
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Scoil Aráinn Mhór 1
Aráinn Mhór, Co. Dhún na nGall
Uimhir rolla:15955W
Dáta na cigireachta: 29 Bealtaine 2008
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Cáilíocht na pleanála sa scoil
Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Rinneadh meastóireacht scoile uile ar SN Aráinn Mhór 1 i mí Bealtaine, 2008. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus sa Chorpoideachas. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Is scoil Ghaeltachta chomhoideachais í SN Aráinn Mhór 1atá suite ar oileán Aráinn Mhór. Tá daltaí ag freastal ar an scoil ar fhill a gcuid tuismitheoirí ó Shasana, ó Mheiriceá agus ó thuaisceart na hÉireann agus dá bharr seo ní cainteoirí dúchasacha Gaeilge iad na daltaí go léir atá ag freastal ar an scoil, ach is léir go dtugann na tuismitheoirí gach tacaíocht don Ghaeilge. Tá iarracht an-mhaith déanta ag an scoil chun freastal ar riachtanais teangeolaíochta na ndaltaí seo. Dealraíonn sé de réir an rollúcháin mheasta go bhfanfaidh na huimhreacha seasmhach sa scoil seo sa fhad-téarma agus go mbeidh méadú i gceist. Is léir ó rollaí na scoile nach bhfuil tinreamh na ndaltaí rómhaith agus moltar don bhord stráitéisí breise a thabhairt chun cinn i gcomhar leis na húdárais chuí chun an deacracht seo a réiteach le go gcloífear le Roinn 22(1) den Acht Oideachais (Leas) 2000. Tá an scoil páirteach i scéim Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS), plean gníomh do chuimsiú oideachais de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, atá roinnte le cúig scoil, agus an Ghairmscoil dara leibheál atá lonnaithe ar an oileán san áireamh.
Léiríonn an tábla thíos eolas ginearálta ar fhoireann na scoile agus ar na daltaí a bhí cláraithe sa scoil nuair a bhí an mheastóireacht ar siúl:
|
|
Líon |
|
Daltaí ar rolla na scoile |
39 |
|
Ranganna príomhshrútha sa scoil |
2 |
|
Múinteoir(í) ar fhoireann na scoile |
2 |
|
Múinteoir(í) ranga príomhshrutha |
2 |
|
Múinteoir(í) ag obair i bpoist tacaíochta |
1 roinnte |
|
Cúntóirí riachtanas speisialta Cúntóir teanga |
0 1 |
1. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Sonraíonn an chumarsáid mhaith agus an caidreamh taobh istigh den scoil sainspiorad na scoile. Cuireann na hoidí chun oibre go dúthrachtach, proifisiúnta agus comhoibríonn siad go tairbheach le chéile, le lucht bainistíochta na scoile agus le tuismitheoirí ar mhaithe le hatmaisfeár breá foghlama a chruthú sa scoil. Tá meon Caitliceach sa scoil agus tá dea-nósanna saothair á gcothú sna daltaí. Ainneoin go bhfuil dearcadh an-dearfach i leith na foghlama i measc phobal na scoile, moltar go ndéanfaí ráiteas misean a fhorbairt chun fís na scoile a rianú sa phlean scoile. Díríonn na hoidí go h-iomlán ar chaighdeáin arda oideachais a chur ar fáil do na daltaí agus sonraítear cothromaíocht agus lán-phairtíocht gach dalta i saol na scoile.
Tá an bord bainistíochta bunaithe mar is cóir agus déanann baill an bhoird bhainistíochta teagmháil rialta le chéile tré chruinnithe a reachtáil gach téarma nó níos minice nuair is gá. Feidhmíonn an bord bainistíochta de réir na riachtanas san Acht Oideachais 1998 agus na dtreoracha ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá gnáthaimh an bhoird maidir le bainistiú acmhainní airgeadais na scoile agus na gnáthaimh i dtaca le ceapacháin foirne agus le h-arduithe céime éifeachtach. Tugann an bord lán-tacaíocht d’fhoireann na scoile chun feabhas a dhéanamh ar an teagasc agus ar an fhoghlaim sa scoil. D’úsáid an bord deontas ó Mheitheal Forbartha na Gaeltachta chun feabhas a dhéanamh ar chlós na scoile. Faigheann an bord deontas ón Roinn Gnóthaí Sóisiálta, Pobail agus Teaghlaigh chun lóin a chur ar fáil do dhaltaí agus chuir Foras na Gaeilge deontas ar fáil don bhord chun leabhair Ghaeilge a cheannach don scoil. Tá an bord ag baint lán tairbhe as na deontais seo chun soláthar oideachais na ndaltaí a fheabhsú. Baineann údárais Choláiste Gaeilge Aráinn Mhór úsáid as foirgneamh na scoile le linn míonna an tSamhraidh.
Deántar cothabháil rialta ar an scoil agus is inmholta an slacht agus an ghlaineacht a shonraítear sa scoil ina hiomláine agus i gclós na scoile. Tá an obair rúnaíochta a dhéantar sa scoil ar bhonn páirt-aimseartha le moladh chomh maith. Cé go bhfuil plé á dhéanamh ag an bhord leis an gComhairle Condae mar gheall ar neamh-shábháilteacht an bhalla chosanta taobh amuigh den scoil, b’fhiú a chinntiú ó thaobh sláinte agus sabháilteacht na ndaltaí go ndéanfaí an balla a chur ina cheart láithreach. Tá tús curtha ag an scoil le pleananna chun bheith páirteach sa tionscnamh An Scoil Ghlas agus moltar an fhoireann as na hiarrachtaí seo.
Tugann an príomhoide ceannasaíocht an-phroifisiúnta d’fhoireann agus do phobal na scoile uile. Cuirtear an bhéim ar fhéin-mheastóireacht ar bhonn scoile ó thaobh chur i bhfeidhm an churaclaim de go rialta. Tugann na hoidí eile a thagann go dtí an scoil agus an t-aon oide eile atá lonnaithe sa scoil comhoibriú agus tacaíocht iomlán don phríomhoide. Tá dualgais an oide le post freagrachta rianaithe sa phlean scoile agus á gcur i gcrích go críochnúil.. B’fhiú anois na dualgaisí a athbhreithniú chun díriú ar riachtanais atá aitheanta chun forbartha ag an scoil.
Tugtar faoi deara go bhfaigheann na hoidí an-tacaíocht ar fad ó na tuismitheoirí agus ón bpobal maguaird. Le linn an chruinnithe leis na tuismitheoirí mar pháirt den mheastóireacht mhol siad na stráitéisí éifeachtacha atá i bhfeidhm chun an oscailteacht agus an chumarsáid a chothú idir an scoil agus an baile. Mhol siad chomh maith na córais atá i bfeidhm chun daltaí nua a ghlacadh isteach sa scoil agus chun an trasnú go dtí an dara leibhéil a eascú dóibh. Ag am na tuairisce bhí foireann na scoile ag cur leabhar le chéile i gcomhar le pobal na scoile mar pháirt de cheiliúradh céad bliain na scoile. Glacann daltaí na scoile páirt ghníomhach i gcúrsaí eaglaise agus in imeachtaí cultúrtha sa phobal. Léiríonn baill na dtuismitheoirí suim i bpleanáil na scoile. Cuirtear pleananna agus polasaithe ar fáil do thuismitheoirí agus casann siad leis na hoidí nuair is gá. Cé go mbíonn na tuismitheoirí páirteach i bhforbairt polasaithe scoile, b’fhiú ról níos láidre a thabhairt dóibh i bhforbairt an pholasaí ar Oideachas Shóisialta Pearsanta agus Sláinte agus i bhforbairt an pholasaí ar Oideachas Caidrimh agus Gnéis.
Tá bainistíocht an-éifeachtach á déanamh ar na daltaí sa scoil seo. Tá nósanna oibre préamhaithe iontu agus tá atmaisféar compordach foghlama cruthaithe ag na hoidí sna seomraí ranga. Tugtar aire do shláinte agus do shábháilteacht na ndaltaí agus cothaítear a rannphairtíocht i ngach gné de shaol na scoile.
2. Cáilíocht na pleanála sa scoil
Tá caighdeán na pleanála scoile uile go maith. Tá polasaithe cuimsitheacha, machnamhacha ar fáil do na gnéithe curaclaim agus polasaithe eagraíochta na scoile. Tá riachtanais uile na gcomhranganna aitheanta sa phleanáil agus tá córais ann chun an soláthar curaclaim a chur in oiriúint do na comhranganna seo. B’fhiú breis pleanála a dhéanamh ar bhonn uile scoile maidir le pleanáil dhifreálaithe, go háirithe don Bhéarla, dírithe ar na laigeachtaí a aithnítear sna scrúduithe foirmiúla caighdeánaithe. Moltar an phleanáil ar an mheasúnú a fhorbairt níos faide de réir na dtreoirlínte ón gComhairle Náisiúnta Churaclaim agus Measúnachta. B’fhiú an plean trí bliana don chlár DEIS a fhorbairt níos faide. Moltar na sainriachtanais churaclaim atá aitheanta ag an scoil chun forbartha a chur sa áireamh. Níor mhiste, ach go háirithe, straitéisí a dhearadh chun fhorbairt a dhéanamh ar an gcomhtheagasc in-ranga mar mhodh múinte.
Tá caighdeán na pleanála ag gach oide go maith. Leagann gach oide plean amach faoi na snáitheanna agus snáthaonaid atá sa churaclam. Coimeádann na hoidí cuntas míosúil críochnúil ar dhul chun cinn na hoibre.
Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáíl freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.
3. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Tá caighdeán ard le sonrú i dtuiscint agus i labhairt na teanga ag mórchuid na ndaltaí. Tá scileanna teanga á bhforbairt go héifeachtúil ag na hoidí ranga. Baintear feidhm as an drámaíocht go rialta mar mhodh chun cumarsáid na ndaltaí agus struchtúir nua theanga a mhúineadh agus a chleachtadh leis na daltaí. Is mór an chabhair é an cúntóir teanga a thagann isteach chun obair sa teanga a dhéanamh leis na daltaí. Cruthaítear timpeallacht phrionta shaibhir sa dá sheomra ranga agus i dtimpeallacht na scoile. Baintear usáid an-mhaith as an timpeallacht seo chun suim na ndaltaí a spreagadh le linn na gceachtanna. Bunaítear, buanaítear agus daingnítear na scileanna litearthachta le cumas agus le díogras sna bunranganna. Léann formhór na daltaí le tuiscint sna meán-ranganna agus sna hard-ranganna. Chun cur le tuiscint na ndaltaí b’fhiú trialacha tuisceana a dhéanamh níos minice bunaithe ar na píosaí léitheoireachta. Tugtar gach deis do na daltaí an léitheoireacht trasna an churaclaim a fhorbairt agus moltar an dea-chleachtas seo a leanúint agus a fhorbairt sa todhchaí. Sonraítear go bhfuil caighdeán breá á bhaint amach ag cuid de na daltaí sa scríbhneoireacht fheidhmiúil. Cé go raibh réimse éagsúla téacsanna á scríobh ag formhór na ndaltaí, b’fhiú breis béime a chuir ar phróiseas na scríbhneoireachta chun scileanna scríbhneoireachta na ndaltaí a fhorbairt a thuilleadh. Bfhiú an comhtheagasc in-ranga a fhorbairt chun caighdeán litearachta líon áirithe daltaí a ardú níos faide.
Stimulating learning environments are provided in both classes. Discussion and story telling are emphasised during oral work in both classes. Highly effective attention is given to the discussion of news, topics and other aspects of the curriculum. Pupils are given frequent worthwhile opportunities to listen to and discuss a variety of stories and novels using appropriate vocabulary. Teachers encourage the development of pupils’ thinking skills through the effective use of questioning. Much emphasis is placed on the development of phonological awareness and the use of onset and rime as a methodology. Pupils recite, analyse and appreciate a suitable selection of poems and some fine examples of poetry composition are displayed. Reading standards are generally good and due attention is given to developing pupils’ reading strategies. However further development of the present provision of differentiated programmes of reading for pupils experiencing difficulties through the targeted and specific use of graded and parallel reading schemes across the school should be considered. A team-teaching approach including the learning support teacher and the home/school/community liaison co-ordinator should be adopted to address the needs of pupils presenting with prospective reading difficulties.
Pupils’ functional and creative writing is being well developed. However the further use of information and communications technology (ICT) in process writing to enable pupils to draft, revise and edit their work is recommended. Considerable encouragement and guidance are given to pupils as they engage in early writing activities. Pupils in the senior section of the school are writing their own novels and this approach is commendable. While the standard achieved in writing by some pupils in the middle and senior classes is praiseworthy, consideration should now be given to adopting a literacy intervention, using all available supports, that would focus on comprehension in particular. This cohesive approach would enhance the reading and writing standards even more across the school.
Tá caighdeán sasúil Matamaitice á bhaint amach ag mórchuid na ndaltaí sa scoil seo. Léiríonn an chuid is mó de na daltaí tuiscint mhaith ar na coincheapa cuí sa Mhatamaitic. Ullmhaítear ceachtanna céimnithe bunaithe ar abáltacht na ndaltaí sna ranganna éagsúla. Cleachtar an obair ó bhéal go rialta chun an brí a cheangal leis an bhfoghlaim. Baintear usáid as ábhair nithhiúla agus abháir léirithe go h-inmholta. Deántar cúram de théarmaíocht na Matamaitice a mhúineadh go struchtúrtha agus tugtar aire chomh maith don phlé agus do mhodhanna gníomhacha teagaisc don fhoghlaim. Cláraíonn na daltaí an obair scríofa go cúramach agus déanann na hoidí monatóireacht rialta ar chóipleabhair na ndaltaí. Tá an obair a dhéantar ar chruthanna, uimhreas agus achar le moladh go mór.
De bharr nach bhfuil halla sa scoil, bíonn cur i bhfeidhm an Chorpoideachais ag brath go mór ar an aimsir. Faigheann na daltaí taithí ar réimse leathan de ghníomhaíochtaí. Taistealaíonn na daltaí go dtí ostán ar an tír mhór chun na scileanna snámha a chleachtadh ar feadh téarma amháin den scoilbhliain. Cruthaíonn sé seo deacrachtaí ó thaobh cúrsaí ama agus maoinithe d’fhoireann na scoile agus don bhord. Thuairiscigh na hoidí le linn na tuairisce go bhfuil dúshláin ar leith ag baint le seo ó tharla go gcaithfidh na daltaí dul ar bhád agus ansin ar bhus. Tagann teagascóirí eile isteach go dtí an scoil chun scileanna peile agus cleachtaithe, ag díriú ar scileanna gleacaíochta ar leith a theagasc do na daltaí. Deántar an damhsa Gaelach a mhúineadh go caighdeán ard chomh maith. Tá ard-mholadh tuillte ag na hoidí as an gcomhionannas inscne a chuirtear chun cinn le linn na gceachtanna Corpoideachais. Eagraíonn na hoidí na ceachtanna go ceimniúil. Is léir ó chuntais mhíosúla na n-oidí go leagtar béim chuí ar struchtúr na gceachtanna. Sna gníomhaíochtaí Corpoideachais a chonacthas le linn na meastóireachta baineadh usáid an-mhaith as na hacmhainní a bhí ar fáil chun scileanna ar leith a fhorbairt.
Tá stráiteisí measúnaithe oiriúnacha leagtha amach sa phlean scoile agus iad á gcur i bhfeidhm go rialta. Cuireann na hoidí trialacha scoil-bhunaithe ar na daltaí agus claraíonn siad na torthaí don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic. Déantar measúnú foirmiúil ar na daltaí ó rang a haon ar aghaidh sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. Eagraítear cruinnithe leis na tuismitheoirí uair sa bhliain chun na torthaí seo agus dul chun cinn ginearálta na ndaltaí a phlé.Claraítear dul chun cinn na ndaltaí ag deireadh na bliana agus seoltar na sonraí cuí go gairmiúil chuig na tuismitheoirí. Baintear feidhm as na trialacha caighdeánaithe measúnaithe chun cumas léitheoireachta agus matamaitice a mheas agus chun daltaí a roghnú a bhfuil deacrachtaí foghlama acu de réir Ciorclán na Roinne 00138/2006. Tá sé i gceist ag na hoidí, i gcomhar leis an oide tacaíochta, anailís níos doimhne a dhéanamh ar thorthaí na scrúduithe chaighdeánaithe seo chun díriú ar riachtanais an uile dhalta agus chun cur le héifeacht na stráitéisí teagaisc agus foghlama, go háirithe do dhaltaí atá níos laige. B’fhiú chomh maith breis scrúduithe fáithmheasta a dhéanamh chun laigeachtaí áirithe a aithint níos luaithe. Moltar chomh maith breis úsáide a bhaint as seicliostaí bunaithe ar na cuspóirí teagaisc chun measúnú a dhéanamh ar ábhair eile taobh amuigh den Bhéarla agus an Mhatamaitic.
4. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Tá polasaí an-mhaith curtha le chéile ag foireann na scoile don tacaíocht foghlama. Moltar polasaí ar cén uair a scoireann daltaí den tacaíocht foghlama a rianú sa pholasaí seo. Tugtar tacaíocht sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic. Mar chuid den tseirbhís tacaíochta, leagtar spriocanna foghlama soiléire amach sna pleananna oibre ar bhonn an dalta aonair agus cláraítear dul chun cinn na ndaltaí go rialta. Is éifeachtach na stráitéisí atá sa chur chuige ó thaobh na ngníomhaíochtaí foghlama atá in usáid don tseirbhís tacaíochta. Is léir ó fhianaise cláraithe i dtorthaí na scrúduithe caighdeánaithe go bhfuil dul chun cinn an-sásúil deánta ag líon áirithe daltaí ó thús na scoilbhliana agus tá an dul chun cinn seo le moladh. Cé go ndéantar na pleananna a dhearadh ar bhonn an-chomhoibritheach idir an oide tacaíochta agus na hoidí ranga, b’fhiú anois an phleanáil don chomhtheagasc in-ranga a fhorbairt. Chun dul i ngleic leis na deacrachtaí aitheanta sa litearthacht ag roinnt daltaí, moltar anois don fhoireann plean gníomhaíochta comhtháite a dhearadh ina mbeadh ról an-chinnte ag an oide tacaíochta, an comhordaitheoir baile-scoile-pobail agus an múinteoir ranga. B’fhiú breis comhairle a fháil ón tSeirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta agus an plean seo á dhearadh ag foireann na scoile.
Faigheann an scoil tacaíocht ó chomhordaitheoir faoin scéim DEIS. Mar chuid den obair seo tá forbairt á déanamh ar an seanchas agus ar an stair áitiúil agus ar an seanchas a bhaineann leis an fharraige. Aithnítear go bhfuil fiúntas sa chur chuige sin, ach b’fhiú anois fócas níos iomláine a chur ar thionscnaimh léitheoireachta sa scoil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla bunaithe ar an bplean gníomhaíochta comhtháite.
5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:
· Tá an bord le moladh as as an obair leanúnach a dhéantar i gcothabháil na scoile agus mar gheall ar an tacaíocht iomlán a thugtar d’fhoireann na scoile chun an curaclam a chur i bhfeidhm.
· Tá ardmholadh ag dul do phríomhoide na scoile as an obair atá déanta aici chun saol na scoile a fheabhsú do na daltaí, na tuismitheoirí agus na múinteoirí.
· Moltar dúthracht agus gairmiúlacht gach oide i leith obair na scoile.
· Tá caighdeán an-mhaith ag baint leis an teagasc agus na modhanna gníomhacha atá in úsáid.
· Tá gaol láidir idir an scoil agus pobal na dtuismitheoirí.
Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:
· Moltar plean gníomhaíochta comhtháite a dhearadh don litearacht Bhéarla agus Ghaeilge ina mbeadh ról an-chinnte ag gach oide ann agus athbhreithniú rialta déanta ar an dhul chun cinn an phlean.
· Moltar rannpháirtíocht na foirne ar bhonn uile scoile a chur chun cinn sa phróiseas pleanála.
· Moltar an plean trí bliana do DEIS a fhorbairt chun dul i ngleic leis na sainriachtanais atá aitheanta ó thorthaí na scrúduithe chaighdeánaithe.
· Moltar an pleanáil don chomhtheagasc in-ranga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
· Moltar don bhord agus don fhoireann, i gcomhar leis na húdarais chuí, stráitéisí a thabhairt chun tosaigh chun tinreamh na ndaltaí a fheabhsú.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainisíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.
Foilsíthe Eanáir 2009