The Department of Education and Science home page
Head Office: Marlborough Street, Dublin 1 tel: +353 1 8896400

    


 


Seirbhís do Chustaiméirí

Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí

Dea-sheirbhísí a sheachadadh, sin an gheallúint atá tugtha ag an Roinn chun déileáil le riachtanais ár gcustaiméirí, foghlaimeoirí ach go háirithe, chun an misean agus ard-aidhmeanna a chur i gcrích. Déantar an gheallúint seo a fhrithchaitheamh sa Ráiteas Straitéiseach 2003 - 2005 agus atá taobh thiar den phróiseas bainistíochta sa Roinn, áit go sainítear dea-sheirbhís chustaiméara mar chroí-éifeacht na foirne

In ár gCairt do Chustaiméirí 2009-2011, leagamar amach ár dtiomantas do sheirbhís d'ardchaighdeán a sholáthar d'ár gcustaiméirí go léir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach, féiltiúil 

Tabharfaidh an Plean Gníomhartha um Sheirbhís Chustaimara 2009-2011  seo tacaíocht do chur i gcrích na gealltanais seirbhíse a tugadh sa Chairt Chustaimara. Faigheann an plean seo tacaíocht ón dul ar aghaidh atá danta cheana fin chun seirbhísí a fhorbairt i láthair  na bPrionsabal Dea-Seirbhíse Custaimirí a ghlac an Rialtas i mí Iúil 2000

An Chairt do Chustaiméirí (2009 - 2011)

Ár gCaighdeáin Seirbhíse

Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí go
héifeachtach tráthúil. Gníomhaímid faoi threoir an dá cheann déag de Phrionsabail
Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a shocraigh an Rialtas.


Ina bhfianaise sin seo mar a dhéanfaimid:

• Soláthróimid eolas i bhfoirm a thuigfidh ár gcustaiméirí ar gach ceann dár
seirbhísí agus scéimeanna.Tugaimid pé cúnaimh is gá dár gcustaiméirí chun
gur féidir leo scéimeanna agus seirbhísí na Roinne a thuiscint.
• Maidir le soláthar seirbhísí, socróimid spriocanna réalaíocha a d’fhéadfaí a
bhaint amach agus a bheadh ar aon dul leis an méid a bhfuil súil ag custaiméirí
uainn.
• Déanfaimid comparáid idir na spriocanna seo agus an méid a bhainfear amach
agus foilseofar na torthaí sin sa Tuarascáil Bhliantúil.


Sa Chairt seo, leagaimid amach caighdeán na seirbhísí a theastaíonn uainn a chur ar
fáil ar an teileafón, i gcomhfhreagras scríofa (ríomhphoist san áireamh), agus sna
hOifigí Poiblí. Lena chois sin tugaimid seasamh na Roinne maidir le soláthar
seirbhísí Gaeilge agus cur síos ar nithe eile, mar shampla an chaoi a láimhseálaimid
eolas.

• Is iad uaireanta oscailte oifigí na Roinne 9.15 go 5.30 Luan go Déardaoin agus
9.15 go 5.15 Dé hAoine.
• Is féidir teacht ar fhoinsí eolais mar gheall ar obair na Roinne ar láithreán
Gréasáin na Roinne www.education.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an
roinn den Roinn lena mbaineann – gheofar sonraí san Eolaire Stáit
(Leathanaigh Ghlasa) i Leabhar Teileafóin Eircom.
• Is féidir an Nós Imeachta Gearán do Chustaiméirí a léamh faoi Ghearáin agus
Achomhairc thíos. Gheofar sonraí eile ón Aonad Seirbhíse do Chustaiméirí i
Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.
• Gheofar comhairle maidir le conas teacht ar thaifid faoi na hAchtanna um
Shaoráil Faisnéise inár dTreoir maidir le Feidheamma agus Taifid na Roinne
faoi Alt 15 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Gearrtar táille ar son gach
iarratas neamhphearsanta.

Freagróimid do cheist a luaithe agus is féidir agus beimid cabhrach cúirtéiseach agus
dea-bhéasach leat i ngach teagmháil a bheidh againn leat.


Teileafón
Nuair a chuireann tú glao fóin orainn:

Freagróimid 80% de na glaonna laistigh de 20 soicind le linn uaireanta oifige Luan to
hAoine.
Nuair a úsáideann tú glórphost, cuirfimid glao ar ais ort laistigh de lá amháin oibre ó
fháil na teachtaireachta.
Bainfimid úsáid as teachtaireachtaí glórphoist a inseoidh duit é má tá an té ar a bhfuil
tú ag glaoch as láthair ar feadh níos mó ná lá oibre amháin agus a chuirfidh uimhir
theagmhála eile ar fáil duit.
Tabharfaimid ár n-ainm féin agus/nó uimhir na roinne duit nuair a fhreagróimid an
fón.
Cuirfimid an t-eolas atá uait ar fáil duit chomh tapa agus is féidir.
Cuirfimid sonraí teagmhála an chomhlachta ó na gníomhaireachta cuí oideachais ar
fáil duit muna mbaineann do cheist go díreach leis an Roinn Oideachais agus
Eolaíochta.


Comhfhreagras/Ríomhphoist
Nuair a chuirfidh tú litir nó ríomhphost chugainn:

Freagróimid litir/ríomhphost, nuair is féidir, laistigh de 15 lá.
Munar féidir é sin a dhéanamh, cuirfimid freagra eatramhach chugat á rá cathain a
bheidh freagra deiridh ar fáil
Beidh an litir soiléir agus freagróidh sí an cheist a chuir tú go hiomlán.


Má ghlaonn tú ar Oifig dár gcuid

Cuirfimid seomraí fáiltithe agus cruinnithe ar fáil sna príomhoifigí poiblí agus sna
hoifigí réigiúnacha.
Féachfaimid chuige go mbeidh na háiseanna fáiltithe agus cruinnithe glan, ar fáil do
chách agus go mbeidh ardchaighdeán compoird agus sábháilteachta iontu.
Beidh meas againn ar do phríobháide, agus nuair is gá, cuirfimid áiseanna ar leithligh
ar fáil ionas gur féidir leat do ghnó a dhéanamh faoi rún.
Casfaimid ort ag an am ceaptha agus beimid cabhrach cúirtéiseach leat
Freagróimid aon cheist atá agat chomh tapa agus is féidir.
Déanfaimid socruithe do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine eile a bhfuil
riachtanais speisialta acu chun teacht a thabhairt dóibh ar na seirbhísí. Ar aon dul le halt
26(2) den Acht um Míchumas, 2005 tá Oifigeach Rochtana ceaptha againn i ngach ceann
de thrí fhoirgneamh an Cheannárais. Is ar na hoifigí seo atá an cúram soláthar a dhéanamh
ar son daoine faoi mhíchumas agus cúnamh agus treoir a shocrú agus a chomhordú dóibh,
ionas gur féidir leo teacht ar sheirbhísí na n-oifigí. Beidh na hOifigigh Rochtana ina
bpointí teagmhála ginearálta do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo teacht a fháil ar na
seirbhísí sin.


Seirbhísí Gaeilge

Comhlíonfaimid riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Tabharfaimid freagra Gaeilge ar chomhfhreagras Gaeilge.
Freagróimid i nGaeilge glaoiteoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt, nuair is féidir, nó
geallfaimid go nglaofaidh ball foirne le Gaeilge orthu laistigh de 1 lá oibre.
Freagróimid aon cheist atá agat chomh tapa agus is féidir.
Foilseoimid foilseacháin chorparáideacha i nGaeilge agus i mBéarla.


Eolas agus Foilseacháin

Foilseoimid raon leathan tuarascálacha, ráiteas beartais, imlitreacha agus bileoga
eolais maidir le gnéithe éagsúla dár seirbhísí.
Féachaimid chuige go mbeidh eolas agus foirmeacha iarratais soléite agus leagtha
amach go soiléir.
Comhlíonfaimid riachtanais na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003 nuair a
bheidh eolas pearsanta á bhailiú agus á stóráil.
Coimeádfaimid aon eolas a sholáthróidh daoine aonair nó grúpaí daoine faoi rún, mar
eolas faoi rún, faoi réir oibleagáidí na Roinne faoin dlí.
Tá eolas mar gheall ar ár seirbhísí ar fáil ón Roinn/Aonad a chuireann an tseirbhís ar
fáil, tríd an tSeirbhís Oifigí Réigiúnacha nó ón láithreán Gréasáin www.education.ie


Gearáin agus Achomhairc

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh faoi sheirbhís ar bith atá faighte agat, le ball foirne ar
bith.
Caithfimid go neamhchlaonta agus go cúirtéiseach le gearáin agus beidh na nósanna
imeachta déanta gearán cothrom agus trédhearcach.
Muna bhfuil tú sásta leis an toradh ar ghearán ag an bpointe seirbhíse, féadfaidh tú
ansin gearán foirmeálta a dhéanamh leis an Roinn.
Tabharfaimid freagra ar ghearán foirmeálta laistigh de 20 lá oibre.
Má tá tú fós míshásta leis an toradh ar ghearán, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le
hOifig an Ombudsman (www.ombudsman.gov.ie) nó leis an Ombudsman do Leanaí
(www.oco.ie).
Tá próisis achomhairc ann le haghaidh phríomhsheirbhísí na Roinne agus gheofar
eolas ina dtaobh ón Roinn/Aonad a chuireann an tseirbhís ar fáil agus ón láithreán
Gréasáin.


Sonraí Teagmhála na Roinne

Tabharfaimid sonraí teagmhála (ainm, seoladh, uimhir dhíreach, uimhir fax) i ngach
comhfhreagras.
Tabharfaimid seoltaí ríomhpoist sa chomhfhreagras ioans go mbeidh sé de rogha agat
freagra ríomhphoist a thabhairt munar gnó faoi rún atá ann.
Cuirfimid eolas teagmhála cothrom le dáta ar fáil ar an láithreán Gréasáin.
Má ghlaonn tú ar aon cheann de phríomhlínte fóin na Roinne, cuirfidh na hoibreoirí
fóin ar aghaidh tú chuig folíne teileafóin in aon cheann dár bpríomhoifigí.
Más eol duit an folíne atá uait féadfaidh tú é a dhiailliú go díreach ach na réimíreanna
seo a chur roimh an uimhir:
- I gcás Bhaile Átha Luain 0906-48...
- I gcás Bhaile Átha Cliath: 01-889….
- For I gcás Tulaigh Mhóir: 057-932….

Help Us to Help YCabhraigh linne cabhrú leatsa
• Tabhair d’uimhir thagartha/uimhir scoile agus úsáid na sonraí teagmhála a
fuair tú uainn i ngach comhfhreagras.
• Bíodh an t-eolas cruinn agus soiléir.
• Féadfaidh tú tuairim nó moladh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a
bhféadfaimis seirbhísí a fheabhsú ar an bhFoirm Tuairimí agus Moltaí atá ar
fáil ar an láithreán Gréasáin agus ón fhoireann.
• Molaimid duit coinne a dhéanamh más mian leat casadh ar bhall áirithe foirne,
le bheith cinnte go mbeidh siad ar fáil.
• Tá sé de cheart agat a bheith ag súil le seirbhís chúirtéiseach uainne; iarraimid
ort a bheith chomh cúirtéiseach céanna linne.

Seirbhísí do Chustaiméirí
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Teil: (01) 8896690

english versionenglish version





Associated Document

Level Double-A conformance icon,
W3C-WAI Web Content Accessibility Guidelines 1.0 Abhaile | Faoin | Seomra an Phreasa | Foireann Scoile | Foghlaimeoirí & Oiliúnaithe | Tuismitheoirí & Pobal | An Chigireacht | An tSNSO Get acrobat button
Mapa an Láithreáin Naisc Saoráil Faisnéise Príobháideachas & Séanadh Aiseolas Treoir do Sheirbhísí Accessibility Statement Data Protection Déan teagmháil linn