|
An tAonad um Chomhar Thuaidh/Theas
Tá cúram ar an Aonad um Chomhar Thuaidh/Theas as comhoibriú agus gníomhaíocht i bpáirt a fhorbairt i réimse an oideachais idir an dá chuid d'oileán na hÉireann, i bhfianaise Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is í priomhfheidhm an aonaid an comhoibriú seo a chur ar aghaidh tríd an gComhairle Comhaireachta Thuaidh/Theas agus beartais chomónta a fhorbairt, laistigh den chreat sin, sna réimsí ainmnithe de riachtanais speisialta oideachais, tearc-ghnóthachtáil oideachasúil, soghluaisteacht múinteoirí agus malartuithe scoileanna, óige agus múinteoirí. Áirítear air seo tacaíocht a sholáthar don Aire agus í rannpháirteach i gcruinnithe d'Earnáil Oideachais na Comhairle Comh-Aireachta Thuaidh/Theas. Lena chois sin, forbraíonn agus tacaíonn an t-aonad le raon clár agus comhthionscnamh agus tá sé rannpháirteach iontu chomh maith chun tuiscint fhrithpháirteach agus comhoibriú níos dlúithe a chur chun cinn. Baineann cuid díobh seo le críocha lasmuigh d'Éirinn agus i gceist iontu tá comhar le húdaráis oideachais sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, san Aontas Eorpach agus i dtíortha agus in institiúidí eile d'fhonn cuidiú le comhar Thuaidh/Theas a mhéid agus is féidir.
An Chomhairle Comh-Aireachta Thuaidh/Theas
Is í an NSMC, a bunaíodh mí na Nollag 1999, an phríomhchreat institiúideach a forbraíodh faoi Shnáithe a Dó de Chomhaontas Aoine an Chéasta. Tá an Chomhairle comhdhéanta de Airí ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann agus ó Rialtas na hÉireann, a oibríonn le chéile chun comhar a chur chun cinn chun leasa an dá chuid den oileán. Tá an Chomh-Rúnaíocht a thacaíonn leis an gComhairle suite in Ard Mhacha. www.northsouthministerialcouncil.org
An Roinn Fostaíochta agus Foghlama (TÉ) - Breisoideachas agus Ardoideachas
Tá cúram ar an Aonad um Chomhar Thuaidh/Theas chomh maith as forbairt agus comhordú nasc comhoibrithe leis an Roinn Fostaíochta agus Foghlama i dTuaisceart Éireann ar raon tionscnamh maidir le réimsí de leas agus de thairbhe frithpháirteach sna hearnálacha Breisoideachais agus Ardoideachais. Déantar dul chun cinn i gcomhoibriú sna réimsí seo trí theagmhálacha leanúnacha déthaobhacha idir Airí agus oifigigh shinsearacha.
|