
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Scoil Náisiúnta Eoin Pól
Loch an Iúir, Contae Dhún na nGall
Uimhir rolla:16829W
Dáta na cigireachta: 28 Samhain 2008
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Cáilíocht na pleanála sa scoil
Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Meastóireacht scoile uile
Rinneadh meastóireacht scoile uile ar Scoil Náisiúnta Eoin Pól i mí na Samhna, 2008. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus sna hAmharcealaíona. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Is scoil Ghaeltachta chomhoideachais í Scoil Náisiúnta Eoin Pól atá suite i gceantar tuaithe in Iar Thuaisceart Thír Chonaill. Tá cáil ar an cheantar seo de bharr an méid scríbhneoirí agus seanchaithe a tháinig ón áit thar na blianta. Tá a gcuid saothair siúd mar chuid thábhachtach den chlár léinn sa scoil seo agus préamhann sé mórtas cine sna daltaí, agus tógtar ar a bhféin-mhuinín agus a dtreithiúlacht nadúrtha trí cheangal a chothú lena sinsir. Is é Easpag Caitliceach Dheoise Rábhoth pátrún na scoile. Cuireadh méadú leis an scoil i 2005 agus is inmholta mar a choinnítear dreach agus timpeallacht na scoile ina h-iomláine.
Tá seasca dó dalta ar na rollaí sa scoil faoi láthair. Tagann mórchuid na ndaltaí go dtí an scoil seo ar bheagán Gaeilge agus is dúshlán ar leith é d’fhoireann na scoile chun úsáid na Gaeilge a láidriú i measc phobal na scoile i gcoitinne. Tá an scoil páirteach i scéim de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta do scoileanna a fhreastalaíonn ar cheantair atá faoi mhíbhuntáiste oideachais, Comhionnannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS), atá roinnte idir sé scoil. Bíonn tinreamh mórchuid na ndaltaí go h-an mhaith i gcoitinne.
Léiríonn an tábla thíos eolas ginearálta ar fhoireann na scoile agus ar na daltaí a bhí cláraithe sa scoil nuair a bhí an mheastóireacht ar siúl:
|
|
Líon |
|
Daltaí ar rolla na scoile |
62 |
|
Ranganna príomhshrútha sa scoil |
3 |
|
Múinteoirí ar fhoireann na scoile |
4 |
|
Múinteoirí ranga príomhshrutha |
3 |
|
Múinteoirí ag obair i bpoist tacaíochta |
2 roinnte |
|
Cúntóir riachtanas speisialta Cuntóir teanga |
1 1 |
1. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Is é fís na scoile seo ná freastail a dhéanamh ar riachtanais oideachais na ndaltaí tré caighdeán sasúil oideachais a chur ar fáil daofa chun cuidiú leo seo a bhaint amach agus chun na daltaí a ullmhú chun leanúint lena gcuid oideachais ag an dara leibhéal. Tugtar sain-aird san fhís chomh maith gur scoil Chaitliceach í seo. Sonraíonn an chumarsáid mhaith agus an caidreamh taobh istigh den scoil sainspiorad na scoile. Cé go bhfuil atmaisféar Gaelach le sonrú go láidir sa scoil, b’fhiú don scoil an manna a bhaineann leis an saoithiúlacht Ghaelach atá á chur chun cinn acu a fhorbairt. Cuirtear forbairt iomlán na ndaltaí chun cinn trí churaclam leathan a sholáthar. Cothaítear meas idir na múinteoirí agus daltaí agus idir na daltaí iad féin.
Feidhmíonn an bord go héifeachtach faoi chathaoirleach a bhfuil an-taithí aige ar chúrsaí bainistíochta oideachais agus riaracháin. Ceapadh an bord bainistíochta de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Tionóltar cruinnithe ar a laghad uair sa téarma agus níos minice nuair is gá agus coinnítear na miontuairiscí ar chinntithe agus ar chaiteachas. Tá rólanna áirithe ag na baill agus tugann siad tacaíocht thábhachtach d’fhoireann na scoile ó thaobh cur le stór acmhainní na scoile. Chuir an bord tacaíocht ar fáil le ríomhairí agus raon leathan de leabhair léitheoireachta bhreise a chur ar fáil chun cur le héifeacht an teagaisc agus na foghlama sna seomraí ranga. Déanann an bord gach iarracht chun díospóireacht a bheith acu mar gheall ar na príomh pholasaithe mar atá siad á bhforbairt agus á n-athbhreithniú. Tá athbhreithniú a dhéanamh ag an bhord ar an bpolasaí cód iompair faoi láthair. Tá tús curtha le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i bhforbairt polasaithe scoile ó thaobh na Gaeilge agus sláintoideachais de. Is inmholta an dul chun cinn é seo agus moltar anois leanúint le páirtíocht na dtuismitheoirí a laidriú níos faide i bhforbairt polasaithe scoile. Déanann glantóir na scoile foirgneamh na scoile a choinneáil go slachtmhar, néata agus is inmholta an tacaíocht a thugann sé d’fhoireann na scoile chun saothar na ndaltaí a chur ar taispeáint go tarraingteach sna seomraí agus i halla na scoile.
Oibríonn an príomhoide go proifisiúnta, dícheallach agus le héifeacht ar leith chun ceannasaíocht sár mhaith a thabhairt d’fhoireann agus do dhaltaí na scoile.Is inmholta an tacaíocht éifeachtach a thugann an leas phríomhoide i gcúrsaí riaracháin na scoile agus cuireann an t-oide le post fhreagrachta a chuid dualgaisí, atá curtha in oiriúint de riachtanais na scoile, i bhfeidhm go sármhaith. Is foireann iad seo a bhfuil go leor taithí oideachais acu thar na blianta agus is léir go n-oibríonn siad go tairbheach le chéile chun na pleananna agus polasaithe cuí a eagrú do shainriachtanais na scoile.
Baineann an fhoireann leas as deiseanna forbartha gairme a bhíonn ar fáil dóibh agus moltar an úsáid a baineadh as an clár tacaíochta curaclaim sa scoil seo. Cleachtaítear dea-mhodhanna múinte agus úsáidtear fearas agus bogábhar tacaíochta go rialta. Eagraítear cruinnithe foirne gach téarma. Leagtar béim inmholta ar thosaíochtaí curaclaim agus ar fhorbairt an churaclaim le linn na gcruinnithe seo. Moltar na hoidí as ucht a ndíograis agus a bproifisiúntachta ag glacadh úinéireachta ar cheannródaíocht agus ardú caighdeáin na scoile seo. Moltar chomh maith na hoidí tacaíochta sa scoil, ach go háirithe sna hiarrachtaí atá ar siúl acu chun caighdeáin sa litearthacht agus sa Mhatamaitic a fheabhsú trí scéimeanna tairbheacha éagsúla.
Cothaítear caidreamh dearfach le pobal na scoile go rialta trí chruinnithe a eagrú do thuismitheoirí mar ullmhúchán do na sacraimintí agus do chúrsaí eile a bhaineann leis an churaclam. Tá coiste tuismitheoirí nua-bhunaithe sa scoil agus eagraítear cruinnithe uair sa téarma. Is léir go bhfuil siad gníomhach i dtacú le hobair na scoile. Tá an-mheas ag na tuismitheoirí ar fhoireann na scoile. Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí agus chuairteoirí chun na scoile agus déantar nithe a phlé go gairmiúil leo. Cuirtear páirtíocht na dtuismitheoirí chun cinn in obair na scoile trí bheith ag cabhrú leis na hoidí sna ranganna ealaíne agus trí bheith in éineacht leis na daltaí chun féitheoireacht a dhéanamh orthu i rith ranganna snámha agus ar thurais oideachasúla. Cothaítear páirtíocht na dtuismitheoirí níos faide trí chúrsaí Gaeilge agus trí scéim Spraoi le Matamaitic a reachtáil. Léiríonn baill na dtuismitheoirí suim i bpleanáil na scoile. Tá sé i gceist ag an gcoiste tuismitheoirí nuacht-litir a fhorbairt chun an ceangal agus an chumarsáid idir an scoil agus pobal na dtuismitheoirí a láidriú a thuilleadh fós. Tá moladh tuillte ag coiste na dtuismitheoirí as an dea-chumarsáid seo a leathnú idir an scoil agus an baile.
Tá gaol oscailte cineálta idir na páirtithe scoile. Tá atmaisféar comhmheasúil oibritheach le sonrú sa scoil. Tá raon leathan deiseanna, fearas agus acmhainní teicneolaíochta ar fáil do na daltaí chun an clár oibre a dhéanamh níos suimiúla.
2. Cáilíocht na pleanála sa scoil
Tá cáilíocht na pleanála scoile uile an-mhaith. Cuireadh an plean le chéile i gcomhpháirtíocht idir foireann na scoile agus an bord. Tá an plean sínithe agus faofa ag an bhord. Tá an plean an-dírithe ar riachtanais na scoile. Cuireann fáisnéis ar ghnóthachtáil na ndaltaí le hathbhreithniú ar an bplean scoile.
Tá cáilíocht na pleanála ag gach oide ar chaighdeán ard agus cuireann na hoidí ranga pleanáil idirdhealaithe an shoiléir ar fáil don teagasc. Deántar cur síos mion ar raon leathan de mhodhanna múinte agus ar an obair go cúramach chun a chinntiú go bhfuil na daltaí ag baint iomlán tairbhe as an teagasc.
Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáil freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheoirí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.
3. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Múintear an Ghaeilge go hanamúil is go héifeachtach. Cruthaítear timpeallacht bhreá phrionnta shaibhir i nGaeilge trasna an churaclaim chun eispéaras leathan sa scríbhneoireacht agus sa léitheoireacht Ghaeilge a chur ar fáil do na daltaí. Úsáidtear an Ghaeilge go hiomlán le linn an teagaisc agus cothaítear an Ghaeilge go neamhfhoirmiúil i measc na ndaltaí. Leagtar bunchloch an-mhaith sa bhun roinn trí rannta, foclóir agus scéalta as leabhair mhóra. Úsáidtear an clár Seideán Sí go céimiúil don teagasc. Sa mhéan-roinn déantar forbairt leanúnach den scoth ar an obair chun na daltaí a spreagadh chun cumarsáide. Tugtar aire do na tréimhsí cumarsáide agus úsáidtear acmhainní oiriúnacha agus luaschartaí féin-deartha chun scáfail mhaith a chur ar fáil do na daltaí chun an comhrá agus an fhíorléitheoireacht a fhorbairt. Tugtar aire do chúrsaí foghraíochta agus deántar cúram ceart den léitheoireacht. Eagraítear cúrsaí scríbhneoireacta go h-inmholta ag baint úsáide as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide (TEC) agus cuirtear eagsúlacht cleachtaí ar fáil do na daltaí. San ardroinn feictear go bhfuil dul chun cinn an-mhaith a dhéanamh ag na daltaí. Léiríonn siad an-suim i dtopaicí éagsúla agus is féidir leo cur síos go muiníneach ar thionscnaimh atá curtha i gcrích acu. Cuireadh tionscnamh den scoth le chéile san ardroinn ó thaobh bhéaloideas an cheantair. Cothaítear nascanna fabharacha le Cumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall agus le Coimisiún Béal Oideasa na hÉireann go rialta. Baintear feidhm as grúpobair, obair phéire, cluichí agus trialacha tuisceana chun na ceachtanna a chur chun cinn. Baintear usáid an-mhaith as TEC chun leabhair bheaga Ghaeilge a scríobh na daltaí féin a chur i gcló. Moltar go mór an obair atá deánta agus an caighdeán inmholta atá bainte amach ag na daltaí. Tagann an cúntóir teanga go dtí an scoil chun saibhriú a dhéanamh ar Ghaeilge na ndaltaí. Oibríonn sí go tairbheach chun an aidhm seo a bhaint amach le grúpaí daltaí éagsúla. Moltar anois go mbeadh plean comhtháite don teagasc in-ranga curtha le chéile d’obair an chuntóra teanga agus go ndéanfaí an tacaíocht go léir a thabhairt sa seomra ranga do na daltaí.
It is apparent that a high standard has been achieved in the teaching of English throughout the school. There is a very good English plan in place which outlines the aims, objectives and methodologies for oral language, reading and writing in a systematic way for dual and multi-class settings. The implementation of the plan commenced in 2005 following staff in-service in the revised English curriculum and it was reviewed in 2006. It is now recommended that this plan, in particular, be reviewed and updated annually, rather than at the end of every third year, as currently outlined in the whole-school plan, to ensure its continued effectiveness. It would also help to ensure its full implementation if parents received a copy of the plan.
The teaching of English is very well differentiated for the various class groups and the teachers are very skilful in adapting lesson material to the age and interest levels of the pupils. Classroom resources are used with skill in all class groups.
Phonic work is undertaken in varied contexts and the pupils in the junior classes display very good progress in their familiarity with sounds and words. Rhymes and stories are exploited with success and reading skills are developed in a methodical way. Parents are encouraged to engage in shared reading exercises with the pupils. Circle time and discussion are used to develop the communicative approach. Individual work is accorded appropriate emphasis. Continuous use of library books is a central feature of classroom practice. Pupils’ own work features prominently in all classrooms and the pupils are accustomed to applying themselves to learning and thinking. Reading is taught with care and due emphasis is placed on comprehension exercises. Pupils are afforded many opportunities to read across the curriculum and this linkage with History, Geography and Science develops their interest in topics that arise in the formal English lessons. Most pupils read with confidence, according to their level of ability. Written tasks are managed very well throughout the school and the pupils’ copies reveal a methodical and structured approach to written tasks. Handwriting is given due attention and a very satisfactory standard is achieved.
Cuireadh an plean don mhatamaitic le chéile i 2004 agus rinneadh athruithe air i 2006 chun an plean DEIS a thabhairt san áireamh ó thaobh uimhris de. Tá sé rianaithe sa phlean scoile go mbeidh athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean seo i 2010, ach moltar an plean seo a athbhreithniú go bliantúil chun a éifeacht leanúnach a chinntiú. Tá caighdeán na Matamaitice go han-mhaith agus tá iarracht ar bhonn scoile-uile déanta le dhá bhliain anois chun na caighdeáin a ardu níos faide sa ghné seo den churaclam. Deántar forbairt chéimiúil agus struchtúrtha ar choincheapa na matamaitice ó rang go rang. Cuirtear béim inmholta ar fhorbairt teanga na matamaitice agus ar réiteach fadhbanna ó bhéal. Baintear úsáid as ábhair nithiúla le linn an teagaisc. Moltar na hoidí tacaíochta as scáfail an-mhaith a chur ar fáil do na daltaí sa bhun agus sa mhéan roinn trí chur chuige comhoibritheach in-ranga a chur chun cinn. Baintear úsáid as díospóireacht, taithí phraiticiúil agus obair ar bhonn aonair mar stráiteisí ar leith chun an Mhatamaitic a mhúineadh agus tugtar dúshláin oiriúnacha uimhríochta do na daltaí san ard roinn le réiteach. Tá timpeallacht spreagúil don Mhatamaitic le sonrú i ngach seomra ranga. Is inmholta na cluichí matamaitice agus dearadh matamaiticiúl atá i gclós na scoile chun suim na ndaltaí a spreagadh níos faide san ábhar. Is léir ó obair na ndaltaí sna cóipleabhair agus ó cheistiúchán le linn na tuairisce go bhfuil dul chun cinn an-mhaith a dhéanamh ag na daltaí. Tá teagasc agus foghlaim na matamaitice á mbainistiú go hábalta agus go sciliúil ag na hoidí.
Ta plean curtha le chéile ag an fhoireann don ghné seo den churaclam tar éis tacaíocht a fháil ón chuiditheoir ealaíne. Is léir ó chuntais mhíosúla agus ó tháispeántais ar na ballaí agus i gcomhaid na ndaltaí go dtugtar aire do mhúineadh an ábhair seo agus is léir go bhfuil samplaí ar taispeáint de ghnéithe dena snáitheanna, liníocht, péint agus dath, prionnta, cré, tógail, faibraic agus snáithín. Deántar comhthathú an-mhaith idir an ábhar seo agus abháir eile an churaclaim. Tugtar aire chuí don phróiséas agus baintear usáid as ábhair ar leith don ealaín. Tugtar gach deis do dhaltaí cur síos a dhéanamh agus léir mheas a thabhairt ar obair ealaíntóirí cáiliúla. Rinne na daltaí sa mhéan agus san ard roinn iniúchadh ar shaothar Paul Henry agus ar shaothar Van Gogh le linn na tuairisce agus chuir siad sceiteanna d’ard chaighdeán i gcrích de mhacasamhail lus na gréine agus radharcanna álainn. Cuirtear saothar ealaíne na ndaltaí ar taispeáint i dteach a phobail chun deis a thabhairt don phobal féacháint agus freagairt d’obair na ndaltaí. Is léir go bhfuil an curaclam seo á chur i bhfeidhm go tairbheach agus ar bhonn comhtháite agus go mbaintear úsáid an-éifeachtach as na hacmhainní oiriúnacha le linn an teagaisc.
Baineann na hoidí feidhm as réimse de stráiteisí measúnaithe ar bhonn scoile-uile. Bíonn obair scríofa na ndaltaí ceartaithe go minic. Déantar an measúnú foirmiúl ó rang a haon ar aghaidh sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. Déantar scrúdú fáthmheastóireachta le naíonáin shinsearacha go bliantúil. Eagraítear cruinnithe leis na tuismitheoirí uair sa bhliain chun na torthaí seo agus dul chun cinn na ndaltaí go ginearálta a phlé. Deántar tuairiscí a chur amach chuig tuismitheoirí ceithre huaire sa bhliain chun iad a choinneáil ar an eolas mar gheall ar dhul chun cinn na ndaltaí. Is inmholta an cleachtas é seo agus moltar leanúint leis sa todhchaí. Tugtar torthaí scrúduithe measúnaithe do na tuismitheoirí de réir an chiorcláin 0138/2006. Tá moladh tuillte ag an bhfoireann as a bheith chun tosaigh mar gheall ar daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a aithint go luath agus idirghabháil luath a chur i ngnímh.
4. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Is éifeachtach an tseirbhís tacaíochta a thugtar do dhaltaí le riachtanais speisialta sa scoil seo. Tugtar tacaíocht sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. Leanann an scoil an cur chuige céimnithe de réir ciorclán na Roinne Oideachais agus Eolaíochta 02/05. Cuirtear ullmhúchán cuimsitheach ar fáil. Solathraítear clár léinn aonair do gach dalta ina bhfuil na spriocanna teagaisc agus foghlama rianaithe agus cur síos ar dhul chun cinn na ndaltaí go laethúil. Buailtear le tuismitheoirí chun an clár seo a phlé. Déanann na hoidí freastal ar chursaí forbairt gairme chun cur lena n-eolas ar straitéisí teagaisc chun cabhrú le daltaí le riachtanais ar leith oideachais. Tugtar tacaíocht in-ranga chun diriú ar na caighdeáin a ardú sa mheán agus san ardroinn sa scoil agus moltar leanúint leis an stráitéis seo ó tharla go bhfuil torthaí ag dul i bhfeabhas. Deántar an chomhléitheoireacht go héifeachtach agus coinnítear taifid chúramacha ar dhul chun cinn na ndaltaí. Úsáidtear bogábhar a bhaineann leis an teagasc nuair is gá. Tugann an cúntóir riachtanais speisialta sár-aire do na daltaí atá faoina cúram. Comhlíonann sí a cuid dualgaisí go héifeachtach de réir an chiorcláin 07/02 agus is inmholta an meas a léiríonn foireann agus daltaí na scoile ar a cuid oibre.
Cruthaíonn an comhordaitheoir tuaithe deiseanna breise tioncharacha do na daltaí agus tuismitheoirí chun leithead an chláir oibre scoile a chinntiú. Tugann an comhordaitheoir tuaithe tacaíocht shásúil sa litearacht agus san uimhríocht do ghrúpaí daltaí éagsúla trasna na scoile. Cé go bhfuil sár-phlean eagraithe agus á chur i bhfeidhm don tseirbhís DEIS, le h-amscalaí, spriocanna agus cur chuige curaclaim, d’fhéadfaí cur le héifeacht an phlean seo a thuilleadh trí bhreis plé a bheith idir an fhoireann ina h-iomláine chun a chinntiú go bhfuil eolas, ceangal díreach agus rannpháirtíocht na foirne ina h-iomláine i gcur i bhfeidhm an phlean ó thaobh tiomsú míbhuntáiste oideachais sa scoil. Tá pleanáil deánta chun scéim comhléitheoireachta a fhorbairt ar feadh sé seachtainí agus beidh an comhordaitheoir tuaithe ag tacú le foireann na scoile chun an scéim seo a chur i bhfeidhm. Eagraíonn an comhordaitheoir tuaithe pleananna chun scríbhneoirí agus cainteoirí a thabhairt isteach go dtí an scoil chun cur síos a dhéanamh ar a gcuid saothair. Cothaítear an ceangal idir an scoil agus eagrais ghairmiúla eile. Cuirtear lón sláintiúil ar fáil do dhaltaí trí dheontas ón Roinn Gnóthaí Sóisialta, Pobail agus Teaghlaigh.
5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:
· Tá an bord éifeachtach ó thaobh bainistíochta ar chursaí oideachais agus riaracháin sa scoil.
· Moltar ceannasaíocht phroifisiúnta an phríomhoide faoi mar a bhaineann sé le díriú ar riachtanais na scoile agus na pleananna cuí a chomhordniú agus a chur i bhfeidhm.
· Moltar an sárchleachtas sna modhanna múinte a chonacthas le linn na tuairisce, chomh maith le héifeacht agus dúthracht na n-oidí ina gcuid oibre.
· Tá timpeallacht thioncharach fhoghlama cruthaithe san scoil.
· Deántar sárchúram do dhaltaí le deacrachtaí foghlama.
· Cothaítear stair agus seanchas na háite go hinmholta.
· Moltar na caighdeáin mhaithe atá á mbaint amach ag na daltaí sa Ghaeilge, sa Bhéarla, sa Mhatamaitic agus sna hAmharcealaíona.
Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:
· Moltar don scoil an fócas a choinneáil ar an litearacht agus uimhríocht sa todhchaí chun a chinntiú go leanfar le hardú na gcaighdeán.
· Moltar don scoil leanúint de pháirtíocht na dtuismitheoirí i bhforbairt polasaithe scoile a laidriú.
· B’fhiú breis plé a bheith idir an fhoireann ina h-iomláine chun a chinntiú go bhfuil eolas, ceangal díreach agus rannpháirtíocht na foirne ina h-iomláine i gcur i bhfeidhm an phlean ó thaobh tiomsú míbhuntáiste
oideachais sa scoil.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainistíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.
Foilsithe Márta 2009