Cuimsiú Sóisialta - Cláir agus Scéimeanna - Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)
Déanann DEIS soláthar le haghaidh:
- Córais chaighdeánaithe chun leibhéil de mhíbhuntáiste a shainaithint agus a athbhreithniú go rialta agus
- Cláir Tacaíochta Scoile (CTS) comhtháite nua (íoslódáil liosta scoileanna anseo) a thabharfaidh na scéimeanna agus na cláir atá anois ann le chéile agus a neartóidh iad.
In imeacht na mblianta, ceapadh ocht scéim ar leith chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil; thairbhigh roinnt scoileanna de scéim nó dhó agus tá scoileanna eile ann a thairbigh de níos mó ná sin. Ceapadh tionscnamh DEIS chun a áirithiú go dtairbheodh na scoileanna is mó atá faoi mhíbhuntáiste de phacáiste cuimsitheach tacaíochta, agus go bhfaigheadh scoileanna eile tacaíocht ar aon dul le leibhéil an mhíbhuntáiste i measc a ndaltaí. Cé gur féidir le hidirghabhálacha agus cláir aonair a bheith tairbhiúil, tá gá le freagairt níos comhtháite agus níos comhcheangailte ar cheist an chuimsithe oideachasúil.
Comhtháthófar na cláir seo a leanas atá anois ann sa Chlár Tacaíochta Scoile faoi DEIS de réir a chéile le linn thréimhse an chéad phlean fheidhmithe cúig bliana 2005/2006 - 2009/2010
Gheofar eolas níos mionsonraithe mar gheall ar chlár DEIS ach cliceáil ar na naisc thíos
|