
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Scoil Mhín na Mánrach
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Uimhir rolla: 16142J
Dáta na cigireachta: 27 Samhain 2007
Dáta eisithe na tuairisce: 17 Aibreán 2008
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
1. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
2. Cáilíocht na pleanála sa scoil
3. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
4. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Rinneadh meastóireacht scoile uile ar SN Mhín na Mánrach i mí na Samhna 2007. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus sa Cheol. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Is scoil Ghaeltachta chomhoideachais í SN Mhín na Mánrach. I lár an seascaidí bhí iarracht déanta comhnascadh a dhéanamh le scoil eile sa cheantar. Theip ar an gcomhnascadh agus ag éirí as sin, d’fhág cuid mhaith daltaí an scoil. Ina dhiaidh sin, leanadh den traidisiún daltaí áitiúla a chur chuig scoileanna eile sa cheantar. Ón nós sin agus ó thitim thubaisteach, leanúnach ar dhaonra na bpáistí sa limistéar, tá líon beag anois ar rollaí na scoile. Tá daltaí anois sa scoil nach ón gceantar áitiúil iad ach ar tháinig a muintir ón áit nó a bhfuil a dtuismitheoirí ag léiriú suime san oideachas Gaeltachta. Dá bharr seo, ní cainteoirí dúchasacha Gaeilge iad na daltaí atá ag freastal ar an scoil, ach is léir go dtugann na tuismitheoirí gach tacaíocht don Ghaeilge. Sonraítear anuas air seo go bhfuil cuid mhaith daltaí sa scoil a bhfuil deacrachtaí ar leith oideachais acu. Tá iarracht an-inmholta déanta ag an scoil freastal ar na riachtanais seo uile agus oideachas a chur ar fáil a thugann an chastacht teangeolaíochta agus acmhainne seo san áireamh. Tá tinreamh na ndaltaí go maith. Tá an scoil páirteach i scéim Comhionnannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS), plean gníomh do chuimsiú oideachais de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
Léiríonn an tábla thíos eolas ginearálta ar fhoireann na scoile agus ar na daltaí a bhí cláraithe sa scoil nuair a bhí an mheastóireacht ar siúl:
|
|
Líon |
|
Daltaí ar rolla na scoile |
12 |
|
Ranganna príomhshrutha sa scoil |
2 |
|
Múinteoir(í) ar fhoireann na scoile |
2 |
|
Múinteoir(í) ranga príomhshrutha |
2 |
|
Múinteoir(í) ag obair i bpoist tacaíochta |
1 (roinnte) |
|
Cúntóirí riachtanas speisialta Cúntóir teanga |
0 1 |
1.1 Sainspiorad misean nó fís na scoile
Sonraíonn an chumarsáid mhaith agus an caidreamh taobh istigh den scoil sainspiorad na scoile. Cuireann na hoidí chun oibre go dúthrachtach, proifisiúnta agus comhoibríonn siad go tairbheach lena chéile, le lucht bainistíochta na scoile agus leis na tuismitheoirí ar mhaithe le hatmaisféar breá foghlama a chruthú sa scoil. Tá étos Chaitliceach sa scoil agus tá dea-nósanna iompair agus saothair á gcothú sna daltaí. Ainneoin go bhfuil an bord dóchasach go mbeidh ardú ar na huimhreacha ar ball, ag eascairt as an mbaol a bhíonn ann i gcónaí faoi chúrsaí rollúcháin, tá gá le fís mheántéarmach agus fhadtéarmach a cheapadh don scoil. Moltar plean straitéiseach a dhearadh agus gníomhaíocht aontaithe a phleanáil chuige seo chun todhchaí fadtéarmach na scoile a chinntiú.
1.2 An bord bainistíochta
Cuireann an scoil roimpi oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil dá daltaí chun iad féin a ullmhú don saol. Tá an mianach seo rianaithe go soiléir sa pholasaí cuimsitheach Gaeilge atá deartha ag an mbord. Déantar gach iarracht saoithiúlacht Ghaeilge a chothú sa scoil chun cur ar chumas na ndaltaí meas agus tuiscint a bheith acu don teanga agus don chultúr. Tá rún ag an mbord Naíonra a lonnú sa scoil go luath, mar tuigtear do bhaill an bhoird go gcuideodh an soláthar seo go tairbheach an Ghaeilge a chur ar a dtoil ag na páistí sula dtosaíonn said i rang na Naíonán. Táthar ag caint freisin ar chlub obair bhaile a thosú sa scoil chun freastal níos iomláine fós a dhéanamh ar na daltaí agus ar a gclanna. Tá obair thógála le tosú gan mhoill ar sheomraí agus ar áiseanna breise a chur leis an scoil. Aithníonn an bord, áfach, go mbeidh an t-infrastruchtúr bóithre i gcónaí ina chonstaic ar fhorbairt na scoile.
Tá an bord bainistíochta bunaithe mar is cóir agus déanann baill an bhoird bainistíochta teagmháil rialta le chéile tré chruinnithe a reachtáil gach téarma nó níos minice. Feidhmíonn an bord bainistíochta de réir na riachtanas san Acht Oideachais agus na dtreoracha ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá gnáthaimh an bhoird maidir le bainistiú acmhainní airgeadais na scoile agus na gnáthaimh i dtaca le ceapacháin agus le harduithe céime éifeachtach. Tá an bord ar an eolas mar gheall ar na riachtanais reachtúla den Acht Oideachais maidir le cód iompraíochta, tinreamh scoile, agus polasaí sláinte agus sábháilteachta a ullmhú. Tá polasaithe reachtúla curaclaim, tréad chúram agus polasaithe maidir le riarachán faofa ag an mbord agus á gcur i bhfeidhm go héifeachtach. Tugann an bord bainistíochta an-tacaíocht don phríomhoide agus don fhoireann i bproiséas na pleanála. Tá duine fostaithe ag an mbord a dhéanann an glanadh agus is inmholta an slacht agus an ghlaineacht a shonraítear sa scoil ina hiomláine agus i gclós na scoile. Tá an obair rúnaíochta a dhéantar sa scoil ar bhonn páirt-aimseartha le moladh freisin. Níl coiste tuismitheoirí bunaithe fós, ach tá sé i gceist sin a dhéanamh ar ball. Moltar don bhord tacaíocht chuí a thabhairt do na tuismitheoirí coiste a bhunú a bheadh ceangailte le Coiste Náisiúnta na dTuismitheoirí. Tá leabhar eolais faoin scoil foilsithe ag an scoil agus is inmholta sin. Eagraítear cruinnithe múinteoirí is tuismitheoirí go bliantúil agus cuirtear cuntais ar dhul chun cinn na ndaltaí chuig na tuismitheoirí ag deireadh na scoilbhliana.
1.3 Bainistíocht inscoile
Tugann an príomhoide ceannasaíocht an-éifeachtach d’fhoireann agus do phobal na scoile uile. Cuirtear an-bhéim ar úsáid na Gaeilge sa scoil agus i measc na dtuismitheoirí. Moltar cur leis na hiarrachtaí seo a thuilleadh fós d’fhonn a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge mar mheán cumarsáide go huile is go hiomlán sa scoil. Tugann na hoidí a thagann go dtí an scoil agus an t-aon oide ranga eile atá lonnaithe sa scoil comhoibriú agus tacaíocht iomlán don phríomhoide. Tá dualgais an oide le post freagrachta rianaithe sa phlean scoile agus á gcur i gcrích go héifeachtach.
1.4 Bainistíocht an chaidrimh agus na cumarsáide le pobal na scoile
Tugtar faoi deara go bhfaigheann na hoidí an-tacaíocht ar fad ó na tuismitheoirí agus ón bpobal máguaird. Le linn an chruinnithe leis na tuismitheoirí mar pháirt den mheastóireacht mhol siad an oscailteacht agus na nósanna a chuirtear i bhfeidhm chun cumarsáid a dhéananmh le múinteoirí. Eisítear leabhrán eolais do phobal tuismitheoirí na scoile ina bhfuil saothar na scoile curtha in iúl dóibh.
1.5 Bainistíocht daltaí
Caitear go measúil, grámhar leis an uile dhalta sa scoil seo. Tugtar dearbhú deimhnitheach do dhaltaí ar bhonn rialta agus tá atmaisféar compordach foghlama cruthaithe ag na hoidí sna seomraí ranga. Déantar cúram do shláinte agus do shábháilteacht na ndaltaí agus cothaítear rannpháirtíocht iomlán na ndaltaí i ngach gné de shaol na scoile.
2.1 Pleanáil scoile uile agus pleanáil don seomra ranga
Tá polasaithe cuimsitheacha, machnamhacha ar fáil do na gnéithe curaclaim. Tá cinnireacht ar leith tugtha ag an bpríomhoide ina leith seo. Tá riachtanais uile na gcomhranganna aitheanta sa phleanáil agus tá córais an-inmholta ann an soláthar curaclaim a chur in oiriúint do na comhranganna seo. Baintear úsáid as an bplean scoile i ndearadh pleananna oibre na n-oidí aonair. Leagann an bheirt oidí plean oibre fadtréimhseach amach dá ranganna faoi na snáitheanna agus snáthaonaid atá sa churaclam. Coimeádann an hoidí cuntas míosúil críochnúil ar dhul chun cinn na hoibre.
2.2 Polasaí agus nósanna imeachta um chaomhnú daltaí
Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáil freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.
3.1 Teanga
An Ghaeilge
Tapaíonn na hoidí gach deis chun an Ghaeilge labhartha a fhorbairt.Tá bun-fhoclóir, bun-struchtúir na teanga agus stór leathan de nathanna cainte ar eolas ag na daltaí. Baintear feidhm as an drámaíocht chun ábaltacht an pháiste an teanga a chumadh agus a fheabhsú. Is mór an chabhair an cuntóir teanga a thagann isteach chun obair theanga a dhéanamh leis na daltaí agus is iontach go deo an obair a dhéantar ar an amhránaíocht Ghaeilge mar chuid den soláthar seo. Freagraíonn cuid de na daltaí ceisteanna dúshlánacha faoi théamaí éagsúla le líofacht bhreá. Ainnneoin sin, tá foclóir sách cúng ag cuid de na daltaí. Moltar an tuiscint fheidhmiúil a fhorbairt agus a thuilleadh oibre a dhéanamh ar struchtúr agus ar chuspóir na mbriathra. Moltar don fhoireann a thuilleadh iarrachta fós a dhéanamh an Ghaeilge a choinneáil mar phríomh-mhéan chun cumarsáid a dhéanamh sna seomraí ranga agus i gclós na scoile. Baintear leas áirithe as an gclár Seideán Sí. Anois, ar mhaithe le leanúnachas níos feiceálaí a fhorbairt sna struchtúir theanga agus san fhoclóir a bhíonn in úsáid ag na daltaí, b’fhiú go mór an clár seo a mhúineadh ar bhonn níos céimniúla, struchtúrtha.
Cruthaítear timpeallacht phrionta an-saibhir ar fad sa dá sheomra ranga agus baintear úsáid as an timpeallacht seo chun suim na ndaltaí a spreagadh le linn na gceachtanna. Baintear úsáid an-éifeachtach, freisin, as na leabhair mhóra don léitheoireacht sna bunranganna. Bunaítear, buanaítear agus daingnítear na scileanna litearthachta le cumas agus le díogras sna bunranganna. Léann na daltaí na téacsanna ranga le tuiscint sna meán-ranganna agus sna hardranganna. Thuairiscigh na hoidí ag an iarchomhdháil go bhfuil úrscéalta beaga á léamh ag na daltaí go rialta agus is inmholta an cur chuige sin. Chun cur le líofacht na léitheoireachta, moltar réimse níos leithne fós de chineálacha difriúla téacsanna a léamh. Tá deacracht ag cuid de na daltaí focail a bhriseadh síos agus fuaimeanna a aithint. Moltar clár uile scoile fóineolaíochta a leanúint. Sonraítear go bhfuil caighdeán breá á bhaint amach ag cuid de na daltaí sa scríbhneoireacht fheidhmiúil. Bhí réimse éagsúla téacsanna á scríobh ag formhór na ndaltaí mar shampla, nuacht agus scéalta gearra agus aistí. Bhí laigí le sonrú san obair scríofa a rinne céadatán beag de na daltaí, áfach. Ba mhór an chabhair an comhtheagasc in-ranga a bhí ar bun idir na hoidí ranga agus an oide tacaíochta chun scileanna litearthachta na bpáistí seo a fhorbairt. Chun a gcaighdeáin siúd a ardú a thuilleadh, moltar an ghné litearthachta den chlár comhtháite Séideán Sí a leanúint agus breis aird fós a dhíriú ar fhorbairt na litearthachta sa scoil.
English
Stimulating learning environments for English are provided in both classes. The stories and poems written by pupils are celebrated by vivid displays. The challenges associated with the teaching of English in composite classes are being very effectively mediated. Discussion and storytelling are emphasised during oral work in both classes. Highly effective attention is given to the discussion of news, topics and other aspects of the curriculum. Pupils in junior classes capably recite a wide repertoire of nursery rhymes. Pupils are given frequent worthwhile opportunities to listen to and discuss a variety of stories and novels using appropriate vocabulary. Some effective use is made of language games to enhance vocabulary development and to develop skill in particular language functions. Creative drama is used effectively as a means of developing oral language and children are encouraged to express their opinions with confidence. Some poems are committed to memory and this practice is most praiseworthy. In the recitation of poetry, however, additional attention should be given to comprehension, intonation and empathy. It is also recommended that specific whole-school planning for poetry should be further developed in order to plan for the broadening of pupils’ engagement with different and diverse poetic genres and conventions.
Children’s reading in English is, broadly speaking, commensurate with the ability of children, as recorded in standardised tests, pupil profiles, psychological reports and assessment files. In the junior classes emphasis is placed on emergent reading skills, with some attention being paid to the development of phonological awareness, sight vocabulary and awareness of rhyme. The provision of differentiated reading and writing activities is ensuring pupil participation and addresses the range of abilities seen within classrooms. Teachers have adopted assessment programmes for reading which aim to address the needs of pupils presenting with prospective reading difficulties. Very effective and ongoing liaison with support teachers is noted in this regard. The team-teaching approach adopted in the school with respect to the support given by both the learning support teacher and the home/school/community co-ordinator is most praiseworthy. Reading standards are being built upon by a systematic development of a range of word identification and comprehension skills using class readers, novels and supplementary novels. Some children, however, are not confident readers. Even more recreational reading, with particular emphasis on reading of fiction texts, should be promoted through structured library work and activities. Additional work on a whole-school approach to phonological awareness is also required.
Some well-thought out work on functional writing derived from workbooks is being carried out. Children’s knowledge about language and how it works is being well developed by a committed approach to the teaching and learning of grammar and writing conventions. Most pupils observe the conventions of punctuation, spelling and grammar and achieve satisfactory standards of presentation in their writing. A proportion of children with defined needs have difficulty with the mechanical features of writing and their creative writing is limited. Consideration should now be given to adopting a prescriptive literacy-hour type intervention, using all available supports, with a view to enhancing reading and writing standards even more. It is also recommended that particular focus be placed on meeting the needs of more able pupils and providing even more challenging and stimulating contexts for learning for them. In general, a more integrated approach to literacy should be taken, which would both seek to develop reading and writing skills in a systematic manner and also aspire to inculcating a greater love of reading in the children. This recommendation is made as a way of improving literacy standards of all children.
3.2 Matamaitic
Tá caighdéan an-sásúil Matamaitice á bhaint amach ag mórchuid na ndaltaí sa scoil seo. Léiríonn an chuid is mó de na daltaí tuiscint mhaith ar na coincheapa cuí sa Mhatamaitic. Baintear úsáid thuisceanach as téacsleabhair le linn na gceachtanna agus tá sé le sonrú go gcleachtar obair ó bhéal go rialta chun brí a cheangal leis an bhfoghlaim. Déantar cúram breá de théarmaíocht na Matamaitice a theagasc go struchtúrtha, ach moltar cloí le téarmaíocht na Gaeilge amháin sna ranganna sinsireacha. Bíonn plé tairbheach i ngach rang chun tuiscint ar na coincheapa a threisiú. Baintear úsáid as modhanna gníomhaíochta foghlama agus as cluichí matamaitice i ngach rang. Cláraíonn na daltaí an obair scríofa go cúramach. Tá an obair ar uimhirluach, ar achar agus ar imlíne, agus ar an uimhreas i gcoitinne le moladh go mór. Déantar an measúnú trí dhírbhreathnú an mhúinteora, trí scrúdaithe caighdeánaithe, trí theisteanna féin-deartha agus trí cheartú rialta ar shaothar na ndaltaí.
3.3 Ceol
Déantar sár-obair sa Cheol sa scoil seo. Dírítear aire bhreá ar na trí snáitheanna sa churaclam Ceoil: éisteacht agus freagairt, léiriú, agus cumadóireacht. Déantar na páistí a ghríosadh chun géaréisteacht a dhéanamh. Déantar mothúcháin, eolas agus smaointe a iniúchadh chun tuiscint ar an gCeol a fhorbairt. Canann na daltaí réimse leathan d’amhráin Ghaeilge go deas binn. Tá foinn agus focail araon ar a dtoil ag na daltaí agus léiríonn said uile go mbaineann said taitneamh as an gcantaireacht. Baintear úsáid as cnaguirlisí agus as uirlisí ceoil eile chun píosaí ceoil a léiriú ó chuimhne agus chun rithim phátrúin a theagasc go sciliúil. Tá tús breá curtha le cumadóireacht an Cheoil agus déantar obair thairbheach ar nodaireacht an Cheoil. Tugtar oiliúint den scoth do na daltaí ar oidhreacht chultúrtha an Cheoil mar chuid den tseirbhís a chuireann an cuntóir teanga ar fáil.
3.4 Measúnú
Tá stráitéisí measúnaithe oiriúnacha leagtha amach sa phlean scoile agus iad á gcur i bhfeidhm go rialta. Déantar monatóireacht agus measúnú rialta ar dhul chun cinn na ndaltaí sna hábhair éagsúla trí scrúdaithe scoilbhunaithe agus trialacha caighdeánacha á úsáid. Baintear feidhm as ceistiúchán, dírbhreathnú an mhúinteora, scrúdaithe sa litriú agus straitéisí neamhfhoirmiúla chun caighdeán foghlama na bpáistí a mheas sna seomraí ranga. Tugtar an-mholadh don fhoireann as an gcaoi ina bhfuil measúnú á dhéanamh ar scileanna na Gaeilge de réir mar ata leagtha amach sa chóras measúnaithe Comharthaí Cumais na Gaeilge. Déantar monatóireacht rialta ar na cóipleabhair agus ar obair scríofa na bpáistí sna ranganna uilig. Baintear feidhm as trialacha caighdeánacha measúnaithe chun cumas léitheoireachta na ndaltaí a mheas agus chun na daltaí a roghnú a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Cláraítear dul chun cinn na bpáistí ag deireadh na bliana agus seoltar na sonraí cuí go gairmiúil chuig na tuismitheoirí. Coimeádtar cóip de na tuairiscí seo sa scoil.
4.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Tá polasaí breá curtha le chéile ag foireann na scoile maidir le daltaí a bhfuil riachtanais oideachais ar leith acu. Mar chuid den tseirbhís tacaíochta, leagtar spriocanna foghlama soiléire amach sna pleananna oibre ar bhonn an dalta aonair agus cláraítear dul chun cinn na foghlama go rialta. Baineann caighdeán sásúil leis an gcur chuige ó thaobh na ngníomhaíochtaí foghlama a chuirtear ar bun. Déantar freastal coinsiasach ar na daltaí a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic acu. Tá réimse breá bogábhar in úsáid chun treisiú a dhéanamh ar thuiscint na ndaltaí ar choincheapa trí mheán teicneolaíocht an eolais. Baintear leas an-éifeachtach as an gcomhtheagasc in-ranga. Fágann seo nach mbíonn na daltaí ag fágáil a ranganna ach go hannamh agus go bhfuil dlúth-cheangal idir an obair ranganna agus an obair thacaíochta. Chun dul i ngleic a thuilleadh fós le deacrachtaí aitheanta sa litearthacht, moltar anois don fhoireann fráma litearthachta comhtháite a dhearadh don Ghaeilge agus don Bhéarla ina mbeadh ról an-chinnte leagtha amach don oide tacaíochta, don chúntóir teanga, don chomhordaitheoir baile/scoile/pobail agus don mhúinteoir ranga
4.2 Tacaíochtaí eile do dhaltaí: iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste agus daltaí ó ghrúpaí mionlaigh nó grúpaí eile
Tá plean an-éifeachtach curtha le chéile agus á chur i bhfeidhm go h-éifeachtach don tseirbhís idirchaidrimh baile agus scoile agus tá go leor spriocanna bainte amach ag an tseirbhís seo chun a chinntiú go bhfuil an tacaíocht chuí curtha ar fáil do theaghlaigh phobal na scoile seo. Tá comhordaitheoir tuaithe nua ceaptha le deanaí agus tá sé scoil ar fad faoina chúram. Fágann sin go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil trí lá sa mhí sa scoil seo. Is tairbheach an freastal a dhéantar ar litearthacht na bpaistí mar chuid den soláthar seo. Moltar anois an freastal litearthachta seo a cheangal le fráma liteartachta comhtháite uile-scoile. Eagraítear cursaí do thuismitheoirí tríd an tseirbhís idirchaidrimh baile/scoile/pobail agus déanann na tuismitheoirí freastal maith ar na cúrsaí. Tá sé i gceist an freastal seo a mheadú a thuilleadh fós.
Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:
Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainisíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.