héifeacht na pleanála gearrthéarmaí go háirithe sa Bhéarla. Cabhróidh soiléiriú
na gcuspóirí teagaisc agus foghlama sna pleananna oibre leis an gcur chuige
seo. Coinnítear measúnú iomlán trasna an churaclaim i roinnt ranganna. Déantar
monatóireacht oiriúnach ar an obair scríofa ach b’fhiú taifead a choinneáil de
na gnáth bhotúin agus ceacht a bhunú orthu ag deireadh gach aonaid teagaisc sa
Bhéarla ach go háirithe.
5. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Tá polasaí
soiléir uile-scoile dréachtaithe ag an bhfoireann mar a bhaineann le soláthar
oideachais do pháistí le riachtanais speisialta foghlama. Leagtar amach cur chuige
an-chinnte agus an-chéimnithe maidir le daltaí le deacrachtaí a aithint go
luath agus plean tacaíochta a dhearadh dóibh. Sa phleanáil seo dírítear ach go
h-áirithe ar chomhghaol ranga, ar chlárú gnóthachtála agus ar chritéir
mheasúnaithe d’fhonn a chinntiú go bhfuil ag éirí le daltaí. I bpleananna oibre
na n-oidí ranga is gá freastal níos iomláine a dhéanamh ar riachtanais líon
áirithe daltaí sa Bhéarla.
Déantar
freastal an-bhreá agus éifeachtach orthu siúd le riachtanais fhoghlama ag an
oide tacaíochta foghlama agus ag an oide acmhainne. Forbraítear scileanna
litearthachta agus matamaitice maraon le scileanna sóisialta fadsaoil. Leagtar
béim inmholta ar fhorbairt na teanga agus ar fhorbairt foclóra a bheadh
riachtanach do na páistí don saol. Tugtar sárchúram d’fhorbairt scileanna
léitheoireachta na ndaltaí. Ardaítear meanma agus féin-mhuinín na ndaltaí dá
réir. Tá na pleananna foghlama aonair ag teacht go dlúth le moltaí na
siceolaithe agus tá siad deartha i gcomhpháirt leis an oide ranga agus na tuismitheoirí.
Tá stóras oiriúnach d’áiseanna teagaisc agus foghlama maraon le bailiúchán
cuimsitheach de thorthaí measúnaithe ag na hoidí a chabhraíonn leo dul i ngleic
le deacrachtaí scríbhneoireachta agus léitheoireachta. Moltar breis tacaíochta
a thabhairt sa rang do na daltaí agus an phleanáil chuí do seo a fhorbairt leis
na hoidí ranga. Is léir ó chuntais ar dhul chun cinn na ndaltaí go bhfuil
dul chun cinn maith agus leanúnach á dhéanamh ag na daltaí atá ag freastal ar
an tseirbhís tacaíocht foghlama agus acmhainne.
Bhí
comhordaitheoir idirchaidrimh baile/scoile/pobail ceaptha don cheantair ina
bhfuil an scoil seo suite ag am na tuairisce agus bhí foireann na scoile ag
fanacht le tosnú na seirbhíse seo. Seo ceann de na réimsí atá aitheanta ag an
bhfoireann mar thosaíocht chun forbartha sa phlean scoile. Cuirtear lóin
folláin ar fáil dona daltaí ar bhonn laethúil faoi tionscnaimh DEIS.
6. Achoimre ar thorthaí
agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Is iad seo a leanas na príomhnearta a aithníodh sa
mheastóireacht: <0}
·
Ta an bord bainistíochta ag feidhmiú go héifeachtach.
·
Oibríonn na hoidí go comh-oibritheach, díograiseach chun oideachas
d’ard-chaighdeán a chur ar fáil do na daltaí.
·
Baineann na daltaí caighdeán an-mhaith amach sa Ghaeilge, sa
Mhatamaitic, sa Drámaíocht, sna hAmharcealaíona, san Eolaíocht, sa Cheol agus
sa Stair.
·
Cothaítear atmaisféar spreagúil foghlama sa
scoil agus tugann na tuismitheoirí comhoibriú iomlán d’obair na scoile.
Mar bhealach le togáil ar na nearta seo agus chun dul i
gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:
·
Moltar don scoil focás iomlán a dhíriú sa phleanáil ar líofacht sa
léitheoireacht Bhéarla de líon áirithe daltaí atá aitheanta ag na h-oidí a
ardú.
·
Moltar an polasaí ar chaidreamh agus ghnéasacht a chur i bhfeidhm chomh
luath agus is féidir.
· B’fhiú teimpléidí a fhorbairt do na
cuntais mhíosúla ina n-áiritear snáitheanna agus snáith aonaid an churaclam.
· Moltar forbairt a dhéanamh ar an
mheasúnú trasna na scoile.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an
bhfoireann agus an mbord bainistíochta mar a rinneadh na dréacht-thorthaí agus
moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.