The Department of Education and Skills home page
Head Office: Marlborough Street, Dublin 1 tel: +353 1 8896400

    


Fáilte ón Aire

minister_coughlan.jpg

Fáilte romhat chuig suíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.   Is é misean na Roinne seo ná oideachas ar ardchaighdeán a sholáthar a (a) chuirfidh ar chumas daoine aonair a n-acmhainn iomlán a thabhairt i gcrích agus páirt iomlán a ghlacadh mar bhaill den tsochaí; agus (b) cur le forbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch na hÉireann. 

Ar na príomhthosaíochtaí atá ag mo Roinnse tá cur chun cinn an chothromais agus an chuimsithe, torthaí ar ardchaighdeán, agus foghlaim ar feadh an tsaoil; pleanáil d'oideachas atá bainteach le riachtanais phearsanta, shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíocha; agus feabhas a chur ar an gcumas atá ag an Roinn chun seirbhísí a sheachadadh, chun polasaí a cheapadh, agus chun taighde agus measúnú a chur i gcrích. 
                       
Tá sé ar intinn go mbeidh an t-eolas atá ar an suíomh gréasáin seo ina chabhair duit chun go bhfaighe tú tuigsint ar obair mo Roinnse, agus go gcuirfidh sé ar fáil naisc le háisíneachtaí agus comhlachtaí ríthábhachtacha insna hearnálacha oideachasúla agus scileanna. 

Tá súil agam go mbeidh an suíomh gréasáin seo ina chabhair duit, agus cuirim fáilte roimh gach tuairim agus moladh ina thaobh.  Is féidir iad sin a chur faoi bhráid trínár áis aiseolais ar líne.  Más mian leat ríomhphost a chur chugam go díreach, is féidir leat sin a dhéanamh ag  tanaiste@education.gov.ie

Fáilteofar roimh do thuairimi.

I gcaitheamh mo théarma mar Aire Oideachais agus Scileanna, tá súil agam an beart a dhéanamh agus féachaint chuige go rachaidh ár gcóras oideachais chun leasa is fónaimh do chách san am atá romhainn. 

Mary Coughlan T.D.
An Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna

english versionenglish version





Level Double-A conformance icon,
W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 Abhaile | Faoin | Seomra an Phreasa | Foireann Scoile | Foghlaimeoirí & Oiliúnaithe | Tuismitheoirí & Pobal | An Chigireacht | An tSNSO Get acrobat button
Mapa an Láithreáin Naisc Saoráil Faisnéise Príobháideachas & Séanadh Treoir do Sheirbhísí Cosaint Sonraí Déan teagmháil linn