An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
THUAIRISC
Scoil Náisiúnta Leitir Mucú
Leitir Mucú Camas
Condae na Gaillimhe
Uimhir rolla:13951E
Dáta na cigireachta: 12 Bealtaine 2008
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Cáilíocht na pleanála sa scoil
Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Meastóireacht scoile uile
Rinneadh meastóireacht scoile uile ar Scoil Náisiúnta Leitir Mucú sa mBealtaíne 2008. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus sa Cheol.
Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile
Tá beirt oidí sealadacha ag feidhmiú sa scoil Ghaeltachta seo lonnaithe i bparóiste Rosmuc. Tá cáil ar an bparóiste seo de bharr an méid scríbhneoirí agus ealaíontóirí traidisiúnta a tháinig ón gceantar thar na mblianta. Tá an scoil féin suite ar an bpríomh bhóthar idir Casla agus Sríb i gceantar tuaithe agus tuairim‘s tríocha mile siar ó chathair na Gaillimhe. Is í an scoil seo an t-aon ionad feidhmiúchán poiblí sa phobal seo agus tá isliú suntasach tagtha ar an daonra sa cheantar le dhá scór bliain. Tá isliú suntasach tagtha ar rollú na scoile seo dá réir sa chaoí gur aon déag dalta atá cláraithe sa scoil faoi láthair. Níl aon ranganna naíonan ná rang a dó sa scoil faoi láthair agus meastar gur i laghad fós a bhéas na huimhreacha ag dul.
Ardaíodh ceist comhnascaithe le linn na réamhchomhdhála leis an bord bainistíochta agus dhearbhaigh an bord nach mbeadh tuismitheoirí na scoile sásta glacadh leis seo faoi láthair. Osclaíodh an scoil seo i 1893 le trí sheomra ranga ar shuíomh scoile an-teoranta ó thaobh spáis agus leibhéil de. Tá an foirgneamh fós a bheag nó mhór mar a tógadh é ach go bhfuil leithris buachaillí agus cailíní curtha faoin díon ann. Níl aon leithris múinteoirí ná seomraí bhreise curtha leis an scoil. Baintear úsáid as an seomra ranga folamh mar ionad do na seirbhísí bhreise atá anois sa scoil cosúil le comhordaitheoir scoile baile faoin chlár D.E.I.S. agus oide tacaíochta foghlama. Tá clós crua ar chúl an fhoirgnimh a shíneann fad na scoile, seoltán maisithe le léaráidí áitiúla ar chúl an chlóis agus plasóg beag glas os comhair na scoile. Tá criarthach beag a bhíonn tirim le dea aimsire trasna an bhóthair a d’fhéadfaí a úsáid i gcóir cluichíochta dá gcuirfidh cóir air.
Léiríonn an tábla thíos eolas ginearálta ar fhoireann na scoile agus ar na daltaí a bhí cláraithe sa scoil nuair a bhí an mheastóireacht ar siúl: Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.
|
|
Líon |
|
Daltaí ar rolla na scoile |
11 |
|
Ranganna príomhshrútha sa scoil |
5 |
|
Múinteoir(í) ar fhoireann na scoile |
2 |
|
Múinteoir(í) ranga príomhshrutha |
2 |
|
Múinteoir(í) ag obair i bpoist tacaíochta |
2 |
|
Cúntóirí riachtanas speisialta |
|
1. Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Tagann daltaí uile na scoile ó theaghlaigh le Gaeilge agus is cainteoirí dúchasacha le saibhreas teanga iad formhór na ndaltaí. Is é misean na bpáirtithe scoile ná oideachas páiste-lárnach comhionnanach a chur ar fáil do gach dalta de réir a c(h)umas. Léiritear i ráiteas misean na scoile seo go dteastaíonn ón scoil atmaisféar sona dearfach a chrúthú inár féidir le daltaí forbairt agus fás chun iad a réiteach agus a ullmhú chun páirt a ghlacadh sa domhan mór. Dearbhaítear sa ráiteas misean chun seo a bhaint amach go mbeidh an scoil ag braith ar thacaíocht na tuismitheoirí. Chuige seo cruithaítear ionad sona dearfach foghlama inar féidir le gach dalta forbairt agus foghlaim a dhéanamh mar ullmhú don chéad chéim eile san oideachas. Tá an scoil ag déanamh iarracht fhiúntach na tuismitheoirí a cheangal le gníomhaíochtaí foghlama na scoile agus is athrú rólanna atá sa bheartas seo ar thraidisiún chomhpháirtíochta na scoile. Tá moladh tuillte ag foireann na scoile as ucht a gcuid dea iarrachtaí úinéireacht a thógáil ar fheachtas ardú caighdeáin sa scoil seo i gcomhair le comhordaitheoir D.E.I.S., cé gur oidí sealdacha atá iontu beirt.
Tá an bórd seo tofa faoi rialacháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, tá na hoifigí aitheanta mar is cuí ar an mbord agus gníomhaíonn said trí Ghaeilge. Bíonn cruinnithe ar a laghad trí huaire sa bhliain agus bíonn miontuairiscí coinnithe ar chinnithe agus chaiteachas. Aithníonn an bord na freagrachtaí atá leagtha orthu agus tá ráiteas sláinte agus sábháilteachta, polasaithe ar chód iompair agus beartais ar ionrollachán, oideachas speisialta, lón folláin, cothromaíocht deiseanna, caomhnú páistí agus córas maoirseachta ináirithe sa phleanscoile chomh maith le raon leathan gníomhaíochtaí eile curaclam. Is gá uasdátú a dhéanamh ar chuid de na polaithe seo de bharr athraithe reachtaíochta. Is gá athrú a dhéanamh ar na critéir a úsáidtear chun dáileadh na ranganna a eagrú agus comhaois na daltaí a chur san áireamh sa roinnt. Tá athbhreithniú á dhéanamh freisin ar an bpleanscoile i bhfianaise na tauirisce seo. B’fhiú plean ar pheideolaíocht scoile, cur chuige idirdhealaithe i leith daltaí sa teagasc agus foghlaim, plean forbartha foirne, plean ar rollacháin agus plean dírithe ar mhír 9 (h) den Acht um Oideachais (1998) a chur leo seo. Cuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoi dhul chun cinn a bpáistí trí chruinnithe faoi dhó sa bhliain ar a laghad agus cuirtear fáilte roimh theagmhálacha eile neamhfhoirmeálta le linn na scoilbhliana.
Pléadh leis an mbórd na bealaigh éagsúla chun úinéaracht an phleanscoile a roinnt leis na tuismitheoirí chomh maith leis na nósanna coitianta chuige sin. Is fiú teagmháil a dhéanamh leis an t-aonad teanga áitiúl atá faoi choimirce Údarás na Gaeltachta sa cheantar, chomh maith leis na eagraíochta eile leasmhara Gaeltachta chun comhaontú a dhéanamh ar an bplean dírithe ar mhír 9 (h) den Acht um Oideachais
Tá postanna freagrachta mar phríomhoide agus príomhoide táinisteach ag an mbeirt oidí ranga sa scoil. Glacann said beirt freagracht lárnach as reachtáil na scoile agus bíonn comhairle acu ón mbeirt oide eile páirt aimseartha atá ag feidhmiú sa scoil cé nach mbíonn said páirteach go rialta sna cruinnithe foirne. Cinntíonn said uile go mbíonn atmaisféar suáilceach sábháilte sa scoil chomh maith le clár forásach oideachais ar fáil do na daltaí. Cleachtaítear dea mhódhanna múinte, úsáidtear fearas agus bogabhar tacaíochta go rialta agus tá beartais i leith úsáid na teicneolaíochta san oideachas dá chur le chéile i gcomhair le comhordaitheoir D.E.I.S. Bhí sraith cruinnithe foirne ar siúl i rith na bhlian seo caite a bhformhór díobh seo tar éis am scoile. D’fhéadfadh na hoidí tacaíochta freastal ar chuid de na cruinnithe seo ag braith ar an gclár cruinnithe. Moltar na hoidí as ucht a ndíogras agus proifisiúntacht ag glacadh úinéarachta ar cheannródaíocht agus ardú caighdeáin na scoile seo, cé gur oidí sealadhacha sa scoil iad. Tá siad beirt fiúntach agus coinsiasach agus éilíonn said scileanna neamhspleáchais foghlama a chruthú sna daltaí. Moltar freisin na h-oidí tacaíochta scoile, go háirithe sna hiarrachtaí atá ar siúl acu caighdeáin sa litríocht agus matamaitic a fheabhsú trí scéimeanna éagsúla.
Tugadh aitheantas do ghairimiúlacht na n-oidí ag na réamhchomhdhálacha agus dhearbhaigh na tuistí agus an bord bainistíochta a sástacht le feidhmiú na scoile. Tá obair mhór ar siúl sna iarrachtaí tuismitheoirí a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí oideachais a bpáistí trí scéimeanna D.E.I.S. agus cinntítear atmaisféar suáilceach fáilteach sa scoil. Coinnítear an fhoirgneamh slachtmhar agus glan taobh istigh agus taobh amuigh agus bíonn cúnamh fáilteach ar fáil don fhoireann nuair a bhíonn gá leis. Tá na seomraí agus pasáiste na scoile tarraingteach spreagúil le saothar na ndaltaí, ar ghnéithe curaclaim agus abháir tionscnaimh eile agus is breá an taifead ar fhás na ndaltaí atá sna pictiúir greanta sa phasáiste. De bharr saibhreas ealaíontóirí traidiúnta agus scríbhneoirí atá bainteach leis an bparóiste seo, b’fhiú go mór a gcuid saothair a chur go foirmeálta ar chlár foghlama na scoile. Is fiú freisin, mar íomha ar úsáid na teicneolaíochta sa scoil, nuachtlitir tréimhsiúil a sholáthar don phobal ar reachtáil agus obair na scoile, ina léirítear gníomhaíochtaí suimiúla agus saothar na ndaltaí.
Tá gaol oscailte cineálta idir na páirtithe scoile agus dhearbhaigh an bord bainistíochta nach raibh gá leis an cód disciplíneach a úsáid go coitianta. Tá atmaisféar comhmheasúil comhoibritheach le sonrú sa scoil, úsáitear céad ainmneacha na bpáirtnéirí lena chéile agus tá raon leathan deiseanna agus acmhainní ar fail dóibh sa chlár oibre. Cinntíodh go mbíonn an clár oibre suimiúil do na daltaí agus bíonn an tinreamh ard i gcónaí. Is ar bhonn scoile a déantar rannpháirtíocht i gcomórtais áitiúla a reachtáil cosúil le cluichí foirne, rince, dramaíocht, snámh, ceolchoirmeacha agus turais scoile. Is breá freisin mar a mbíonn na daltaí sna hardranganna ag faire amach do na daltaí óga sa chlós nó le linn imeachtaí.
2. Cáilíocht na pleanála sa scoil
Aontaíodh athraithe a dhéanamh ar ghnéithe den phleanscoile le linn na tuairisce seo agus an plean leasaithe a chur faoi bhráid na dtuismitheoirí. Socraíodh go mbeadh cóipeanna de na na pleananna oideachais pearsanta ar fáil do thuistí daltaí le riachtanais speisialta agus go ndéanfaidh tuairiscí scríofa a sholáthar ar gach dalta ag deireadh na scoilbhliana. Cé go bhfuil sé deacair ag oidí sealdacha úinéaracht a ghlacadh ar pholasaithe agus straitéisí chun tionchar a imirt ar thodhchaí na scoile, tá ard mholadh tuillte acu de bharr a gceannródáiocht san obair go dtí seo. Is gá freisin infheistíocht suntasach a dhéanamh i leabharlann na scoile, go háirithe sna leabhair ghaeilge agus i bhfearas eolaíochta, matamaitice agus tastála na scoile.
Tugtar aitheantas do na snáitheanna agus snáithaonaid aitheanta i bhfráma tagartha an churaclaim sa phleanáil phearsanta, déantar difreálú i seacadadh an chlárléinn agus coinnítear taifead rialta ar dhul chun cinn na ndaltaí. Úsáidtear raon modheolaíochta sa churchuige agus bíonn an teagasc agus an fhoghlaim spreagúil agus tioncharach dá réir. Bíonn cruinnithe rialta leis na tuismitheoirí ar dhul chun cinn na ndaltaí agus cleachtaítear comhoibriú baile scoile ar bhonn na comhléitheoireachta agus gníomhaíochtaí foghlama eile.
Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáíl freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.
3. Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc
Cuirtear béim ar theagasc na Gaeilge agus ar theagasc trí Ghaeilge sa scoil Ghaeltachta seo. Is í an Ghaeilge príomh theanga caidrimh agus cumarsáide sa phobal agus tagann na dalta chuig na scoile le líofacht sa teanga. Tá spiorad rannpháirtíochta agus sástacht na ndaltaí follasach sa gcur chuige agus cothaítear saibhriú teanga agus forleathnú foclóra mar dlúth chuid den chleachtas. Baintear úsáid as ‘Séidean Sí’ mar thaca don chlár teanga sna ranganna sóisireacha agus úsáidtear an leabharlann scoile chun léitheoireacht thaoitheanach a chothú. Is fiú infheistíocht suntasach a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge comhaimsire agus i leabhair sríbhneoirí áitiúla sa stoc leasbhar scoile. Cothaítear na scileanna macnaimh ard-ord go rialta sa churchuige agus baineann na daltaí caighdeáin chreidiúnacha amach a thagann lena n’inniúlacht nadúrtha. Tugtar faoi raon leathan ábhair ceapadóireachta agus scríbhneoireachta sa scoil, dírítear aire ar na meicnicí agus baintear úsáid as tionscadail agus téamaí taighde comhghaolaithe sna teamaí curaclaim. Is fiú deiseanna a thabhairt dóibh a gcuid saothar a chur i láthair pobal níos leithne tríd an idirlíon agus foillsiúcháin tréimhsiúla ón scoil féin.
A structured English programme is taught in the school which places due emphasis on developing oral language skills, phonological awareness as well as structured reading and writing programmes of work. Drama, circletime and discussion are used to develop the communicative approach and an excellent anthology of poetry and rhyme is offered. Parents are encouraged to engage is shared reading exercises with the pupils. Continuous use of library books is a central feature of classroom practise and personal reading through a drop everything and read approach (DEAR) is practised by all the classes. Writing is taught in a developmental fashion with editing and re-editing being a feature with emphasis placed on early skills such as hand-eye co-ordination, gross motor skills and fine motor skills. Pupils’ progress is carefully monitored through a variety of assessment procedures including teacher observation, questioning, written tasks, correction of copies as well as the use of standardised tests.
Tá tionchar soiléir ag an gcur chuige molta sa churaclam ar eagrú na ngníomhaíochta sa mhatamaitic, leantear clár structúrtha áirithe sa phleanscoile agus úsáidtear téacsleabhair chun cleachtaithe ar réiteach fadhbanna a threorú. Bíonn obair mheabhrach mar chleachtas rialta sa chlár chomh maith le díriú rialta ar chothú téarmaíocht na matamaitice sa dá theanga Is inmholta an úsáid a bhaintear as ceardlainne oibre agus as ábhar coincréideach chun tuiscint ar na bunchoincheapa a fhorbairt. Eagraítear grúpobair go héifeachtach chun freastal ar raon cumas na ndaltaí sna ranganna difriúla agus baintear úsáid thairbheach as gníomhaíochtaí daltaí chun na spriocanna teagaisc a chur i bhfeidhm. Tugtar deiseanna do na daltaí scileanna tuair agus meastacháin a fhorbairt agus is inmholta na straitéisí a úsáidtear chun scileanna i réiteach fadhbanna a chur chun cinn.
Cuirtear béim sa phleanscoile agus san ullmhúchán phearsanta agus ar na snáitheanna agus snáthaonaid uile atá sa churaclaim. Bíonn daltaí rannpháirteach i scéim an Ghaelacadhaimh chun ceol ionstruime a chleachtadh. Leantar clár fo-chéimníthe agus aontaithe, cuirtear béim ar na fo-ranna agus canann na daltaí go binn sa dá theanga. Is fiú breis béime a chur ar an gceol traidisúnta i bhfianaise na healaíontóirí le cáil náisiúnta sa cheantar. Is breá mar a bhíonn na daltaí ag obair le chéile chun na scileanna a ghéarú. Is breá leo freisin a bheith ag éisteacht le ceol agus a bheith ag baint ciall as ceol comhaimsire chomh maith le bheith ag éisteacht leis na cumadóirí classiceacha.
Usáidtear tástálacha caighdeánacha chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na ndaltaí. Is gá athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar raon na dtástálacha agus ar an úsáid a bhaintear astu sna rangsheomraí. Is fiú freisin straitéis cosúil le breathnóireacht oide, liostaí seiceála, bailiúcháin oibre, samplaí oibre, tionscadail, roinnt próifilí agus tascanna chomh maith le trialacha a dhearann na hoidí féin a chur san áireamh. Is fiú iad a úsáid chun gnéithe dena cláir léinn a aithint do dhaltaí tréithiúla chomh maith le léargas a thabhairt ar dhul chun cinn daltaí a thabhairt do thuismitheoirí. Ní mór an taifead a dhéantar ar thriallacha caighdeánaithe agus critéir thagartha a chárnú ar bhonn reatha agus na scóranna ranga a bheith leanúnach do na rang-ghrúpaí agus ar fáil do na hoidí ranga ó bhliain go chéile.
4. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí
Cé nach bhfuil aon dalta faoí mháchail aitheanta sa scoil faoi láthair is gá polasaí iontrála na scoile a athrú chun rochtain agus rannpháirtíocht do dhaltaí ar bhonn cothrom, daltaí le riachtanais speisialta san áireamh. Soláthraíonn an t-oide tacaíochta foghlama múinteoireacht sa bhreis sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí léinn acu agus baineann said tairbhe suntasach as an t-idirghabháil. Feidhmíonn comhordaitheoir D.E.I.S. ar bhonn roinnte le bunscoileanna eile an cheantair agus soláthraíonn sé seirbhís goiúlliúnach forbarthach do na daltaí agus tuismitheoirí.
Dearbhaíonn an scoil gur daltaí comhchosúla áitiúla daltaí uile na scoile seo faoi láthair.
5. Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise
Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:
· Tá dea-iompar agus comhoibriú na ndaltaí le moladh.
· Moltar dearcadh éifeacht agus dúthracht oidí ina gcuid oibre.
· Tá timpeallacht thioncharach foghlama cruthaithe sa scoil.
· Déantar dea-chúram de dhaltaí le deacrachtaí foghlama.
Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:
· Uasgrádú ar an bplean scoile.
· Plean uasghrádú foirgnimh, tais sa phasáiste agus leithris d’oidí.
· Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige sa mheastóireacht ar dhaltaí.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainisíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.
Foilsithe Samhain 2008