An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Scoil
Chaomháin,Inis Oirr, Contae na Gaillimhe
Uimhir
rolla:17289V
Dáta na
cigireachta: 3 Deireadh Fómhair 2008
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Cáilíocht na pleanála sa scoil
Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Freagra na Scoile ar an Tuairisc
Meastóireacht scoile uile
Rinneadh meastóireacht
scoile uile ar Scoil Chaomhán sa bFómhar 2008. Léiríonn an tuairisc seo torthaí
na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair
na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama
sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht. Tugadh deis do
bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar
mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san
aguisín atá leis an tuairisc seo.
Réamhrá
– comhthéacs agus cúlra na scoile
Tá beirt oidí ag feidhmiú sa scoil Ghaeltachta seo
lonnaithe ar Inis Oirr i gcuan na Gaillimhe. Tá cliú agus cáil ar an oileán seo
de bharr a ghleoiteacht nádúrtha, gnaoiúlacht na ndaoine, an cultúr saibhir
Gaeilge atá ar an oileán agus an seandálaíocht a ghabhann chomh fada siar le
míle cúig chéad bliain roimh aimsir Chríost. Tá iarsmaí stairiúla brataithe ar
an oileán ó theacht na strainséaraí le linn cúlú ré na leac oighre, go hiarsmaí
de chaisleán na mBrianaigh, tiarnaí an oileáin sa séú aois déag. Tá an scoil
féin suite ar cholba thoir an chora i mbéal na trá ar shuíomh charcarach
ghleoite ardaithe os cionn na farraige. Osclaíodh an foirgneamh seo i Mí
Feabhra 1942 le trí sheomra ranga inti agus is beag caiteachas a déanadh ar an
bhfoirgneamh ó shoin seachas na leithris seachtaracha a chur faoi dhíon na
scoile. De bharr méid measa an phobail ar an scoil agus ar an oideachas go
ginearálta, coinníodh an foirgneamh go glan slachtmhar maisithe thar na
mblianta. Tá gá anois forbairt íomlán a dhéanamh ar fhoirgneamh agus clós na
scoile chun na háiseanna agus caighdeán na cóiríochta a thabhairt suas chuig
caighdeán na linne.
Baintear úsáid as an seomra ranga folamh mar ionad do
na seirbhísí bhreise atá anois sa scoil cosúil leis an tseirbhís tacaíochta
foghlama agus acmhainne, chomh maith le seirbhísí ó oiliúnóirí in úirlísí ceoil
agus scileanna cluichíochta. Tá clós crua stroighin a shíneann ó thuadh de
chlós na scoile agus tá seoltán agus seomra stórála suite sa gcuid seo den
chlós faoi láthair. Tá clós imeartha de thalamh garbh gainneamhach ó dheas den
scoil. Tá droch chaoí ar ar an gcuid seo den chlós agus tá sé cuntúirteach do
dhaltaí mar ionad súgartha. Is gá deisiú a dhéanamh ar seo a luaithe agus is
féidir. Tá carcar leacach beag ar chúl an chlóis a bhíonn á úsáid mar ionad
cluichíochta agus is gá cóiriú a chur ar seo freisin chun úsáid shábháilte mar
pháirc cluichíochta a bhaint as.
Tá isliú suntasach tagtha ar ionrollú na scoile seo le
scór bliain sa chaoí gur fiche cúig dalta atá cláraithe sa scoil faoi láthair.
Níl aon rang a haon sa scoil agus is dalta amháin atá i rang naonán
shinsearach. Meastar gur i laghad a bheidh na huimhreacha ag dul sa
ghearrthodhchaí.
Léiríonn an tábla thíos eolas ginearálta ar fhoireann
na scoile agus ar na daltaí a bhí cláraithe sa scoil nuair a bhí an
mheastóireacht ar siúl:
|
|
Líon |
|
Daltaí ar rolla na scoile |
25 |
|
Ranganna príomhshrútha sa scoil |
7 |
|
Múinteoir(í) ar fhoireann na scoile |
2 |
|
Múinteoir(í) ranga príomhshrutha |
2 |
|
Múinteoir(í) ag obair i bpoist tacaíochta |
1 |
|
Cúntóirí riachtanas speisialta |
1 |
1. Cáilíocht na bainistíochta
sa scoil
Tagann daltaí uile na scoile ó theaghlaigh le Gaeilge
agus is cainteoirí dúchasacha le saibhreas teanga iad formhór acu. Is é misean na bpáirtithe scoile ná
oideachas caitliceach a sholáthar do na daltaí in atmaisféar ceannúil sona
sábháilte a chuirfidh na daltaí chun cinn go h-intleachtúil, spioradálta,
fisiciúil, agus cultúrtha agus chun deiseanna comhionnanach oideachais a chur
ar fáil do gach dalta de réir a chumas. Éiríonn leis an scoil an ráiteas misean
seo a bhaint amach in atmaisféar sona dearfach inar féidir le daltaí forbairt
agus fás a dhéanamh mar réiteach don iarbunscolaíocht agus chun páirt a
ghlacadh sa domhan mór. Dearbhaítear sa ráiteas misean go mbeidh an scoil ag
comhoibriú sa chur chuige leis na tuismitheoirí agus tá an scoil ag déanamh
iarrachtaí fiúntacha na tuismitheoirí a cheangal le gníomhaíochtaí foghlama na
scoile. Dearbhaíodh ag na cruinnithe réamhthuairisce gur athrú é seo ar
thraidisiún na scoile agus go bhfuil na tuismitheoirí thar a bheith sásta leis
an athrú. Tá moladh tuillte ag foireann na scoile as ucht a gcuid dea
iarrachtaí ardú a chothú i gcaighdeáin na scoile, croinicí na scoile a
thabhairt suas chun data agus plean scoile a chruthú do ghníomhú na scoile, cé
go mar phríomhoide feidhmiúil atá an príomhoide fostaithe le trí bliana anois
agus go mar ionadaí atá an cúntóir nua cheaptha ag gníomhú faoi láthair.
Bíonn
cruinnithe ag an mbord bainistíochta faoi chúig in aghaidh na bliana nó níos
minice má bhíonn gá leis. Is athchóiriú scoile an príomh aidhm atá ag an mbórd
anois agus tá súil acu go mbeidh conraitheoirí ar an suíomh chun tús a chur
leis an obair, roimh dheireadh na bliana. Tá an bórd
tofa faoi rialacháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, ceaptar clár oibre i
gcóir na cruinnithe agus tá oifigí aitheanta mar is cuí ar an mbord.
Gníomhaíonn an bord go hiomlán trí Ghaeilge, coinnítear smacht ar chaiteachas
agus bhí na miontuairiscí agus cuntas airgid ar fáil don chigireacht seo.
Glacann an bord leis na freagrachtaí atá leagtha orthú agus tá ráiteas
polasaithe acu anois ar raon leathan de ghníomhaíochtaí na scoile. Tá caomhnú
páistí agus córas maoirseachta chun sábháilteachta páistí ináirithe sa phlean
scoile le freagrachtaí chuige seo leagtha ar dhaoine aitheanta. Is fiú dualgais
post freagrachta a aimsiú don chúntóir nua-cheaptha chun tacaíochtaí breise a
thabhairt don phríomhoide. Is gá don bhord uasdátú a dhéanamh ar chuid de na
polaithe seo de bharr na tuairisce, chomh maith le hathraithe reachtaíochta
agus cleachtais le blianta anuas. Is fiú plean ar pheideolaíocht scoile a
chruthú san ath-bhreithniú seo chomh maith le sainiú a dhéanamh ar an gcur
chuige idirdhealaithe a úsáidtear sa teagasc agus foghlaim. Is gá freisin plean
forbartha scileanna foirne agus plean dírithe ar mhír 9 (h) den Acht um
OIdeachais (1998) a chur leo seo. Pléadh leis an mbórd na bealaigh éagsúla chun
úinéaracht don phlean a roinnt leis na tuismitheoirí chomh maith leis na
nósanna coitianta chuige sin. Is fiú teagmháil a dhéanamh leis an t-ionad
teanga áitiúl atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta ar an oileán, chomh maith
leis na eagraíochta eile leasmhara Gaeltachta chun comhaontú a dhéanamh ar an
bplean. Cuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoi dhul chun cinn a bpáistí trí
chruinnithe faoi dhó sa bhliain ar a laghad agus cuirtear fáilte roimh
theagmhálacha eile neamhfhoirmeálta le linn na scoilbhliana.
Tá raon leathan seirbhísí ar fáil sa scoil seo agus
déantar bainistíocht éifeachtach orthu. Tá an príomhoide feidhmiúil ag obair sa
scoil le trí bliana agus oide sealdach nua-cheaptha a thosaigh sa scoil i
mbliana. Tá an bheirt acu inniúil gairmiúil agus éifeachtúil i mbun oibre.
Faigheann siad cabhair fáilteach ón oide acmhainne agus tacaíochta foghlama
páirt aimseartha atá ag feidhmiú sa scoil. Is inmholta freisin an dua agus an
dúthracht a chaitheann an cuntóir ranga leis an dalta atá faoina cúram agus an
tacaíocht a thugann sí do ghníomhaíochtaí na scoile i gcoitinne. Ní bhíonn an
bheirt seo páirteach sna cruinnithe foirne a eagraítear tar éis am scoile ach
bhfiú don oide tacaíochta freastal ar chuid de na cruinnithe ag braith ar an
gclár cruinnithe. Tá ranganna na scoile roinnte idir na hoidí le ranganna
naonán agus rang a dó le chéile faoi chúram an phríomhoide agus ranganna trí,
ceathair, cúig agus sé faoi chúram an chúntóra nua-cheaptha. Cinntíonn said
beirt go mbíonnn atmaisféar suáilceach sábháilte sa scoil chomh maith le clár
forásach oideachais a bheith ar fáil do na daltaí. Cleachtaítear dea-mhódhanna
múinte, úsáidtear fearas agus bogábhar tacaíochta go rialta agus tá beartais i
leith breis úsáide na teicneolaíochta san oideachais á chur le chéile faoi
láthair. Baintear úsáid as an tacaíocht airgeadais faoi scéim D.E.I.S agus an
t-airgead a fuarthas anuraidh faoi scéim na gcuntas dímhaoine, chun seirbhísí
agus deiseanna breise a sholáthar do dhaltaí na scoile. Cé go bhfuil an scoil
scoite amach ón mórthír, bíonn an scoil páirteach in iliomad imeachta agus
comórtais ar an mórthír. Bíonn féilire gníomhach imeachtaí ar an oileán chomh
maith idir fheiseannna, lá patrúin, idirchaidrimh le scoileanna a thugann
cuairteanna bliantúla ar an oileán cosúil le Scoil Naithí, Scoil Chabra agus
Scoil Naomh Cíosóg, chomh maith le bheith rannpháirteach in obair chórach
eaglasta agus cheolchoirmeacha ar an oileán. Moltar na hoidí as ucht a ndíogras
agus proifisiúntacht ag iarraidh úinéaracht a ghlacadh ar chur chuige agus
caighdeáin oideachais na scoile seo. Tá siad beirt fiúntach agus coinsiasach,
soláthraíonn siad clár foirfe oideachais do na daltaí agus éilíonn said
scileanna neamhspleáchais foghlama a chruthú a luaithe agus is féidir.
Dhearbhaigh an bord bainistíochta agus ionadaithe na
dtuismitheoirí a sástacht le héifeacht agus proifisiúntacht na n-oidí agus le
feidhmiú na scoile anois ag na réamhchomhdhálacha don tuairisc seo. Tá obair
mhór ar siúl sna iarrachtaí scoile tuismitheoirí a bheith páirteach i
ngníomhaíochtaí oideachais a bpáistí trí scéimeanna urraithe faoin scéim
D.E.I.S. agus cinntítear atmaisféar suáilceach fáilteach don phobal sa scoil.
Coinnítear an fhoirgneamh maisithe agus glan taobh istigh agus taobh amuigh
agus glacann an scoil páirt leanúnach i dtionscnaimh éagsúla sóisialta agus
curaclaim. Coinnítear na seomraí uile agus pasáiste na scoile tarraingteach le
saothar na ndaltaí ar ghnéithe curaclaim agus abháir tionscnaimh eile agus is
breá an taifead iad seo ar scileanna na ndaltaí. Is fiú breis úsáide a bhaint
as infheistíocht teicneolaíochta na scoile trí nuacht litir tréimhsiúil a
sholáthar don phobal ina léirítear gníomhaíochtaí suimiúla na scoile agus
áitiúla. B’fhiú freisin nasc leictreonach a chothú le scoileanna eile ar
oileáin i gcéin agus i gcóngar chomh maith le scoileanna Gaeltachta agus Galltachta
ar an mórthír.
Tugadh
suntas don ghaol oscailte cineálta idir na páirtithe scoile. Déanann fiche cúig
dalta freastal ar an scoil faoi láthair agus úsáideann oidí agus daltaí céad
ainmneacha lena chéile ina gcomhchaidrimh. Bíonn an tinnreamh ard i
gcónaí agus is leasc leis na daltaí aon lá scoile a chailleadh. Cuirtear
clár oibre forásach spreagúil os comhair na ndaltaí, cuirtear béim ar chothú
neamhspleáchais scileanna agus ullmhaítear iad go maith don iar-bhunscoil. Is annamh
ar gá don fhoireann dul i muinín an cód smachta sa scoil agus is iondúil go
dtugann na daltaí sinsearacha aire chineálta do na daltaí soisireacha sna
himeachtaí scoile.
2. Cáilíocht na pleanála sa
scoil
Aontaíodh athraithe a dhéanamh ar ghnéithe den phlean
le linn na tuairisce seo agus go gcuirfidh an plean faoi bhráid na
dtuismitheoirí ar bhonn réamh aontaithe leis an mbord. Socraíodh freisin go
mbeadh cóipeanna de na pleananna oideachais pearsanta níos iomláine le
spriocanna cinnte gníomhaíocta iontu agus go ndéanfaí tuairiscí scríofa a
sholáthar ar gach dalta faoi dheireadh na scoilbhliana. Cé go bhfuil sé deacair
ar oidí atá ag feidhmiú i rólanna sealadacha, úinéaracht a ghlacadh ar
pholasaithe forbartha agus i gceapadh straitéis chun todhchaí na scoile a
threorú, tá ard mholadh tuillte acu de bharr a gceannródáiochta san obair go
dtí seo. Tá croinicí na scoile tugtha suas chun dáta agus tá plean feidhmiúil
scoile curtha le chéile ar phríomh ghnéithe imeachta na scoile. Aontaíodh
freisin ag iarchomhdháil na tuairisce seo an t-ord phriarachta a thabharfaí do
na pleananna nua atá fós le ceapadh. Is gá infheistíocht suntasach a dhéanamh
in áiseanna oideachais na scoile, go háirithe in úirlísí meastóireachta agus
tacaíochta do na daltaí, daltaí le riachtanais speisialta san áireamh. Tuigtear
go mbeidh sé seo dúshlánach i bhfianaise an obair fhorbartha atá le déanamh ar
fhoirgneamh agus clós na scoile faoi láthair. Is gá freisin plean infheistíochta
leabharlainne agus fearas a chinntiú agus is cabhair mhór an úsáid rialta a
bhaineann na daltaí scoile as leabharlann phoiblí an oileáin faoi láthair. Tá
an chabhair a thugann an leabharlannaí i roghnú agus i bhfíosrú leabhair
oiriúnacha do na daltaí le moladh.
Úsáidtear raon leathan modheolaíochta sa dá sheomra
ranga cosúil le grúp obair, obair ranga, obair bheirte agus obair aonair, cé go
bhfuil seomra na n-ardranganna an chúng chuige seo. Bíonn an teagasc agus an
fhoghlaim spreagúil agus tioncharach dá réir. Déantar iarracht mhacánta
prionsabail an churaclaim a chur i bhfeidhm sa clár teagaisc agus foghlama agus
is fiú anois na cleachtais chuige seo, go háirithe na cleachtais ar dhifrealú
curaclaim agus úsáid na meastóireachta chun an clár léinn a aithint do dhaltaí
ar leith, a chur faoi réir an phleanscoile. Tá iarracht idir láimhe caighdeáin
na scoile a ardú agus tá moladh tuillte as an gcomh iarracht comhordaithe atá ar
siúl i measc na foirne. Bíonn cruinnithe leis na tuismitheoirí ar dhul chun
cinn na ndaltaí faoi dhó sa bhliain agus cothaítear eascaíocht mhór do na
tuismitheoirí teagmháil a choinneáil leis an scoil.
Cuireadh
deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais
agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis
na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais
agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáíl freisin gur
díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na
nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna
imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go
bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad
na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus
ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.
3. Cáilíocht na foghlama agus
an teagaisc
Baintear úsáid as an nGaeilge mar theanga teagaisc
agus cumarsáide sa scoil seo seachas le linn múineadh an Bhéarla. Cuirtear béim
ar theagasc na Gaeilge mar úirlís fhoghlama agus déantar saibhriú agus
forleithniú ar soifisticúlacht nádúrtha teanga na ndaltaí dá réir. Tá spiorad
rannpháirtíochta agus sástachta follasach sa gcur chuige agus cothaítear féin
mhuinín agus treallúsacht na ndaltaí san obair. Baintear úsáid as ‘Séideán Sí’
agus as raon téacsleabhar chun scileanna léitheoireachta a chothú agus
úsáidtear an leabharlann scoile chun léitheoireacht thaoitheanach a chothú. Is
fiú infheistíocht suntasach a dhéanamh sa leabharlann, go háirithe sa chnuasach
leabhar nua-aimseartha Ghaeilge atá inti faoi láthair. Is fiú freisin an
leabhar fílíochta a ceapadh sa scoil i 1972 a bheith sa stoc leabharlainne
chomh maith le scríbhneoirí eile comhaimsire sa Ghaeilge chun cleachtadh na
léitheoireachta a threisiú. Cothaítear na scileanna macnaimh ard-ord go rialta
sa churchuige agus baineann na daltaí caighdeáin chreidiúnacha amach a thagann
lena n’inniúlacht nadúrtha. Tugtar faoi raon leathan ábhair ceapadóireachta
agus scríbhneoireachta sa scoil, ghlac na daltai páirt i scéim scríobh leabhair
anuraidh agus dírítear aire ar na meicnicí chomh maith. Baintear úsáid rialta
as tionscadail agus téamaí taighde chun comhghaolú a cheangal idir na gnéithe
curaclaim. Is fiú deiseanna a thabhairt do na daltaí a gcuid saothar
scríbhneoireachta a chur i láthair pobal níos leithne tríd an idirlíon agus trí
fhoillsiúcháin tréimhsiúla ón scoil féin.
A structured approach is used to the development
of a variety of skills in English. Due emphasis is placed on developing oral
language skills, phonological awareness as well as structured reading and
writing programmes of work. Emphasis is placed on the communicative approach
through drama, circle time and discussion, and an excellent anthology of poetry
and rhyme is offered to develop language appreciation. Parents are encouraged
to engage in shared reading exercises with the pupils, personal reading is a
leisure activity practised by all the pupils and further investment in library
books in English is required. Writing is taught in a developmental fashion with
editing and re-writing being a feature of the approach. Pupils’ progress is
carefully monitored through a variety of assessment procedures including
teacher observation, questioning, written tasks, correction of copies and books
and the use of standardised tests.
Bíonn obair mheabhrach mar chleachtas rialta sa chlár
oibre matamaitice chomh maith le díriú ar chothú téarmaíocht na
mhatamaitice sa dá theanga. Úsáidtear ceardlanna oibre agus as ábhar
coincréideach chun tuiscint ar na bunchoincheapa a fhorbairt cé go treoraíonn
na téachleabhair go príomha an clár oibre. B’fhiú anois breis úsáide a bhaint
as matamaitic na timpeallachta chun feidhmiúlacht na matamaitice a léiriú do na
daltaí. Eagraítear grúpobair go héifeachtach chun freastal ar raon cumas na
ndaltaí sna ranganna difriúla agus baintear úsáid thairbheach as gníomhaíochtaí
chun na spriocanna teagaisc a chur i bhfeidhm. Tugtar deiseanna do na daltaí
scileanna tuair agus meastacháin a fhorbairt agus is inmholta na straitéisí a
úsáidtear chun scileanna i réiteach fadhbanna a chur chun cinn.
Cuirtear
béim sa phlean scoile ar chothú na scileanna riachtanach d’eolaithe cosúil le
iniúchadh ar tréithe, gaoil, tuar, triail, agus téamaí taighde bunaithe san
ullmhúchán phearsanta ar na snáitheanna agus snáithaonaid atá sa churaclaim.
Bíonn daltaí rannpháirteach in obair comhoibritheach, baineann siad úsáid as
fearas agus bogábhar tacaíochta don anailís agus cláraítear torthaí na dtriail
go leanúnach. B’fhiú úsáid a bhaint as na cúntóirí tacaíochta curaclaim sa
ghnéith oibre seo chomh maith agus clár oibre a cheapadh a bheadh ceangailte go
dlúth i dtús báire le imshaoil agus taithí an oileáin. Is cóir go mbeadh fórsaí
farraige agus gaoithe, eiceolaíocht mara agus caomhnú stoc éisc, sruthanna agus
réalteolais clúdaithe sa chlár chomh maith le gnéithe eile a bhaineann le saol
an oileáin ach nach mbeadh clúdaithe sna téacsleabhair. Moltar an feachtas atá
idirláimhe tionchar na teicneolaíochta i gclár léinn na ndaltaí a ardú.
Usáidtear
tástálacha caighdeánacha chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na
ndaltaí. B’fhiú cur le raon na dtástálacha a úsáidtear chun cláir léinn aonaracha
a aithint de réir cumas na ndaltaí agus torthaí na meastóireachta a chlarú de
réir ranga. Is fiú straitéis bhreise cosúil le breathnóireacht oide, liostaí
seiceála, bailiúcháin oibre, samplaí oibre, tionscadail, tascanna agus
trialacha a dhearann na hoidí féin a chur san áireamh sa phróiséas
meastóireachta. Is fiú iad a úsáid chun léargas a thabhairt do thuismitheoirí
ar dhul chun cinn agus na torthaí a sheoladh chucu i bhfoirm tuairisce ag
deireadh na scoilbhliana.
4. Cáilíocht na tacaíochta do
dhaltaí
Tugtar
seirbhís choinsiasach do na daltaí le riachtanais speisialta a dhéanann
freastal ar an scoil. Cinntítear rochtain agus rannpháirtíocht do na daltaí
uile ar bhonn cothrom, i ngníomhaíochtaí na scoile. Soláthraíonn an t-oide
tacaíochta foghlama múinteoireacht sa bhreis sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic do
dhaltaí a bhfuil deacrachtaí léinn acu agus leantar clár cothú foirfeachta agus
cothú scileanna daltaí. Is trí aistharraingt ón rang i ngrúpaí nó ar bhonn
aonair an múnla coitianta oibre cé go mbaintear úsáid as comh-mhúinteoireacht
sna ranganna ar bhonn rialta sna hardranganna.
B’fhiú go
mór dá bhféadfaí rochtann a chinntiú ar fhearas agus ar thaithí do dhalta le
riachtanas speisialta, san ionad speisialta oideachais atá tairiscí dó go páirt
aimseartha, i scoil ar an mórthír. Bheadh gá le socraithe speisialta taistil a
dhéanamh chomh maith le cláir oibre a chomhaontú leis na teiripithe tacaíochta,
chun an buntáiste is fearr a bhaint as an ionad. Is inmholta an tacaíocht
ghoilliúnach a thugann an cúntóir riachtanais speisialta don dalta faoina cúram
chomh maith le bheith gníomhach in obair scoile i gcoitinne. Soláthraíonn sí
seirbhís goilliúnach freagrach do dhaltaí na scoile trí chéile.
Dearbhaíonn
an scoil gur daltaí comhchosúla áitiúla daltaí uile na scoile seo faoi láthair.
Tá an scoil ag feidhmiú faoi chlár D.E.I.S. agus baintear úsáid tioncharach as
an mbuiséad chun seirbhísí agus taithí bhreise a sholáthar ar bhonn réamh
aitheanta. Is fiú clár aontaithe agus aitheanta a dhearadh faoin scéim seo agus
i gcomhar le scéim an chiste díomhaine. Is gá an scéim oibre a bheith aontaithe
agus faofa ag cruinnithe an bhoird ag tús na scoilbhliana.
5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí
d’fhorbairt bhreise
Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa
mheastóireacht:
· Tá dea-iompar agus comhoibriú na
ndaltaí le moladh.
· Moltar dearcadh, éifeacht agus
dúthracht oidí ina gcuid oibre.
· Tá timpeallacht thioncharach
foghlama cruthaithe sa scoil.
· Déantar dea-chúram de dhaltaí le
riactanais speisialta agus le deacrachtaí foghlama .
Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun
dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á
ndéanamh:
· Plean uasghrádú foirgnimh agus
chlóis na scoile.
· Uasgrádú
ar an bplean scoile.
· Athbhreithniú ar ghnéithe den
churaclaim agus deiseanna do dhaltaí.
· Clár oibre réamh aontaithe ar
chaiteachas D.E.I.S. agus ar íocaíochtaí ó Chiste na gCuntais Díomhaoine.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an
bhfoireann agus leis an mbord bainisíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí
agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.
Foilsithe Eanáir 2009
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord
Bainistíochta
Réimse
1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
Bhí muid an
sásta leis an tuairisc, agus buíoch don Chigire. Thug sé deis dúinn é a
phlé leis an mBord Bainistíocha agus d’fhreagair sé ceisteanna agus thug sé
soiléiriú
Réimse
2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó
cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na
cigireachta a chur i bhfeidhm
Tá muid ag
déileáil leis na moltaí, leathunach 7