Tionscadail Speisialta i dTacaíocht an Aois Óig faoi Mhíbhuntáiste
Tá scim deontas ar fáil le haghaidh tionscadail speisialta iarscoile, do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste. Tabharfar tosaíocht do na tionscadail a bhaineann le rimsí áirithe na hoibre seo, mar shampla daoine óga gan dídean, daoine óga a bhíonn ag baint
mí-úsáide as substaintí agus aos óg an lucht siúil. Tabharfar na deontais deagraíochtaí nó do ghrúpaí le haghaidh tionscadal áirithe a dhanann iarracht cabhrú leis na riachtanais atá ag daoine óga faoi mhíbhuntáiste. Bíonn daoine faoi mhíbhuntáiste má tá ceann amháin no comhcheangal na bhfachtóirí thíos ag gabháil leo;
- daonra ard de dhaoine óga
- ag brath ar liúntais leasa shóisialaigh/dífhostaíochta
- mí-úsáid drugaí/substaintí
- daoine óga gan dídean (cuirtear dídean sealadach san áireamh)
- fadhbanna coiriúlachta i measc daoine óga, creachadóireacht agus múitseáil
- teipeadh nó neamhmharthain seirbhísí an aois óig
- easpa daoine óga ag glacadh leis na gnáthdheiseanna oideachasúla.
Is í an aidhm atá ag na tionscadail seo, le cúnamh ó na deontais, ná cabhrú le forbairt phearsanta agus shóisialta na ndaoine a ghlacann páirt agus an cumas atá acu a shroisint. Tugtar cúnamh trí bhreis eolais agus scileanna a chur ar fáil agus an mheoin cheart a chruthú le dul i ngleic in athuair leis an tsochaí. Sa bhreis ar sin, cuirtear deiseanna do dhaoine óga ar fáil ina mbeidh siad ábalta a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a bhfuil suim acu ann, agus freagracht a ghlacadh ina bpobail fin.
Tá an scim seo á riaradh ag na Coistí Gairmoideachais ar son Rannóg Gnóthaí na n-Óg sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Tá breis eolais ar fáil ó do Choiste Gairmoideachais áitiúil nó tigh i dteagmháil le:
Eithne ONeill, Rannóg Gnóthaí na n-Óg, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Urlár 2, Bloc 2, Sráid Marlborough, Baile Átha Cliath 1.
Fón: 01 889 2088 Facs: 01 889 6536
Ríomhphost eithne_oneill@education.gov.ie
|