
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Scoil Cholmcille
An Tearmann, Contae Dhún na nGall
Uimhir Rolla: 14194S
Dáta na Meastóireachta: 28 Feabhra 2006
Dáta eisithe na tuairisce: 15 Nollaig 2006
1. Cáilíocht bhainistíocht na scoile
1.2 Úinéireacht agus bainistíocht na scoile
2. Cáilíocht na pleanála sa scoil
3. Cailíocht sholáthar an churaclaim
3.1 Pleanáil agus eagrúchán an churaclaim
3.2 Soláthar comhchuraclaim agus seach-churaclaim
4. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
4.5 Oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE)
4.8 Oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS)
4.9 Meastúchán agus gnóthachtáil
5. Caílíocht na tacaíochta do mhic léinn
5.1 Polasaí agus soláthar do mhicléinn a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu
5.2 Polasaí agus soláthar le haghaidh tacaíochta foghlama
5.3 Ag tabhairt tacaíocht don pháiste – an teaghlach, an scoil agus an pobal
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis meastóireacht scoile uile a bheith déanta ar Scoil Cholmcille. Léiríonn sí torthaí meastóireachht a rinneadh ar obair na scoile ina hiomláine agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Le linn na meastóireachta bhí cruinnithe réamh-mheastóireachta ag na cigirí leis an bpríomhoide, leis na múinteoirí, le bord bainistíochta na scoile agus le hionadaithe chumann na dtuismitheoirí. Cuireadh an mheastóireacht i gcrích thar thréimhse roinnt laethanta inar thug na cigirí cuairteanna ar sheomraí ranga agus inar bhreathnaigh siad ar theagasc agus ar fhoghlaim. Rinne siad idirghníomhú leis na daltaí agus leis na múinteoirí, scrúdaigh siad obair na ndaltaí agus rinne said idirghníomhú leis na múinteoirí ranga. D’athbhreithnigh said doiciméidí faoi phleanáil scoile agus ullmhú scríofa na múinteoirí. Bhuail said le grúpaí fóirne éagsúla de réir mar ba chuí. I ndiaidh na cuairte meastóireachta thug na cigirí aiseolas ó bhéal don fhoireann agus don bhord bainistíochta mar gheall ar thorthaí na meastóireachta. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú i scríbhinn ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
Is scoil mheasctha í seo sa Ghaeltacht oifigiúil. Cé gur scoil Ghaeltachta í seo tagann go leor de na daltaí ó theaghlaigh arb í an Béarla an teanga bhaile. Tá 99 dalta ar na rollaí faoi láthair agus tá gach dealramh de réir an mheán rollaithe mheasta go mbeidh meadú leanúnach ar na rollaí idir an bhliain 2006 agus 2009. Tá ceithrar oidí ranga ar an fhoireann chomh maith le beirt oidí tacaíochta foghlama agus comhordaitheoir tuaithe. Faigheann an scoil maoiniú breise ó chlár na Roinne Oideachais chun soláthar agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste agus tá comhordaitheoir tuaithe ceaptha chun an clár a chur i bhfeidhm.
Is é an mana atá rianaithe i ráiteas misin an phlean scoile ná “Ní neart go cur le chéile.” Is léir ón mheastóireacht a rinneadh ar an scoil gur scoil éifeachtach í seo agus go bhfuil na haidhmeanna maidir le timpeallacht shona, shábháilte agus fháilteach a chothú d’fhonn forbairt a dhéanamh ar acmhainn iomlán an pháiste á mbaint amach ag bainistíocht agus ag foireann na scoile. Sa tuairisc dheireannach a rinneadh i 1996, moladh an fhoireann as ucht na hoibre a bhí déanta acu. Moladh an dúthracht ó thaobh na n-oidí de agus an dea-rian a bhí ar gach gné de shaothar na scoile.
Cuireann an scoil roimpi oideachas d’ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge don chuid is mó dá daltaí chun iad féin a ullmhú don saol. Is polasaí dátheangach don chuid is mó atá i bhfeidhm sa scoil, sa chlós agus in imeachtaí taobh amuigh den scoil. Déantar gach iarracht saoithiúlacht Ghaeilge a chothú chun cur ar chumas na ndaltaí meas agus tuiscint a bheith acu dá bhféiniúlacht chultúrtha féin agus d’fhéiniúlacht chultúrtha dhreamanna eile.
Sonraíonn an chumarsáid mhaith agus an caidreamh taobh istigh den scoil sainspiorad na scoile chomh maith leis na luachanna agus na prionsabail atá rianaithe sa ráiteas misin sa phlean scoile. Is inmholta an chúirtéis agus an comhoibriú a léirítear sa scoil seo. Cuireann na hoidí chun oibre go dúthrachtach, proifisiúnta agus comhoibríonn siad go tairbheach lena chéile, le lucht bainistíochta na scoile agus leis na tuismitheoirí ar mhaithe le hatmaisféar breá foghlama a chruthú sa scoil. Is breá an dua agus an tsuim a léiríonn na hoidí i leas a gcuid daltaí. Tá rian an dea-eagair agus na héifeachta le sonrú ar obair na scoile. Cothaítear dea-nósanna iompair agus saothair sna daltaí agus tugann siad faoina gcuid oibre go fonnmhar.
Tá an bord bainistíochta bunaithe mar is cóir agus tá cathaoirleach agus baill an bhoird an-éifeachtach ina dtacaíocht chun oideachas éifeachtach a sholáthar sa scoil.
Déanann baill an bhoird bhainistíochta teagmháil rialta le chéile tré chruinnithe a reachtáil gach téarma. Comhoibríonn an patrún leis an mbord bainistíochta i rialacha na scoile. Deimhníonn an bord go bhfuil cumarsáid dhearfach cothaithe le tuismitheoirí. Feidhmíonn an bord de réir na riachtanas san Acht Oideachais agus na dtreoracha ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá gnáthaimh an bhoird maidir le bainistiú acmhainní airgeadais na scoile éifeachtach. Tá ard-mholadh ag dul don bhord mar gheall ar a dtacaíocht d’fhorbairt phroifisiúnta na n-oidí sa scoil Tá an bord ar an eolas mar gheall ar na riachtanais reachtúla faoi mar a bhaineann sé le cód iompraíochta, tinreamh scoile, agus polasaí sláinte agus sábháilteachta a ullmhú. Tá cóid agus polasaithe líonmhara curtha le chéile go cuimsitheach ag an mbord sa phlean scoile. Moltar don bhord ionchur a bheith acu i bhforbairt pholasaithe curaclaim na scoile agus na polasaithe atá curtha le chéile cheana féin a shíneadh agus dáta aithbhreithnithe a chur leo. Cuirtear tuismitheoirí na ndaltaí nua ar an eolas mar gheall ar phríomh-pholasaithe na scoile ag tús na scoilbhliana. Bhí an bord gníomhach i bhfeabhsúcháin scoile le cúpla bliain anuas; b’iad sin forbairt ar an ionad súgartha agus cúirt cispheile taobh amuigh den scoil agus méadú ar sheomra ranga, ar sheomra múinteoirí agus ar sheomraí ríomhairí agus stórais. Cuireadh ríomhairí nua ar fáil sa scoil, cuireadh tús le scéim iasachta leabhar, an leabharlann bréagáin agus tosaíodh ar chúrsaí do thuismitheoirí faoi chlár an chomhordaitheora tuaithe. Is inmholta an slacht agus an ghlaineacht a shonraítear sa scoil ina hiomláine agus i gclós na scoile.
D’fhoilsigh an scoil dhá eagrán i dtaobh shaol Naomh Colmcille agus eolas mar gheall ar an stair aitiúil. Tá pleananna curtha le chéile ag an mbord mar gheall ar struchtúr a thógáil in aice na scoile a bhaineann le Naomh Colmcille agus chun iarsmaí ó na foirgnimh stairiúla sa cheantar agus an cúlra stairiúil a bhaineann leo a scríobh.
Tá ceannaireacht an-éifeachtach le sonrú sa scoil seo. Stiúrtar imeachtaí uile na scoile le cruthaitheacht agus le teann díograis. Déantar an bhainistíocht inscoile ar chúrsaí na scoile go h-éifeachtach. Cothaíonn an bhainistíocht inscoile, ar bhonn gníomhach, cur chuige comhpháirtíochta agus aidhmeanna na scoile á n-aontú agus á mbaint amach. Cuirtear béim ar chórais chumarsáide atá soiléir agus oscailte. Tá fís ag an bhainistíocht d’fhorbairt na scoile agus tá na pleananna cuí á bhforbairt de réir a chéile. Tá dáiríreacht agus dúthracht le sonrú ar chur chuige na n-oidí i dtreo go bhfuil ord agus eagar ar imeachtaí uile na scoile. Cuirtear an-bhéim ar úsáid na Gaeilge sa scoil agus i measc na dtuismitheoirí agus is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna hiarrachtaí éagsúla atá curtha i gcrích go dtí seo ag bainistíocht na scoile.
Bíonn cruinnithe foirne ann go rialta chun obair agus polasaithe na scoile a phlé. Tá dualgais na n-oidí le poist fhreagrachta rianaithe sa phlean scoile agus á gcur i gcrích go héifeachtach, ach b’fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar na dualgais sin de réir mar a bhaintear na spriocanna amach agus spriocanna nua a shocrú chun a chinntiú go bhfuil said ag teacht le riachanais na scoile. Deimhníonn an bhainistíocht inscoile forbairt phroifisiúnta leanúnach. Féachtar chuige go gcothaítear caidreamh maith idir na daltaí agus bainistíocht na scoile ar dhóigheanna éagsúla agus cuirtear polasaithe na scoile i dtaca le daltaí i bhfeidhm ar bhealach cothrom, oscailte agus cóir. Léiríonn an bhainistíocht inscoile agus foireann na scoile go gcloítear le riachtanais reachtúla i mbainistiú na ndaltaí ó lá go lá. Tá córais an-éifeachtacha i bhfeidhm sa scoil ag an mbainistíocht inscoile chun teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí. Déantar an obair rúnaíochta go sásúil sa scoil.
Lorgaíonn an bhainistíocht inscoile ar bhonn gníomhach na hacmhainní ar fad is gá, idir ábhartha agus pearsanra, do na daltaí go léir agus imlonnaítear na baill den fhoireann teagaisc agus an pearsanra tacaíochta ar an mbealach is éifeachtaí chun aidhmeanna na scoile a bhaint amach. Cuirtear an córas comhtheagaisc i bhfeidhm sa scoil. go h-áirithe do theagasc na Matamaitice. Moltar éifeacht na pleanála agus an cur chuige comhoibritheach a dhéantar chun freastal ar na daltaí le riachtanais ar leith oideachais sna ranganna. Cuireann an scoil réimse oiriúnach gníomhaíochtaí ar fáil agus féachann na hoidí chuige go bhfuil na daltaí go léir páirteach sna gníomhaíochtaí seo chun tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim agus chun í a fheabhsú. Baintear úsáid éifeachtach as na ríomhairí agus cláracha oiriúnacha chun obair thionscnaimh a dhéanamh. Tá ard-chaighdeán sna tionscnaimh atá curtha i gcrích ag na ranganna sinsireacha sa scoil agus b’fhiú deiseanna a chur ar fáil dóibh chun a gcuid oibre a roinnt agus a chur i láthair do dhaltaí eile sa scoil trí usáid a bhaint as teicneolaíocht an eolais.
Tá go leor craobhacha agus duaiseanna atá buaite ag an scoil le cúpla bliain ar taispeáint sa scoil. Bhuaigh daltaí sna ranganna sinsireacha sa scoil turas go dtí an Danmhairg mar gheall ar an scríbhneoireacht chruthaitheach a chur said i gcrích i gcomórtas litríochta. Baintear úsáid éifeachtach as na gníomhaíochtaí seo chun an nasc a chothú leis an bpobal áitiúil. Tá an chóiríocht agus na hacmhainní ar ard-cháilíocht, cothabháil mhaith orthu agus iad oiriúnach do riachtanas na scoile agus chun na riachtanais ar cuireadh iad ar fáil dóibh a shásamh. Tá sár-acmhainní aimsithe ag a scoil chun an stair aitiúil a mhúineadh ar bhonn tionscnaimh. Comhoibríonn an bord, na hoidí, na daltaí agus glantóir na scoile chun cúram den scoth a thabhairt d’fhoirgneamh, d’acmhainní agus do thimpeallacht na scoile. Maisítear na seomraí ranga go tarraingteach, spreagúil le háiseanna teagaisc, taispeántais agus le hobair chruthaitheach na ndaltaí sa teanga agus san ealaín. Tá raon leathan d’áiseanna teagaisc curtha ar fáil sna seomraí ranga. idir theilifíseanna, fhístéipeanna, théipthaifeadáin, ríomhairí agus dlúthdhioscaí, agus tá úsáid éifeachtach á baint astu don teagasc.
Tá an plean scoile curtha le chéile ag an bhfoireann a rianaíonn fís, aidhmeanna agus cur chuige na fóirne ó thaobh an teagaisc agus na foghlama de. Tá ag éirí go maith leis na h-aidhmeanna go dtí seo mar go bhfuil spriocanna sroichte ag an scoil go háirithe ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus an tábhacht a bhaineann le páirtíocht na dtuismitheoirí san oideachas. Is í an fhís atá ag an scoil mar atá rianaithe sa phlean scoile ná “ní neart go cur le chéile” agus cothaítear an pháirtnéireacht idir na múinteoirí, na daltaí, na tuismitheoirí, an bord agus áisinteachtaí eile go héifeachtach. Baintear úsáid mhaith as na moltaí a fhaightear ón tseirbhís um fhorbairt scoile chun pleananna na scoile a chur le chéile ach b’fhiú diriú ar an tacaíocht ó thaobh na pleanála ar bhonn ranga a fhorbairt chun an ceangal a chothú idir an plean scoile agus an phleanáil ar bhonn ranga. Tá forbairt á déanamh ag an bhfoireann ar an bplean ceoil agus eolaíochta faoi láthair. Moltar na pleananna seo a chur i gcrích agus tús áite a thabhairt d’fhorbairt an phlean Eolaíochta. Tá plean scoile cuimsitheach déanta don tacaíocht foghlama agus do dhaltaí a thagann ó chúlra atá faoi mhí-bhuntáiste. Rinneadh athbhreithniú agus meastóireacht éifeachtach ar dul chun cinn an phlean don tacaíocht foghlama sa scoil agus socraíodh spriocanna nua a shonrú chun freastal ar riachtanais na ndaltaí.
Cuireadh fianaise ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil céimeanna cuí glactha ag an mbord bainistíochta agus ag an bhfoireann chun beartais a fhorbairt atá ag teacht le forálacha Children First: National Guidelines for the Protection and Welfare of Children (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2004) agus Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Paistí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Aibeán 2001). Cuireadh fianaise ar fáil, leis, a dhearbhaíonn go bhfuil na beartais glactha ag an mbord bainistíochta agus go bhfuil said curtha i bhfeidhm aige. Tá duine idirchaidrimh ainmnithe ceaptha de réir cheanglas threoirlínte na Roinne.
Tá polasaithe ullmhaithe do mórchuid ghnéithe den churaclam a bhfuil oiliúint ionghairme faighte iontu. Moltar polasaithe a fhorbairt don Eolaíocht ach go háirithe. Tá soláthar sa phlean d’éagsúlacht de chleachtais fhoghlama agus theagaisc: comhfhoghlaim, gníomhfhoghlaim, fadhbréiteach agus obair chomhoibritheach ina measc. Tá an-éifeacht ag baint leis an obair thionscnaimh sa scoil. Déantar an phleanáil ar bhonn comhoibritheach uile scoile. Tá go leor curtha i gcrích ag an bhfoireann faoin am seo, ach d’fhéadfaí tógáil ar an bpleanáil ar bhonn scoile chun a chinntiú go bhfuil na cuspóirí teagaisc á rianú sa phleanáil ghearrthréimhseach i ngach rang.
Leagann gach oide plean oibre fadtréimhseach amach dá rang faoi na snáitheanna agus snáthaonaid atá sa churaclam. Moltar soláthar níos cuimsithí a dhéanamh do dhifríochtaí i gcumais agus i stíleanna foghlama na bpáistí i roinnt ranganna. Coimeádann gach oide cuntas míosúil ar dhul chun cinn na hoibre. Cuntas gairid ina leagtar síos an t-ábhar atá múinte atá i gceist. Moltar teimpléid scoile a fhorbairt ina soiléireofaí an obair atá déanta faoi snáithe agus snáthaonaid an churaclaim agus ina leagfaí béim ar na scileanna agus na coincheapa atá foghlamtha ag daltaí.
Is léir ó phlean agus ó chlár teagaisc na scoile go bhfuil taithí á tabhairt do na daltaí i gcuraclam leathan agus cothrom. Tá an clár teagaisc ag teacht leis na spriocanna atá leagtha amach sa phlean scoile agus déantar soláthar cuí do chothromaíocht inscne agus do mhíbhuntáiste oideachasúil. Cuirtear an curaclam in oiriúint mar is gá do riachtanais agus d’ábaltacht na ndaltaí ach b’fhiú cur chuige ar bhonn scoile uile a fhorbairt chun an curaclam idirdhealaithe a chur i bhfoirm scríofa san ullmhúchán gearrthréimhseach. Tá soláthar don tacaíocht foghlama ar fáil do na daltaí agus sásaíonn sé a gcuid riachtanas. Moltar na hoidí as an tslí ina bhfuil ceangal déanta acu ina bpleanáil leis na snáitheanna agus snáthaonaid an churaclaim. Déantar comhtháthú éifeachtach do na ceachtanna agus déantar an phleanáil ar bhonn téamúil do gach ábhar chun leanúnachas a chothú idir na hábhair sa churaclam. Déanann oidí ar an bhfoireann a bhfuil spéis ar leith acu san ealaín agus sa drámaíocht na hábhair seo a mhúineadh do na ranganna eile agus déantar pleanáil éifeachtach ar an gclár ama chun am cuí a thabhairt do na hábhair seo. Tá an scoil éifeachtach sa chaoi a n-úsaideann sí tionscnaimh churaclaim na Roinne Oideachais agus Eolaíochta mar fhreagra ar mhí-bhuntáiste oideachasúil.
Cuireann an scoil réimse oiriúnach gníomhaíochtaí chomhchuraclaim ar fáil agus féachann na hoidí chuige go bhfuil na daltaí go léir páirteach sna gníomhaíochtaí seo chun tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim agus chun í a fheabhsú. Baintear úsáid éifeachtach as na ríomhairí agus cláracha oiriúnacha chun obair thionscnaimh a dhéanamh. Cuireann an scoil réimse gníomhaíochtaí seach-churaclaim ar fáil do na daltaí freisin agus déantar gach iarracht lena chinntiú go mbíonn an oiread daltaí agus is féidir páirteach sna gníomhaíochtaí. Ghlac na daltaí páirt i dtionscnaimh dhúlra, litríochta, staire agus thíreolais agus is léir ó na samplaí i bhfoirm pictiúr agus scríofa atá ar taispeáint sa scoil gur cuireadh go leor ama agus iarrachta isteach iontu. Déantar ranganna drámaíochta, peil Ghaelach agus ceol traidisiúnta a theagasc go rialta tar éis am scoile. Tá go leor craobhacha agus duaiseanna atá buaite ag an scoil le cúpla bliain ar taispeáint sa scoil. Léiríonn sé sin an caighdeán an-ard a bhaintear amach sna gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Baintear úsáid éifeachtach as na gníomhaíochtaí seo chun an nasc a chothú leis an bpobal áitiúil.
Déanann na hoidí pleanáil fhadtréimhseach agus ghearrthréimhseach agus coinnítear cuntais ar dhul chun cinn na hoibre. Soláthraíonn na hoidí cairteacha, leathanaigh shaothair agus luaschártaí chun cur le héifeacht an teagaisc sna ranganna. Cé go ndéantar freastal éifeachtach ar na daltaí le riachtanais oideachais ar leith sna seomraí ranga, b’fhiú an t-idirdhealú a dhéantar sa teagasc a rianú sa phleanáil scríofa agus cóipeanna de na cláracha aonair teagaisc agus comhtheagaisc a chur ar fáil i bpleanáil na n-oidí ranga chomh maith.
Is léir go bhfuil tuiscint mhaith ag na hoidí ar bhunphrionsabail an churaclaim. Baintear feidhm as raon leathan de mhodhanna múinte idir rang theagasc, grúpobair, obair i bpéirí agus obair aonair nuair is gá. Úsáidtear modhanna solúbtha chun an teagasc a sholáthar do dhaltaí le riachtanais speisialta tré an teagasc tacaíochta a thabhairt dóibh sna seomraí ranga. Baintear úsáid éifeachtach as modh an tionscadail sa Stair agus Tíreolas sna hardranganna agus cuirtear oiliúint chumasach ar na daltaí i modhanna fionnachtana. Tugtar deiseanna dóibh an t-eolas a thóraíocht as a stuaim féin. Tá úsáid éifeachtach á baint as an teicneolaíocht mar áis chun neart a chur leis an teagasc. Sonraítear an comhtháthú idir na hábhair i mórchuid na ranganna agus déantar iarracht an leanúnachas a chur chun cinn. Spreagtar na daltaí chun oibre go sciliúil agus tá dea-nósanna oibre préamhaithe iontu. Cuireann na hoidí chun oibre go dúthrachtach, proifisiúnta agus comhoibríonn said go tairbheach lena chéile ar mhaithe le hatmaisféar breá foghlama a chruthú sa scoil.
Gaeilge
Sroicheann na daltaí caighdeán ard tuisceana agus cruinnis i labhairt na Gaeilge agus soláthraítear an t-ionchur cuí teanga chuige seo. Baintear usáid as an nGaeilge mar theanga bhainistíochta i ngach rang sa scoil. Léiríonn na daltaí tuiscint an-mhaith ar théamaí atá á bplé sa rang acu. Úsáidtear raon leathan d’fhoinsí oiriúnacha chun an plean Gaeilge a chur i bhfeidhm. Tugtar tacaíocht bhreise sa teanga do na daltaí i ngach rang go rialta chun an chumarsáid agus an foclóir a fhorbairt. Faoin chlár tacaíochta bhreise teanga tugtar faoi straitéisí éifeachtacha i gcomhar leis na hoidí chun an teanga a fhorbairt go céimniúil ó rang go rang. Baintear úsáid éifeachtach as ábhar nithiúil i bhfoirm púipéid agus fearais eile chun suim na ndaltaí a mhúscailt sa teanga sna ranganna go léir. Cuirtear an bhéim ar an dramaíocht sna ranganna.
Sonraítear sár-chleachtas i múineadh na Gaeilge i ngach rang, agus léiríonn roinnt oidí cumas ar leith i dteagasc an ábhair seo. Baintear usáid éifeachtach as cluichí teanga agus téipeanna éisteachta chun cur le foclóir agus tuiscint na ndaltaí. Tugtar deiseanna do na daltaí iad féin a chur in iul trí dhíospóireachtaí ranga. Aithrisíonn na daltaí raon leathan de rímeanna agus de dhánta oiriúnacha chun forbairt a dhéanamh ar an dea- fhoghraíocht. Is inmholta an obair a dhéantar san ard-roinn ó thaobh an staidéir a dhéantar ar an fhilíocht. Déanann na daltaí cur síos an-mhaith ar shaothar filíochta a ndearna siad staidéar orthu agus tá ard-chaighdeán bainte amach acu sa chumadóireacht chomh maith. Múintear túschéimeanna na léitheoireachta sa bhunroinn agus déantar forbairt chéimiúil ar an léitheoireacht go dtí an ardroinn. Léann na daltaí go cruinn as na leabhair agus tá siad cumasach go maith chun ábhar na léitheoireachta a thuiscint agus a phlé. Tá réimse leathan de leabhair léitheoireachta bhreise ar fáil sna bunranganna; b’fhiú raon níos leithne a chur ar fáil do na daltaí sna meánranganna.
Tugtar faoi theagasc na peannaireachta go cúramach agus déantar an obair scríofa go slachtmhar néata. Sonraítear go bhfuil scileanna scríbhneoireachta na ndaltaí ag forbairt go sásúil sna bunranganna agus sna meánranganna ach moltar níos mó abairtí iomlána a chur ar taispeántas chun scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta na ndaltaí a fhorbairt. Is inmholta an comhthathú a dhéantar leis an Oideachas Shóisialta Pearsanta agus Sláinte chun gnéithe den ábhar seo a chur i bhfeidhm. Tá caighdeán ard sroichte ag na daltaí sinsearacha sa scríbhneoireacht agus d’fhéadfaí anois tabhairt faoin saothar a scríobh i leabhráin bheaga agus é a léamh do na ranganna sóisearacha. Baineann na daltaí taitneamh as a saothar féin sa scríbhneoireacht phearsanta agus as an bhfilíocht a léamh agus a chur i láthair. Baintear úsáid as trialacha féin-deartha chun cumas na ndaltaí sa teanga a mheas, agus déantar an phleanáil agus an teagasc bunaithe ar thorthaí na dtrialacha seo. Moltar an cleachtas seo sa scoil agus b’fhiú usáid a bhaint as na trialacha caighdeánaithe chomh maith.
English
In English, the changes introduced in the Primary Curriculum are generally being implemented in classes and high standards are being achieved in all classes. In the junior section, emphasis is placed on the development of phonological awareness, sight vocabulary and on an awareness of rhyme. Active listening skills are developed through the use of story and exposing pupils to a variety of experiences. Drama, poetry, group work, pairwork, activity-based methodologies, talk and discussion are used to further enhance the oral language activities in all classroooms. English reading is being carefully developed in all classes using a variety of resources including, textbooks, library books, magazines and newspapers. The approach to reading includes the use of class novels and a structured reading scheme. The introduction of sets of novels suitable for emergent, independent readers should be considered to encourage pupils to take up leisure reading and the potential of the novel to integrate oral, reading and writing skills should be further explored. Reading standards are very satisfactory across the school. Each classroom has a well-organised class library and these libraries are updated with the support of the local library and book fairs. Functional and creative writing is undertaken at all class levels to a very high standard. Children write for a variety of reasons and in different genres: book reviews, recipes, interviews, letters and poems. The school takes part in the Writers in School Scheme, where authors are invited to the school to participate in creative writing workshops.
Tá caighdeán an-sásúil matamaitic á shroichint sa scoil seo. Tá raon leathan d’acmhainní mhaithe curtha ar fáil chun cur le h-éifeacht an teagaisc agus tá timpeallacht uimhreach shaibhir le sonrú i ngach seomra ranga. Baintear úsáid an-éifeachtach as an gcomhtheagasc sa ghné seo den churaclam mar atá rianaithe sa phleanáil tacaíochta foghlama. Múintear fíorais bhunúsacha na matamaitice go héifeachtach i ngach rang. Dírítear aire chóir ar dhaingniú na gcoincheapa, ar chlárú na hoibre agus ar an obair ó bhéal. Tá an cur chuige don chuid is mó bunaithe ar thaithí phraiticiúil na ndaltaí ó naíonáin go rang a sé agus cuirtear an bhéim ar dhíospóireacht idir páistí agus idir oide agus páiste chun coincheapa na matamaitice a shoiléiriú in intinn na ndaltaí. Baintear caighdeán maith cruinnis amach i bhfreagairt ceisteanna uimhríochta agus bhí caighdeán ard le sonrú in obair na ndaltaí sna cóipleabhair. Baintear úsáid chuí as ábhar nithiúil do theagasc na Matamaitice i ngach rang. Baintear úsáid as téacsleabhair chomh maith agus piocann na hoidí amach na píosaí a oireann don teagasc. Leagtar béim chreidiúnach ar chumas smaointe na ndaltaí a fhorbairt trí fhadhbanna a réiteach. Baintear usáid mhaith as tástálacha féin-deartha chun daltaí a ghrúpáil don Mhatamaitic agus gníomhaíochtaí sínteacha a ullmhú do na daltaí a bhfuil luí ar leith acu leis an Mhatamaitic. Rinneadh plé le linn na meastóireachta ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid idir oidí agus tuismitheoirí maidir le h-ábhar chlár na Matamaitice agus leis na modhanna teagaisc atá á n-úsáid agus an teanga a úsaidtear don Mhatamaitic. Léiríonn torthaí na scrúdaithe caighdeánaithe go bhfuil caighdeán an-mhaith bainte amach ag na daltaí sa Mhatamaitic.
Tíreolaíocht
Leagtar an-bhéim ar mhúineadh na Tíreolaíochta i ngach rang, ach go háirithe sna hardranganna. Cothaítear spéis na ndaltaí sna tíortha éagsúla trí úsáid a bhaint as léarscáileanna, grianghraif, téacsleabhair agus leabhair eolais. Déantar tionscnaimh ar chultúr na dtíortha san Aontas Eorpach ach go háirithe. Déantar saibhriú ar chlár na Tíreolaíochta san ardroinn trí úsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide chun coincheapa agus scileanna tíreolaíochta na ndaltaí a fhorbairt. Déantar turais go h-áiteanna agus foinsí tíreolais chun forbairt a dhéanamh ar thuiscint na ndaltaí ar ghnéithe san ábhar seo.
Stair
Sa Stair, cothaítear suim na ndaltaí chun bheith ag obair mar staraithe ar bhonn éifeachtach. Úsáidtear an Stair áitiúil mar bhunús don phróiseas fiosraithe agus déantar forbairt leanúnach ar na gnéithe Staire ó rang go rang. B’fhiú deiseanna a thabhairt do na daltaí a gcuid torthaí ar fhionnachtana Staire a chur in iúl do dhaltaí eile na scoile ar bhealaí éagsúla.
Eolaíocht
Tá clár bunaithe ar ceithre shnáithe an churaclaim eolaíochta curtha le chéile agus á theagasc ag na hoidí a bhaineann le dúile beo, ábhar, fuinneamh agus fórsaí, agus feasacht agus cúram imshaoil. Tugtar faoi thrialacha eolaíochta suimiúla ar fud na scoile. Músclaítear spéis na ndaltaí ina dtimpeallacht i ngach rang agus dírítear aire ar na lúba comhcheangail idir an Eolaíocht agus réimsí eile an churaclaim. Tá boird dúlra i ngach rang agus feidhm cheart á baint astu mar áiseanna foghlama. Déanann na daltaí teagmháil le raon cuimsitheach, comhchothrom d’idéanna agus de choincheapa i dtaobh imshaoil, trí chlár atá dírithe ar shnáitheanna an churaclaim a chlúdach ina dtaighde praiticiúil agus trí imeacht ar shiúlóidí dúlra agus ar thurais scoile. Chonachtas samplaí an-mhaith de leabhráin a úsáideann na daltaí chun taifead a dhéanamh agus iad ag obair go heolaíoch, agus mar staraithe agus tíreolaithe le linn na dturas agus na siúlóidí dúlra. Moltar na pleananna atá curtha le chéile chun gáirdín scoile a fhorbairt d’fhonn deiseanna a thabhairt do na daltaí na tionchair a bhíonn ag athruithe séasúracha a thabhairt faoi deara, iniúchadh a dhéanamh ar ábhair, agus dul sa tóir ar bhonn rialta ar ainmhithe agus ar phlandaí ina ngnáthóga nádúrtha.
Na hamharcealaíona
Tugtar faoi éagsúlacht ghníomhaíochtaí sna hamharcealaíona agus cuirtear obair na ndaltaí ar taispeáint sna seomraí ranga agus i halla na scoile. Bhí samplaí maithe d’obair i bpéint, cré, fabraic agus snáithín, agus tógáil le sonrú i ngach seomra. Eagraítear taispeántais amharcealaíne na ndaltaí do thuismitheoirí chun gur féidir leo féachaint agus freagairt don obair agus baineann na daltaí féin an-taitneamh as bheith ag féachaint agus ag freagairt do shaothar na ndaltaí eile sa scoil. Coinnítear comhaid d’obair na ndaltaí chun taifead a dhéanamh ar a ndul chun cinn san ábhar. Rinneadh plé leis an bhfoireann ar úsáid na teicneolaíochta agus uirlisí measúnachta eile san ealaín chun forás na ndaltaí a mheas. Bhí samplaí d’obair na ndaltaí ar chaighdeán an-ard agus bhí na daltaí an-fhonnmhar chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas tógála agus ealaíne féin. Is inmholta an ceangal a chothaítear le tuismitheoirí mar gheall ar thaispeántais amharcealaíne agus an tábhacht a bhaineann le feáchaint agus freagairt d’ealaín. Is éifeachtach mar a dhéantar ceangal a chothú leis an bpobal tré abhár a dhearadh d’ocáidí speisialta mar ullmhúchán do na sacraimintí. Cuirtear saothar na ndaltaí ar taispeáint i dteach a’ phobail agus tugtar deis do na tuismitheoirí agus don phobal i gcoitinne féachaint agus freagairt don réimse leathan d’obair chruthaitheach na ndaltaí.
Ceol
Déantar cúram ar leith do mhúineadh an cheoil agus dírítear aire chuí ar na trí snáitheanna sa churaclam ceoil: éisteacht agus freagairt, léiriú, agus cumadóireacht. Canann na daltaí réimse leathan d’amhráin Ghaeilge go deas binn. Baintear úsáid as cnaguirlisí agus uirlisí ceoil eile chun píosaí ceoil a léiriú ó chuimhne agus chun rithim phátrúin a theagasc go sciliúil. Déantar comhthathú éifeachtach idir an ábhar seo agus na hamharcealaíona mar go ndearna na daltaí cnaguirlisí lámhdhéanta le linn na gceachtanna ealaíne don cheol. Tagann teagascóir speisialta go dtí an scoil chun an Ceol a theagasc agus an damhsa Gaelach a fhorbairt. Cothaítear an nasc leis an bpobal trí páirt ghníomhach a ghlacadh i gcór d’ocáidí ar leith.
Drámaíocht
Déantar an drámaíocht go caighdeán an-ard sa scoil seo. Cuirtear drámaí ar taispeántas in hallaí áitiúla agus cothaítear suim agus tacaíocht na dtuismitheoirí tré iad a bheith páirteach in ullmhúcháin do na drámaí. Déantar comhtháthú éifeachtach idir an ábhar seo agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte.
Déantar clár leathan agus cothrom a sholáthar sa Chorpoideachas. Tá seomra gleacaíochta sa scoil. Cothaítear ceangal le Cumann Lúthchleas Gael agus áisínteachtaí spóirt eile. Tagann teagascóir peile isteach sa téarma deireannach chun oiliúint a chur ar na daltaí i scileanna peile. Baintear úsáid mhaith as an raon leathan d’acmhainní teagaisc atá ar fáil sa scoil. Eagraítear cluichí agus comórtais pheile taobh amuigh d’am scoile agus cothaítear comhpháirtíocht na mbuachaillí agus na gcailíní sna cluichí seo.
Níl an plean curtha i gcrích go hiomlán go fóill sa ghné seo den churaclam. Tá sainspiorad na scoile faoi mar a bhaineann sé le dea-riailbhéas agus le meas ar ard-cháilíocht sa scoil. Músclaítear spéis na ndaltaí ina dtimpeallacht i ngach rang agus clúdaítear na snáitheanna agus na snáthaonaid a bhaineann leo go héifeachtach ag gach leibhéal ó naíonáin go rang a sé. Cé go bhfuil go leor oibre déanta ar bhulaíocht, slántoideachas agus ar chothú cairdis agus na topaicí seo á láimhseáil ar bhealach atá ag teacht le riachtanais, cumais agus leibhéil aibíochta na ndaltaí, tá sé tábhachtach go gcuirfí an clár cairdis agus gnéasoideachais i bhfeidhm mar pháirt den chlár OSPS.
Baintear úsáid as raon leathan trialacha ar dhaltaí a bhfuil deacrachtaí ar leith foghlama acu. Déantar an measúnú caighdeánaithe Micra-T agus Sigma-T go bliantúil sa scoil. Coinníonn na hoidí ranga cuntais ar dhul chun cinn na ndaltaí i ngach ábhar agus déantar na cuntais a phlé leis na tuismitheoirí ag cruinnithe oide is tuismitheoirí i rith na scoilbhliana. Déantar measúnú ar bhonn rialta ar an Mhatamaitic agus ar an Bhéarla agus déantar athruithe sna modhanna teagaisc, más gá, bunaithe ar na torthaí. Chonacthas córas an-mhaith in úsáid i gceann de na ranganna sa scoil maidir le monatóireacht leanúnach ar dhul chun cinn na ndaltaí agus b’fhiú úsáid a bhaint as an gcóras seo ar fud na scoile. Coinnítear sár-chuntais ar dhul chun cinn na ndaltaí tríd an tseirbhís tacaíochta foghlama.
Tá polasaí cuimhsitheach curtha le chéile ag foireann na scoile maidir le hiontráil, rollúcháin agus rannpháirtíocht daltaí a bhfuil riachtanais oideachais ar leith acu atá ag teacht le riachtanais reachtúla. Cruthaítear atmaisféar comhionannais comhoibritheach sa scoil tré dheiseanna a chur ar fáil do na daltaí le riachtanais oideachais ar leith a bheith páirteach sna ceachtanna go léir. Déantar freastal cuí ar dhaltaí tréitheacha sa scoil chomh maith. Deimhníonn an scoil go dtugtar aghaidh ar riachtanais na ndaltaí ar bhealach éifeachtach trí mheastóireacht mhúnlaitheach, cláir oiriúnacha a phleanáil agus idirchaidreamh éifeachtach le tuismitheoirí agus le gníomhaireachtaí seachtracha cuí.
Déantar freastal an-mhaith ar na daltaí a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta agus matamaitice acu. Cothaítear atmaisféar spreagúil foghlama dóibh i seomra tacaíochta foghlama agus tá dul chun cinn sásúil á dhéanamh acu. Ullmhaítear cláracha aonair teagaisc do na daltaí agus cuirtear soláthar an-éifeachtach teagaisc ar fáil dóibh. Cuirtear clár luathléitheoireachta den scoth ar fáil do na ranganna sóisireacha. Déantar an comhtheagasc go héifeachtach don Bhéarla agus don Mhatamaitic chun caighdéan na ndaltaí sna gnéithe sin a fheabhsú. B’fhiú an cleachtas seo a fhorbairt chun go ndéanfaí an tacaíocht fhoghlama don mhórchuid sna seomraí ranga.
Tá polasaí agus plean oibre curtha le chéile ag an bhfoireann do dhaltaí ó chúlra atá faoi mhí-bhuntáiste agus tá sé seo á chur i bhfeidhm go héifeachtach. Cothaítear páirtíocht na dtuismitheoirí sna pleananna atá leagtha amach. Tá pleanáil ar leith déanta don litearthacht agus don uimhríocht agus forbairt ar usáid cluichí imeartha le páistí. Tá oide oilte i dteiripí forbairt intinne sa scoil agus leantar clár ar leith i bhforbairt intinne le daltaí i gcomhar lena gcuid tuismitheoirí ar bhonn rialta.
Cothaítear ceangal leis na tuismitheoirí tré chúrsaí Gaeilge a réachtáil atá maoinithe ag an gCoiste Gairmoideachais. Cé go bhfuil clár ar leith leagtha amach do na tuismitheoirí ó thaobh na Gaeilge de, moltar do bhainistíocht na scoile iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun an pobal scoile a spreagadh chun an Ghaeilge a úsaid níos minice mar teanga chumarsáide. Eagraítear cúrsaí do thuismitheoirí chun an trasnú ón mbaile go dtí an scoil a éascú do dhaltaí óga agus chun suim na dtuismitheoirí a chothú san oideachas agus sa sláintoideachas go luath i saol scoile an pháiste.
Tá coiste tuismitheoirí bunaithe chomh maith atá nasctha le Coiste Naisiúnta na dTuismitheoirí agus tugann siad lán-tacaíocht d’obair na scoile. Spreagtar na tuismitheoirí chun páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí na scoile. Tá an-mholadh ag dul chucu as ucht tacú le méadú na n-áiseanna sa scoil. Déanann baill d’fhoireann na scoile freastal ar chruinnithe na dtuismitheoirí chun an leanúnachas idir an scoil agus an baile a dhaingniú. Déantar cumarsáid rialta leo trí nótaí agus tríd leabhráin obair bhaile. Caitear go gairmiúil lena bhfiosruithe. Eagraítear cruinnithe múinteoirí is tuismitheoirí go bliantúil agus cuirtear cuntais ar dhul chun cinn na ndaltaí chuig na tuismitheoirí ag deireadh na scoilbhliana. Tionóladh cruinniú leis na tuismitheoirí i rith na meastóireachta agus ag éirí as an gcruinniú sin moltar go mbeidh rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i bhforbairt na bpolasaithe scoile níos láidre as seo amach. Is breá an tacaíocht a thugann na tuismitheoirí d’obair na scoile ó thaobh imeachtaí breise a eagrú taobh amuigh den scoil chun acmhainní breise a chur ar fáil.
Déantar roinnt teagmhála le scoileanna dara leibhéil chun an t-athrú ón bhunscoil a éascú do dhaltaí sinsireacha sa scoil, ach b’fhiú an teagmháil seo a láidriú agus a spreagadh ar bhonn níos leithne.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna agus na príomhachair ar díth forbartha a aithnítear sa mheastóireacht:
Mar bhealach chun tógail ar na láidreachtaí sin agus aghaidh a thabhairt ar achair ar díth forbartha tá na heochairmholtaí seo á ndéanamh:
Tionóladh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann teagaisc agus leis an mbord bainístiochta. Cuireadh dréachtchinní agus dréachtmholtaí na meastóireachta i láthair agus pléadh iad.