An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Meastóireacht Scoile Uile

THUAIRISC

 

Scoil Náisiúnta Mhuire

Turlach Beag

Rosmuc, Co. Na Gaillimhe

Uimhir rolla:11373D

 

Dáta na cigireachta: 25 Aibreán 2008

 

 

 

 

Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

Cáilíocht na pleanála sa scoil

Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

Freagra na Scoile ar an Tuairisc

 

 

 

 

 

Meastóireacht scoile uile

 

Rinneadh meastóireacht scoile uile ar Scoil Náisiúnta Mhuire in Aibreán 2008. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus sa Cheol. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.

 

 

 

Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

 

Tá an scoil Ghaeltachta seo lonnaithe i bparóiste stairiúil Rosmuc. Bhí dlúth cheangal ag an áit leis an bPiarsach ceann de laochra móra na Cásca 1916 chomh maith le líon mór scríbhneoirí agus pearsan i saol na Gaeilge. Ar chósta thiar Chonamara timpiall ceathaireacha míle siar ó chathair na Gaillimhe atá an scoil suite. Tá flosc agus fuinneamh tagtha ar ghníomhaíochtaí sa phobal seo le blianta beaga anuas agus léirítear é sin sa scoil féin agus sa bhforbairt atá tagtha ar áiseanna agus scileanna daonra go háitiúil. Léiriú ar seo ná éifeacht an Aonad Oideachais Dara Deis urraithe ag an gCoiste Gairm Oideachais atá le taobh na scoile. Tá Ionad Pobail dea-chóirithe taobh leis an scoil le halla ilfhóinteach agus seomraí cluichíochta agus ranga chomh maith le cistin agus seomraí cruinnithe. Tá ath-chóiriú iomlán déanta chomh maith le cúpla bliain anuas ar Choláiste Chuimneacháin an Phiarsaigh sa cheantar. Tá Cumas, Pléráca agus eagraíochtaí eile forbartha ag cur go mór le misneach an phobail seo, in aineoinn an méid imirce a bhraith an pobal le linn an chéid seo caite.  Osclaíodh an scoil i 1968 le ceithre sheomra ranga ceangailte le pasáiste fada, seomraí cótaí agus leithris. Ta clós stroighin ar chúl an fhoirgnimh a shíneann fad na scoile, seoltán fada ar chúl an chlóis agus plasóg glas ach fliuch sa gheimhreadh os comhair na scoile. Bíonn an plasóg seo do-usáidithe mar ionad sugradh agus b’fhiú draenáil an chlóis seo a phléigh le Comhairle Contae na Gaillime de bharr an tionchar a bhí ag ardú léibhéil an bhóthair lena thaobh, ar choinneáil an uisce.

Tháinig laghdú ar an líon dalta ionrollaithe ó osclaíodh an scoil agus baintear úsáid as dhá sheomra ranga anois i góir gníomhaíochtaí bhreise cosúil le h-ionaid seirbhísí acmhainne agus feabhais, ionad do chomhordaitheoir D.E.I.S., leabharlann agus ionad seirbhísí teicneolaíochta. Tá 36 dalta ar rollaí na scoile seo faoi láthair agus beidh an líon seo ag fanacht seasta go maith sa ghearr thodhchaí. Tá líon na ndaltaí sna ranganna sóisireacha níos airde ná mar atá sna ranganna sinsearacha agus roinntear rang a dó ar an dá oide ranga ag amanna éagsúla chun méid na ndaltai faoi chúram na n-oidí a chothromú. Tá an scoil tar éis seomraí ranga scoile a thiomnú in omós scríbhneoirí áitiúla. Is iad Padraig Mac Piarais agus Caitlín Maude atá aitheanta i dtús báire agus tá sé i bplean na scoile leanúint leis an nós aitheantas a thabhirt do na ealaíontóirí áitiúla agus a gcuid saothair sna blianta beaga romhainn. Tá a gcuid saothair mar chuid thábhachtach den chlár léinn agus préamhann sé seo mortas cine sna daltaí, tógtar ar a bhféin mhuinín agus ar a dtreallúsacht nádúrtha san obair.

Léiríonn an tábla thíos eolas ginearálta ar fhoireann na scoile agus ar na daltaí a bhí cláraithe sa scoil nuair a bhí an mheastóireacht ar siúl:

 

 

Líon

Daltaí ar rolla na scoile

36

Ranganna príomhshrútha sa scoil

8

Múinteoir(í) ar fhoireann na scoile

3

Múinteoir(í) ranga príomhshrutha

2

Múinteoir(í) ag obair i bpoist tacaíochta

4

Cúntóirí riachtanas speisialta

1

 

 

1.     Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

 

1.1 Sainspiorad misean nó fís na scoile

Tagann daltaí uile na scoile ó theaghlaigh le Gaeilge agus is cainteoirí dúchasacha le saibhreas teanga iad formhór na ndaltaí. Tá moladh tuillte ag Bórd Bainistíochta agus oidí na scoile as ucht an dua agus samhlaíocht a chaitear le saibhriú na Gaeilge sa scoil. Bíonn neart imeachtaí leasmhara cúltúrtha agus Gaeilge eagraithe ag coistí áitiúla sa chaoi go mbíonn an teanga go laethúil i saol na ndaoine agus le cloisteáil i dtimpeallacht na scoile. Is é misean na bpáirtithe scoile ná oideachas páiste-lárnach comhionnanach a chur ar fáil do gach dalta de réir a c(h)umais. Déantar é seo in ionad fáilteach tarraingteach ó mhúinteoirí a bhfuil suim agus spéis acu ina ngairm agus i ndul chun cinn iomlán na ndaltaí faoina gcúram. Is é manna na scoile ‘Níl neart go cur le chéile’. Léirítear an misean agus an manna seo go follasach in imeachtaí na scoile agus san loga tarraingteach a rinne na daltaí atá crochta sa phasáiste os comhair an dorais tosaigh. Cruihaítear ionad sona dearfach foghlama i gcomhpháirt leis na teaglaigh, inar féidir le gach dalta forbairt fás agus foghlaim a dhéanamh mar ullmhú don chéad chéim eile san oideachas. Is dea chomhartha gnóthachtála daltaí na scoile é go ndéarna na h-iar daltaí uile cúrsa ardteistiméarachta mar chuid dá dtaithí oideachais. 

 

1.2   An bord bainistíochta

 

Tá an bórd seo tofa faoi rialacháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, tá na hoifigí le dualgaisí ar leith aitheanta mar is cuí ar an mbord agus reachtáiltear an obair trí Ghaeilge. Bíonn cruinnithe ar a laghad trí huaire sa bhliain agus bíonn miontuairiscí coinnithe ar chinnithe agus chaiteachas. Is fiú don bhórd infheistíocht a dhéanamh in uasghrádú a scileanna féin ionas gur féidir leo cur lena dtacaíocht do fheidhmiú na scoile. Aithníonn an bord na freagrachtaí atá leagtha orthu agus tá ráiteas sláinte agus sábháilteachta, polasaithe ar chód iompair agus beartais ar ionrollachán, oideachas speisialta, bullaíocht, cothromaíocht deiseanna, caomhnú páistí agus córas maoirseachta ináirithe sa phlean scoile chomh maith le raon leathan gníomhaíochtaí eile curaclam. Cuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoi dhul chun cinn a bpáistí trí chruinnithe bliantúla agus cuirtear fáilte roimh theagmhálacha eile idir fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta le linn na scoilbhliana. Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar an bpleanscoile i bhfianaise na tauirisce seo agus is fiú plean ar pheideolaíocht scoile, plean forbartha foirne agus plean dírithe ar mhír 9 (h) den Acht um Oideachais (1998) a chur leo seo.  Is fiú teagmháil a dhéanamh leis an t-ionad teanga áitiúl atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta sa cheantar, chomh maith leis na eagraíochta eile leasmhara Gaeltachta, chun comhaontú a dhéanamh ar an bplean dírithe ar mhír 9 (h) den Acht.   Pléadh leis an mbórd na bealaigh éagsúla chun úinéaracht ar phleain a roinnt leis na tuismitheoirí chomh maith agus na nósanna coitianta chuige sin.

 

1.3 Bainistíocht inscoile

 

Tá postanna freagrachta mar phríomhoide agus leasphríomhoide ag beirt oide den triúr atá cláraithe ar fhoireann na scoile seo. Glacann an triúr oidí freagracht lárnach as reachtáil na scoile agus bíonn an triúr oidí eile a thugann uaireanta seirbhíse sa scoil, páirteach sna cinnithe scoile freisin. Cinntíonn said go mbíonn atmaisféar suáilceach sábháilte sa scoil chomh maith le clár forásach leathan oideachais ar fáil do na daltaí. Baineann an fhoireann leas as na deiseanna forbartha gairme a bhíonn ar fáil dóibh agus moltar an úsáid a baineadh as an clár tacaíochta curaclaim sa scoil seo. Cleachtaítear dea mhódhanna múinte sa scoil, úsáidtear fearas agus teicneolaíocht an oideachais go rialta agus cothaítear scileanna neamhspleáchais foghlama do na daltaí sa chur chuige. Socraíodh go ndéanfaidh ath-bhreithniú ar ghnéithe den phlean sna cruinnithe foirne de thairbhe na tuairisce seo agus an ghá le polasaí ar mír 9 (h) den acht oideachais agus polasaí ar pheideolaíocht a chur san áireamh.

 

1.4 Bainistíocht an chaidrimh agus na cumarsáide le pobal na scoile

 

Tugadh ard mholadh do ghairimiúlacht na n-oidí ag na réamhchomhdhálacha agus dhearbhaigh na tuistí agus an bord bainistíochta a sástacht le feidhmiú na scoile. Thug ionadaí na dtuismitheoirí moladh ar leith dóibh de bharr chomh cabraitheach, fáilteach a bhíonn an scoil roimh dhaltaí le riachtanais speisialta. Tá an pobal an-bhródúil as an scoil, coinnítear slachtmhar agus glan í taobh istigh agus taobh amuigh agus bíonn cúnamh ar fáil don fhoireann ón bpobal nuair a bhíonn gá leis. Tá na seomraí agus pasáiste na scoile tarraingteach spreagúil le saothar na ndaltaí ar stair an cheantair agus abháir tionscnaimh eile agus tiomnaíodh seomraí scoile in onóir scríbhneoirí áitiúla. Is cosúil go bhfuil an oiread ealaíontóirí le cáil náisiúnta sa cheantar seo nach bhfuil dóthain seomraí sa scoil chun tiomnú dóibh go léir. Tá sé i gceist an t-ábhar a phlé agus cinneadh pobail a thógáil ar an gceist chun a stadas a chaomhnú agus a chomóradh sa scoil. Tá nuacht litir tréimhsiúil dá sholáthar ag an scoil ina léirítear gníomhaíochtaí suimiúla na scoile chomh maith le saothar na ndaltaí agus is áis inmolta í seo chun an pobal a choinneál ar an eolas.  

 

1.5 Bainistíocht daltaí

 

Ta gaol oscailte cineálta idir na páirtithe scoile agus dhearbhaigh an bord bainistíochta nach raibh gá leis an cód disciplíneach a úsáid go dtí seo. Tá atmaisféar comhmheasúil oibritheach sonrach sa scoil, úsáitear céad ainmneacha lena chéile agus tá raon leathan deiseanna, fearas agus acmhainní teicneolaíochta ar fail dóibh chun an clár oibre a dhéanamh nios suimiúla. Cinntíodh clár oibre spreagúil do na daltaí sa chaoi go mbíonn an tinreamh ard i gcónaí agus gur leasc le na daltaí aon lá scoile a chailleadh. Is ar bhonn scoile a déantar na himeachtaí éagsúla cosúil le cluichí foirne, rince, drámaíocht, snámh, ceolchoirmeacha agus turais scoile a reachtáil agus tugann na daltaí sna hardranganna aire mhaith do na daltaí óga le linn na n-imeachtaí.

 

 

2.     Cáilíocht na pleanála sa scoil

 

2.1 Pleanáil scoile uile agus pleanáil don seomra ranga

 

Tá cáilíocht na pleanála scoile uile tioncharach agus forchéimnithe sa scoil seo agus déantar athbhreithnithe rialta air i gcomhthéacs athraithe curaclaim. Aontaíodh athraithe a dhéanamh ar ghnéithe den phlean le linn na tuairisce seo agus struchtúr cinnte a cheapadh chun an plean a chur faoi bhráid na dtuismitheoirí. Socraíodh freisin go mbeadh cóipeanna de na pleananna oideachais pearsanta ar fáil do thuistí daltaí le riachtanais speisialta agus go ndéanfaidh tuairiscí scríofa a sholáthar ag deireadh na scoilbhliana.

 

Bíonn an phleanáil phearsanta nascaithe leis an bpleanscoile agus le prionsabail an churaclaim. Tugtar aitheantas do na snáitheanna agus snáithaonaid, déantar difreálú i seacadadh an chlárléinn agus coinnítear taifead rialta ar dhul chun cinn na ndaltaí. Úsáidtear raon leathan módheolaíochta sa churchuige agus bíonn an teagasc agus an fhoghlaim spreagúil agus tioncharach dá réir. Bíonn cruinnithe rialta leis na tuismitheoirí ar dhul chun cinn na ndaltaí agus cleachtaítear comhoibriú baile scoile ar bhonn na comhléitheoireachta agus gníomhaíochtaí foghlama eile. Is inmholta go dtógann ceann de na tuismitheoirí freagracht as reachtáil leabharlainne na scoile tríd an gclár D.E.I.S. agus cothaítear scil agus cleachtadh na léitheoireachta tríd an phróiseas.

 

 

 

2.2 Polasaí agus nósanna imeachta um chaomhnú daltaí

 

Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáíl freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.

 

 

3.     Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

 

3.1 Teanga

 

An Ghaeilge

Cuirtear béim ar theagasc na Gaeilge agus ar chumarsáid trí Ghaeilge sa scoil Ghaeltachta seo. Is í an Ghaeilge príomh theanga caidrimh agus cumarsáide sa phobal agus tagann na dalta chuig na scoile le líofacht sa Ghaeilge. Tá spiorad rannpháirtíochta agus gnóthachtála na ndaltaí follasach sa gcurchuige agus cothaítear saibhriú teanga agus forleathnú foclóra mar dlúth chuid den obair. Cuirtear béim ar chothú scileanna cumarsáide go structúrtha agus is inmholta cumas úrlabhraíochta na ndaltaí sa teanga ar fhágaíl na bunscoile dóibh. Úsáidtear an scéim ‘Séidean Sí’ mar thaca don chlár teanga sna bunranganna agus éiríonn go maith leis na daltaí na bunscileanna a thabhairt leo. Baintear úsáid rialta as leabharlann na scoile chun léitheoireacht thaoitheanach a chothú agus b’fhiú anois infheistíocht bhreise a dhéanamh sa stoc leabhar Ghaeilge. Cothaítear na scileanna macnaimh ard-ord sa churchuige agus baineann na daltaí caighdeáin chreidiúnacha amach a thagann lena n’inniúlacht nadúrtha. Léirionn na daltaí raon leathan cumais sna tastálacha agus b’fhiú breis béime a chur ar gniomhaiochtaí difreálaithe chun dúthshlán na hoibre a chothromú. Tugtar faoi raon leathan ábhair ceapadóireachta agus scríbhneoireachta sa scoil, dírítear aire ar na meicnicí agus baintear úsáid as tionscadail agus téamaí taighde comhghaolaithe sna téamaí curaclaim. Bíonn na daltaí rannpháirteach agus buacach i bhfeachtais agus i gcomórtais scríbhneoireachta agus tá obair chruthaitheach déanta acu a d’fhéadfaí a fhoillsiú. D’fhéadfaí freisin breis úsáide a bhaint as an idirlíon chun ceangal cáirdeas agus mogarla cumarsáide a chothú le scoileanna eile Gaeltachta.

 

 

English

Provision is made for all four curricular strands including the structured development of pupils’ cognitive abilities through the use of language. Due emphasis is placed on developing oral language skills, phonological awareness as well as structured reading and writing programmes. A high standard of reading is attained by almost all the pupils and the senior classes engage in independent research through projects and pursuit of personal interest areas. Drama, circle time and discussion are used to promote the communicative approach and an excellent anthology of poetry and rhyme is offered. Parents are encouraged to engage in shared reading exercises with the pupils. Arrangements are made to augment the school’s stock of library books with visits to the public library and parental support is available for this development. Personal reading is a leisure activity practised by all the pupils. Due emphasis is placed on developing early writing skills such as hand-eye co-ordination, gross motor skills and fine motor skills and pupils’ work is carefully scaffolded in the junior classes. Writing skills are integrated into most curricular aspects with editing and re-writing being a feature of the approach. Pupils’ progress is carefully monitored through a variety of assessment procedures including teacher observation, questioning, written tasks, correction of copies and books and the use of standardised tests. 

 

3.2 Matamaitic

 

Eagraítear clár structúrtha sa Mhatamaitic bunaithe ar an gcuraclam, an plean scoile agus ar téacsleabhar chomh maith le pleanáil aonair na n-oidí. Bíonn obair mheabhrach mar cleachtas rialta sa chlár chomh maith le díriú ar chothú aitheantas le téarmaíocht na matamaitice sa dá theanga. Is inmholta an úsáid a bhaintear as ceardlanna oibre agus as ábhar coincréideach chun tuiscint ar na bunchoincheapa a fhorbairt. Eagraítear grúpobair go héifeachtach chun freastal ar raon cumas na ndaltaí sna ranganna difriúla agus baintear úsáid thairbheach as gníomhaíochtaí daltaí chun na spriocanna teagaisc a chur i bhfeidhm. B’fhiú clár oibre ar leith a chruthú do dhaltaí le ábáltachtaí ar leith sa chur chuige. Tugtar deiseanna do na daltaí scileanna tuair agus meastacháin a fhorbairt agus is inmholta na straitéisí a úsáidtear chun scileanna i réiteach fadhbanna a chur chun cinn.

 

 

3.3 Ceol

 

Déanadh athnuachan ar an bpleanscoile sa Cheol idtús na bliana seo agus cuirtear béim sa phlean nua ar na snáitheanna agus snáthaonaid uile atá sa churaclaim. Déanann na hoidí malartú lena chéile chun an clár iomlán a chlúdach agus bíonn daltaí rannpháirteach i scéim an Ghaelacadhaimh chun ceol ionstruime a chleachtadh. Baineadh dea úsáid as scéim na gcuiditheoirí den chlár tacaíochta curaclaim i mí na Samhna seo caite chun an cur chuige cuí a aimsiú. Is breá leis na daltaí a bheith ag baint ciall as ceol comhaimsire chomh maith le bheith ag éisteacht leis na cumadóirí móra classiceacha. Bíonn ceolchoirmeacha rialta in aghaidh na bliana sa scoil seo agus cleachtann na daltaí a bheith ag cur ceol i láthair agus freisin ag na hócáidí eile a bhíonn ag an bpobal.

 

3.4 Measúnú

Ta éagsúlacht thábhachtach sna modhanna measúnaithe atá in úsáid ag na hoidí sa scoil ó bhreathnóireacht oide, liostaí seiceála, bailiúcháin oibre, samplaí oibre, tionscadail, roinnt próifilí aonair, cláir léinn aonair, tascanna agus trialacha a dhearann na hoidí féin agus trialacha caighdeánacha. Baintear úsáid astu don chuid is mó chun léargas a thabhairt ar dhul chun cinn na ndaltaí agus chun eolas a thabhairt do thuismitheoirí. Is fiú an taifead agus an anailís a déantar ar thriallacha caighdeánaithe agus triallacha critéir thagartha a chárnú ar bhonn reatha agus na scóranna ranga a bheith leanúnach do na rang ghrúpai ó bhliain go chéile. Is fiú freisin úsáid tioncharach a bhaint as torthaí na measúnaithe chun cláir léinn aonaracha daltaí a dhifhreálú sna cleachtais oibre.

 

 

 

 

 

 

 

4.     Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

 

4.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

 

Cinntíonn beartas iontrála na scoile rochtain agus rannpháirtíocht do dhaltaí ar bhonn cothrom, daltaí le riachtanais speisialta san áireamh. Tá dea ghaol ag an oide acmhainne leis an dream proifisiúnta eile a thugann seirbhís don dalta atá faoina chúram agus is inmholta go mbaintear úsáid as an aonad speisialta forbartha céadfaí i scoil eile. Ta moladh tuilte ag an dá scoil as ucht an ceannródaíocht a thóg siad san fhiontar seo. Soláthraíonn an t-oide tacaíochta foghlama atá cláraithe sa scoil múinteoireacht sa bhreis sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí léinn acu. Tugann an triú oide sa tseirbhís tacaíochta cabhair do dhaltaí eile le riachtanais agus is inmholta an cúram a dhéanann sí i bhforbairt scileanna foirfeachta, anailíse focail agus fóneolaíochta. Ta an scoil seo cláraithe i scéim D.E.I.S. agus cruthaíonn an comhordaitheoir deiseanna bhreise tioncharacha do na daltaí agus tuismitheoirí chun leithead an chláir oibre a chinntiú.

 

4.2 Tacaíochtaí eile do dhaltaí: iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste agus daltaí ó ghrúpaí mionlaigh nó grúpaí eile

 

Dearbhaíonn an scoil gur daltaí comhchosúla áitiúla daltaí uile na scoile seo faoi láthair.

 

 

 

5.  Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:

·         Tá dea-iompar agus comhoibriú na ndaltaí le moladh.

·         Moltar dearcadh éifeacht agus dúthracht oidí i leith forbairt a gcuid scileanna féin agus cur i bhfeidhm an churaclaim.

·         Tá timpeallacht thioncharach foghlama cruthaithe sa scoil.

·         Déantar dea-chúram de dhaltaí le deacrachtaí foghlama agus riachtanais speisialta.

·         Moltar suim na dtuismitheoirí in oiliúint a bpáistí agus i bhfeidhmiú na scoile.

 

Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:

·         Plean forbartha scileanna an bhóird bhainistíochta agus foirne a thiomsiú.

·         Plean uasghrádú foirgnimh, tais sa phasáiste agus fliuchras sa phlasóg tosaigh san áireamh.

·         Plean scoile a réiteach agus a chur i bhfeidhm oiriúnach don Acht um Oideachais, mír 9(h) agus do na cleachtais peideolaíochta.

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainisíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.


 

 

 

 

Aguisín

 

Freagra na Scoile ar an Tuairisc

 

Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta

 

 

 

 

Réimse 1:    Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile

 

Tá foireann na scoile agus an Bord Bainistíochta sásta leis an tuairisc

 

 

 

 

Réimse 2:   Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm

 

Tá sé i gceist ag an fhfoireann agus ag an nBord tabhairt faoi na moltaí le linn na scoilbhliana realta.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foilsithe Samhain 2008