An Roinn Oideachais
agus Eolaíochta
Department of
Education and Science
Meastóireacht Scoile
Uile
TUAIRISC
SN Phádraig
Dobhar, An Bunbeag, Leitir Ceanainn,
Contae Dhún na nGall
Uimhir Rolla: 17018N
Dáta na cigireachta: 20 Deireadh Fómhair 2006
Dáta eisithe na tuairisce: 21
Meitheamh 2007
An Tuairisc seo ar Mheastóireacht Scoile Uile
1.
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
2.
Cailíocht na bainistíochta sa scoil
2.4 Bainistíocht an chaidrimh agus na
cumarsáide le pobal na scoile
3.
Cáilíocht na pleanála sa scoil
3.1 An próiseas pleanála sa scoil agus a chur i
ngníomh
4.
Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
4.3 Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus
Eolaíochta
4.6 Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus
Sláinte
5.
Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
5.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta
oideachais acu
6.
Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
An
Tuairisc seo ar Mheastóireacht Scoile Uile
Scríobhadh
an tuairisc seo tar éis meastóireacht scoile uile a bheith déanta ar SN
Phádraig, Dobhar. Léiríonn sí torthaí meastóireachta a rinneadh ar obair na
scoile ina hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar
obair na scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta
ag na cigirí leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na
scoile agus le tuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar
thréimhse roinnt laethanta inar thug na cigirí cuairteanna ar sheomraí ranga
agus inar bhreathnaigh siad ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne siad
idirghníomhú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh siad obair na
ndaltaí agus rinne siad idirghníomhú leis na múinteoirí ranga. D'athbhreithnigh
siad doiciméadú faoi phleanáil scoile agus ullmhú scríofa na múinteoirí. Bhuail
siad le grúpaí foirne éagsúla de réir mar ba chuí. I ndiaidh na cuairte
meastóireachta thug na cigirí aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord
bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a
thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an
mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
1. Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Is scoil Ghaeltachta chomhoideachais SN Phádraig, Dobhar. Tá
100 dalta ar na rollaí faoi láthair agus tá gach dealramh de réir an mheán
rollaithe mheasta go mbeidh meadú leanúnach ar na rollaí idir an bhliain 2007
agus 2010. Tógadh an scoil seo i 1934 agus cuireadh síneadh leis i 1989. Le
linn na meastóireachta bhí obair thógála ar siúl ar fhoirgneamh na scoile, áit
a bhfuil seomraí agus áiseanna breise á gcur leis an
scoil. Tá cúigear oidí ar an bhfoireann chomh maith le h-oide tacaíochta
foghlama agus comhordaitheoir baile/scoile/pobail. Tá cúntóir riachtanais
speisialta fostaithe sa scoil chomh maith.
2. cailíocht na bainistíochta sa scoil
Cuireann
an scoil roimpi oideachas d’ardchaighdeán trí Ghaeilge a chur ar fáil dá daltaí
chun iad féin a ullmhú don saol. Déantar gach iarracht saoithiúlacht Ghaeilge a
chothú sa scoil chun cur ar chumas na ndaltaí meas agus tuiscint a bheith acu
dá bhféiniúlacht chultúrtha féin. Tá traidisiún láidir Gaeilge ag an scoil seo,
áit a bhfuil suim agus spéis sa chultúr Gaelach agus sa teanga á spreagadh go héifeachtach ag an bpríomhoide, ag foireann agus ag pobal
an scoile. Tá Naíonra lonnaithe sa scoil. Déantar obair réamhscolaíochta trí
mhéan na Gaeilge anseo agus tuairiscítear go gcuidíonn sé seo go tairbheach le
páistí an Ghaeilge a chur ar a dtoil sula dtosaíonn siad i rang na Naíonán.
Sonraíonn an
dea-chumarsáid agus an caidreamh taobh istigh den scoil sainspiorad na scoile
chomh maith leis na luachanna agus na prionsabail atá rianaithe sa ráiteas
misin sa phlean scoile. Tá étos Chaitliceach sa scoil ag cur chun cinn meas
agus omós don chreideamh i ngrá, saoirse, cearta, fírinne agus áthas. Is inmholta an chúirtéis agus an comhoibriú a
léirítear sa scoil seo. Tá comhbhá agus meas ar a chéile le sonrú i
dtimpeallacht dhaonna na scoile.
Cuireann na hoidí chun oibre go dúthrachtach, proifisiúnta agus
comhoibríonn siad go tairbheach lena chéile, le lucht bainistíochta na scoile
agus leis na tuismitheoirí ar mhaithe le hatmaisféar breá foghlama a chruthú sa
scoil. Is breá an dua agus an tsuim a
léiríonn na hoidí i leas a gcuid daltaí.
Tá rian an-éifeachtach le sonrú ar
eagraíocht agus ar chúrsaí teagaisc agus foghlama sa scoil. Cothaítear
dea-nósanna iompair agus saothair sna daltaí agus tugann siad faoina gcuid
oibre go fonnmhar.
Comhoibríonn
an patrún, Easpag Ráth Bhotha leis an mbord bainistíochta i mbainistíocht na
scoile. Tá an bord bunaithe mar is cóir
agus tá baill an bhoird an-éifeachtach ina dtacaíocht chun oideachas
éifeachtach a sholáthar sa scoil.
Déanann baill an bhoird bainistíochta teagmháil rialta le chéile tré
chruinnithe a reachtáil gach téarma.
Deimhníonn an bord cumarsáid lánbhrí le tuismitheoirí go rialta chun iad
a choinneáil ar an eolas faoi chúrsaí na scoile. Feidhmíonn an bord
bainistíochta de réir na riachtanas san Acht Oideachais agus treoracha
na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
Tá gnáthaimh an bhoird maidir le bainistiú acmhainní airgeadais na
scoile agus na gnáthaimh i dtaca le ceapacháin agus le harduithe céime
éifeachtach. Tá moladh ag dul don bhord
mar gheall ar a dtacaíocht d’fhorbairt phroifisiúnta na n-oidí sa scoil Tá an bord ar an eolas mar gheall ar na
riachtanais reachtúla maidir le cód iompraíochta, tinreamh scoile, agus polasaí
sláinte agus sábháilteachta a ullmhu. Tá polasaithe reachtúla curaclaim, tréad chúram agus polasaithe maidir le riarachán faofa ag an mbord
agus á gcur i bhfeidhm go héifeachtach. Tugann an bord bainistíochta
an-tacaíocht don phríomhoide agus don fhoireann i bproiséas na pleanála. Tá
duine fostaithe ag an mbord a dhéanann an glanadh agus is inmholta an slacht
agus an ghlaineacht a shonraítear sa scoiltheach ina hiomláine agus i gclós na
scoile. Tá coiste tuismitheoirí bunaithe chomh maith a thugann lán-tacaíocht
d’obair na scoile. Spreagtar na tuismitheoirí chun páirt ghníomhach a ghlacadh
in imeachtaí na scoile agus tá an-mholadh ag dul chucu as ucht tacú le méadú na
n-áiseanna sa scoil. Tá an bord agus na tuismitheoirí gníomhach agus aontaithe
faoin áit lárnach atá ag an scoil i gcothú agus i láidriú na Gaeilge. Déantar
cumarsáid rialta le tuismitheoirí trí nótaí agus trí leabhráin obair bhaile
agus caitear go gairmiúil lena bhfiosruithe. Tá tinreamh na daltaí go
maith. Eagraítear cruinnithe múinteoirí
agus tuismitheoirí go bliantúil agus cuirtear cuntais ar dhul chun cinn na
ndaltaí chuig na tuismitheoirí ag deireadh na scoilbhliana.
Tugann an
príomhoide ceannasaíocht an-éifeachtach d’fhoireann agus do phobal na scoile
uile. Tugann sé togha na haire do
chúrsaí na scoile. Léirítear scileanna
bainistíochta ina bhfuil na córais chumarsáide soiléir agus oscailte. Tá fís ag an bpríomhoide d’fhorbairt na
scoile agus tá na pleananna cuí á bhforbairt de réir a chéile. Tá dáiríreacht agus dúthracht le sonrú ar
chur chuige na n-oidí i dtreo go bhfuil ord agus eagar ar imeachtaí uile na
scoile. Cuirtear an-bhéim ar úsáid na
Gaeilge sa scoil agus i measc na dtuismitheoirí. Is léir go bhfuil dul chun
cinn á dhéanamh sna hiarrachtaí éagsúla atá curtha i gcrích go dtí seo ag
bainistíocht na scoile. Tugann na hoidí
go léir comhoibriú agus tacaíocht iomlán don phríomhoide i mbainistíocht na
scoile. Bíonn cruinnithe fóirne sa scoil go rialta chun obair agus polasaithe
na scoile a phlé. Tá dualgais na n-oidí
le poist fhreagrachta rianaithe sa phlean scoile agus á gcur i gcrích go
héifeachtach, ach b’fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu ar bhonn rialta chun
ceangal níos dlúithe a bheith idir na poist fhreagrachta agus na riachtanais
fhorbartha, ó thaobh an churaclaim de.
Féachtar chuige go gcothaítear caidreamh maith
idir na daltaí agus bainistíocht na scoile ar dhóigheanna éagsúla. Tá córais
an-éifeachtacha i bhfeidhm sa scoil ag an mbainistíocht inscoile chun teagmháil
a dhéanamh le tuismitheoirí.
Comhoibríonn
an bord, na hoidí, na daltaí agus glantóir na scoile chun aire an-mhaith a
thabhairt d’fhoirgneamh, d’acmhainní agus do thimpeallacht na scoile. Maisítear na seomraí ranga go tarraingteach,
spreagúil le háiseanna teagaisc, taispeántais agus le hobair na ndaltaí. Tá
raon leathan d’áiseanna teagaisc curtha ar fáil sna seomraí ranga idir
theilifíseanna, fhístéipeanna, théipthaifeadáin, ríomhairí agus dlúthdhioscaí
agus tá úsáid á baint astu don teagasc. Cuireann na hoidí go leor fearas
féin-deartha ar fáil chun tacú leis an gclár oibre. D’fhéadfaí cur leis an raon acmhainní
teagaisc d’ábhar choincréideach do theagasc na Matamaitice do na ranga sóisir.
Rinneadh plé le linn na hiarchomhdhála ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an teicneolaíocht don teagasc agus tá plean oibre don
ríomhaireacht eagraithe ag bainistíocht na scoile i gcomhar le Meitheal Forbartha
na Gaeltachta chun treisiú le scileanna ríomhaireachta na ndaltaí san Ionad nua
pobail atá in aice na scoile. Tá moladh ar leith tuillte ag an mbainistíocht as
an gclár ríomhaireachta atá curtha le chéile do na daltaí.
Aithníonn gach duine atá páirteach i bpobal na scoile seo go bhfuil an
scoil mar dhlúth-chuid den phobal as a n-eascraíonn sí. Mar sin, tá an-ghaol sa
scoil idir thuismitheoirí agus bhaill uile na scoile. Tugtar faoi deara go bhfaigheann na hoidí an-tacaíocht ar fad ó na tuismitheoirí
agus ón bpobal máguaird. Tá polasaí an-éifeachtach sa scoil mar gheall ar
chaidreamh agus ar chumarsáid. Le linn chruinniú na gcigirí leis na
tuismitheoirí mhol siad an oscailteacht agus na
nósanna a chuirtear i bhfeidhm chun
cumarsáid a dhéananmh le múinteoirí.
Cothaítear an ceangal le tuismitheoirí na
ndaltaí réamhscoile tré laethanta eolais a eagrú dóibh agus tá pleananna á
bhforbairt ag an fhoireann chun an ceangal a neartú níos faide nuair a bheidh
an foirgneamh nua scoile críochnaithe chun acmhainní a thagraíonn do
ghníomhaíochtí luath léitheoireachta agus cluichí teanga a chur ar fáil i
seomra na dtuismitheoirí. Tá an chumarsáid idir an scoil agus an baile ó thaobh
fhoclaíocht teanga na Matamaitice le moladh. Cinntítear go bhfuil leanúnachas
sna modhanna atá in usáid idir an scoil agus an baile. Déantar cumarsáid mhaith
a chothú idir scoileanna sa cheantar. Cuireadh dlúthdiosca d’iomainn Nollag le
chéile ina raibh scoileanna eile as an cheantar páirteach ann. Eagraítear
oícheanta sóisialta do thuismitheoirí agus tugtar deis do na daltaí a gcuid
talainn sa dramaíocht, sa cheol, damhsa agus san fhilíocht a léiriú ar an ardán
in Amharclann Ghaoth Dobhair.
Rinneadh plé le linn na hiarchomhdhála ar an
fhiúntas a bhaineann le leabhrán eolais a chur ar fáil do phobal tuismitheoirí
na scoile ina mbeadh na polasaithe go léir rianaithe agus saothar na scoile a
chur in iúl dóibh. Pléadh chomh maith an tairbhe a bhaineann le nuachtlitir
scoile a chur le chéile chun obair chruthaitheach na ndaltaí a roinnt le pobal
na scoile. Moltar leas a bhaint as an teicneolaíocht chun an sprioc seo a
bhaint amach.
Tá
bainistíocht an-éifeachtach á déanamh ar na daltaí sa scoil seo. Tá nósanna
oibre préamhaithe iontu agus tá meas le sonrú idir na hoidí agus daltaí agus
idir na daltaí féin. Tugtar dearbhú deimhnitheach do dhaltaí ar bhonn rialta
agus tá atmaisféar compordach foghlama cruthaithe ag na hoidí sna seomraí ranga
Déantar cúram do shláinte agus do shábháilteacht na ndaltaí agus cothaítear rannpháirtíocht iomlán na
ndaltaí i ngach gné de shaol na scoile.
3. Cáilíocht na pleanála sa scoil
Cuireadh fianaise ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil
céimeanna cuí glactha ag an mbord bainistíochta agus ag an bhfoireann chun
beartais a fhorbairt atá ag teacht le forálacha i Children First: National Guidelines
for the Protection and Welfare of Children (An Roinn Sláinte agus
Leanaí, 2004) agus Treoirlínte
agus Cur Chuige um Chaomhnú Páistí (An Roinn Oideachais agus
Eolaíochta, Aibreán 2001). Cuireadh fianaise ar fáil, leis, a dhearbhaíonn go bhfuil
na beartais glactha ag an mbord bainistíochta agus go bhfuil siad curtha i
bhfeidhm aige. Táthar tar éis duine idirchaidrimh ainmnithe a cheapadh de réir
cheanglas threoirlínte na Roinne.
Tá
polasaithe ullmhaithe do na gnéithe den churaclam a bhfuil oiliúint ionghairme
faighte iontu. Tá soláthar sa phlean do mheascán de chleachtais fhoghlama agus
theagaisc: comhfhoghlaim, gníomhfhoghlaim, fadhbréiteach agus obair chomhoibritheach ina measc. Déantar an phleanáil ar bhonn
comhoibritheach uile scoile. Tá plean tacaíocht foghlama den scoth curtha le
chéile ag an bhfoireann ina rianaítear cur chuige na n-oidí don tacaíocht
fhoghlama ar fud na scoile. Tá sé i gceist ag an bhfoireann plean straitéiseach
trí bliana á leagan amach i bhfoirm leanúnach le freastal ar na riachtanais atá
aitheanta ag an scoil. Tá dialann agus plean gníomhaíochta gearrthréimhseach
acu leis an bplean scoile a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Ta tairbhe den
scoth ag baint leis an obair seo agus leis an athbhreithniú rialta. Moltar an
phleanáil don mheasúnú ar bhonn scoile trasna an churaclaim a fhorbairt agus
úsaid a bhaint as an teicneolaíocht chun an dul chun cinn a rianú ar bhonn
scoile uile. Tá féin-mheastóireacht shásúil ar siúl ag na hoidí faoina bhfuil bainte amach agus
faoina bhfuil fós le cur i gcrích. Tréaslaítear leis an bhfoireann as an
díograis seo. Tá treoir agus cinnireacht ar leith tugtha ag an bpríomhoide don
fhoireann sa ghné seo don obair agus is an-éifeachtach mar a chomhghníomhaíonn
siad uile san obair seo ar leas na bpáistí.
Soláthraíonn na
hoidí cairteacha, leathanaigh shaothair agus luaschártaí chun cur le héifeacht
an teagaisc sna ranganna. Is inmholta na láithreacha suime atá curtha le chéile
ag na hoidí chun suim na ndaltaí in ábhair éagsúla a spreagadh. Tá na seomraí
ranga eagraithe go maith agus baintear
usáid as raon leathan de mhodhanna múinte.
Tá an
fhoireann iomlán agus an bord bainistíochta páirteach i ndearadh agus i gcur i
bhfeidhm an phlean scoile. Leagtar síos spriocanna sainiúla le móraidhmeanna an
phlean a chur i gcrích. Baintear úsáid as an bplean scoile i ndearadh pleananna
oibre na n-oidí aonair. Leagann gach oide plean oibre fadtréimhseach amach dá
rang faoi na snáitheanna agus snáthaonaid atá sa churaclam. Coimeádann gach
oide cuntas go míosúil ar dhul chun cinn na hoibre. Cuntas gairid ina leagtar síos
an t-ábhar atá múinte atá i gceist agus cur síos ar na scileanna agus na
coincheapa atá foghlamtha ag na daltaí. Is léir ó phlean agus ó chlár teagaisc
na scoile go bhfuil taithí á tabhairt do na
daltaí i gcuraclam leathan agus cothrom.
4. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
An
Ghaeilge
Treáslaítear
leis an bhfoireann as an dóigh go bhfuil ag éirí leo an Ghaeilge a choinneáil
mar phríomh-mhéan chun cumarsáid a dhéanamh sna seomraí ranga agus i gclós na
scoile. Tá saibhreas teanga ag na hoidí go léir sa scoil seo agus is
rí-inmholta an caighdeán Gaeilge atá bainte amach ag formhór na bpáistí sa
scoil seo. Saothraíonn na hoidí go díograiseach chun an phleanáil théamúil a dhéanamh
trasna an churaclaim bunaithe ar thopaicí do chómra Gaeilge. Tapaíonn na hoidí
gach deis chun an comhrá, léitheoireacht agus scríbhneoireacht Ghaeilge a
fhorbairt go h-éifeachtach. Sonraítear atmaisféar Gaelach trí gach gné de shaol
na scoile seo agus is léir go bhfuil na daltaí ag baint tairbhe as seo mar go bhful
líofacht d’ard chaighdeán bainte amach ag formhór na ndaltaí sa Ghaeilge.
Úsáideann na hoidí straitéisí an-éifeachtacha ar bhonn uile scoile chun
cumarsáid i nGaeilge a fhorbairt agus a dhaingniú. Baintear úsáid an-mhaith as acmhainní
difriúla chun suim agus samhlaíocht na ndaltaí a fhorbairt agus líofacht mhaith
teanga a mhealladh uathu. Léiríonn na daltaí tuiscint an-mhaith ar thopaic atá
á phlé sa rang. Aithrisíonn na páistí a lán dánta, rann agus amhrán, rud a
fhorbraíonn dea-fhoghraíocht, blas, luas agus rithim na teanga. Tá foclóir
leathan acu agus tuiscint fheidhmiúil ar struchtúr agus ar chuspóir na
mbriathra. Tá stór leathan de nathanna cainte ar eolas ag na daltaí. Baineann
na hoidí leas an-tairbheach as an nGaeilge mar theanga bhainistíochta agus
baintear feidhm as an drámaíocht chun ábaltacht an pháiste chun an teanga a
chumadh, a fheabhsú. Cuirtear béim ar dhrámaíocht agus ar an dhíospóireacht
agus ar chumadóireacht neamspleách na teanga.
Freagraíonn na daltaí ceisteanna dúshlánucha faoi théamaí éagsúla, le líofacht
an-bhreá. Baintear usáid éifeachtach as ábhar léirithe agus nithiúil don
teagasc. Tugtar deiseanna fiúntacha do na daltaí cleachtadh a dhéanamh ar an
teanga agus fíorchumarsáid a dhéanamh le linn na gceachtanna Gaeilge.
Baintear
úsáid an-éifeachtach as na leabhair mhóra don léitheoireacht sna bunranganna
agus léann na daltaí le brí agus le tuiscint. Cruthaítear timpeallacht prionta
agus focal-shaibhir sna seomraí ranga agus baintear usáid as an timpeallacht
seo chun suim na ndaltaí a spreagadh le linn na gceachtanna. Cumann na daltaí
scéaltaí go rialta agus is breá an caighdeán a bhaineann na daltaí amach sna
samplaí scríbhneoireachta éagsúla. B’fhiú anois tógáil ar an obair atá idir
lámha maidir lena gcuid scéalta a chur i gcló. Chuige sin, moltar breis úsáide a
bhaint as an teicneolaíocht agus scéalta na ndaltaí sinsireacha a chur i
láthair do na daltaí sóisireacha. Léann na daltaí na téacsanna ranga go cruinn
sna meán-ranganna agus sna hardranganna.Tugtar faoi deara go bhfuil tuiscint
an-mhaith ag mórchuid acu ar a bhfuil á léamh acu. Glacann na daltaí páirt
an-fhiúntach i bplé grúpa ina léirítear tuairimí faoin ábhar. Spreagtar an
taoiléitheoireacht chun taithí níos leithne a thabhairt do na daltaí réimse
níos leithne de chineálacha difriúla téacsanna a léamh. Sonraítear go bhfuil
caighdeán breá ard á bhaint amach ag na daltaí sa scríbhneoireacht fheidhmiúil.
Bhí réimse éagsúla téacsanna á scríobh ag formhór na ndaltaí mar shampla,
nuacht agus scéalta gearra agus aistí.
Béarla
Tá
plean breá curtha le chéile ag an bhfoireann don Bhéarla ina ndéantar cur síos
ar na nithe seo a leanas: modhanna múinte, cluichí teanga, scileanna
luathléitheoireachta agus léitheoireachta, próiseas scríbhneoireachta agus filíocht
maraon le tuiscint agus measúnú. B’fhiú
roinnt forbartha a dhéanamh ar an chur chuige ó thaobh cláracha fuaimníochta
breise sa Bhéarla a usáid chun cur le forbairt foghraíochta na ndaltaí sa ghné
seo den churaclam. Tá pleananna sa tsiúl ag an bhfoireann chun an sprioc seo a chur
i gcrích. Tugtar deiseanna do na daltaí ar fud na scoile chun a scileanna
éisteachta agus labhartha sa Bhéarla a fhorbairt.
Moltar
breis scéalta a dhéanamh sa bhun-roinn chun scileanna éisteachta a fhorbairt
níos faide agus chun taithí léitheoireachta bhreise a thabhairt do na daltaí.
Tá an raon leathan de théacsanna léitheoireachta atá in usáid chun an
léitheoireacht a fhorbairt in úsáid go héifeachtach ag na hoidí agus is
inmholta an tsuim agus an dóigh gur féidir leis na daltaí cur síos a dhéanamh ó
bhéal ar na leabhair atá léite acu. Cothaítear páirtíocht na dtuismitheoirí go
luath sa léitheoireacht tré chlár an-éifeachtach comhléitheoireachta a chur ar
bun. Tá an caighdeán sa léitheoireacht an-ard i ngach roinn sa scoil. Baineann
na daltaí an-sult as na leabhair úrscéalta agus raon leathan de leabhair
leabharlainne chomhaimseartha atá ar fáil dóibh.
Tugtar
faoin scríbhneoireacht fheidhmiúil agus chruthaitheach ar bhonn struchtúrtha
agus is inmholta na samplaí a bhí scríofa ag na daltaí ina gcuid cóipleabhar
agus ar taispeáint ar na ballaí. Moltar go ndeanfaí obair na ndaltaí a fhoilsiú
ag baint usáide as an teicneolaíocht agus moltar go nglacfadh an scoil páirt i
dtionscadail scríbhneoireachta idir scoileanna. Múintear an fhilíocht go
caighdeán an-ard trasna na scoile. Deántar monatóireacht rialta ar obair na
ndaltaí agus déanann na daltaí san ard roinn féin-cheartú mar mheasúnú chomh
mhaith.
Céimnítear
an clár teagaisc sa Mhatamaitic go hoiriúnach ó rang go rang. Tá ardchaighdéan
á bhaint amach ag mórchuid na ndaltaí, go háirithe sna hardranganna. Léiríonn
an chuid is mó de na daltaí tuiscint mhaith ar na coincheapa cuí sa Mhatamaitic.
Baintear úsáid thuisceanach as
téacsleabhair le linn na gceachtanna agus tá sé le sonrú go gcleachtar obair ó
bhéal go rialta chun brí a cheangal leis an fhoghlaim. Déantar nasc an-éifeachtach
idir Matamaitic agus an timpeallacht agus ábhair eile. Déantar cúram breá de
théarmaíocht na Matamaitice a theagasc go struchtúrtha agus spreagtar plé
tairbheach i ngach rang chun tuiscint ar na coincheapa a threisiú. Baintear
úsáid as modhanna gníomhaíochta foghlama agus as cluichí matamaitice i ngach
rang. Cláraíonn na daltaí an obair scríofa go cúramach. Déantar an measúnú trí dhírbhreathnú
an mhúinteora agus ceartú rialta ar shaothar na ndaltaí.
Leagtar
béim inmholta ar an obair ó bhéal a chleachtadh, agus i roinnt ranganna
cuirtear ceisteanna dúshlánacha ar dhaltaí a spreagann iad chun dian-mhachnamh
a dhéanamh. B’fhiú ábhair nithiúla breise a chur ar fáil sa bhun-roinn chun
tuiscint na ndaltaí ar na coincheapa éagsúla a dhaingniú níos faide. Cleachtar
grúpobair chun rannpháirtíocht agus neamhspleáchas foghlama na ndaltaí a
chothú. Déantar measúnú caighdeánaithe agus measúnú an mhúinteora go rialta ar
obair na ndaltaí sa Mhatamaitic.
Stair
Sa Stair, is
éifeachtach mar a chothaítear suim na ndaltaí chun bheith ag obair mar
staraithe. Úsáidtear an stair áitiúl mar bhunús don phróiseas fiosraithe agus
déantar forbairt leanúnach ar na gnéithe staire ó rang go rang. Sna bunranganna
déantar staidéar ar stair phearsanta na ndaltaí agus ar na hathruithe a tharlaíonn
dó dhaoine óga agus iad ag fás. Déantar comparáid idir an seansaol agus saol an
lae inniu go maith agus is féidir leis na daltaí cur síos a dhéanamh go caighdean
ard ar ghnéithe den stair áitiúil agus náisiúnta. Baintear usáid as modhanna
spreagúla éagsúla don teagasc. Cuirtear béim ar fhorbairt scileanna, ar
iniúchadh agus ar fhiosrú fianaise i ngach rang. Tá amlínte ar taispeáint agus in
usáid ar bhonn eifeachtach agus tá an cleachtas seo le moladh. Moltar anois don
scoil iarsmalann ranga a fhorbairt chun suim na ndaltaí a shíneadh san ábhar
seo. Is inmhholta an obair thionscadail atá curtha i gcrích i roinnt ranganna
sa stair. Déantar comhthathú an-éifeachtach idir an ábhar seo agus ábhair eile
an churaclaim i ngach rang.
Tíreolaíocht
Múintear an
Tíreolaíocht i ngach rang agus déantar comhthathú an-éifeachtach idir an ábhar
seo agus ábhair eile. Tá clár leathan curtha le chéile sa phlean scoile agus
cuirtear béim ar leith ar ghnéithe
tíreolaíochta an cheantair. Cothaítear spéis na ndaltaí sna tíortha éagsúla trí
úsáid a bhaint as léarscáileanna, grianghraif, téacsleabhair agus leabhair
eolais. Déantar tionscnaimh ar chultúr
na dtíortha san Aontas Eorpach ach go háirithe. Déantar saibhriú ar chlár na Tíreolaíochta
sa mheánroinn agus san ardroinn trí úsáid éifeachtach a bhaint as siúlóidí agus
as cuairteanna go dtí portaigh, aibhneacha, cnoic agus foinsí tíreolaíochta
eile sa cheantar. Déanann na daltaí clárú ar ghnéithe tíreolaíocha agus bíonn
said an-ghníomhach san fhoghlaim le linn na gceachtanna Tíreolaíochta.
Eolaíocht
Tá clár
bunaithe ar cheithre shnáithe an churaclaim Eolaíochta curtha le chéile agus á
theagasc ag na hoidí a bhaineann le dúile beo, ábhar, fuinneamh agus fórsaí,
agus feasacht agus cúram imshaoil.
Tugtar faoi thrialacha eolaíochta suimiúla i ngach rang agus bíonn na
daltaí abálta cur síos cuimsitheach a dhéanamh faoin obair a bhí deánta acu. Músclaítear spéis na ndaltaí ina
dtimpeallacht i ngach rang agus dírítear aire ar na lúba comhcheangail idir an
eolaíocht agus réimsí eile an churaclaim. Tá boird dúlra i ngach rang agus
feidhm cheart á baint astu mar áiseanna foghlama. Déanann na daltaí teagmháil le raon
cuimsitheach, comhchothrom d’idéanna agus de choincheapa i dtaobh imshaoil, trí
chlár atá dírithe ar shnáitheanna an churaclaim a chlúdach ina dtaighde
praiticiúil agus ar shiúlóidí dúlra agus ar thurais scoile.
Na
hAmharcealaíona
Tugtar faoi
éagsúlacht gníomhaíochtaí sna hAmharcealaíona agus cuirtear obair na ndaltaí ar
taispeáint sna seomraí ranga agus i halla na scoile. Bhí samplaí maithe d’obair
i bpéint, cré, fabraic agus snáithín, agus tógáil le sonrú i ngach seomra.
Eagraítear taispeántais ealaíne na ndaltaí do thuismitheoirí chun gur féidir
leo féachaint agus freagairt don obair ealaíne.Baineann na daltaí féin an-taitneamh
as bheith ag féachaint agus ag freagairt do shaothar ealaíne na ndaltaí eile sa
scoil. Coinnítear comhaid d’obair na
ndaltaí san ealaín chun taifead a dhéanamh ar a ndul chun cinn san ábhar i
roinnt ranganna. Rinneadh plé leis an bhfoireann ar úsáid na teicneolaíochta
agus uirlisí measúnachta eile Ealaíne chun forás na ndaltaí a mheas. Bhí samplaí d’obair na ndaltaí ar chaighdeán
an-ard agus bhí na daltaí an-fhonnmhar chun cur síos tuisceanach a dhéanamh ar
phróiseas na nAmharcealaíona féin.
Ceol
Múintear an
Ceol go h-éifeachtach agus dírítear aire chuí ar na trí snáitheanna sa
churaclam Ceoil: éisteacht agus freagairt, léiriú, agus cumadóireacht. Tá cumas
ag oidi ar leith i dteagasc an Cheoil agus déantar malairt ranganna chun an Ceol
a mhúineadh idir ranganna ar leith.. Canann na daltaí réimse leathan d’amhráin
Ghaeilge go deas binn. Baintear úsáid as cnaguirlisí agus as uirlisí ceoil eile
chun píosaí ceoil a léiriú ó chuimhne agus chun rithim phátrúin a theagasc go
sciliúil. Déantar comhthathú
éifeachtach idir an ábhar seo agus an Dramaíocht mar go gcumann na daltaí gníomhaíochtaí
a oireann don cheol. Baineann ard-chaighdeán leis an gceol a chasann na daltaí
agus tréaslaítear leis na hoidí as an dóigh ina gcothaítear rannpháirtíocht an
phobail sa ghné seo den churaclam. Chuir an scoil léiriú den scoth ar
taispeáint le linn na tuairisce ina raibh samplaí d’ámhráin, de dhrámaí, d’fhilíocht
agus de cheol uirlise a bhí ar eolas ag na daltaí. Bíonn cór na scoile ag
amhránaíocht go rialta i dteach an phobail d’ocáidí ar leith. Cothaítear usáid
as uirlisí ceoil ar fud na scoile ar bhonn rialta.
Drámaíocht
Déantar an Drámaíocht
stáitse go caighdeán an-ard sa scoil seo: cuirtear drámaí ar taispeántas in
Amharclann Ghaoth Dobhair agus cothaítear suim agus tacaíocht na dtuismitheoirí
tré iad a bheith páirteach in ullmhúchán do na drámaí. Déantar comhtháthú
éifeachtach idir an ábhar seo agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
agus an Ceol.
Déantar
clár leathan agus cothrom sa Chorpoideachas a sholáthar do na daltaí. Is
inmholta an éifeacht a bhaineann leis an teagasc sa ghné seo den churaclam. Tá
suim agus tallann ag oidí ar leith san ábhar seo agus déantar ranganna a
mhalartú chun an ghné seo a mhúineadh. Stiúrtar na ceachtanna go héifeachtach
agus go hordúil agus baineann na daltaí tairbhe agus taitneamh astu. Leagtar
béim le linn na hoibre ar scileanna a fhorbairt. Baintear úsáid as ionad áitiúl
chun an clár corpoideachais a chur i bhfeidhm nuair nach mbíonn an aimsir
fóirstineach. Tagann teagascóir peile isteach chun oiliúint a chur ar na daltaí
i scileanna spóirt do thréimhse i rith na scoilbhliana. Baintear úsáid mhaith as an raon leathan
d’acmhainní teagaisc atá ar fáil sa scoil. Eagraítear cluichí agus comórtais
pheile taobh amuigh d’am scoile agus cothaítear páirtíocht na mbuachaillí agus
na gcailíní araon sna cluichí seo.
Is
tairbheach go mór an t-atmaisféar dearfach, measúil atá le sonrú sa scoil mar
bhunús do fhorbairt scileanna sóisialta agus pearsanta na ndaltaí agus dá
dtuiscint ar stíl maireachtála shláintiúil. Cuirtear an fhorbairt seo chun cinn
go leanúnach ar bhonn neamhfhoirmiúil i ngnéithe éagsúla an churaclaim. Thairis
sin, múintear ceachtanna ar leith i ngach rang agus bunaítear iad ar réimse
acmhainní.Baintear úsaid as an chomhtheagasc go héifeachtach chun an ghné seo
den churaclam a chuir i bhfeidhm sna ranganna sinsireacha. Is an-éifeachtach
mar a cheanglaítear an fhoghlaim sa ghné seo le hachair eile an churaclaim.
Cuirtear na ceachtanna i láthair go spreagúil agus cothaítear rannpháirtíocht
na ndaltaí go cumasach. Baineann éagsúlacht bhreá leis na gníomhaíochtaí
foghlama agus sonraítear atmaisféar taitneamhach foghlama le linn na hoibre.
Moltar usáid a baint as an teicneolaíocht chun an teagasc san ábhar seo a
threisiú.
Tá
stráitéisí measúnaithe oiriúnacha leagtha amach sa phlean scoile agus iad á
gcur i bhfeidhm go rialta. Déantar monatóireacht agus measúnú rialta ar dhul
chun cinn na ndaltaí sna hábhair éagsúla trí scrúdaithe scoilbhunaithe agus
trialacha caighdeánacha á úsáid. Baintear feidhm as ceistiúchán, dírbhreathnú
an mhúinteora, scrúdaithe sa litriú agus straitéisí neamhfhoirmiúla chun
caighdeán foghlama na bpáistí a mheas sna seomraí ranga. Déantar monatóireacht
rialta ar na cóipleabhair agus ar obair scríofa na bpáistí sna ranganna uilig.
Baintear feidhm as trialacha caighdeánacha measúnaithe chun cumas
léitheoireachta na ndaltaí a mheas agus chun na daltaí a roghnú a bhfuil
deacrachtaí foghlama acu. B’fhiú trialacha caighdeánaithe don Ghaeilge a
dhéanamh chomh maith go bliantúil sa scoil. Moltar anois go mbeadh meastúchán
chun foghlama leanúnach trasna an churaclaim ar siúl sna seomraí ranga chun
caighdéan na ndaltaí agus na gnáth-bhotúin agus na heasnaimh a mheas agus chun
pleanáil dá réir. Tá triail scagaidh déanta ar na Naíonáin agus an clár a
leanann é. Tá an fhorbairt seo le moladh mar go mbeidh an fhianaise ag na
múinteoirí chun na daltaí le deacrachtaí foghlama a aithint go luath.
Cláraítear dul chun cinn na bpáistí ag deireadh na bliana agus seoltar na sonraí
cuí go gairmiúil chuig na tuismitheoirí. Coimeádtar cóip de na tuairiscí seo sa
scoil.
5. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Tá polasaí
curtha le chéile ag foireann na scoile maidir le daltaí a bhfuil riachtanais
oideachais ar leith acu. Cruthaítear
atmaisféar comhoibritheach idir daltaí go léir san scoil tré dheiseanna a chur
ar fáil do gach dalta a bheith páirteach sna ceachtanna go léir. Déantar freastal cuí ar dhaltaí tréitheacha
sa scoil chomh maith. Ta polasaí uile-scoile dréachtaithe ag an bhfoireann mar
a bhaineann le soláthar oideachais do pháistí le riachtanais speisialta
foghlama. Roghnaítear na daltaí don tseirbhís tacaíocht foghlama ar bhunús
torthaí na dtrialacha caighdeánacha agus labhairt leis na múinteoirí ranga agus
na tuismitheoirí. Mar chuid den tseirbhís tacaíochta, leagtar spriocanna
foghlama soiléire amach sna pleananna oibre ar bhonn an dalta aonair agus
cláraítear dul chun cinn na foghlama go rialta. B’fhiú go mbeadh na pleananna
foghlama aonair ag teacht go dlúth le moltaí na siceolaithe. Baineann caighdeán
ard leis an gcur chuige ó thaobh na ngníomhaíochtaí foghlama a chuirtear ar
bun.
Déantar
freastal coinsiasach ar na daltaí a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta sa
Bhéarla agus sa Mhatamaitic acu. Forbraítear scileanna litearthachta na ndaltaí
seo ach go háirithe. Is inmholta an chabhair dhearfach agus an t-ardú meanman a
thugtar dóibh. Déantar teagmháil go rialta leis na tuismitheoirí. Tá réimse
breá bogábhar in úsáid chun treisiú a dhéanamh ar thuiscint na ndaltaí ar
choincheapa trí mheán teicneolaíocht an eolais. Déantar an comhtheagasc do
dhaltaí le riachtanais speisialta i roinnt ranganna ach moltar machnamh a
dhéanamh ar an gcomhtheagasc a úsáid ar bhonn nios leithne fós le nach mbeidh
daltaí i gcónaí ag fágáil an rangsheomra chun cabhair bhreise a fháil.
Cruthaítear atmaisféar spreagúil foghlama do na daltaí sa seomra tacaíocht
foghlama. Moltar don scoil dul i dteagmháil leis an gClár Tacaíochta don Oideachas
Speisialta chun an tseirbhís réigiúnach chuiditheoireachta a fháil chun cuidiú
le foireann na scoile agus an córas nua comhtheagaisc don tacaíocht foghlama á
chur i bhfeidhm acu.
Ta plean an-éifeachtach
curtha le chéile agus á chur i bhfeidhm don tseirbhís idirchaidrimh baile agus
scoile agus tá go leor spriocanna bainte amach ag an tseirbhís seo chun a
chinntiú go bhfuil an tacaíocht chuí curtha ar fáil do theaghlaigh phobal na
scoile seo. Aithníonn gach duine atá páirteach i bpobal sna scoile seo go
bhfuil an scoil mar dhlúth chuid den phobal as a n-eascraíonn sí. Mar sin, tá
sár-ghaol le sonrú sa scoil seo idir thuismitheoirí agus bhaill uile na scoile.
Tugtar faoi deara go bhfaigheann na hoidí an-tacaíocht ar fad ó na
tuismitheoirí agus ón bpobal máguaird. Aithnítear go forleathan gur iomhá
dearfach í an scoil don phobal agus is ar scáth a chéile a mhaireann an pobal
agus an scoil. Eagraítear cursaí den scoth do thuismitheoirí tríd an tseirbhís
idirchaidrimh baile/scoile/pobail agus déanann na tuismitheoirí freastal maith
ar na cúrsaí.
6. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí
d’fhorbairt bhreise
Seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa
mheastóireacht:
Mar
bhealach chun tógáil ar na láidreachtaí seo agus aghaidh a thabhairt ar achair
ar díth forbartha tá na príomh-mholtaí seo á ndéanamh:
Reachtáladh
cruinnithe iarmheastóireachta, leis an bhfoireann agus leis an mbord
bainistíochta; cuireadh dréacht-thorthaí agus dréacht-mholtaí na meastóireachta
i láthair agus pléadh iad ag na cruinnithe sin.